Scéala ar Mhion-Fhéile Lios Póil 2020 Roibeard Ó Cathasaigh Sea, súil agam go bhfuil cóir is cion leat, a léitheoir, is sinn fé scáth Chovid-19! Maidir le Féile Lios Póil 2020, bhí amhras orainn an mbeadh aon Fhéile i mbliana againn i dtaobh an choróinvíris, ach i dtús Iúil bheartaíomar tabhairt fé ar scála i bhfad níos lú ná ba ghnách linn le clár trí lá seachas clár seachtaine, le mír nó dhó úr ar an gclár.
Taispeántas Grianghrafadóireachta: Seo ceann de na míreanna úra a bhí ar chlár na féile i mbliana a bhuíochas do Mháirtín Ó Durcáin a d’eagraigh. Thugamair cuireadh do mhuintir Lios Póil grianghraf dá rogha a sheoladh go suíomh na féile, agus chuir Martin glaic grianghraf in airde ar ár suíomh trí thráthnóna as a chéile Aoine, Satharn, Domhnach. Tá breis is 200 ghrianghraf sa taispeántas, agus b’é pictiúr Órla Ní Dhubhda Prendeville rogha Mhairtín díobh ar fad.
Ag cur cúrsaí sláinte san áireamh, thóg Coiste na Féile cinneadh ná beadh aon imeacht fé dhíon i bhFéile 2020, agus go gcaithfimis cloí le dea-chleachtais is treoracha sláinte sna h-imeachtaí fén aer a dh’eagróimis. Seo coimriú éigin ar imeachtaí na Féile.
Satharn 1 Lúnasa Rás an Stricín Ghlac 70 idir óg is níos sine páirt sa rás i mbliana, ó bhun an chnoic cois Lios Deargáin go barra. Bhí an aimsir an-oiriúnach don rás – é deas bog, agus bhain an comhluadar ardthaitneamh as an ócáid.
Buaiteoirí : Rí an Stricín: Tiarnán Ó Loingsigh (12), An Ghairfeanaigh, Am: 18.40; Banríon an Stricín: Joanna Ní Shúilleabháin, Baile an Ághasaigh, Am: 24.00. Buíochas ar leith leo siúd a d’eagraigh ar an lá, go h-áirithe, Deirdre Ní Dheargáin is John Joe, Pól Éibhín, Mairtín Ó Durcáin,
Tóirchiste i nGluaisteán: 19 gluaisteán i bpáirt sa tóirchiste. Buaiteoir:
Seosaimh Ó hAiniféin is a chomhluadar, Lios Deargáin; Neasóir: Tomás Ó Grífín is a chlann, Na Dúnta.
Ar ár gconair abhaile! Grianghrafadóir: Orla Ní Dhubhda Prendeville
Domhnach 2 Lúnasa
Rás Bóthair na Féile (5km): Ócáid shuaithinseach eile le breis is 70
Siúlóid Dúlra: Breis is scór duine ag siúl i gceantar álainn na Min Airde
le bilog treorach ar an bhfiadhúlra cois bóthair in eagar ag Caitríona Ní Fhallúin.
Cluiche Caide: Babhta 2 de Chraobh Shóisir Chiarraí, Lios Póil v Caisleán
Ghriaire. Ardchluiche a chríochnaigh ar comhscór i gcluiche cruaidh, iomaíoch le caid d’ardchaighdeán: Lios Póil 2-11; Caisleán Ghriaire 1-14, le h-uasuimhir 200 idir imreoirí is lucht leanta de bharr an choróinvíris, agus an gort caide is a thimpeallacht go h-aoibhinn a bhuí le dícheall CLG Lios Póil.
Luan 3 Lúnasa Siúlóid na Féile (11km): Ceann de bhuaiceanna na Féile go bliantúil
is ea Siúlóid na Féile is níorbh aon eisceacht siúlóid na bliana so, ón Ionad Pobail go Min Aird Thiar go Log na gCapall is Baile na Saor is suas an casán úr tré Gharraí na dTor abhaile. Bhí an uain go h-aoibhinn le breis is 300 duine páirteach. Tiomnaímid an tSiúlóid d’eagras carthanachta ó bhliain go bliain, agus ‘Baile Mhuire’ rogha na bliana so. Bhí sos chun ceoil is cuideachta againn ag Crosaire an Chrúibín mar a raibh na ceoltóirí Niamh Varian Barry is Peter Staunton ar ardán samhraidh a chruthaigh Maitiú Ó Grífín go h-ealaíonta. Líonadh ár gcroíthe le meidhir is draíocht cheoil na beirte a chiorraigh ár gconair gan dabht dúinn. Cuireadh Fáilte uí Dheargáin romhainn ag Min Aird Thiar mar a raibh fíoruisce is seacláid á dháileadh go fial orainn age Máire is Francie. Níos déanaí tráthnóna, bhronn Coiste Pobail/Féile Lios Póil ‘Gradam na Féile’ orthu beirt as an gcomaoin a chuireadar ar phobal an pharóiste is iad araon i bpáirt le CLG agus Coiste Pobail Lios Póil le fada an lá. Tá breis is €5000 cnuasaithe do chiste Bhaile Mhuire um an dtaca so.
lúthchleasaí páirteach, ag tosnú cois Reilg Gharraí na dTor go Baile na Saor, agus an líne chríche sa ghort caide mar a raibh baicle cruinnithe le gáir mholta a thabhairt dosna rannpháirtithe. Buaiteoirí: Rás na mBan: Orna Ní Mhuirí, Am: 20.47; Rás na bhFear: Fergal Desmond, Am: 17.01. Buíochas dóibh siúd a d’eagraigh, go h-áirithe Deaglán Ó Deargáin, Caoimhín Ó Grífín is Criostóir Ó hIcí agus Mícheál Ó Deargáin is Donncha Ó Súilleabháin i gcúrsaí fuaime agus tráchtaireachta sa ghort caide. Taispeántas Físe na Féile 2020: Seo ceann den dá mhír úra a bhí ar Chlár na Féile i mbliana a bhuíochas do Phádraig Ó Dufaigh a d’eagraigh, gur cuireadh ana-shuim ann le 24 mír cruthaithe chuige, a shrutaigh Coiste Pobail ar shuíomh na Féile www.liospoil.com thar dhá thráthnóna, Satharn is Domhnach. Bhí an-éagsúlacht sna míreanna ón seanchas go faisnéis go ceol ’gus 12 mír amhránaíochta ar an ngné ba shuntasaí ar fad. Mar chomhartha ar an tsuim a cuireadh sa mhír fhíse deir Mícheál Ó Deargáin liom go bhfuair Clár an tSathairn 1995 cnag/hit; agus clár an Domhnaigh 2360 cnag. Bhí freagairt/comments chomh fada ó bhaile le Alberta, Ceanada; An tSicil na hIodáile agus Nua Eabhrach mar a bhfuil Muiris Bric, na Gorta Dubha adúirt: ‘Is deas bheith i dteagmháil arís le muintir Chorca Dhuibhne’; agus freagra ón amhránaí Johnny McEvoy gur chuaigh an t-amhrán ‘Bruach na Carraige Báine’ le Gordon Saunders i bhfeidhm go mór air. Comhartha ar chruthaitheacht mhuintir Lios Póil agus sinn ar bhord ré úr na cumarsáide digití. RTÉ Raidió na Gaeltachta: Chuir RnaG comaoin ollmhór orainn lena dtacaíocht i dtreo agus le linn na Féile ar ‘An Saol ó Dheas’, agus Craoladh Aifreann na Féile ó Sháipéal Mhuire, an Daingean ar an nDomhnach, An Ath. Mícheál Ó Muineacháin (sagart paróiste) a léigh an tAifreann, Léitheoirí: Marie Uí Ghrífín is Niamh Ní Shúilleabháin, Amhránaithe is ceol: Clíona Ní Dheargáin, Siobhán Ní Ghrífín agus Máirtín Ó Cathasaigh, Guí an phobail: Caitlin Ní Ainiféin, Miriam Ní Shúilleabháin, agus seo thíos guí chlabhsúir liom fhéin, mar leanas: Ar deireadh, tá tarmainn inár bparóiste atá glan ar gach pláigh is é sin Tearmann Fíonáin i gCinn Aird Thiar mar a bhfuil Tobar Muire gur thacaigh a thraidisiúin lenár muintir in amanta suaite cheana. Guímid go mbeimid ar fad airdeallach agus freagrach go leanúnach ag cloí le dea-chleachtais sláinte a chinnteoidh tearmainn againn go léir ó Chovid coscarach-19.
‘Gradam na Féile’ á bhronnadh ag Risteard ar Mháire is Francie Grianghrafadóir: Roibeard Ó Cathasaigh
‘Go mbeirimid beo dár gcéad Fhéile eile!’ West Kerry Live 27