1 minute read

Aitheasc an Uachtaráin ag Ard-Fheis 2006

Next Article
Sonraí Teagmhála

Sonraí Teagmhála

Cás Cúirte Mháire Nic an Bhaird Thacaigh an Conradh go hiomlán le Máire Nic an Bhaird múinteoir meánscoile a thóg lucht Sheirbhís Phóilíneachta na Sé Chontae de bharr gur i nGaeilge a bhí sí ag labhairt. Chuaigh sí os comhair Chúirt Laganside den chéad uair maidir leis an scéal seo ar 19 Iúil. Léirigh toscaireacht ón gConradh a gcuid tacaíochta di taobh amuigh den Chúirt. (Cuireadh an cás seo siar arís is arís eile mar a bheidh le feiceáil)

Aighneacht Cuireadh aighneacht isteach chuig Coláiste Oideachais Eaglais na hÉireann ar 25 Iúil faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.

Bronnadh Teastas ar Lucht na nDianchúrsaí Ar 27 Iúil bhronn Orla Nic Shuibhne, Bainisteoir Sheachtain na Gaeilge, teastais orthu siúd ar éirigh leo an dianchúrsa a chríochnú. Bhí cóisir agus seisiún ceoil ann ina dhiaidh sin.

Aighneacht Cuireadh aighneacht isteach chuig Coiste Gairmoideachais Chathair Bhaile Átha Cliath ar 28 Iúil faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.

Aighneacht Cuireadh aighneacht isteach chuig Leabharlann Náisiúnta na hÉireann ar 28 Iúil faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.

Aighneacht Cuireadh aighneacht isteach chuig an Údarás Comhionannais ar 28 Iúil faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Mí Lúnasa Nuachtlitir Mhí Lúnasa Cuireadh Nuachtlitir Mhí Lúnasa i gcló ar 4 Lúnasa agus scaipeadh í ar chraobhacha an Chonartha.

Tús le Dianchúrsa Mhí Lúnasa Ar 1 Lúnasa cuireadh tús leis an tríú dianchúrsa samhraidh. Chláraigh níos mó ná caoga duine le bunrang, meánrang agus ardrang a dhéanamh.

Aighneacht Cuireadh aighneacht isteach chuig an gCoimisinéir Cosanta Sonraí ar 2 Lúnasa faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.

Aighneacht Cuireadh aighneacht isteach chuig an Roinn Sláinte agus Leanaí ar 4 Lúnasa faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.

Aighneacht Cuireadh aighneacht isteach chuig Coimisiún na Scrúduithe Stáit ar 9 Lúnasa faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.

Ionad Saor-Chomhairle Dlí Chuir Proinsias Ó Maolchalain ionad saorchomhairle dlí ar fáil trí Ghaeilge i gCeannáras an Chonartha ar 14 Lúnasa.

Aighneacht Cuireadh aighneacht isteach chuig Coiste Gairmoideachais Chathair Chorcaí ar 23 Lúnasa faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.

Aighneacht Cuireadh aighneacht isteach chuig Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit ar 24 Lúnasa faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.

This article is from: