
1 minute read
An Tinreamh ar chruinnithe de na Coistí Ceannais
from 2007 Ard-Fheis
Nuachtlitir Mhí Bealtaine Cuireadh Nuachtlitir Mhí Bealtaine i gcló ar 4 Bealtaine agus scaipeadh í ar chraobhacha an Chonartha.
Aighneacht Cuireadh aighneacht isteach chuig Údarás Áitiúil Chontae Chorcaí ar 5 Bealtaine faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.
Aighneacht Cuireadh aighneacht isteach chuig Comhairle Cathrach Chorcaí ar 5 Bealtaine faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.
Aighneacht Cuireadh aighneacht isteach chuig Bord Seirbhísí Bainistíochta Rialtais Áitiúil ar 5 Bealtaine faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.
Ionad Saor-Chomhairle Dlí Chuir Proinsias Ó Maolchalain ionad saorchomhairle dlí ar fáil trí Ghaeilge i gCeannáras an Chonartha ar 8 Bealtaine.
Aighneacht Cuireadh aighneacht isteach chuig Comhairle Chontae Dhún na nGall ar 9 Bealtaine maidir le cúrsaí cead pleanála sa Ghaeltacht.
Cruinníu Poiblí faoin Acht Teanga D'fhreastail an Feidhmeannach ar chruinniú poiblí faoin Acht Teanga ar 9 Bealtaine i Halla an Chonate áit ar chuir sé roinnt moltaí de chuid an Chonartha chun cinn.
Comhdháil Idirnáisiúnta faoi ArdOideachas D'fhreastail an Feidhmeannach ar chomhdháil idirnáisiúnta faoi ardoideachas ar 11 Bealtaine áit ar fhoghlaim sé faoi na deiseanna éagsúla a bhí ann don Ghaeilge ag an leibhéal seo.
Cruinniú den Bhuanchoiste Bhí cruinniú den Bhuanchoiste ar siúl ag Oireachtas na Bealtaine i dTrá Lí ar 13 Bealtaine.
Polasaí Oideachais Fhine Gael Ag preasócáid taobh amuigh den Dáil ar 22 Bealtaine ag 11.00 r.n. chuir Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, in iúl don phobal go raibh fíordhíomá ar Chonradh na Gaeilge faoin gcinneadh a glacadh ag Ard-Fheis Fhine Gael chun deireadh a chur leis an nGaeilge mar phríomhábhar Ardteiste. Chuir sé in iúl, freisin, go mbeidh Conradh na Gaeilge ag déanamh cinnte go mbeidh na mílte daoine ag an gcéad olltoghchán eile ag vótáil uimhir 1 agus ag aistriú vótaí do pháirtithe agus do chomhghuaillíochtaí a bheidh ar son an Ghaeilge a choinneáil mar phríomhábhar a mbeidh gach mac léinn meánscoile ag tabhairt fúithi ag leibhéal na hArdteiste.
Aighneacht Cuireadh aighneacht isteach chuig Comhairle Chontae Luimnigh ar 22 Bealtaine faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.
Aighneacht Cuireadh aighneacht isteach chuig an Roinn Iompair ar 26 Bealtaine faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.