2007 Ard-Fheis

Page 14

Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2007, Cathair na Mart

Chonradh. D'éirigh leis an seisear seo a leanas níos mó ná €2,000 a bhailiú: Julian de Spáinn, Jamie Ó Tuama, Úna Ní Chonaire, Fergal Treanor, Seán Ó hAdhmaill agus Félim Borland. Ní dhearna siad mórán damhsa ag an Oireachtas a bhí ar siúl cúpla lá ina dhiaidh sin! Mí na Samhna Cruinniú den Choiste Gnó Bhí cruinniú den Choiste Gnó ag an Oireachtas in Óstán Tower, Doire, ar 4 Samhain. Seimineár an Oireachtais Bhí Seimineár an Oireachtais ar siúl ag Féile an Oireachtais ar an Satharn, 4 Samhain, 2006, ar 11.00 rn in Óstán Tower, Doire. Ba é 'Gaeloideachas agus Oideachas Gaeltachta ag an mBunleibhéal' an téama a bhí ar an seimineár. I measc na ndaoine éagsúla a labhair ann bhí: Seán Ó Coinn, Comhairle na Gaelscolaíochta; Pádraig Ó Duibhir, Coláiste Phádraig, Droim Conrach; Bláthnaid Ní Ghréacháin, Uachtarán, Gaelscoileanna Teo. agus Máire Ní Fhlathartaigh, Eagraíocht Scoileanna Gaeltachta. Aighneacht Cuireadh aighneacht isteach chuig Coláiste Oideachais Eaglais na hÉireann ar 6 Samhain faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Ionad Saor-Chomhairle Dlí Chuir Proinsias Ó Maolchalain ionad saorchomhairle dlí ar fáil trí Ghaeilge i gCeannáras an Chonartha ar 13 Samhain.

14

Nuachtlitir Mhí na Samhna Cuireadh Nuachtlitir Mhí na Samhna i gcló ar 23 Samhain agus scaipeadh í ar chraobhacha an Chonartha. Cothrom na Féinne don Ghaeilge Chuaigh Conradh na Gaeilge i mbun léirsithe taobh amuigh den Dáil, de Oifig Dháilcheantair an Aire Iompair, Martin Cullen i bPort Láirge, agus de Oifig Dháilcheantair an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív i nGaillimh, Dé Máirt, 28 Samhain 2006, le samhlacha ollmhóra de chomharthaí bóthair. D'eiligh lucht an Chonartha ar na hAirí seo agus ar an Rialtas trí chéile dearadh na síneacha tráchta a leasú chun go mbeidh an téacs Gaeilge chomh feiceálach agus chomh hinléite céanna leis an téacs Béarla orthu. Mí na Nollag Spriocdháta do mholtaí le haghaidh fhorbairt na hArd-Oifige. Ba é 1 Nollaig an spriocdháta le haghaidh aighneachtaí ón bpobal i dtaca le forbairt na hArdOifige. Fuarthas roinnt moltaí agus tabharfar san áireamh iad in aon fhorbairt a dhéantar ar Ard-Oifig an Chonartha. Bunadh an Bhrúghrúpa Acht Bunaíodh an brúghrúpa ACHT ar an 2ú Nollaig 2006 le feachtas gairid a reáchtáil dírithe ar éilimh phobal na Gaeilge maidir leis an Acht Gaeilge a bhí geallta ag Rialtas na Breataine i gCill Rímhinn. Bhí ról lárnach ag an gConradh sa ghrúpa seo.

An tOlltoghchán - Pleanáil, Oideachas agus Cearta Cearta


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.