1 minute read

Tionól Gaeltachta 2007

Aighneacht Cuireadh aighneacht isteach chuig ArdMhúsaem na hÉireann ar 31 Lúnasa faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.

Mí Mheán Fómhair Aighneacht Cuireadh aighneacht isteach chuig an mBinse Comhionannais ar 4 Meán Fómhair faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.

Cás Cúirte Mháire Nic an Bhaird Chuaigh Máire Nic an Bhaird os comhair na cúirte arís ar 6 Meán Fómhair. Léirigh toscaireacht ón gConradh a gcuid tacaíochta di taobh amuigh den Chúirt.

Ionad Saor-Chomhairle Dlí Chuir Proinsias Ó Maolchalain ionad saorchomhairle dlí ar fáil trí Ghaeilge i gCeannáras an Chonartha ar 11 Meán Fómhair.

Cás cúirt Mháire Nic an Bhaird Chuaigh Máire Nic an Bhaird os comhair na cúirte arís ar 18 Meán Fómhair. Léirigh toscaireacht ón gConradh a gcuid tacaíochta di taobh amuigh den Chúirt.

Nuachtlitir Mhí Mheán Fómhair Cuireadh Nuachtlitir Mhí Mheán Fómhair i gcló ar 22 Meán Fómhair agus scaipeadh í ar chraobhacha an Chonartha.

Sraith Ranganna an Fhómhair Ar 26, 27 agus 28 Eanáir cuireadh tús le sraith eile ranganna do dhaoine fásta. Chláraigh os cionn 140 duine chun na ranganna sin a dhéanamh. Bhí 11 rang ar fad ann agus 5 leibhéal éagsúla. Mí Dheireadh Fómhair Cás Cúirte Mháire Nic an Bhaird Chuaigh Máire Nic an Bhaird os comhair na cúirte arís ar 2 Deireadh Fómhair. Léirigh toscaireacht ón gConradh a gcuid tacaíochta di taobh amuigh den Chúirt.

Aighneacht Cuireadh aighneacht isteach chuig an mBille Craolacháin ar 3 Deireadh Fómhair faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.

Ionad Saor-Chomhairle Dlí Chuir Proinsias Ó Maolchalain ionad saorchomhairle dlí ar fáil trí Ghaeilge i gCeannáras an Chonartha ar 9 Deireadh Fómhair.

Nuachtlitir Mhí Dheireadh Fómhair Cuireadh Nuachtlitir Mhí Dheireadh Fómhair i gcló ar 12 Deireadh Fómhair agus scaipeadh í ar chraobhacha an Chonartha.

Léacht Chonradh na Gaeilge 2006 Le cabhair mhór ó Helen Ó Murchú agus ó Thomas Mac Ruairí eagraíodh Léacht Chonradh na Gaeilge ar 24 Deireadh Fómhair, 2007, i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, Baile Átha Cliath. Reg Hendley a thug an léacht faoin teideal 'Féidearthachtaí do Nuatheangacha Eorpacha - an Ghaeilge san Áireamh'. D'éirigh go hanmhaith leis an léacht.

Maratón Bhaile Átha Cliath Ar 31 Deireadh Fómhair rith seisear Maratón Bhaile Átha Cliath ar son na Gaeilge chun airgead a bhailiú don

This article is from: