West & Mid Kerry Live issue 306

Page 8

Plean Teanga d’Abhainn an Scáil! Roibeard Ó Cathasaigh Le barr fiosrachta le déanaí, dheineas iniúchadh garbh ar chnuasach béaloidis Scoil Bhreac-Chluain, Abhainn an Scáil 1 ó thaobh líon na leathanach is na bhfaisnéiseoirí Gaeilge sa bhailiúchán. Mar a tharla, d’eascair dhá chnuasach ón scoil idir na blianta 1937-8, Scoil na gCailíní fé stiúir ag an oide Eibhlín Bn. Uí Néill 2 (1891-1969) – 57 as 83 leathanach i nGaeilge; Scoil na mBuachaillí fé stiúir ag an oide Pádraig Ó Séaghdha 3 (1900-’79) – 47 as 159 leathanach i nGaeilge. Thug cúigear déag ar fhichead (35) faisnéiseoir míreanna i nGaeilge. Faighimid ana-éagsúlacht san ábhar a bailíodh sa dá theanga i mbailiúchán Abha an Scáil. Tá ciste rí-shaibhir sa chnuasach Gaeilge idir amhráin, sísheanchas, seanfhocail, seanchas staire, paidreacha, logainmneacha, gan ach an beagán a lua. Seo a leanas blaiseadh beag bídeach den bhailiúchán a bhreac an cailín scoile Siobhán Ní Churtáin 4 (1922-2012) ó Mháire Ní Dhomhnaill 5 (1869-c1959), Breac Cluain. Bhailigh Siobhán Ní Churtáin trí leathanach déag d’ábhar béaloidis óna muintir, agus san déanta i bpeannaireacht agus i litriú den scoth aici, ina measc, cúig amhrán Gaeilge a phléifimid lá níos faide anoon. Bhí muintir Shiobháin Uí Churtáin lonnaithe cois Chrosaire Uí Curtáin (Curtain’s Cross, mar a aithnítear inniu é) trian de mhíle suas Bóthar an Mháma nó seanBhóthar Chorcaí mar a thugtaí air (an bóthar ar chúl an tsáipéil thar sléibhe go hÍnse). Comharsa do Shiobhán i mbaile Abhainn an Scáil ab ea Máire Ní Dhomhnaill le linn don mbéaloideas so a bheith á bhailiú.

Tráchtaireacht Fiú mura bhfuil ach 126 focal sa mhír bhéaloidis seo, féach a bhfuil de stair na muintire agus de shaibhreas teanga ag brúchtadh aisti. Díreoimid ar na logainmneacha – ainmneacha na ngort is na bpáirceanna go príomhdha, a bhfuil dhá cheann déag acu luaite. Insíonn logainmneacha go leor dúinn faoin gceantar fhéin – an topagrafaíocht, na traidisiúin agus stair na muintire ann. Ní haon eisceacht an dornán seo ó Bhreac-Chluain. Ba le linn deireadh an ochtú céad déag a tosnaíodh ar na haonaid talún seo a roinnt agus a fho-roinnt de réir mar a bhí an daonra ag fás. Bhí na haonaid talún á n-ainmniú de réir a chéile, agus is léir go raibh ár dteanga dhúchais in ard a réime ag muintir na dúiche le linn a n-ainmnithe. Tá iarracht déanta agam an cód atá fé cheilt sna logainmneacha saibhre seo a scaoileadh le míniú bunúsach orthu anso 8. Baintear feidhm as éagsúlacht téarmaí dúchasacha sa chur síos ar na haonaid éagsúla sa réimse talún so, mar leanas: páirc x6, páircín x2, gort x1, garraí x2, talamh x1, móide logainm suaithinseach ar leith. Ainmneacha na nGort Páirc: Talamh féarach; Páirc na Leachtán > leacht/large flag stone – le linn don dtalamh a bheith á ghlanadh, deintí an leacacha a charnadh, agus is as san a dh’éirigh an t-ainm. Páirc an Chábáin > cábán/cabin – macalla sa logainm seo den uair úd a dhéanfadh feirmeoir margadh leis an bhfear oibre/sclábhaí talamh scóir do chur phrátaí a bheith aige, agus cábán mar bharr air sa chás seo. Páirc na bPúcaí > púca/ghost,spirit – gné shuntasach de thraidisiúnt osnádúir na muintire ab ea an púca, a d’fheidhmigh chun leasa nó aimhleasa an duine, agus gur mó cló a d’fhéadfadh a bheith air ón gcapall dtín ngabhar dtín ngiorria srl. Páirc na Claise > clais/trench, furrow, ditch, gully. Páirc an tSléibhe > sliabh/hill,mountain, moorland. Gort: talamh go mbeadh curadóireacht ar siúl ann thar thréimhse; Gort an Imris > imreas/quarrel, discord – macalla sa logainm seo fé imreas nó achrann á leanúint maidir le cearta – cead slí, b’fhéidir. Gort an Ghréasaí > shoemaker – ceardaí traidiúsanta tábhachtach sa tsochaí ab ea an gréasaí; agus féach go luaitear ceardaí tábhachtach eile sa sliocht mar atá ‘tinteán gabha’/forge hearth. Lugha an tSeanaghuail; lugha<litriú ársa nó truaillithe, b’fhéidir, den bhfocal ‘luaith’>‘luatha’ ashes – “Cuireann fear na cruaiche fear na luatha amach”/the man of means evicts the poor man. Seanaghual>gual a dhófaí fé dhó, b’fhéidir. Ar nóta gaolmhar, is suimiúil go bhfuil ‘tinteán gabha’ luaite sa mhírín bhéaloidis céanna. Garraí: An t-aonad is lú, agus an chéad áit gur cuireadh claí mórthimpeall air mar chosaint ar ghlasraí a bheadh ag fás ann, i.e. garraí gabáiste agus prátaí. Garraí Mín > mín/fine, smooth – cré mhín ar easpa cloch, oiriúnach chun curadóireachta.

Bailiúchán na Scol, Scoil Bhreac-Chluain CBÉS 426:660 Mo Bhaile Fearainn “Tá bóthar caol i bhfeirm Uí Dhomhnaill 6 agus tá sé timpeall cúig céad troigh i bhfad. Ta alán páirceanna ins an bhfeirm, mar atá, Páirc Mhór, Páirc na Claise, Páirc na bPúcaí, Gort an Imris, Lugha an tSeanaghuail, Garraí Mín, Páirc an Chábáin, Talamh Fada, Páirc na Leachtán, Garraí Gréasaí, Páirc an tSléibhe, Páircín na mBróg. ’Sé an fáth go nglaotar Páircín na mBróg air mar nuair a bhí na daoine ag teacht go dtí’n mbaile beag chuiridís a mbróga orthu ansan. Tá páirc ar thaobh an bhóthair freisin agus fuaireadh tinteán gabha ann. Bhí alán tithe i mBreac-Chluain fadó, ach fuaireadar go léir bás le cruatan agus le h-ocras, agus chuaigh an méid a bhí fágtha go dtís na hoileáin iasachta.” 7 8 Corca Dhuibhne Beo

Maidir le h-abairt dheiridh na míre mar atá: “Bhí alán tithe i mBreacChluain fadó, ach fuaireadar go léir bás le cruatan agus le h-ocras, agus chuaigh an méid a bhí fágtha go dtís na hoileáin iasachta.” De réir an tseanchais áitiúil bhí suas le deich gclann is ceithre fichid (90) sa dúiche úd ó Bhóthar an Mháma síos go Bun Inbhir/‘Bun-in-ír’ roimis an nGorta Mór. Cúig chlann atá anois ann. Clabhsúr Ceist rí-chasta í ceist teanga phobail, agus ní h-aon iontas gur threisigh tubaist an Ghorta Mhóir i lár an naoú haois déag próiséas aistrithe teanga na muintire in Abha an Scáil. B’amhlaidh a tharla im pharóiste dúchais fhéin Lios Póil agus go deimhin ar fuaid na leithinise i gCorca Dhuibhne a bheag nó a mhór. San luaite, tá fianaise ghlé i gcnuasach béaloidis Scoil Bhreac-Chluain, Abhainn an Scáil go raibh raidhse cainteoirí sa dúthaigh úd a labhair


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.