An Timire - Geimhreadh 2011 / 2012

Page 1

Timire FOILSEACHÁN ÍOSÁNACH

GEIMHREADH 2011 / 2012

an Chroí Ró-naofa € 3.75/Stg£3.25

Comóradh 100 bliain an Timire 1911-2011 TIMIRE Winter_2011.indd 1

11/11/2011 11:47


2

Timire

Eagarfhocal Jean Vanier Bhí sé de phribhléid agam cúig lá a chaitheamh i mí Dheireadh Fómhair ar chúrsa spioradálta le Jean Vanier i dTrosly na Fraince. Dóibh siúd nár chuala trácht ar Jean Vanier, is fear de bhunadh Québec é a raibh saol thar a bheith suimiúil aige. Nuair a bhí sé 13 bliana d’aois in 1942, dúirt sé lena athair, George Vanier, a bhí ina Mhaor-Ghinearál in Arm Cheanada, go raibh sé ag iarraidh dul thar an Aigéan Atlantach chun clárú leis an Chabhlach Ríoga agus troid i gcoinne na Naitsithe. Sna laethanta sin, chuireadh U-báid na nGearmanach long as gach ceathrar go tóin poill. Rinne a athair a dhícheall Jean a chur ar athrú meoin ach sheas an gasúr óg an fód. ‘Tá muinín agam asat,’ arsa an tAthair sa deireadh, agus d’imigh Jean óg leis. Is iomaí uair ó shin a rinne mé an scéilín beag sin a mheas. Ar thaobh amháin, bím ag rá liom féín: an raibh an t-athair as a mheabhair? Cá háit a raibh an mháthair agus nach raibh neart aici ar an amaidí sin uilig. Fós féin, caithfear cuimhne gur thréimhse eile ar fad a bhí ann, agus go nglactaí gasúir óga isteach san arm agus sa chabhlach ag an tráth sin. Ar an taobh eile, áfach, ní féidir liom gan cuimhneamh ar na focail sin, ‘Tá muinín agam asat’. Nach iad sin na focail ar mhaith le gach aon mhac a chloisteáil óna athair. Caitfhidh gurbh iad na focail a dúirt an tAthair Neamhaí lena Mhac nuair a scaoil sé Uaidh é le teacht ar talamh i gcolainn dhaonna. Is iad, a bheag nó a mhór, na focail a chualathas ag an Bhaisteadh agus ag Claochló Chríost: ‘Seo é mo mhac muirneach dar thug mé gnaoi. Éistigí leis!’. Bhí aithne mhaith ag an athair ar a mhac i gcás mhuintir Vanier. Chaith Jean ocht mbliana faoi éide an chabhlaigh. Ansin, lá níos faide anonn, bhunaigh sé L’Arche, agus tá sé ina aspal de ghrá Chríost don domhan, go mór mór do na boicht agus do dhaoine ísle. Creidim gur chuala sé na focail sin, ‘Tá muinín agam asat’, ní amháin óna athair ar talamh ach, níos tábhachtaí fós, ón Athair ar Neamh. Gurab amhlaidh dúinn uile. Athrú Chugainn Táthar i ndiaidh dualgaisí úra a chur orm i mBéal Feirste, le gairid, agus ní bheidh mé in ann leanúint ar aghaidh leis an obair atá á déanamh agam ar an Timire agus le Foilseacháin Ábhair Spioradálta le tamall de bhlianta. Caithfear todchaí na hoibre seo a phlé i measc na nÍosánach ar dtús le fáíl amach an bhfuil duine ar bith eile leis an obair chéanna a dhéanamh. Tá a fhios ag an domhan mór go bhfuil na sagairt ag éirí iontach gann. Tá mé cinnte go mbeidh orainn iarraidh ar dhaoine eile páirt lárnach a ghlacadh san obair seo as seo amach. Bígí ag smaoineamh air. Agus, ar ndóigh, ag guí. Alan Mac Eochagáin SJ

An Ofráil leathúil A Athair róghrámhair, tugaim suas duit gach a bhfuil romham inniu, gach smaoineamh, focal is gníomh, gach áthas is brón. Ofráilim duit iad i bpáirt le Críost san Aifreann, ar intinn Chroí Íosa agus ar intinní an Phápa, mar atá… [féach leathanach cúil]… agus ar m’intinní féin. Deonaigh dom, trí spreagadh an Spioraid Naoimh agus le cabhair ó chroí Mhuire gan smál, an lá seo a chaitheamh ag freastal ortsa agus ar dhaoine eile. Amen.

TIMIRE Winter_2011.indd 2

11/11/2011 11:47


Timire

3

Timire an Chroí Ró-naofa Arna fhoilsiú ag na hÍosánaigh 4

Obair na Síochána

‘Maolruan’

6

Lig do na páistí

8

Cluas le héisteacht

An tAth. Alan Mac Eochagáin SJ

10

Cé leis an stair?

An tAth. Alan Mac Eochagáin SJ

12

An tUisce agus an Bheatha

An tEaspag Stephen Dami Mamza

14

Iad siúd atá ‘sa líne tosaigh’

An tSr. Úna Ní Riain, MMM

16

Diarmuid Ó Laoghaire SJ

19

Craobh Aspalacht na hUrnaí

20

An Timire 1911 – 2011

22

Aifreann Comórtha

26

Litir ó Hong Kong

Seosamh Ó Mealláin, SJ

28

An Glór Glé Glinn

Séan de Fréine

30

Mise Eoghan

Kay Finnegan

Connla Ó Dúláine, SJ An tSiúr Eilís Ní Charthaigh

Ar dheis Dé:

Áine Bean Uí Szymanski

Go soilsí solas síoraí dóibh. Go gcónaí siad sa tsíocháin. Timire an Chroí Naofa 36 Sráid Líosain Íocht Baile Átha Cliath 2 r-phost: timire@jesuit.ie

B’fhearr ábhar a sheoladh ar dhiosca nó de r-phost, más féidir.

Bord Eagarthóireachta Alan McGuckian SJ Caitríona Uí Chatháin Seán de Fréine Bláthnaid Ó Brádaigh Martin Browne OSB

Bunaíodh sa bhliain 1911 Uimh. 447 ISSN 1649-4466 Le cead eaglasta: 14 Meán Fómhair 2011

Fáiltíonn an tEagarthóir roimh litreacha agus altanna ag an seoladh thuas.

TIMIRE Winter_2011.indd 3

Iris Oifigiúil Aspalacht na hUrnaí

Síntiúis Cóip amháin tríd an bpost: E3.75 / Stg£3.25 Go ceann bliana: E15 / Stg£13 Seiceanna iníoctha leis An Timire

Ní gá gurb ionann tuairimí ár scríbhneoirí agus tuairimí an bhoird eagarthóireachta

Faoi chúrsaí gnó (síntiúis, airgead, etc.) scríobh chuig Peigí Ní Dhurcáin An Timire, Teach Manresa SJ Baile na gCorr, Cluain Tarbh Baile Átha Cliath 3 Guthán: 01 832 5138

Dearadh: Messenger Publications Design Department

Clóbhualadh: Anglo Printers Ltd. Lo-call 1890 624 624

11/11/2011 11:47


4

Timire

Obair na Síochána, Dúshlán Leanúnach ‘Maolruan’ Nach mall righin an obair í, obair na síochána, obair a éilíonnn foighid agus diongbháilteacht, mar a chonaic muid ins na blianta 1990 nuair a bhí ‘próiseas na síochána’ á fheidhmiú in Éirinn. Níl an próiseas sin baol ar bheith iomlán, go deimhin, bíodh is go bhfuil sé á shaothrú le beagnach scór bliain. Táimid buíoch mar sin féin dóibhsean a chaith an oiread sin dua chun é a sheoladh chomh fada agus a rinne: ‘Is méanar do lucht síocháin a dhéanamh, óir glaofar clann Dé orthu.’ I bhfianaise an chruatain agus na deacrachta a bhaineann le síocháin a chur i réim i measc muintir an oileáin seo, ní miste tuiscint a bheith againn do phobail eile atá i ngleic le fadhbanna den tsórt céanna. Tá tréan-iarracht ar siúl, agus Éireannaigh páirteach ann, chun comhréiteach buan a bhaint amach i dtír na mBascach, áit a bhfuil coimhlint le blianta fada idir Bascaigh agus Spáinnigh, idir Bascaigh agus Bascaigh. Is furasta an chosúlacht a aithint idir na Bascaigh agus na hÉireannaigh, agus is cosúil go mba spreagadh do lucht an lámh láidir i dTír na mBascach tráth, an feachtas armtha a bheith ag dul ar aghaidh in Éirinn. An leor anois gluaiseacht na poblachta in Éirinn a bheith tiomanta don pholaitíocht shíochánta chun a leithéidí eile a mhealladh sa treo céanna? Ábhar bróid don Chomhaontas Eorpach gur éirigh leis an tsíocháin a choinneáil in iarthar na hÉorpa le seasca bliain anuas, tar éis ar fearadh de chogadh crólinnteach idir an Fhrainc agus an Ghearmáin sna ceithre scór bliain roimhe sin. Chuir Adenauer agus

TIMIRE Winter_2011.indd 4

Schuman agus Spaak rompu in 1950 beart nach beag a dhéanamh, is é sin, geilleagar a dtíortha a chónascadh sa chaoi go mbeadh na tíortha féin agus na pobail fite fuaite ina chéile ar deireadh. Theastaigh misneach chun smaoineamh ar a leithéid, ní áirimid é a chur i gcrích. Ní obair bliana í, ach obair na nglúnta. Ní féidir a dhearbhú go bhfuil bailchríoch uirthi go fóill, ach is cinnte go bhfuil athrú tagtha ar mheon na ndaoine agus ar a ndearcadh i leith na náisiún máguaird i gcaitheamh na tréimhse sin. B’fhéidir gurb iad muintir na hEilvéise is mó a thugann dea-shampla dúinn maidir le síocháin a dhéanamh; tá na pobail ann éagsúil, ní hamháin ó thaobh na teanga de, ach ó thaobh an chreidimh chomh maith, agus cuid acu binbeach go maith in éadan a chéile, ach d’éirigh leo cónaidhm pholaitiúil a chur i dtoll a chéile agus í a choinneáil slán leis na céadta bliain anuas. Tá bunreacht ann mar bharántas ag gach pobal acu go dtabharfar an urraim chuí dó agus nach ndéanfaidh na pobail is saibhre cos-ar-bolg ar na pobail is lú, mar shampla. Tá dúshlán mór roimh muintir na hEorpa anois, mar atá, an tsíocháin a shnaidhmeadh leis an saol Moslamach trí chéile. Ní hamhlaidh atá sé ina chogadh eadrainn faoi láthair, adéarfadh duine; tá an Araib Shádach agus a comharsana ina gcairde dílse ag an Iarthar, agus tá muintir na Palaistíne i gcleith go mór leis an Aontas Eorpach chun tacú leis an ngeilleagar. Ar an taobh eile, tá teannas ann le fada idir an Eoraip agus an Iaráin, tír mhór láidir líonmhar, áit a bhfuil na hollscoileanna ag cur thar maoil agus forás mór faoin tionsclaíocht. Tír mhór

11/11/2011 11:47


Timire

rathúil eile is ea an Tuirc, tír atá ag druidim amach ó thionchar an Iarthair agus ag dul i dtreo an Ioslamachais rídhocht. Agus céard tá i ndán do na tíortha sin i dtuaisceart na hAfraice a raibh éirí amach iontu in Earrach na bliana seo? Is cosúil go bhfuil cúrsaí polaitíochta agus creidimh fite fuaite ina chéile ins na tíortha sin ar fad. Is minic a bhíonn eagraíochtaí dian-Ioslamacha ina gceannródaithe sa pholaitíocht radacach. D’aithneodh na hEorpaigh anallód an cineál sin polaitíochta, nuair a bhí cúrsaí creidimh ina gcnámh spairne idir Eorpaigh freisin. Meascán mearaí is mó a chuireann sé anois orthu sa ré iarChríostaí seo. Cén chaoi ar féidir linne Críostaithe ár gcreideamh a chaomhnú agus a chosaint agus fós an muintearas

5

a chothú le pobail eile a chloíonn go daingean lena gcreideamh féin? An féidir cuimhne na gCrosáidí a dhíothú nó a mhaolú, nó an bhfuil sé i ndán do lucht an chreidimh a bheith in adharca a chéile arís sa 21ú haois? Ceisteanna iad sin ar fiu machnamh orthu. Agus í ag labhairt i láthair an Bhanríon Eilis II i mBaile Átha Cliath, dúirt an tUachtarán Maire Mhic Ghiolla Íosa narbh acmhainn dúinn an t-am atá caite a athrú anois, ach go bhfuil rogha déanta againn athrú a chur ar an am atá romhainn amach. Tá údar misnigh ansin dóibhsean ar mian leo urraim dá chéile a chothú i measc náisiúin na cruinne. Duine le cúlra sa saol taidhleoireachta atá i ‘Maolruan’.

Intinn Choitianta an Phápa do Mhí na Nollag Go gcuire náisiúin na cruinne le chéile go sítheach sámh, trí bhíthin eolas a chur ar a chéile agus urraim a thabhairt dá chéile dá réir.

TIMIRE Winter_2011.indd 5

11/11/2011 11:47


6

Timire

Lig do na

páistí teacht chugam

Kate Finnegan I dteagasc Maria Montessori, is léir gur baolach gur constaic é an duine fásta d’fhorbairt an linbh, go háirithe nuair nach ligeann an duine don leanbh a theacht ar eolas as a stuaim féin. Ar aon dul leis sin, chonaic mé ó am go chéile daoine fásta (mé féin san áireamh) agus iad ina mballa mór idir leanbh agus Dia, ag cur Ríocht na bhFlaitheas i bhfolach ar an leanbh. Bím á chur i gcuimhne dom féin de shíor, agus mé i mbun teagasc Críostaí le páistí, nach dual dom mo chuid smaointe féin ar an saol, ná ar na Scrioptúir, a chur chun cinn. Ní hé an bealach a mothaím Dia i mo shaol féin is tábhachtaí. Caithfidh mise, afach, a bheith dofheicthe le go ndéantar slí díom do Bhriathar Dé, agus ansin tiocfaidh an páiste ar Dhia leis féin. Má éistimid leis na páistí, inseoidh siadsan dúinn cad é mar a fheiceann siad Dia agus cad é go díreach a fheiceann siad. I saothar Maria Montessori agus Sofia Cavalletti, feicimid go bhfuil difear mór

TIMIRE Winter_2011.indd 6

idir an bealach a dtéann an timpeallacht agus Dia féin i bhfeidhm ar pháiste 3-6 bliain d’aois agus ar pháiste 7-12 bliain d’aois. Súnn páistí idir trí agus sé bliana gach aon rud isteach, agus bíonn caidreamh nádúrtha lúcháireach acu le Dia ar dhóigh atá éagsúil ar fad leis an bheatha spioradálta atá againne mar dhaoine fásta. Cuidíonn an cur chuige atá ag Cavallettí le páistí bheith iontach ciúin gan corraí, agus mar sin bíonn siad in ann na Scrioptúir a chloisteáil agus machnamh a dhéanamh orthu. A mhalairt ar fad, is breá leis na páistí 7-12 bliain anailís agus sintéis a dhéanamh, agus déanann siad na scéalta agus na téamaí éagsúla a scrúdú agus a chur i gcomparáid lena chéile. Is leis an aois-ghrúpa seo a bhainim úsáid as ‘Godly Play’, ina bpléimid na Scrioptúir le pictiúirí agus le gluaiseachtaí a chuireann idir ionadh agus spéis ar na páistí i scéalta Dé. Le bliain anuas, tá grúpa paidreoireachta bunaithe ar ‘Godly Play’ á reachtáil agam gach seachtain, agus

11/11/2011 11:47


Timire feicim an anailís agus an sintéis ag dul ar aghaidh. Bíonn na seisiúin rialta ag teastáil le go dté na páistí i dtaithi ar na scéalta. Sa chéad áit, foghlaimíonn siad cá háit a bhfuil na scéalta ar fáil sa seomra go fisiciúil. Ansin bíonn muinín acu parabal ón Tiomna Nua a leagan síos taobh le scéal ón Sean-Tiomna agus ciall a bhaint astu agus comparáid a dhéanamh eatarthu. Cuireann na nascanna a dhéantar sa chomhthéacs seo ionadh orm. Lá amháin bhí Parabal an Phéarla Róluachmhair faoi chaibidil againn: ‘Is cosúil ríocht na bhflaitheas le ceannaí a bhí ag lorg péarlaí breátha. Tharla aon phéarla amháin leis a bhí róluachmhar, agus d’imigh agus dhíol a raibh aige gur cheannaigh sé é’ (Matha 13:45). Sa ‘Godly Play’, rinneadh an scéal seo a insint le figiúirí, agus feictear an ceannaí ag tabhairt a raibh de mhaoin an tsaoil aige uaidh ar mhaithe leis an Phéarla Róluachmhar. Ag an deireadh ní raibh rud ar bith ag an cheannaí ach amháin an Péarla. Íomhá iontach géar atá ann. Chuir mé ceist ar na páistí: ‘An féidir rud ar bith a thabhairt chuig an pharabal ón seomra seo le cur leis an scéal?’ Chuaigh páiste amháin gur bhailigh sé figiúr Íosagáin ón mhainséar agus chuir sé é taobh leis an Phéarla Róluachmhar.

7

Chuir páiste eile figiúr an Aoire Mhaith taobh leis an cheannaí, á rá: ‘Beidh an tAoire Maith in ann aire a thabhairt don cheannaí mar níl rud ar bith aige anois ach amhain an Péarla.’ Fuair an tríú páiste pota gliú gur chuir sé idir an cheanní agus an Péarla é: ‘Tá an Péarla greamaithe leis an cheannaí anois agus ní scaoilfidh sé leis go deo.’ Nuair a smaoiním air seo, is é mo bharúil féin go bhfuil cumarsáid iontach domhain ar bun idir gach uile pháiste agus Dia. Tugann na heachtraí beaga seo léargas speisialta dúinn ar an mhéid a chonaic gach uile pháiste acu agus é ag ligean do Ríocht na bhFlaitheas dul i bhfeidhm air. As Béal Feirste do Kate Finnegan agus is ball í de Chomhthionól Síón don Soiscéalú (Sion Community for Evangelism). Tá ionad paidreoireachta do pháistí bunaithe aici, Lárionad Síón, in Brentwood Shasana. Bíonn grúpaí paidreoireachta do pháistí á reachtáil aici go rialta, de réir cur chuige Sofia Cavalletti (Catechesis of the Good Shepherd) do pháisti 3-6 bliain d’aois, agus Jerome Berryman (Godly Play) do pháistí 7-12 bliain d’aois. Tá an dá chlár seo bunaithe ar mhodhanna teagaisc Montessori a chuireann na Scrioptúir i láthair le figiúirí agus le samhlacha.

Intinn Mhiseanach an Phápa do Mhí na Nollag 2011 Go raibh páistí agus daoine óga ina dteachtairí ar an Soiscéal agus go dtugtar urraim dóibh agus cosaint ón uile fhoréigean agus dúshaothrú.

TIMIRE Winter_2011.indd 7

11/11/2011 11:47


8

Timire

Cluas le héisteacht i nd Alan Mac Eochagáin SJ Is e a deirtear sa tSeapáin i ndiaidh an chrith talún agus an tsunáimí a bhuail cósta thoir na tíre sin i Mí Mhárta 2011: ‘Nuair a leagann tonn ollmhór go talamh thú agus a bhfuil agat á ghoid uait, ní hé sin an deireadh. Beidh an dara tonn níos láidre fós!’ Tuigeann muintir na Seapáine é seo. Chonaic siad an scrios a bhí déanta ar a gcuid tithe; báid agus gluaisteáin scaipthe in aimhréidh fud fad na háite; longa móra ina suí go huaigneach i bhfad ón fharraige. Sa mhullach ar an chéad ionsaí a thóg ar shiúl tithe, monarchana, maoin an tsaoil, gaolta agus cairde, tagann an t-uafás pearsanta siceolaíoch. Cuireann ceisteanna alltacht ar dhaoine: cad é is cóir dom a dhéanamh agus mé gan dídean, gan ioncam, nó mé fágtha im aonar? Tá Caritas ag obair go fóill sna ceantair a d’fhulaing go dona ón tsunáimí. Tá cabhair den uile chineál de dhith ar dhaoine, ach mar a fheicfimid anseo thíos is beag rud is tabhachtaí ná an

TIMIRE Winter_2011.indd 8

cairdeas agus an cineáltas. ‘Choinnigh mé orm ag rith suas mala. Bhí mé traochta,’ arsa seanbhean a bhí ina suí in íoslach eaglaise a bhfuil ionad leighis déanta de ag Caritas, i mbaile Kamaishi a d’fhulaing go dona faoin tsunáimí. ‘Stop mé uair amháin le mo scith a ligean, ach chonaic mé an t-uisce ag borradh díreach taobh thiar díom. Chas seanduine eile liom a dúirt liom; ‘beirimis greim láimhe ar a chéile agus rithimis le chéile.’ Roimh i bhfad d’éirigh seisean ró-thuirseach agus dúirt sé, ‘Ar aghaidh leatsa. Fág mé.’ Cé gur tháinig a fear céile agus a mac féin slán, fuair beirt chairde de chuid na mná sin bás. Anois, sé mhí i ndiaidh an chrith talún, tá sí faoi bhuairt agus faoi strus. Is minic a théann sí chuig ionad Caritas a dtugtar Caifé Philia air. Sa chaifé faigheann na daoine a tháinig slán bia agus riachtanais eile, ach thar aon rud eile bíonn daoine ansin le héisteacht leo a thuigeann an tráma ar tháinig siad tríd. ‘Nuair a tháinig mé anseo ar dtús bhí an comhairleoir de chuid Caritas sásta éisteacht liom,’ a deir an tseanbhean.

11/11/2011 11:47


Timire

9

ndiaidh an tSunáimí ‘Chuidigh an éisteacht liom níos mó ná gach aon rud eile.’ ‘Tá daoine anseo i ndiaidh cuid mhór gaolta agus cairde a chailleadh agus tá gá acu le go dtugtar aire maith dóibh,’ a deir Une, oibrí pastóireach de chuid Caritas. ‘Thuig mé go luath gur ghá dom fanacht ina gcuideachta. Tá an oiread sin seandaoine atá uaigneach, agus mothaíonn siad go bhfuil siad tréigthe. Ni bhíonn daoine anseo (sa tSeapáin) in ann a rá amach go bhfuil cabhair agus aire de dhith orthu. Mar sin de, caithfimid a bheith ar an airdeall.’ Cuireann Caritas na Seapáine oiliúint ar fáil dá chuid oibrithe deonacha maidir le haire cheart a thabhairt do dhaoine atá buartha go trom. Lá i ndiaidh lae, tagann daoine chuig an chaifé in Kamaishi agus sna bailte eile chun cupán tae a ól le muintir Caritas. Má labhraíonn

na daoine amach, cuireann na hoibrithe pastóireacha cluas le héisteacht orthu. Mura labhraíonn siad, fanann siad le chéile ina dtost. Tá daoine a tháinig slán tar éis míonna fada a chaitheamh i ndídean speisialta a chuir an rialtas ar fáil dóibh, ach anois tá ualach an uaignis agus na ciontachta orthu. ‘Tá mise 73 bliain d’aois. Bhí mé ag tabhairt aire do sheanbhean a bhí sna hochtóidí,’ a deir bean eile sa chaifé. ‘Nuair a bhuail an tsunáimí, rinne mé mo dhícheall m’othar a shabháil ach bádh í.’ ‘Tá a muintir i bhfeirg liom agus tá mise do mo chiapadh leis an chiontacht. Anois, níl airgead ná obair, ná faic agam. Tagaim anseo chuig caifé Caritas chun scaoileadh leis an strus. Tugann sé roinnt mhaith síochána dom gur féidir liom bualadh le daoine atá sásta éisteacht liom.’

Intinn Choitianta an Phápa do Mhi Eanáir 2012 Go bhfaighe na daoine a fhulaingíonn faoi thubaistí nádúrtha an sólás spioradálta agus ábhartha is gá dóibh chun a saol a atógáil.

TIMIRE Winter_2011.indd 9

11/11/2011 11:47


10

Timire

Cé leis an stair?

Dealbh Edward Carson os comhair Theach na Parlaiminte, Stormont.

Alan Mac Eochagáin SJ Sa bhliain 2012 beimid ag cur tús le sraith fhada de chomórthaí Céad Bliain anseo in Éirinn. In 1912 cuireadh an Bille Rialtais Dúchais trí Pharlaimint Shasana, agus bhí síniú Chonradh Uladh ann. Ina dhiaidh sin, bunaíodh Óglaigh Uladh agus Óglaigh na hÉireann; tugadh isteach na gunnaí ag Latharna agus ag Binn Éadair; bhris an Cogadh amach san Eoraip; agus ansin, Éirí amach na Cásca, agus Cath an Somme. Tréimhse thar a

TIMIRE Winter_2011.indd 10

bheith corraitheach i saol an domhain agus i saol na hÉireann. Ag labhairt dó i mBealtaine 2010, bhí focail iontach críonna le rá ag Brian Ó Comhain agus é ina Thaoiseach, faoin dúshlán a thugann na comórthaí seo dúinn go léir in Éirinn. Go dtí seo, bhí a stair féin ar leith ag na pobail éagsúla de bhunadh na hÉireann, ach ní leor sin níos mó. Is é an t-aon stair amháin atá againn ar fad, náisiúnaithe agus aontachtóirí. Is cuid de scéal na bPoblachtánach Conradh Uladh agus tabhairt isteach

11/11/2011 11:47


Timire na ngunnaí i Latharna, agus baineann Óglaigh na hÉireann agus Éirí amach na Casca leis na hAontachtóirí. Tá próiseas cuimhneacháin ag teastáil a thabharfaidh cothrom na féinne do stair uile na tíre agus aitheantas do thraidisiúin uile an oileáin a bhfuil a bhféiniúlacht fréamhaithe sa stair chomhroinnte s’againne. Sna himeachtaí comórtha ar fad ,caithfear béim a chur ar atmaisféar cóimheasa a chothú agus tús áite a thabhairt do chruinneas staire. I láthair na huaire tá aontachtóirí ag déanamh réidh le comóradh mór a dhéanamh ar Chonradh Uladh an bhliain seo chugainn. Tá plean ag an Ord Oráisteach cheana féin paráid ollmhór a bheith acu i Mí Mheán Fómhair trí lár chathair Bhéal Feirste i gcuimhne ar na mílte a shínigh an Conradh céad bliain ó shin. Ag tagairt don chomóradh seo níos mó ná bliain ó shin, is é a dúirt Peter Robinson, ceannaire an DUP: ‘Is dáta thar a bheith tábhachtach é seo i stair an phobail aontachtaigh.’ Cuireann an chaint sin imni orm mar is léir gur dáta fíorthabhachtach é i saol phobal na hÉireann trí chéile. Ach, má chuireann pleananna na nOráisteach imní orm, caithfidh mé an cheist a ardú: cad é mar a mhothóidh aontachtóirí má thugann náisiúnaithe na hÉireann faoi 1916 a chomóradh ar dhóigh atá lán chomh haontaobhach leis na pleananna atá á gcur le chéile do 1912? Ceist dúinn uile: an bhfuil bealach maith ann le déileáil leis an stair i dtreo is go gcruthaimid todhchaí níos fearr do phobal uile na hÉireann? Le cúpla bliain anuas tá mé féin ag

11

obair le grúpa beag Protastúnach i mBéal Feirste ar na ceisteanna seo. Sa chéad áit, thug muid faoin bhliain 1912. Is cuid dhílis de chuimhne na nAontachtóirí gur tháinig 237,368 fear amach ar an 28ú de Mheán Fómhair 1912 le Conradh Uladh a shíniú, ag diúltú do Rialtas Dúchais in Éirinn. Shínigh 234,046 bean doiciméad darbh ainm an Fógra (The Declaration) ar an lá céanna. Céatadan an-mhór de Phrotastúnaigh na naoi gcontae a bhí ann. Admhaíonn a lán Protastúnach sa Tuaisceart gur beag eolas atá acu ar stair na hÉireann de thoradh nár múineadh é sna scoieanna. Mar sin de, is é an rud a rinne muid ná an scéal a insint go beacht i bhfoirm dramata. Tá drama láidir curtha le chéile againn, agus táimid ag brath é a chur i láthair grúpaí measctha, Protastúnaigh agus Caitlicigh le chéile. Beidh éascaitheoirí (facilitators) i láthair le comhrá a reachtáil i ndiaidh an drama. Nuair a chuir muid an drama ar stáitse os comhair lucht féachana beag cúpla mi ó shin, is é an toradh a bhí air ná go raibh duine amháin ag iarraidh a chur in iúl do gach aon duine eile gur ghá a aithint go bhfuil an locht ar fad ar ‘an dream eile’. Is iad na ceisteanna a chuirfimid os comhair an lucht féachana i ndiaidh an drama: ‘ar fhoghlaim mé rud ar bith anocht faoin seasamh a bhí ag mo phobal fein céad bliain ó shin?’ Tá an dara ceist níos tábhachtaí fós: ‘an bhfuil tuiscint bhreise ar bith agam ar “an taobh eile”, agus cén fáth ar mhothaigh siadsan mar a mhothaigh siad agus a ndearna siad na rudaí a rinne siad?’ Sin an cheist is tabhachtaí agus is deacra.

Intinn Mhiseanach an Phápa do Mhi Eanáir 2012 Go raibh dúthracht Críostaithe ar son na síochána ina fhianaise ar ainm Chríost os comhair gach fear agus bean dea-mhéine.

TIMIRE Winter_2011.indd 11

11/11/2011 11:47


12

Timire

Is ionann an tUisce agus an Bheatha An Sár-Oirmhinneach Stephen Dami Mamza, Easpag Yola Oirníodh an tEaspag Stephen mar easpag Dheoise Yola na Nigéire ar 7ú Aibreán 2011. Chaith an tEaspag an bhliain roimh a oirnithe in Éirinn ag déanamh staidéir ar fhorbairt phobail (le béim ar sholáthar uisce glan) in Kimmage Manor, Baile Átha Cliath agus ag staidéar an Dlí Canónta i bPáirc an Mhuilinn. Chaith sé sé mhí den tréimhse sin chomh maith ag obair mar shagart cúnta i bparóiste Bhaile an tSaoir i ndeisceart Bhaile Átha Cliath. Tá an ganntanas uisce ar domhan ag dul in olcas agus tá teannas agus coimhlint dá bharr in go leor tíortha. Deir an Tuarascáil um Fhorbairt Dhaonna (2006) go bhfuil a dhóthain uisce ar domhan don chine daonna ach go bhfuil fadhbanna ann maidir lena bhainistíocht. Cé go bhfuil teacht ar uisce níos éasca sa lá atá inniu ann san Afraic Laisteas den Sahára, tá deacrachtai móra ann freisin. Faoi láthair, tá teacht ar uisce glan ag 60% den daonra ansin (49% in 1990). Tá gá mór cur le líon na ndaoine a bhfuil soláthar d’uisce glan ar fáil acu. Ní féidir le neach ar bith maireachtáil gan uisce. Nuair atá soláthar a dhóthain d’uisce glan ar fáil don phobal, tagann laghdú suntasach ar ghalar súl, cnis agus boilg. Cé go gclúdaíonn uisce 70% de dhromchla an domhain, is uisce goirt an chuid is mó de. Tagann an t-uisce milis a bhíonn ar fáil don phobal ó cheithre fhoinse: (i) sceamhuisce (groundwater) atá sláintiúil toisc nach bhfuil mórán mianraí ann; (ii) uisce dromcla – bíonn gá de ghnáth é seo a chóireáil ionas go mbeidh sé folláin sábháilte; (iii)

TIMIRE Winter_2011.indd 12

báisteach – is uisce fíorghlan é seo agus is féidir é a bhailiú in umair uisce; (iv) uisce a chuirtear ar fáil trí phíopaí go tithe an phobail. Is é an córas píopaí uisce an ceann is éifeachtaí ach bíonn gá le hinfheistíocht mhór airgid. Go minic, bíonn sileadh ó na píopaí, rud a laghdaíonn an méid uisce a bhíonn ar fáil. Deirtear go gcaitheann 20% de na daoine is boichte ar domhan níos mó ná 10% dá n-ioncam ar uisce. Sa domhan ar fad, níl teacht ar uisce trí phíopaí ach ag 27% de phobal na tuaithe, agus tá 24% eile ag brath ar uisce nach bhfuil cóirithe. Soláthar Uisce i nDeoise Yola Tá deoise Yola suite i gceantar atá iargúlta agus sléibhtiúil den chuid is mó, ar theorainn Phoblacht Chamarún. Tá an aeráid te agus bogthais, le teocht thar 40% de ghnáth. Leanann séasúr na báistí ó Bhealtaine go Deireadh Fómhair ach tá éagsúlacht mhór sa mhéid a thiteann i réigiúin dhifriúla. Bíonn gá le siúlóid fhada ag an bpobal in go leor ceantar chun teacht ar uisce. In 2003, fuair an deoise cistiú ó Misereor (cumann na nEaspag sa Ghearmáin) le haghaidh

11/11/2011 11:47


Timire scéim thrialach chun fíoruisce a chaomhnú, ,uisce a stóráil, agus tobair a sholáthar. Tá an dara cuid den tionscadal sin idir lámha faoi láthair. De bharr chomh mór is atá an deoise, nílimid in ann ach freastal ar lion beag pobal. Tá briseadh amach calair agus galar uisce-iompartha eile ina chúis mhór imní i gceantair áirithe sa deoise faoi láthair. Tá súil agam bheith ag obair le gníomhaireachtaí chun feabhas a chur ar an scéal. Is í an easpa séarachais an fhadhb is mó atá ann, agus nuair a bhíonn teacht ag an bpobal ar fhoinsí cearta sláintíochta, bíonn sé indéanta soláthar uisce glan a chur ar fáil dóibh. Scéal Mapeo agus Sir Yema Tá sráidbhaile darb ainm Mapeo sa deoise, agus go dtí 2005 bhí cúrsaí soláthar uisce go hainnis ann. Bhí ar na daoine brath ar shileadh an-bheag ó Eas Dahsah in airde ar chnoc. Insítear scéal sa sráidbhaile faoi bhuachaill óg darb ainm Sir Yema a bhí ina chónaí lena sheanmháthair. Buachaill iontach ab ea é ach ba dhilleachta é. Bhí d’fhís aige bheith ina mhúinteoir, agus sin an fáth gur chuir sé an teideal ‘Sir’ roimh a ainm. Ach chuir an drochstaid eacnamaíochta idir 1983 agus 1993 isteach go mór ar an bhfís sin. Bhí air éirí as an scolaíocht chun airgead a thuilleamh don chlann. Chaith sé gach oíche ar an bhóthar deacair croctha suas go dtí Eas Dahsah ag bailiú uisce a dhíoladh a sheanmháthair gach lá do chustaiméirí

13

cíocracha. Oíche amháin, bhí sé tar éis tabhairt faoin aistear trí huaire cheana féin; ar an gceathrú haistear d’ionsaigh cobra é agus maraíodh Yema. Ach ní hé sin deireadh an scéil. Ar 12 Samhain 2005 nuair a chuir an deoise scéim uisce ar fáil a chuir deireadh leis na turasanna oíche ar an gcnoc, bhí seanmháthair Yema i láthair. Bhí fearg uirthi toisc nach raibh an soláthar uisce ar fáil níos túisce. Dar leí, bheadh ‘Sir Yema’ beo beathach agus ina mhúinteoir cáilithe dá mbeadh córas ceart uisce ann in 1993. Gan dabht, is ionann uisce agus an bheatha. Tá gá le riachtanais bhunúsacha mar uisce, bia, foscadh agus córas taistil ionas go mbeidh an cine daonna in ann teacht in inmhe mar chlann Dé.

An tEaspag Stephen Dami Mamza

Intinn Choitianta an Phápa do Mhí Feabhra 2012 Go raibh teacht ag daoine gach áit ar uisce agus ar na hacmhainní is gá dóibh le haghaidh a riachtanais laethúla.

TIMIRE Winter_2011.indd 13

11/11/2011 11:47


14

Timire mire

Iad siúd atá ‘sa líne thosaigh’ An tSr. Úna Ní Riain MMM Nuair a mhair Íosa linn ar an saol seo, bhí dha sciathán lena chuid oibre: Briathar Dé a mhíniú agus a chraoladh, agus Grá Dé a thaispeáint do dhaoine tríd an chineáltas a thaispeáint do chách. Agus riamh ó shin, tá Sé ag brath orainne, a dheisceabail atá beo sa lá inniu, leanúint leis an obair thábhachtach sin. Is misinéir mé féin, ball de MMM, agus bhí mé im’ bhanaltra san Afraic ar feadh 44 bliana. I rith an ama sin, bhí mé sa Nigéir nuair a bhí Cogadh Biafra ar siúl, san Aetóip nuair a bhí an gorta ann, agus sa Mhaláiv mar a bhfuil an galar SEIF (AIDS) go forleathan. Tuigim cé chomh hainnis is a bhí muintir dhúchasach na n-áiteanna sin, ach chonaisc mé freisin an oiread ‘strainséirí’ a bhí ag cuidiú leo. Ina measc, bhí misinéirí ó gach creideamh, grúpaí cosúil le Caritas, Concern International, etc., agus tuataí ó gach gairm: dochtúirí, banaltraí, innealtóirí, siúinéirí, agus eile. Ní raibh aon dualgas ar na daoine seo uile teacht, ach thánadar ó chineáltas a gcroí chun cuidiú leis an chine daonna, óir is clann Dé, agus de shiocht Ádhaimh, sinn go léir. Ach bíonn sé dian ar dhuine a bheith ag maireaachtáil agus ag obair in aon áit a mbíonn an aeraid go crua agus fulaingt mhór thart orthu. Cuir leis sin an t-ocras agus an gorta agus galair a scaipeann go tapa de dheasca teasa, cuileoga agus easpa sláinte. Tar éis tamaill is minic a mhothaíonn an ‘strainséir’ sin atá ag ag cuidiú leis na daoine, broid oibre, tuirse, crá croí,

TIMIRE Winter_2011.indd 14

I ndiaidh an chrith talún in Haiti, 2010

agus b’fhéidir gruaim domhain – an rud a dtugtar sa Béarla burn-out air. In intinn an Phápa don mhí seo, is ar an oibrí atá an bhéim. Bíonn tacaíocht de dhíth ar an oibrí chomh maith leis na heasláin, agus mar sin tá an Pápa ag iarraidh orainn guí ar son na n-oibrithe, agus tacaíocht a thabhairt dóibh ar aon bhealach a thig linn. Tá an Pápa ag tagairt anseo do na hoibrithe sláinte, is é sin na daoine atá ag cuidiú nó ag freastal ar na heasláin, agus iarrann sé orainn guí go gcuidí Dia leo. Agus cinnte, bíonn gá acu le cabhair ó Dhia, go háirithe iad siúd atá sna tíortha is boichte ar domhan. Tá an Pápa á rá go bhfuil gá lenár bpaidreacha acu siúd atá sa ‘líne tosaigh’ agus a bhíonn i mbaol go minic. Bíonn siad ag cuidiú le daoine in áiteanna ina

11/11/2011 11:47


Timire

bhfuil gorta, agus daoine ag fáil bháis den ocras. Sa ‘líne thosaigh’ sin bíonn daoine breoite le mórán mór galar, go háirithe SEIF, atá go forleathan anois. Tá a fhios againne nach leor an dea-mhéin. Bíonn gá le bia agus le leigheasanna. In a lán áiteanna bíonn deacrachtaí móra polaitíochta, agus daoine ag éirí amach i gcoinne an rialtais nó i gcoinne a chéíle. Cuireann na rudaí seo go léir an-stró ar na cúntóirí atá ag iarraidh cuidiú leis na daoine bochta ar an láthair. Fud fad an domhain, bíonn daoine maithe réidh le cuidiú a thabhairt. Is in

15

am an ghátair a tchímid cé chomh maith is atá formhór mór na ngnáth-dhaoine ar domhan. Dar ndóigh, is iad na daoine atá ag fulaingt na droch-íde seo go léir is mó atá i ngá an chéad chuidithe agus an príomhchuidithe, ach ní féidir leis na cuiditheoirí a gcuid oibre a dhéanamh mura mbíonn tacaíocht agus spreagadh acu siúd freisin óna gchomhphobal. Iarraimis ar Dhia an tacaíocht sin a thabhairt, ach tá seisean ag braith orainn chomh maith. Go gcuidí Sé linn é sin a dhéanamh trínár bpaidreacha agus ar bhealaí praiticiúla.

Intinn Mhiseanach an Phápa do Mhí Feabhra 2012 Go gcothaí an Tiarna saothar na n-oibrithe sláinte a chuidíonn leis na heasláin agus leis na seandaoine sna reigiúin is boichte ar domhan.

TIMIRE Winter_2011.indd 15

11/11/2011 11:47


16

Timire

Iar-eagarthóir ar An Timire: An tAthair Diarmuid Ó Laoghaire SJ Rugadh ar talamh é 1915 (Lá Lúnasa) Rugadh ar neamh é 2001 (21 Iúil) Connla Ó Dúshláine SJ Nuair nach spreagann siad pobal Dé chun feirge, tá cúrsaí na hEaglaise in Éirinn le tamall anuas ag cothú díomá agus droch-mhisneach ionainn. Shíleas, mar sin, gur tráthúil is gur tairbheach an rud é, cuimhne a mhúscailt ar dhream beag oibrithe a shaothraigh le sárdhúthracht i mbun foilsiú Timire an Chroí Ró-Naofa agus ar féidir leo dá bharr sin bheith ina n-inspioráid dúinn agus ina n-údar misnigh. Íosánaigh is ea iad, ní nach ionadh, óir is ar Chumann Íosa, chomh maith le Siúracha na Toirbhirte (ar díobh Naomh Máiréad Máire Alacoque) a leag Mac Dé an cúram deabhóid dá Chroí Ró-Naofa a chraobhscaoileadh i measc phobal na

TIMIRE Winter_2011.indd 16

hEaglaise. Ní cúram éasca é, ná éadrom; ní hannamh, agus mé féin im’ eagarthóir ar an iris, go mb’fhacthas dom gurbh obair amú m’iarrachtaí. B’fhacthas dom gur ‘Ghlór mé ag éamh sa bhfásach’, ainneoin a raibh de chúntóirí dílse ag obair im’theannta. Údair mhisnigh agus ionspioráide iad siúd freisin – tá a n-ainmneacha le feiceáil taobh istigh den iris ar leathanach 3: tá bualadh bos tuillte acu, agus paidir uait! Cuirim tús, mar sin, agus focail spreagúla Osboirn Uí Aimhirgín ag rith trím intinn: Canaim laoithe dóchais I dteanga bhinn na Fódla Leanaimis an lóchrann Do las ár sinsir romhainn Is seasaimis go beomhar Os comhair an tsaoil.

11/11/2011 11:47


Timire Ag breathnú dó ar an scoláire óg i Rang a Cúig, nach raibh suim ar bith aige sa Ghaeilge, theip ar a fhoighid ag an múinteoir. Arsa sé le searús: ‘ O’Leary, you’ll be Professor of Irish in Trinity College some day if you’re not careful!’ Leis an té a bheadh ina dhiaidh sin ina shagart, ina Íosánach, ina ollamh agus ina shárscoláire ar an nGaeilge agus ar an Léann Ceilteach a bhí sé ag caint – an tAthair Diarmuid Ó Laoghaire SJ. Ach le linn na ndéaga, ba mhó suim O’Leary sa chruicéad ná sa Ghaeilge go dtí… Bhuel, mar a dúirt an Piarsach, ‘Oibríonn Dia miorúiltí i gcroíthe na n-óg’ : ba de bharr bualadh leis an Máistir Tadhg Ó Murchadha sa Séú Bliain i mBelvedere a tharla an mór-chlaochlú i nDiarmuid. Chonaic sé, den chéad, uair uaisleacht agus áilleacht an chultúir Ghaelaigh i gcolainn dhaonna an tsár-fhir seo. Spreag Tadhg ‘O’Leary’ leis an gCumann Gaelach a chur ar bun timpeall 1932 – cumann a chuidigh liomsa mo chumas Gaeilge a choinneáil nuair a bhíos féin im dhalta ag Tadhg, ó 1943 go dtí-48. In aois a hocht mbliana déag dó, chuaigh Diarmuid isteach i nóivíseacht na nÍosánach in Imeach (Emo) le taobh Chúil a’ tSúdaire. Ghlac sé na trí móideanna – bochtaineacht, geanmnaíocht agus umhlaíocht – ar fhéile Bhreithlá Mhuire, 8 Meán Fómhair 1935. Sé bliana déag ina dhiaidh sin, sheas sé ceart don ómós a léirítear do Mhuire Mháthair Dé sa chreideamh Caitliceach, i gcomhfhreagras san Irish Times. Trí bliana i Raithean Uí bhFáilí (suíomh mhór-mhainistir Charthaigh Naofa fadó) i mbun fealsúnachta, agus ansin thug sé céim ollmhór chun tosaigh i mbun an staidéir ba ansa leis: bhain sé amach Dochtúireacht sa Léann Ceilteach in Ollscoil Aberystwyth sa Bhreatainn Bheag. Oirníodh ina shagart é Iúil 1948, agus tháinig críoch lena

TIMIRE Winter_2011.indd 17

17

chúrsa oiliúna i gCumann Íosa i 1950. Shilfeá, agus an oiliúint a bhí faighte aige chun dul i mbun taighde fhuaimintiúil ar stór ollmhór na litríochta Gaeilge, go scaoilfí Diarmuid (fearacht Láimhbheartach Mac Cionnaith, John Ryan agus Aubrey Gwynn, mar shampla) i mbun saol agus ról an scoláire ollscoile. Ach bhí riarthóirí de dhíth – agus, pé d’fheil sé dó nó nár fheil – ceapadh é i mbun riaracháin: deich mbliana i mbun na macléinn ollscoile ó 1950-1960; dhá bhliain i mBelvedere mar ardmháistir (de bharr a airde is a thanaí a bhí sé, bhaist na buachaillí ‘Stretch’ air); máistir scoile ansin i gColáiste Gonzaga (áit ar chuir sé iontas an domhain ar chách lena chumas sa chruicéad – a rogha cluiche óna óige). Ar deireadh, in 1977, tugadh post dó mar léachtóir sa Spioradáltacht Cheilteach in Institiúid Pháirc an Mhuilinn. Agus céard faoin Timire, a deir tú? Bhuel, ceapadh é ina eagarthóir air ó Fhómhar na bliana 1971 agus beirt shagart eile, Seosamh Ó Muirthile SJ agus Seán Ó Duibhir SJ ag cuidiú leis ó am go ham. Ach bhí Diarmuid ag scríobh altanna don iris le fada roimh 1971. ‘Níl An Timire ar na hirisí is mó le rá ar domhan ná fiú in Éirinn’, ar seisean, ‘ach ní miste a rá…gur oidhre é ar chuma éigin ar ár sinsir sa Chreideamh agus gur mó, b’fhéidir, a ghealfadh croí ár sinsear leis ná le formhór irisí cráifeacha eile na hÉireann’ – toisc gur ina dteanga dhúchais atá sí scríofa. Faoi thionchar Ollamh le Gaeilge Choláiste Mhaigh Nuat, leag Diarmuid béim ar thábhacht thraidisiún spioradálta na Gaeilge. Rinne sé seo in iliomad altanna i nGaeilge agus i mBéarla, i léachtaí go leor, agus sa leabhrán breá uaidh, Irish Spirituality. Tá a lán scríofa faoin ábhar ó shin, ach ba cheannródaithe iad Diarmuid Ó

11/11/2011 11:47


18

Timire cíocras chun an tsaibhris úd ar thug an Piarsach ‘ár nAthardha’ air. Anuas, mar dhrúcht na maidne, ó lámha is ó chroíthe do sheacht sinsear a thagann sé chugat. Ná diúltaigh dó, ach fáisc chugat é, déan do chuid féin de, mar a rinne Diarmuid nuair a fuair sé léargas air – agus roinn thart é ar do chomharsana. Is mó ná riamh atá gá leis, agus Éire in isle brí mar atá. D’oscail Diarmuid mo chluas is mo thuiscint d’áilleacht ár n-amhrán. Canam, dá bhrí sin, laoithe dóchais, i dteanga bhinn na Fódla agus seasaimis go beomhar os comhair an tsaoil. Mar, a chairde, de réir Irenéus Naofa, ‘Is é is glóire Dé ann, an duine ina lánbheatha’. Agus toibreacha na beatha, is i gCroí Mhic Dé go fial, go flaithiúil is go flúirseach atá siad, mar a theagasc an tAthair Diarmuid agus An Timire, le briathar is le gníomh: ‘Tarraingeoidh sibh uisce go lúcháireach as toibreacha an tSlánaithe’. I gcochall Chroí Íosa go raibh tú, a Dhiarmuid. (Tráchtfar arís ar eagarthóirí eile a bhí ar An Timire.)

Laoghaire agus Donnchadh Ó Floinn. Sé buaic uile a shaothair i ngort na spioradáltachta dúchais, ámh, an leabhar beag téagartha (atá gafa trí cheithre athchló), Ár bPaidreacha Dúchais. Ós iad an teanga amháin iad an Ghaeilge agus Gaidhlig na hAlban, tarraingíonn an leabhar as saibhreas an dá thobar. Agus – tuilleadh torthúlachta – ghin an leabhar céanna dá mhionleabhar, nuair a d’fhoilsigh an tAthair Stephen Redmond SJ, le caoinchead an Athar Diarmuid, Faith of Two Peoples agus Prayers of Two Peoples. Iontu araon tá na bunphaidreacha dúchais Ghaeilge maraon le saoraistriú fíor-fhileata sa Sacs-Bhéarla ar a n-aghaidh amach. ‘Is fada fairsing iad iarsmaí an drochbhirt’, adeirtear. Ach in ainm Dé, nach bhfuil sé thar am againn cuimhniú – le lúcháir agus le buíochas – ar thionchar (‘iarsmaí’) dea-bhearta, dea-shampla agus dea-ghníomhartha na ndea-dhaoine, leithéidí Thaidhg Uasail (agus ba uasal é) Uí Mhurchadha a d’adhain i gcroí an Athar Diarmuid

Tomhas an Timire: 166

1

2

3

4

5

6

7

8

Tháinig An Triúr Saoithe ón ...? Tá liosta d’ainmneacha fear thíos. Tóg litir as gach ceann acu chun an freagra a fháil. Eoghan Nioclás Diarmuid Risteard Mícheál Seán Cathal Peadar Scríobh TOMHAS ar chlúdach do litreach, agus seol do réiteach, mar aon le d’ainm is do sheoladh, chuig:An Timire, 37 Sráid Líosain Íocht., Baile Átha Cliath 2, roimh 1 Bealtaine, 2012. Tomhas 165: Freagra: Colmcille Buaiteoir: Zara Mulkerrins, Carna, Co. na Gaillimhe.

TIMIRE Winter_2011.indd 18

11/11/2011 11:47


Timire

19

Craobh Aspalacht na hUrnaí Na baill ó dheireadh na ndaicheadaí go dtí inniu An tAthair Ciarán Ó Sabhaois OCSO Siobhán Ní Dhuinnín Máire Ní Thréinfhir (O’Hagan) Gilbert Mac an Bháird Máire Ní Cheocháin ÁIne Ní Dhálaigh Éadaoin Ní Shíocháin Máire de Búrca (Mhic Shamhráin) Eilís Ní Charthaigh (An tSr. Cillian) Máire Ní Chaomhánaigh (Uí Mhaoileoin) Bríd Ní Dhálaigh (Beairtiseal) Bríd Ní Uallacháin (Ó Suilleabháin) Síle Ní Mhaoláín Máiréad Ní Fhearrghaill (Ó Floinn) Caitlín Ní Shiadhail (Uachtarán 14 bliain) Úna Ní Mhiadhacháin Cris Ní Ógáin (Ó Ceallaigh) Stephanie Ní Thuirnéar (Ó Nualláin) Máirín Suan Máirín Sionóid Tomás agus Treasa Scott Aine Mhic Giolla Cuillín Éamonn Ó Donnchú Máire Nic Gearailt (An tSr Seosamh le Muire) Dóra agus Ciarán Ó Dúláine Nóra Ní Dhúláine Micheál Ó Durcáin Peigí Ní Dhurcáin

Go gcuití Dia a saothar dóibh TIMIRE Winter_2011.indd 19

11/11/2011 11:47


20

Timire

Comóradh 100 bliain an Timire 1911-2011

Ar bhóithrín na smaointe An tSiúr Eilís Ní Charthaigh Nach raibh baint agam le hoifig An Timire ó 1949 go dtí 1952 nó mar sin? Bhuel, tréimhse ghairid go leor agus páirt bhídeach, ach páirt mar sin fein! Inné, bhíos ar tí cuairt a thabhairt ar an NCH, is é sin an Ceoláras Náisiúnta – an halla álainn sin arbh ainm dó an Aula Maxima fadó ó shin, nuair a bhi Coláiste na hOllscoile in Árdán Phort an Iarla. Bhí breis ama idir lámha agam, agus bheartaigh mé cuairt a thabhairt ar Oifig An Timire i Sráid Líosain. Isteach liom d’aon ghnó chun sracfhéacaint a thabhairt ar cad a bhí ar siúl. Bhuel, nár chuir sé gliondar croí orm cóip den Timire a fheiceáil i gcoirnéal éigin! Nach galánta mar atá sé anois – beagáinín costasach ach nach mar sin atá an saol! Chuir sé ar ais mé ar bhóithrín na smaointe! Smaoinigh mé ar mo mháthair dhílis a mhúineadh dúinn, ‘A Chroí Ró-Naofa Íosa, is asat-sa atá mo mhuinín’. B’in cuid den chreideamh a cuireadh trasna ar mo ghlúinse. Ansin, thagadh An Timire i mBéarla isteach sa teach go míosúil. Nach an-ait an rud é nach raibh Íosanaigh riamh in iarthair Chorcaí – de réir mar is eol dom – agus da dheasca sin fuaireamar inspioráid ó na hÍosánaigh, bail ó Dhia orthu! Sula gcuirtear mé ón aidhm a bhí agam nuair a thosaigh mé leis an alt seo a scríobh, bhuel, tá bród orm go raibh an phribhléid sin agam, baint a bheith agam le hoifig An Timire uair dem shaol. Bhí me pairteach le Cuallacht Mhuire gan Smál i Sráid Ghairdinéir. Ball beag de sin ab ea Aspalacht na hUrnaí. Bhíodh

TIMIRE Winter_2011.indd 20

cruinniú againn in áit éigin taobh thiar den Gailearaí in airde staighre. Níl fhios ar domhan agam anois cad bhí á dhéanamh againn seachas An Timire a scaipeadh anois is arís. Is cuimhin liom an tráth sin go ndeirtí linn mná nár cheart bheith i láthair na Sacraminte Naofa gan rud éigin ar do cheann. Agus is docha gur chreideamar é! Mar sin, is cuimhin liom gur casadh orm duine de na sagairt maidin amháin agus ciarsúr ar mo cheann, agus ar sé, ‘Ní fhéadfadh Naomh Pól focal a ra leat!’ As sin amach, nior chreid mé sa mhiotas sin a thuilleadh!

Seosamh Ó Muirthile SJ 1905 – 1984 Eag. 1949 – 1971

Ag an am sin, bhí triúr Íosánach i ngort sin na Gaeilge – an tAthair Seosamh Ó Muirthile, a bhí mar eagarthóir ar An Timire; an tAthair Diarmuid Ó Laoghaire, a chuir le céile an cnuasach breá sin dár bpaidreacha dúchais; agus an tAthair Séamus Mac Amhlaoibh, a bhí i mbun na Cuallachta. Bhíodar linn, romhainn, inár ndiaidh agus gan cur isteach orainn. Ar ndóigh, tá siad go léir ar shlí na firinne anois, agus tá súil agam go bhfuil údar eigin ag scríobh a mbeathfháisnéis. Gan amhras, is acu a bhí an meas mór ar ár gcultúr dúchais

11/11/2011 11:47


Timire

21

Comóradh 100 bliain an Timire 1911-2011

agus ar thábhacht na teanga. Bhuel, tá cruth níos nua-aimseartha ar áitreabh An Timire anois, le ríomhairí agus foirne lánaimsire. Bhí mé ag smaoineamh ar na míorúilti a dhéanann ár dTiarna dúinn. Ó, adeireadh daoine, ní hé Dia ach an teicneolaíocht! Ach nach é Dia atá páirteach in gach ar féidir linn a

TIMIRE Winter_2011.indd 21

dhéanamh! Idir an dá linn, chaith mé 28 bliain ar shaothar miseanach i dtíortha éagsúla san Afraic. Ní raibh aon bhaint agam le saol na Gaeilge, agus b’fhéidir gur féidir liom an mhíorúilt a fheiscint níos soiléire. Coimirce Mhuire i gcónaí ar An Timire nua-aimseartha agus ar lucht a ghluaiseachta.

11/11/2011 11:47


22

Timire

Aifreann Ceiliúrtha in Avila, Ionad na gCairmilíteach,

Príomhcheiliúraí:

Alan Mac Eochagáin, SJ

Seanmóirí:

Caoimhín Ó Ruairc, SJ

Comhcheiliúraithe:

Connla Ó Dúláine, SJ, Seán Ó Duinn, OSB, Pádraig Ó Cochláin, Adrian Eastwood, CM, Micheál Mac Eochagáin, SJ

Leitheoirí:

Peigí Ni Dhurcáin agus Seán de Fréine

An Salm:

Bláthnaid Ó Brádaigh

Guí an Phobail:

Caitríona Uí Chatháin, Dóra agus Ciarán Ó Dúláine

Ceol:

Cór Pharóiste Bhaile an tSaoir

Stiúrthóir Ceoil:

Máirín de Brún

TIMIRE Winter_2011.indd 22

11/11/2011 11:47

D


Timire

23

Domhnach Broc, Baile Átha Cliath, 24ú Meán Fómhair, 2011

TIMIRE Winter_2011.indd 23

11/11/2011 11:47


24

Timire

Aifreann Ceiliúrtha in Avila, Ionad na gCairmilíteach,

Peigí Ni Dhurcáin agus comhartha beag buíochais don obair uilig.

Connla Ó Dúláine, SJ, Iar-eagarthóir

Todhchaí An Timire

TIMIRE Winter_2011.indd 24

11/11/2011 11:47

D


Timire

25

Domhnach Broc, Baile Átha Cliath, 24ú Meán Fómhair, 2011

TIMIRE Winter_2011.indd 25

11/11/2011 11:47


26

Timire

TIMIRE Winter_2011.indd 26

11/11/2011 11:47


Timire

27

Litir don Eagarthóir ó Hong Kong 8 Mí Iúil, 2011

A Athair Alan dhil Is mithid dom beagán briathra buíochais a sheoladh chuig lucht An Timire de cheann an leabhrán a chur chugam soir go féiltiúil le suim blianta anuas gan teip. Sí an chúis a spreag mé le litir a scríobh san am seo – sibhse atá ag ceiliúradh an céadú bliain ó tháinig An Timire amach á fhoilsiú den chéad uair. Ní bréag ná áibhéil é a rá gur an-ard le tamall anuas caighdeán na dréachta atá le léamh ann. Sin é mo bharúil is mo mheas air – ní hé le rá gur ionmholta é mo mheas féin ar nithe liteardha. Murach meirg bheith ar an stór Gaeilge atá agam agus ó bhíonn ormsa seanmóir i gCantoinéis a ullmhú in aghaidh na seachtaine, bheadh dúil ionam alt a chur le chéile don Timire ó am go ham. Ach níor bronnadh féith an phinn orm ach oiread. Beannacht agus biseach Seosamh Ó Meallain SJ

Nóta ón Eagarthóir

Is mac le Mícheál Ó Mealláin, ceann de ceannairí Éirí Amach 1916, an tAthair Seosamh. Bhí a athair i gceannas i bhFaiche Stiabhna i rith an Éirí Amach. Cuireadh chun báis é i bPríosún Chill Mhaighneann ar 8ú Bealtaine 1916. Tá an tAthair Seosamh fós ag obair i ngort an Tiarna sa tSín in aois 95 dó.

TIMIRE Winter_2011.indd 27

11/11/2011 11:47


28

Timire

An Glór Glé Glinn Fadó agus Cathal Ó Sandair Seán Ua Cearnaigh Agus mé ag cur caoi ar mo chuid leabhar ar na mallaibh, thug mé suntas ar leith de shaothar amháin a foilsíodh corradh agus tríocha bliain ó shin. Bhaineas antaitneamh go deo as an leabhar nuair a léigh mé é den chéad uair. Táim díreach i ndiaidh é a léamh arís, agu creid uaimse gur leabhar álainn é. Séard is teideal dó ná An Glór Glé Glinn Fadó; Cathal Ó Sandair a scríobh. Mar is eol dúinn, is iomaí scéal deas agus aiste bhríomhar a scríobh Cathal d’iris An Timire, agus séard atá sa leabhar ná cnuasach de na scríbhinní céanna. Ba údar éachtach é Cathal Ó Sandair, corradh agus céad saothar dá chuid i gcló, agus neart leabhar eile nár foilsíodh riamh, faraor. Gan amhras ar bith, ba é an scríbhneoir Gaeilge ba bhisiúla dár rugadh riamh. Sasanach ba ea a athair, agus rugadh Cathal féin sa tír sin ach tógadh é i mBaile Átha Cliath. Ba dhuine lách cairdiúil é gach lá riamh, fear uasal ionraic, Críostaí den scoth. In Weston-super-Mare, Somerset, Sasana a rugadh é 15 Iúil 1922. B’as Dorset dá athair, iarshaighdiúir Sasanach a thabhaigh clú mar dhornálaí. Agus Cathal fós ina naíonán,, d’aistrigh an chlann go Baile Átha Cliath, cathair dhúchais a mháthar, agus is ann a tháinig sé i méid. I Scoil Treasa, Ascaill Dhún Uabhair agus i Meánscoil na mBráithre Críostaí i Sráid Synge a fuair Cathal a chuid oideachais. Ba iad na Bráithre a mhúscail spéis Chathail sa Ghaeilge. Chaith sé

TIMIRE Winter_2011.indd 28

tréimhse i gCois Farraige ag cur snasa ar a chuid Gaeilge agus é fós ina ghasúr. I ndiaidh dó an scoil a fhágáil, chaith sé seal beag sna Bráithre Críostaí i gColáiste Chiaráin i mBré. Ina dhiaidh sin agus Cogadh Domhanda II ar siúl, d’oibrigh sé sa Roinn Soláthairtí. Agus an Cogadh thart, chuaigh sé isteach sa tSeirbhís Chustaim agus Máil, agus seoladh é ó thuaidh go Cairlinn, Co Lú, áit ar chuir sé aithne ar na cainteoirí dúchasacha deireanacha in Ó Méith. Scríobh Cathal leabhair eile freisin a bhí lonnaithe in Éirinn agus a bhain le buachaillí agus cailíní a linne féin agus is iontach an tóir a bhí orthu. Is iomaí duine óg a thug gean don Ghaeilge den chéad uair riamh de bharr scríbhinní Chathail Uí Shandair, agus mairfidh a chuimhne go deo i ngeall air sin. An Gúm d’fhoilsigh an cuid is mó ar fad de shaothar Chathail. Bhí tráth ann sna 1950í nuair a bhíodh leabhar dá chuid á fhoilsiú gach uile mhí. Tar éis dó tréimhse a chaitheamh in 1953 ar chúrsa i gConamara do scríbhneoirí Gaeilge, d’éirigh sé as a phost sa tSeirbhís Chustaim agus Máil. Chuaigh sé le scríbhneoireacht go lán-aimseartha, agus d’éirigh leis ar feadh tamaill. Bhíodh sé ag scríobh don pháipéar Gaeilge Inniu, don Timire agus go leor irisí eile. Ach i ndeireadh na dála bhí sé fágtha gan mórán teacht isteach agus b’éigean dó filleadh ar a sheanphost in 1963. Níor caitheadh go maith leis, nó seoladh é ó áit go háit ar fud na tire, agus nuair a d’éirigh sé as obair ar ball, is pinsean laghdaithe a fuair sé. B’shin an buíochas

11/11/2011 11:47


Timire

a tugadh dó as ucht a ndearna sé don Ghaeilge agus don scríbhneoireacht. Bhí Cathal bainteach le Glúin na Buaidhe, eagras radacach Gaeilge, sna 1940í. Ba í an Ghaeilge an chéad chloch riamh ar a phaidrín, nó ní bheadh amhras ar éinne a léann An Glór Glé Glinn Fadó faoi sin. Bhí an-dúil aige sa dúlra, sa saol aoibhinn faoin aer. Bhí an-spéis aige freisin sna teangacha Ceilteacha agus bhí Gaeilge na hAlban, an Bhreatnais agus Gaeilge Oileán Mhanann ar a thoil aige. Ar na leabhair a scríobh sé, is é an ceann is mó a chuaigh i bhfeidhm ormsa agus mé ag éirí aníos, ná Bliain ón mBás. Scéal álainn é seo faoi scríbhneoir óg ó Bhaile Átha Cliath nach raibh daite dó ar an saol seo ach bliain amháin de réir a

TIMIRE Winter_2011.indd 29

29

dhochtúra, agus faoin gcaoi ar lonnaigh sé i gContae Chill Mhantáin mar oibrí feirme, áit ar thit sé i ngrá agus ar fhill a shláinte ar ais chuige. Mar adúirt mé cheana, bhíodh Catha ag scríobh scéalta agus aistí do An Timire thar na mblianta. D’eisigh Foilseacháin Ábhair Sprioradálta iadsean i bhfoirm leabhair faoin teideal An Glór Glé Glinn Fadó in 1980. B’fhiú go mór an saothar breá seo a athfhoilsiú. Phós Cathal Máire McGeown as Co. Ard Mhacha, agus bhí ceathrar clainne acu. Séan, mac amháin, chaith sé seal le RTÉ mar thráchtaire spóirt. D’éag Cathal Ó Sandair 18 Feabhra 1996. Rinne sé a chion féin ar son na tíre agus theanga na hÉireann. Beannacht Dé lena anam geal.

11/11/2011 11:47


Timire

Lís Ní Chulainn

30

MISE EOGHAN Dia dhaoibh, a chairde óga, agus an Samhradh tagtha chugainn, chun deireadh a chur le ranganna agus chun sinn a scaoileadh amach faoin aer úr. Ach mo léan, leis an Samhradh tagann scrúduithe – an staidéar go meánoíche agus an díomá nuair a bhíonn ceisteanna ar an scrúdpháipéar faoi gach ábhar seachas an ceann a ndearna tú staidéar air. Nó, níos measa fós, nuair a bhíonn boscaí, agus na freagraí chomh cosúil lena chéile agus gan aon scríbhneoireacht ach an ‘tic’ a chur sa bhosca. Bíonn an seansagart anseo sa Choláiste ag taispeáint dúinn conas mar a chuir na manaigh fadó an t-eolas sna leabhair le cleite agus dúch, agus a rá, deir sé, nach ndéanann scoláirí ach ‘tic’ i mbosca.

Féiríní Nollag

Thosaigh an chaint sa rang mar gheall ar fhéiríní na Nollag agus cad a cheannóimis don sagart. Chuala mé féin é go minic ag caint ar a chosa agus ar dhéantúsóirí bróg ón iasacht, agus ar bhás an tseanghréasaí a dhéanadh bróga agus buataisí dó. ‘Ní fheadar mé,’ a dúirt sé liom lá amháin, ‘cén fáth go gceapann daoine go bhfuil an cruth céanna ar mhéara coise gach duine nuair nach bhfuil. Mo ghreidhn é sean-Liam a dhéanadh poll beag sa leathar san áit a raibh an fadharcán ag borradh, is a chuirfeadh píosa breise leathair san áit a raibh baol go siúlfadh cos amháin isteach ar an gcos eile. Conas a thuigfeadh an boc mór sin sa tSín nó san Iodáil cosa na nGael?’, a deireadh sé liom, agus ar ndóigh ní raibh freagra na ceiste agam. Ach nuair a luaigh mé sa rang go mb’fhéidir nár mhiste dul ag cuimhneamh ar phéire bróg nó buataisí mar bronntanas Nollag thosaigh siad go léir ag magadh fúm.

TIMIRE Winter_2011.indd 30

11/11/2011 11:47


Timire

31

Bróga agus Buataisí

Ach lean mé orm. Tá na buataisí atá á gcaitheamh ag an sagart faoi láthair réasúnta compórdach, ach tá siad seanchaite, briste, salach. Ach cén rang a thabharfadh péire buataisí mar bhronntanas do shagart? Agus conas a scríobhfadh éinne rud éigin orthu a mbeadh baint ar bith aige leis an Nollaig. I ndeireadh báire, dúirt mé go raibh mé féin ag dul a lorg buataisí dó agus da mba mhaith leo bheith liom san iarracht, go bhféadfaidís teacht ag cabhrú liom. Uaireanta, deireadh an sagart liom go mbíódh an bhuatais chlé compórdach go leor ach gur chuid dá Phurgadóireacht an bhuatais dheis, agus rith sé liom da gceannóinn dhá phéire go dtiocfadh buatais chlé a thriall ar an gcois dheis, agus ansin an dá bhuatais eile a chaitheamh amach. Ach pér bith faoi bhronntanas Nollag a dhéanamh de phéire buataisí, conas a dhéanfainn bronntanas de dhá bhuatais chlé? Agus nach mbeinn i mo cheap magaidh ag an rang?

Plean Nua

Bhí mé ar mo dhícheall ag iarraidh teacht ar sheift éigin don bhronntanas Nollag sin, agus cad deir sibh, nuair a shiúil mé amach ag cúl an Choláiste chonaic mé an gabhdán mór seo agus na seanbhuataisí caite ann. I ngan fhios don saol, chuir mé i mála iad agus thug mé liom iad go dtí mo sheomra. Ní foláir nó gur shin-sean-bhuataisí a bhí agam, mar ba iad na buataisí céanna a bhí á gcaitheamh ag an sagart na cinn a bhí air an lá roimhe sin. Um thráthnóna, tar éis na ranganna go léir, thóg mé amach na buataisí agus scrúdaigh mé iad go géar. M’anam go raibh léarscáil agam sa leathar de chosa cráite an tsagairt – cnoc agus gleann ar an mbonn agus ar na méara, agus ba léir go raibh fadharcáin agus buinneáin go flúirseach. Ba léir dom nárbh fhiú dul go dtí siopa ar bith ,agus bhí mé cinnte dá mbeadh gréasaí le fáil in aon áit gar don Choláiste go mbeadh an sagart ag caint leis cheana féin. Agus mé fós ag iarraidh teacht ar réiteach , tharla go bhfaca mé fógra i siopa na milseán go raibh duine éigin ag tosú ar bhróga a dheisiú i seomra cúil, agus siúd isteach mé i lár oibre agus é i mbun meanaithe agus snáth céireach agus ceap – gléasanna nach bhfaca mise cheana, mar ní dheisítear bróga anois – is labhair mé leis an bhfear, agus bhí an-suim aige i mo scéal. ‘Is féidir liom bróga agus buataisí a dhéanamh’, ar sé, ‘ach níl éinne á n-iarraidh mar tagann na mílte díobh ar phraghas an-saor ón iasacht.’ Ar ais liom go dtí an Coláiste gur thug mé liom an seanphéire buataisí. Thóg sé an bhuatais chlé ina lámh agus stán sé air; ‘D’fhoghlaim mise conas déileáil le cosa mar sin,’ ar sé. ‘Seanghréasaí ó Chontae Mhaigh Eó a mhúin dom an cleas.’ ‘Féach leat!’ ar sé liom ansin, ‘Beidh mé breá sásta freastal ar na cosa sin, pé duine ar leis iad, agus ní iarrfaidh mé ach luach an leathair ort.’ Coicís ón lá sin bhí mo bhronntanas agam. Cheannaigh mé dhá iall ar a raibh ‘Nollaig Shona’ scríofa, agus bhí liom. Bhí an rang breá sásta. An Nollaig seo, beidh an sagart ag ceiliúradh ina chroí agus ina anam – agus ina chosa!

Nollaig Shona daoibh go léir agus go gcuire Íosagán na beannachtaí go flúirseach chugaibh!

TIMIRE Winter_2011.indd 31

11/11/2011 11:47


Aspalacht na hUrnaí

An Ofráil Laethúil A Athair róghrámhair, tugaim suas duit gach a bhfuil romham inniu, gach smaoineamh, focal is gníomh, gach áthas is brón. Ofráilim duit iad i bpáirt le Críost san Aifreann, ar intinn Chroí Íosa agus ar intinní an Phápa, mar atá… (féach thíos) … agus ar m’intinní féin. Deonaigh dom, trí spreagadh an Spioraid Naoimh agus le cabhair ó chroí Mhuire gan smál, an lá seo a chaitheamh ag freastal ortsa agus ar dhaoine eile. Amen.

Intinní an Phápa Intinn Choitianta an Phápa do Mhí na Nollag, 2011 Go gcuire náisiúin na cruinne le chéile go sítheach sámh, trí bhíthin eolas a chur ar a chéile agus urraim a thabhairt dá chéile dá réir. Intinn Choitianta an Phápa do Mhi Eanáir, 2012 Go bhfaighe na daoine a fhulaingíonn faoi thubaistí nádúrtha an sólás spioradálta agus ábhartha is gá dóibh chun a saol a atógáil. Intinn Choitianta an Phápa do Mhí Feabhra 2012 Go raibh teacht ag daoine gach áit ar uisce agus ar na hacmhainní is gá dóibh le haghaidh a riachtanais laethúla. Intinn Choitianta an Phápa do Mhí Márta, 2012 Go dtuga an saol mór aitheantas don mhéid atá déanta ag na mná chun an tsochaí dhaonna a fhorbairt.

TIMIRE Winter_2011.indd 32

11/11/2011 11:47


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.