8 minute read

Scéala ar Mhíon-Fhéile Lios Póil

Next Article
From the Archives

From the Archives

Roibeard Ó Cathasaigh

Sea, súil agam go bhfuil cóir is cion leat, a léitheoir, is sinn fé scáth Chovid-19! Maidir le Féile Lios Póil 2020, bhí amhras orainn an mbeadh aon Fhéile i mbliana againn i dtaobh an choróinvíris, ach i dtús Iúil bheartaíomar tabhairt fé ar scála i bhfad níos lú ná ba ghnách linn le clár trí lá seachas clár seachtaine, le mír nó dhó úr ar an gclár. Ag cur cúrsaí sláinte san áireamh, thóg Coiste na Féile cinneadh ná beadh aon imeacht fé dhíon i bhFéile 2020, agus go gcaithfimis cloí le dea-chleachtais is treoracha sláinte sna h-imeachtaí fén aer a dh’eagróimis. Seo coimriú éigin ar imeachtaí na Féile.

Advertisement

Satharn 1 Lúnasa

Rás an Stricín Ghlac 70 idir óg is níos sine páirt sa rás i mbliana, ó bhun an chnoic cois Lios Deargáin go barra. Bhí an aimsir an-oiriúnach don rás – é deas bog, agus bhain an comhluadar ardthaitneamh as an ócáid. Buaiteoirí : Rí an Stricín: Tiarnán Ó Loingsigh (12), An Ghairfeanaigh, Am: 18.40; Banríon an Stricín: Joanna Ní Shúilleabháin, Baile an Ághasaigh, Am: 24.00. Buíochas ar leith leo siúd a d’eagraigh ar an lá, go h-áirithe, Deirdre Ní Dheargáin is John Joe, Pól Éibhín, Mairtín Ó Durcáin, Tóirchiste i nGluaisteán:19 gluaisteán i bpáirt sa tóirchiste. Buaiteoir: Seosaimh Ó hAiniféin is a chomhluadar, Lios Deargáin; Neasóir: Tomás Ó Grífín is a chlann, Na Dúnta.

Domhnach 2 Lúnasa

Siúlóid Dúlra: Breis is scór duine ag siúl i gceantar álainn na Min Airde le bilog treorach ar an bhfiadhúlra cois bóthair in eagar ag Caitríona Ní Fhallúin.

Cluiche Caide: Babhta 2 de Chraobh Shóisir Chiarraí, Lios Póil v Caisleán Ghriaire. Ardchluiche a chríochnaigh ar comhscór i gcluiche cruaidh, iomaíoch le caid d’ardchaighdeán: Lios Póil 2-11; Caisleán Ghriaire 1-14, le h-uasuimhir 200 idir imreoirí is lucht leanta de bharr an choróinvíris, agus an gort caide is a thimpeallacht go h-aoibhinn a bhuí le dícheall CLG Lios Póil.

Luan 3 Lúnasa

Siúlóid na Féile (11km): Ceann de bhuaiceanna na Féile go bliantúil is ea Siúlóid na Féile is níorbh aon eisceacht siúlóid na bliana so, ón Ionad Pobail go Min Aird Thiar go Log na gCapall is Baile na Saor is suas an casán úr tré Gharraí na dTor abhaile. Bhí an uain go h-aoibhinn le breis is 300 duine páirteach. Tiomnaímid an tSiúlóid d’eagras carthanachta ó bhliain go bliain, agus ‘Baile Mhuire’ rogha na bliana so. Bhí sos chun ceoil is cuideachta againn ag Crosaire an Chrúibín mar a raibh na ceoltóirí Niamh Varian Barry is Peter Staunton ar ardán samhraidh a chruthaigh Maitiú Ó Grífín go h-ealaíonta. Líonadh ár gcroíthe le meidhir is draíocht cheoil na beirte a chiorraigh ár gconair gan dabht dúinn. Cuireadh Fáilte uí Dheargáin romhainn ag Min Aird Thiar mar a raibh fíoruisce is seacláid á dháileadh go fial orainn age Máire is Francie. Níos déanaí tráthnóna, bhronn Coiste Pobail/Féile Lios Póil ‘Gradam na Féile’ orthu beirt as an gcomaoin a chuireadar ar phobal an pharóiste is iad araon i bpáirt le CLG agus Coiste Pobail Lios Póil le fada an lá. Tá breis is €5000 cnuasaithe do chiste Bhaile Mhuire um an dtaca so. Taispeántas Grianghrafadóireachta: Seo ceann de na míreanna úra a bhí ar chlár na féile i mbliana a bhuíochas do Mháirtín Ó Durcáin a d’eagraigh. Thugamair cuireadh do mhuintir Lios Póil grianghraf dá rogha a sheoladh go suíomh na féile, agus chuir Martin glaic grianghraf in airde ar ár suíomh trí thráthnóna as a chéile Aoine, Satharn, Domhnach. Tá breis is 200 ghrianghraf sa taispeántas, agus b’é pictiúr Órla Ní Dhubhda Prendeville rogha Mhairtín díobh ar fad.

Ar ár gconair abhaile! Grianghrafadóir: Orla Ní Dhubhda Prendeville

Rás Bóthair na Féile (5km): Ócáid shuaithinseach eile le breis is 70 lúthchleasaí páirteach, ag tosnú cois Reilg Gharraí na dTor go Baile na Saor, agus an líne chríche sa ghort caide mar a raibh baicle cruinnithe le gáir mholta a thabhairt dosna rannpháirtithe. Buaiteoirí: Rás na mBan: Orna Ní Mhuirí, Am: 20.47; Rás na bhFear: Fergal Desmond, Am: 17.01. Buíochas dóibh siúd a d’eagraigh, go h-áirithe Deaglán Ó Deargáin, Caoimhín Ó Grífín is Criostóir Ó hIcí agus Mícheál Ó Deargáin is Donncha Ó Súilleabháin i gcúrsaí fuaime agus tráchtaireachta sa ghort caide. Taispeántas Físe na Féile 2020: Seo ceann den dá mhír úra a bhí ar Chlár na Féile i mbliana a bhuíochas do Phádraig Ó Dufaigh a d’eagraigh, gur cuireadh ana-shuim ann le 24 mír cruthaithe chuige, a shrutaigh Coiste Pobail ar shuíomh na Féile www.liospoil.com thar dhá thráthnóna, Satharn is Domhnach. Bhí an-éagsúlacht sna míreanna ón seanchas go faisnéis go ceol ’gus 12 mír amhránaíochta ar an ngné ba shuntasaí ar fad. Mar chomhartha ar an tsuim a cuireadh sa mhír fhíse deir Mícheál Ó Deargáin liom go bhfuair Clár an tSathairn 1995 cnag/hit; agus clár an Domhnaigh 2360 cnag. Bhí freagairt/comments chomh fada ó bhaile le Alberta, Ceanada; An tSicil na hIodáile agus Nua Eabhrach mar a bhfuil Muiris Bric, na Gorta Dubha adúirt: ‘Is deas bheith i dteagmháil arís le muintir Chorca Dhuibhne’; agus freagra ón amhránaí Johnny McEvoy gur chuaigh an t-amhrán ‘Bruach na Carraige Báine’ le Gordon Saunders i bhfeidhm go mór air. Comhartha ar chruthaitheacht mhuintir Lios Póil agus sinn ar bhord ré úr na cumarsáide digití. RTÉ Raidió na Gaeltachta: Chuir RnaG comaoin ollmhór orainn lena dtacaíocht i dtreo agus le linn na Féile ar ‘An Saol ó Dheas’, agus Craoladh Aifreann na Féile ó Sháipéal Mhuire, an Daingean ar an nDomhnach, An Ath. Mícheál Ó Muineacháin (sagart paróiste) a léigh an tAifreann, Léitheoirí: Marie Uí Ghrífín is Niamh Ní Shúilleabháin, Amhránaithe is ceol: Clíona Ní Dheargáin, Siobhán Ní Ghrífín agus Máirtín Ó Cathasaigh, Guí an phobail: Caitlin Ní Ainiféin, Miriam Ní Shúilleabháin, agus seo thíos guí chlabhsúir liom fhéin, mar leanas:

Ar deireadh, tá tarmainn inár bparóiste atá glan ar gach pláigh is é sin Tearmann Fíonáin i gCinn Aird Thiar mar a bhfuil Tobar Muire gur thacaigh a thraidisiúin lenár muintir in amanta suaite cheana. Guímid go mbeimid ar fad airdeallach agus freagrach go leanúnach ag cloí le dea-chleachtais sláinte a chinnteoidh tearmainn againn go léir ó Chovid coscarach-19.

Farmers Market: Well as you know the market this year is on outdoors and so far it has been a great success.As we come to the end of the season-market only has 2 Sundays left to go- we would like to say a big thank you to everyone who came to buy or just look,we couldnt do it without you. So to get your treats or souvineirs call to the market between 10am 1.30pm on Sunday morning....hopfully the weather will be kind to us for the final 2 markets of the season. See you there. Chiropodist : Michelle Conway, Chiropodist, can be contacted directly for house calls - please ring her: 083 4074256 to make an appointment. Recycling: Please note the blue bins for recycling will be left out every Thursday morning. Bags for recycling are available in the Office. €3 per bag. Bingo Tuesday evenings 8pm-10pm at the West End Hall .... with all safety protocols in place! No tables provided, so please bring clipboards or lap trays to put your books onto....also your own pens or markers. Face Coverings: Thank you each and everyone, local and visiting, for observing the requirement to wear face coverings. These are available in Spar, the Beach Box and the Village Pharmacy in Castlegregory and include beautifu, locally made ones. We would like to remind everyone to continue wearing them and not to become complacent as time goes by. If you haven’t

yet got into the habit, now’s a great time to start. It is good that the Covid 19 figures in Kerry are relatively low. Let’s do our part to keep it that way by complying with the practices advised by the health and safety authorities. Stay safe and many thanks for taking good care in the community! Rings from Drink Cans donating to Kerry Palliative Care Unit: I read a month ago of someone in Cromane collecting can rings from drink cans, so I sent her some and asked for more information. She explained that there was an elderly man collecting them. His wife and son had both died of cancer. They collect them and his other son takes them to a recycling centre in Cork. Whatever money they get they donate to the Palliative care unit in Kerry. Obviously it takes a lot of them as they are paid by weight. So, I thought if we could add to his collection it would make Palliative care a bit more money. So could you please save your drink can rings and drop them into the infomation centre every time you collect 20 or more and I will send them on. Thank you in advance for doing your part. Marcia Ganter, Castlegregory Community Council Vice-Chairperson. Tidy Towns will commence work again soon with all of the relevent restrictions in place. Help will be needed for a sustainable nature project at Coolroe. Watch this space for further details. The Information Office is opened MondayFriday: 9.30am – 5pm (closed for lunch 1 – 1.45pm). Physical distancing protocol is in place (for example, access for one customer only at any time). If you have any printing, scanning, photocopying or laminating to do we can get that done for you. Or if we can help in any other way please let us know. We shall try to assist. Thank you. Size of posters for the notice board in the Village no bigger than A4 please! Castlegregory notes: We would like to invite anyone in the parish to submit items that they would like included in the Castlegregory notes. The column is for you, so we welcome your input.The notes need to be in before 11am on Monday. Thank you. Tel: 066 7139422 Email: castleinfocenter@ gmail.com www.castlegregory.ie

Ballintaggart Racecourse Dingle 11th August 2019 (above) and 11th August 2020 (below)

Natural Healing Clinic Fertility, Gynaecology, Pediatric Injury Acupuncture, Craniosacral Therapy, Homeopathy, Reflexology, Massage, Stress / Life Coaching Back in Scotia Clinic on Tuesday 21st July, Stradbally 22nd July,Dingle 5th August

Denis Casey Garage Annascaul Servicing, Tyres & All Repairs. Recovery Service Available Call Denis on 086 852 3762

This article is from: