4 minute read
A Letter for Families
How to Use This Book A Letter for Families Dear Families, An important way to support your child’s reading development is to play with the sounds of language . Research shows that children's awareness that speech consists of small sounds positively affects their progress in learning to read . This awareness is called phonological awareness . Early childhood educators are incorporating playful language activities into their programmes to foster children’s phonological awareness . The activities are playful and silly, but they serve an important purpose: they draw children’s attention to the sounds of spoken language . Here are a few ways you can heighten your child’s awareness of sounds: ■ Read aloud books that draw attention to sounds. Enjoy the books with your child and comment on the language play . Excellent examples of books that play with sounds include Janie Bynum’s Altoona Baboona, and Anna Dewdney’s Llama, Llama Red Pyjama . Ask your local librarian for others . ■ Sing songs that play with sounds. Do you know “This Old Man,” “A-Hunting We Will Go,” “Willoughby Wallaby Woo,” or “The Name Game”? Ask your child about the songs we sing together . Notice that some of the songs rhyme, some change the sounds in words, and some break words into syllables or smaller sounds . Children delight in these songs . Enjoy them with your child! ■ Share poems that play with sounds. Many poetry books include a section on silly poems that rhyme, repeat sounds, or otherwise emphasise sounds . Ask your local librarian for a poetry anthology . Look for poems that use silly or nonsense sounds . ■ Play guessing games that focus on sounds. While eating together, tell your child you are thinking of something in front of you that sounds like palt . (salt) As your child is getting dressed, say you are thinking of an article of clothing that begins with the sound /sh/ . (shoes) ■ Visit us and ask me about other ways we engage in phonological play! Phonological awareness is important . Fortunately, there is much fun to be had in sparking its development . Enjoy these experiences with your child! Sincerely, sample sample 36
How to Use This Book A Letter for Families (Irish version) A Theaghlacha, Bealach tábhachtach ar féidir tacú le forbairt léitheoireachta do pháiste ná a bheith ag spraoi leis na fuaimeanna teanga . Léiríonn taighde an méid seo: nuair a thuigeann páistí gurb é an rud atá i gceist le caint ná fuaimeanna beaga, bíonn tionchar dearfach ag an tuiscint seo ar an dul chun cinn a dhéanann siad agus iad ag foghlaim conas léamh . Feasacht fhóineolaíoch a thugtar ar an tuiscint seo . Cuireann oidí luath-óige gníomhaíochtaí teanga spraíúla ar a gcuid clár foghlama ar mhaithe le feasacht fhóineolaíoch páistí a chothú . Gníomhaíochtaí iad seo atá spraíúil agus seafóideach, ach baineann aidhm thábhachtach leo: díríonn siad aird páistí ar fhuaimeanna teanga labhartha . Seo cúpla bealach ar féidir leat cur leis an tuiscint atá ag do pháiste ar fhuaimeanna: ■ Can amhráin a bhfuil spraoi le fuaimeanna i gceist iontu . An bhfuil na cinn seo ar eolas agat? “This Old Man,” “A-Hunting We Will Go,” “Willoughby Wallaby Woo,” nó “The Name Game”? Cuir ceist ar do pháiste maidir leis na hamhráin a chanaimid in éineacht le chéile . Tabhair faoi deara go bhfuil rím i gceist i gcuid de na hamhráin, déantar na fuaimeanna i bhfocail a athrú in amhráin eile, agus i gcuid eile fós, déantar focail a bhriseadh síos go siolllaí nó go fuaimeanna níos lú . Is aoibhinn le páistí na hamhráin seo . Bain taitneamh astu in éineacht le do pháiste! ■ Déan dánta ina bhfuil spraoi le fuaimeanna a léamh le do pháiste . I gcuid mhaith leabhar filíochta, bíonn rannóg de dhánta seafóideacha - dánta le rím nó fuaimeanna a ndéantar athrá orthu nó dánta ina gcuirtear béim ar fhuaimeanna ar bhealaí eile . Lorg cnuasach filíochta ó do leabharlannaí áitiúil . Bí ag faire amach do dhánta ina n-úsáidtear fuaimeanna seafóideacha nó fuaimeanna gan bhrí . ■ Imir cluichí tuairimíochta a dhíríonn ar fhuaimeanna . Agus sibh ag ithe le chéile, abair le do pháiste go bhfuil tú ag smaoineamh ar rud éigin atá os do chomhair amach agus a bhfuil fuaim cosúil le palann aige . (salann) Nuair atá do pháiste á g(h)léasadh féin, abair go bhfuil tú ag smaoineamh ar bhall éadaigh a thosaíonn leis an bhfuaim /br/ . (bróga) ■ Tabhair cuairt orainn agus cuir ceist orm faoi bhealaí eile a mbíonn spraoi fóineolaíoch againn! Tá an fheasacht fhóineolaíoch tábhachtach . Ar ámharaí an tsaoil, is féidir an-taitneamh a bhaint as bheith ag iarraidh an fheasacht seo a fhorbairt . Go mbaine tú féin agus do pháiste an-spraoi as na hiarrachtaí seo! Le meas, sample
Advertisement