
1 minute read
Ainmniúcháin do na Toghcháin
from 2007 Ard-Fheis
Bronnadh Teastas Ar an Máirt 4 Aibreán iarradh ar ArdRúnaí an Chonartha, Julian de Spáinn, teastais a bhronnadh orthu siúd a ghlac páirt i Seachtain na Gaeilge ar an Aonach, Co Thiobraid Árann. Ag an ócáid sin labhair sé le daoine éagsúla faoi obair an Chonartha.
Deireadh le Ranganna an Gheimhridh Bhronn Iar-Uachtarán an Chonartha, Tomás Mac Ruairí, teastais ar gach duine ar éirigh leo cúrsaí an Chonartha a chríochnú ar 5 Aibreán. Bhí cóisir agus seisiún ceoil ar siúl ina dhiaidh sin i gClub an Chonartha.
Ard-Fheis an Chonartha Bhí Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge ar siúl idir 7-9 Aibreán. Ag an Ard-Fheis sin pléadh na rúin éagsúla, thug eagraíochtaí an Chonartha tuairisc ar na rudaí éagsúla a thit amach le linn na bliana agus labhair aoi speisialta na hArd-Fheise, Eoghan Ó Súilleabháin, faoi chúrsaí Gaeilge sa chóras oideachais. D'fhreastail suas le trí chéad duine ar an Ard-Fheis thar an deireadh seachtaine ar fad.
Ionad Saor-Chomhairle Dlí Chuir Proinsias Ó Maolchalain ionad saorchomhairle dlí ar fáil trí Ghaeilge i gCeannáras an Chonartha ar 10 Aibreán.
Diúltú an Chonartha do Chuireadh an Rialtais Ar 13 Aibreán d'fhógair an Conradh nach raibh Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán an Chonartha, chun glacadh leis an gcuireadh ón rialtas a bheith ar an ardán léirmheasa ag Comóradh Éirí Amach na Cásca an Domhnach ina dhiaidh sin toisc gur dhiúltaigh an rialtas a chur faoi deara go léifí forógra na Cásca amach i nGaeilge chomh maith leis an mBéarla.
Aighneacht Cuireadh aighneacht isteach chuig Údarás Áitiúil an Chláir ar 14 Aibreán faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.
Aighneacht Cuireadh aighneacht isteach chuig Coiste Gairmoideachais Chathair na Gaillimhe ar 19 Aibreán faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.
Aighneacht Cuireadh aighneacht isteach chuig an Údarás um Ardoideachas ar 21 Aibreán faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.
Aighneacht Cuireadh aighneacht isteach chuig An tÚdarás um Ard-Oideachas ar 21 Aibreán faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.
Aighneacht Cuireadh aighneacht isteach chuig an Roinn Gnóthaí Eachtracha ar 28 Aibreán faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.
Cruinniú den Choiste Gnó Bhí cruinniú den Choiste ar siúl in ArdOifig Chonradh na Gaeilge ar 29 Aibreán.
Mí na Bealtaine Aighneacht Cuireadh aighneacht isteach chuig an Roinn Cosanta ar 2 Bealtaine faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.