1 minute read

Sonraí Teagmhála

Chonradh. D'éirigh leis an seisear seo a leanas níos mó ná €2,000 a bhailiú: Julian de Spáinn, Jamie Ó Tuama, Úna Ní Chonaire, Fergal Treanor, Seán Ó hAdhmaill agus Félim Borland. Ní dhearna siad mórán damhsa ag an Oireachtas a bhí ar siúl cúpla lá ina dhiaidh sin!

Mí na Samhna Cruinniú den Choiste Gnó Bhí cruinniú den Choiste Gnó ag an Oireachtas in Óstán Tower, Doire, ar 4 Samhain.

Seimineár an Oireachtais Bhí Seimineár an Oireachtais ar siúl ag Féile an Oireachtais ar an Satharn, 4 Samhain, 2006, ar 11.00 rn in Óstán Tower, Doire. Ba é 'Gaeloideachas agus Oideachas Gaeltachta ag an mBunleibhéal' an téama a bhí ar an seimineár. I measc na ndaoine éagsúla a labhair ann bhí: Seán Ó Coinn, Comhairle na Gaelscolaíochta; Pádraig Ó Duibhir, Coláiste Phádraig, Droim Conrach; Bláthnaid Ní Ghréacháin, Uachtarán, Gaelscoileanna Teo. agus Máire Ní Fhlathartaigh, Eagraíocht Scoileanna Gaeltachta.

Aighneacht Cuireadh aighneacht isteach chuig Coláiste Oideachais Eaglais na hÉireann ar 6 Samhain faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.

Ionad Saor-Chomhairle Dlí Chuir Proinsias Ó Maolchalain ionad saorchomhairle dlí ar fáil trí Ghaeilge i gCeannáras an Chonartha ar 13 Samhain. Nuachtlitir Mhí na Samhna Cuireadh Nuachtlitir Mhí na Samhna i gcló ar 23 Samhain agus scaipeadh í ar chraobhacha an Chonartha.

Cothrom na Féinne don Ghaeilge Chuaigh Conradh na Gaeilge i mbun léirsithe taobh amuigh den Dáil, de Oifig Dháilcheantair an Aire Iompair, Martin Cullen i bPort Láirge, agus de Oifig Dháilcheantair an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív i nGaillimh, Dé Máirt, 28 Samhain 2006, le samhlacha ollmhóra de chomharthaí bóthair. D'eiligh lucht an Chonartha ar na hAirí seo agus ar an Rialtas trí chéile dearadh na síneacha tráchta a leasú chun go mbeidh an téacs Gaeilge chomh feiceálach agus chomh hinléite céanna leis an téacs Béarla orthu.

Mí na Nollag Spriocdháta do mholtaí le haghaidh fhorbairt na hArd-Oifige. Ba é 1 Nollaig an spriocdháta le haghaidh aighneachtaí ón bpobal i dtaca le forbairt na hArdOifige. Fuarthas roinnt moltaí agus tabharfar san áireamh iad in aon fhorbairt a dhéantar ar Ard-Oifig an Chonartha.

Bunadh an Bhrúghrúpa Acht Bunaíodh an brúghrúpa ACHTar an 2ú Nollaig 2006 le feachtas gairid a reáchtáil dírithe ar éilimh phobal na Gaeilge maidir leis an Acht Gaeilge a bhí geallta ag Rialtas na Breataine i gCill Rímhinn. Bhí ról lárnach ag an gConradh sa ghrúpa seo.

This article is from: