
1 minute read
Miontuairiscí Ard-Fheis 2006
from 2007 Ard-Fheis
Mí an Mheithimh Nuachtlitir Mhí an Mheithimh Cuireadh Nuachtlitir Mhí an Mheithimh i gcló ar 4 Meitheamh agus scaipeadh í ar chraobhacha an Chonartha.
Tús le Dianchúrsa an Mheithimh Ar 6 Meitheamh cuireadh tús leis an gcéad dianchúrsa samhraidh. Chláraigh níos mó ná dhá scór duine le bunrang, meánrang agus ardrang a dhéanamh.
Ionad Saor-Chomhairle Dlí Chuir Proinsias Ó Maolchalain ionad saorchomhairle dlí ar fáil trí Ghaeilge i gCeannáras an Chonartha ar 12 Meitheamh.
Camchuairt Ghaeltachta Idir 17-19 Meitheamh chuaigh an tArdRúnaí agus an Feidhmeannach siar go Conamara le labhairt le lucht freastail na gcoláistí samhraidh sa cheantar sin faoin obair atá ar bun ag an gConradh agus le daoine óga a earcú don eagraíocht.
Bronnadh Teastas ar Lucht na nDianchúrsaí Ar 20 Meitheamh bhronn Orla Nic Shuibhne, Bainisteoir Sheachtain na Gaeilge, teastais orthu siúd ar éirigh leo an dianchúrsa a chríochnú. Bhí cóisir agus seisiún ceoil ann ina dhiaidh sin.
Aighneacht Cuireadh aighneacht isteach chuig FÁS ar 30 Meitheamh faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.
Aighneacht Cuireadh aighneacht isteach chuig An Crannchur Náisiúnta ar 30 Meitheamh faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Mí Iúil Nuachtlitir Mhí Iúil Cuireadh Nuachtlitir Mhí Iúil i gcló ar 4 Iúil agus scaipeadh í ar chraobhacha an Chonartha.
Tionól Gaeltachta Bhí an Tionól Gaeltachta ar siúl an bhliain seo caite i dTír an Fhia, Ceantar na nOileán, idir 6-9 Iúil agus d'fhreastail suas le ceithre scór duine air gan muintir na háite san áireamh. I measc na nimeachtaí éagsúla a eagraíodh ag an Tionól bhí oscailt oifigiúil, seisiúin cheoil, siúlóid Bhealach na Gaeltachta, seimineár iascaireachta, béile bia mara, seoladh leabhair srl…Bhain gach duine a d'fhreastail ar an Tionól i mbliana sult agus taitneamh as.
Aighneacht Cuireadh aighneacht isteach chuig an Oifig um Chlárú Cuideachtaí ar 7 Iúil faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.
Cruinniú den Choiste Gnó Bhí cruinniú den Choiste Gnó ar siúl ag an Tionól Gaeltachta i dTír an Fhia, Ceantar na nOileán, ar 8 Iúil.
Ionad Saor-Chomhairle Dlí Chuir Proinsias Ó Maolchalain ionad saorchomhairle dlí ar fáil trí Ghaeilge i gCeannáras an Chonartha ar 10 Iúil.
Tús le Dianchúrsa Mhí Iúil Ar 11 Iúil cuireadh tús leis an dara dianchúrsa samhraidh. Chláraigh níos mó ná ceithre scór duine le rang do thosaitheoirí, bunrang, meánrang agus ardrang a dhéanamh.