Timire
FOILSEACHÁN ÍOSÁNACH
GEIMHREADH 2012 / 2013
an Chroí Ró-naofa €
3.75/Stg£3.25
An Timire 101 bliain slán
TIMIRE Winter_2012.indd 1
13/11/2012 17:02
2
Timire
Eagarfhocal Is cuimhneach liom, nuair a bhí mé beag i gCill Mhantáin sna caogadaí, chaithinn cuid mhór ama i dteach ceann tuí na gcomharsan, muintir Foster. Trí sheomra ann, seomra na dtuistí ag ceann an tí, seomra na gcailíní ag an gceann eile is cistineach mhór taobh istigh den leathdhoras le dhá leaba shuíocháin ann do na leaids. Tine oscailte le háit suí timpeall uirthi, áit a dhéanadh Julia cócaireacht don teaghlach, seisear leaids, triúr cailíní, í fhéin is Simon, a fear céile. Bord ar crocadh le balla a íslíodh dona béilí agus suíodh gach duine timpeall air nuair a dhoirteadh Julia amach na fataí as an bpota mór a bhí ar crocadh os cionn na tine. Gach duine timpeall an bhoird ag breith ar fhataí len iad a lomadh ar a phláta féin, á smearadh le him baile, is iad ag fanacht le spúnóga de stobhach as an scilléad a bhí leagtha ar ghríosach na tine. Feilméara beag sléibhe is saor cloiche a bhí i Simon. Baile eibhear a bhí i mBuaile an Chnocáin. Dá dtiocfadh lánúin, a raibh an bhean ar tí páiste a thabhairt ar an saol ag doras Julia is Simon ní fheicfinn iad á ruaigeadh go teach an asail nó go cró na mbeithíoch. Ach dá mba in aois ina raibh na daoine níos boichte fós, a thiocfaidís ag an doras, aois nuair a bhí an t-asal is an bhó istigh faoin díon céanna ceal fascaidh eile a bheith ann dóibh, thuigfinn do Julia a réiteodh ionad fascúil príomháideach do Mhuire i measc na n-ainmhithe ag bun an tí, chomh fada agus a b’fhéidir ón airneán timpeall na tine. Agus is féidir liom í a shamhlú ag freastal uirthi le huisce te ón bpota ar an tine, le héadach leagtha ar leaba tuí, réitithe di ag Simon is ag Seosamh in éineacht agus iad beirt ruaigthe suas ansin chuig an airnéan ag an tine fad a bhí Julia is bean nó dhó eile de na comharsain ag freastal ar Mhuire. Agus is féidir liom Muire a shamhlú ag leagan an leanbh Íosa i máinséar na n-ainmhithe nuair a bhí mórshaothar na breithe curtha di aici, agus Seosamh is Simon ligthe síos ar ais ag na mná le hamharc ar mhíorúilt an linbh nua-bheirthe. Daoine bochta in Éirinn fadó, bhíodh doirse ar leathadh acu roimh lucht siúlta na mbóithre. Bhí an saol difriúil anallód. Ach níor mhiste dúinn cuimhneamh ar an saoirse chun fáilte a chur roimh an strainséir a bhronn an bochtanas sin ar uimhir mhór daoine in Éirinn agus sa Talamh Naofa tríd na haoiseanna. Agus ní miste dúinn guí chun Dé ar son gráinne den saoirse sin a neadú in ár gcroithe an Nollaig seo, saoirse a chuirfidh ar ár gcumas croí oscailte fáiltiúil a bheith againn don strainséir in ár measc.
An Ofráil Laethúil A Athair róghrámhair, tugaim suas duit gach a bhfuil romham inniu, gach smaoineamh, focal is gníomh, gach áthas is brón. Ofrálaim duit iad i bpáirt le Críost san Aifreann, ar intinn Chroí Íosa agus ar intinní an Phápa, mar atá ... (féach leathanach cúil)... agus ar m’intinní féin. Deonaigh dom, trí spreagadh an Sprioraid Naoimh agus le cabhair ó Chroí Mhuire gan Smál, an lá seo a chaitheamh ag freastal ortsa agus ar dhaoine eile. Amen.
TIMIRE Winter_2012.indd 2
13/11/2012 17:02
Timire
3
Timire an Chroí Ró-naofa Arna fhoilsiú ag na hÍosánaigh 4
Fáilte Roimh an Strainséir
An tSiúr Monica Kelly
6
Athnuachan na hEaglaise
An tAthair Pádraig Ó Murchú
8
Bliain an Chreidimh 2012-2013
Eilís Ní Mhearraí
10 An Éigipt agus Dúshlán an Bhunreachta Nua Youssef Habib 12
Ina fhéiniúlacht féin
Breandán Mac Partholáin SJ
14
Glacaigí seilbh ar bhur gcinniúint féin Michael Bingham SJ
16
Maighréad Ball 1515-1584
18
Éamann Iognáid Rís Beannaithe
An Br G D de Barra
22
Bríd Naofa, Muire na nGael
An tSiúr Mairéad Ní Bhuachalla
25
Crainn na Nollag
Caitlín Ní Luasaigh
26
Im Leabharlann Dom
Seán de Fréine
28 Dánta 29
Guth na nÓg
Gráinne Ní Lorcáin
30
Cúinne na Cócaireachta
Síle Ní Chearúil
Ar dheis Dé: Míne Bean Uí Chribín, Anna Bean Uí Mhurchú, An tAthair Tomás Ó Sabhaois, Áine Nic Giolla Cearra
Go soilsí solas síoraí dóibh. Go gcónaí síad sa tsíocháin Timire an Chroí Naofa 37 Sráid Líosain Íocht Baile Átha Cliath 2 r-phost: antimire@gmail.com
B’fhearr ábhar a sheoladh ar dhiosca nó de r-phost, más féidir
Bord Eagarthóireachta Frainc Mac Brádaigh SJ Bláthnaid Ó Brádaigh An tSiúr Mairéad Ní Bhuachalla Dónall Ó Conaill Caitríona Uí Chatháin Méabh Ní Choileáin
Bunaíodh sa bhliain 1911 Uimh. 450 ISSN: 1649-4466 Le cead eaglasta: 14 Samhain 2012
Fáiltíonn an tEagarthóir roimh litreacha agus altanna ag an seoladh thuas
TIMIRE Winter_2012.indd 3
Iris Oifigiúil Aspalacht na hUrnaí
Síntiúis Cóip amháin tríd an bpost: E3.75 / Stg£3.25 Go ceann bliana: E15 / Stg£13 Seiceanna iníoctha leis An Timire
Ní gá gurb ionann tuairimí ár scríbhneoirí agus tuairimí an bhoird eagarthóireachta
Faoi chúrsaí gnó (síntiúis, airgead, etc.) scríobh chuig An Timire, f/c Dónall Ó Conaill 92 Bóthar Seannaigh Ráth Eanaigh Baile Átha Cliath 5 Guthán: 086 1981793
Dearadh: Messenger Publications Design Department
Clóbhualadh: Anglo Printers Ltd. Lo-call 1890 624 624
13/11/2012 17:02
4
Timire
Fáilte Roimh an Strainséir An tSiúr Monica Kelly O thús ama bhí ar dhaoine imeacht óna dtíortha dúchais féin de dheasca bochtanais, géarleanúna nó toisc go raibh siad ag iarraidh saol níos fearr a bhaint amach dóibh féin agus dá gclanna. Tá roinnt eisimirceoirí ann a fhágann a dtír dhúchais dá dheoin féin chun obair a fháil i dtír eile agus eisimirceoirí eile toisc nach féidir leo obair a fháil ina dtír féin. I gcásanna eile tá socruithe comhaontaithe idir tíortha, daoine ó thíortha eile a fhostú go gearrthréimhseach ar chúiseanna ar leith. Chomh maith tá daoine faoi bhrú teitheadh óna dtíortha dúchais mar gheall ar ghéarleanúint reiligiúnach, pholaitiúil, eitneach, agus cultúrtha agus tugann tír eile stádas dídeanaithe dóibh má cruthaítear go bhfuil géarleanúint i gceist. (De réir Mír 14 um Chearta an Duine)
Gnéithe comónta de shaol an Eisimircigh
D’fhéadfaí gnéithe thaithí saoil na nEisimearcach a achoimriú mar leanas; uaigneas, saol gan bhrí gan chiall, agus imeallú. Uaigneas: Tá níos mó i gceist leis seo ná bheith ar easpa cairde. Tá eisimircigh coimhthithe óna muintir agus óna gcultúr féin agus fágtha ar an trá folamh gan tionchar acu sa saol. Gan bhrí gan chiall: Is ionann é seo agus droch-íde á imirt ag fostóirí ar eisimircigh san ionad oibre trí iarraidh orthu tascanna deacra, dainséaracha agus uirísle a dhéanamh ar phá níos lú agus ar feadh uaireanta níos faide. Níl ar chumas na n-eisimirceach a
TIMIRE Winter_2012.indd 4
gcearta a phlé agus tá siad faoi bhois na bhfostóirí. Imeallú: Is ionann é seo agus na heisimircigh a choimeád ar imeall na sochaí mar shaoránaigh ísealchéime. Tharlódh sé seo de dheasca chinnlínte na meán cumarsáide, ráitis chiníocha agus polasaithe polaitiúla ag rialú inimirce.
Mar a caitheadh le hEisimircigh
Cuireadh fáilte Uí Cheallaigh roimh na heisimircigh sa tír seo i rith bhlianta an ‘Tíogair Cheiltigh’. Bhí gá leo mar chuid den fhórsa saothair go háirithe sa tionscal seirbhíse. Chuidigh siad go mór le heacnamaíocht na tíre ar cheart aitheantas a thabhairt dó. Mar phobal áfach an ndearna muid iad a imeascadh linn nó ar fágadh ina n-aonar iad gearrtha amach uainn? Ina leabhar dar teideal ‘Welcoming the Stranger’ deir John Dardis SJ, ‘They have a huge cultural adaptation to make, and local people can make a huge difference by the welcome they give’. Léiríonn an t-eolas a bhailigh an Migrant Rights Centre Ireland atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath gur fostaíodh eisimircigh ar mhaithe le sochar airgid na bhfostóirí seachas glacadh leo mar dhaoine le riachtanais agus toilmhianta. Bhí sé seo an-soiléir i gcás daoine a bhí ag obair i dtithe teaghlaigh nach raibh rialaithe agus bhí an dúshaothrú coitianta. Cé go bhfuil dul chun cinn ann ag ardú feasacht phobail i dtaobh ceisteanna eisimircigh tá a lán fós le déanamh. Tá an baol ann i gcónaí gurb iad na heisimircigh an chéad dream a ndéanfar idirdhealú orthu nuair a tharlaíonn cúlú eacnamaíochta. Is gá
13/11/2012 17:02
Timire
díriú go láidir ar na dlíthe saothair agus cearta daonna atá a sárú mórthimpeall an domhain.
Dúshláin do Phobail Chríostaí
Leagann an Soiscéal síos na dúshláin atá romhainn mar phobal Críostaí ag déileáil leis an eachtrannach. I Matha 25:40 léimid ‘Deirim go fírinneach libh, mar atá déanta agaibh don té is lú de na bráithre seo agam, is domsa a rinne sibh é’. Nuair a d’iarr Íosa ar an bhean Shamárach deoch a thabhairt dó d’fhreagair sí: ‘Conas a d’iarrfá deoch ar bhean Shamárach agus tú i do Ghiúdach? Mar ní bhíonn na Giúdaigh ag déanamh caidrimh leis na Samáraigh’. D’fhreagair Íosa í, ‘Dá m’eol duit cé sin a deir leat, “Tabhair deoch dom”, bheifeá i ndiaidh a iarraidh air, agus é i ndiaidh fíoruisce na beatha fíre a thabhairt duit’.(Eoin 4, 9-10) Glacann Íosa leis an bhean. Feicimid conas mar a ofrálann
5
teachtaireacht an tSoiscéil lámh chúnta don eachtrannach. N’fheadar cé mhéad eisimirceach a bhfuil orthu aghaidh a thabhairt ar chúinsí doicheallacha sa saol inniu? Cé a ofrálann an lámh chúnta dóibh agus conas a mhothaíonn siad ag maireachtáil i gcúinsí mar sin? Sa leabhair atá luaite cheana ‘Welcoming the Stranger’ i gCaibidil 8 dar teideal ‘Ireland of the Welcomes’ scríobhann Ann Horgan RSC, ‘Let us accept the challenge we face in Ireland. Let us become a land where “‘Ireland of the Welcomes” is no longer a mere slogan, but a reality of which to be proud’. Nach ábhar machnaimh dúinn é? Chaith an tSiúr Monica blianta fada sa Chóiré ag fónamh don chosmhuintir. Anois tá sí lonnaithe i mBaile Átha Cliath ag soláthar seirbhísí, cabhrach agus tacaíochta d’eisimircigh.
Intinn Choitianta an Phápa do Mhí na Nollag 2012 Go bhfaighe imirceoirí fáilte chaoin le fíorghrá ar fud an domhain, go háirithe ó phobail Chríostaí.
TIMIRE Winter_2012.indd 5
13/11/2012 17:02
6
Timire
Athnuachan na hEaglaise An tAthair Pádraig Ó Murchú Má tá súil ag Críostaithe go léirítear i gnúis na hEaglaise an solas a lonraíonn ó Bheithil, ní mar sin a tharlaíonn i gcónaí. Tá bearna mhór idir an idéal (an fhís) agus an gníomh, idir cuireadh Chríost agus freagra an Chríostaí. Tá géarghá le síor-athnuachan phearsanta na gCríostaithe. Tá cuireadh ón mbaisteadh acu chun bheith ina naoimh i measc an phobail. Chun an lánfhreagairt sin a dhéanamh, beidh ar gach Críostaí casadh ar an Soiscéal chun bualadh le Chriost atá léirithe ann. Caithfidh an Críostaí é féin a thumadh i saol Chriost i dtreo go mbeidh sé ábalta a rá ‘ní mise a mhaireann anois ach maireann Críost ionam’. Ar feadh tréimhse rófhada bhí Críostaithe ag brath ar chuntas tur teibí an Teagasc Chríostaí. Bhí eolas éigin acu mar gheall ar Chríost ach ni raibh a leath dhothain aithne phearsanta acu air mar fhuascailteoir, mar chneasaí, mar chara agus mar chompánach don bheatha. Ní leor athnuachan phearsanta, áfach. Tá athfhéachaint agus athchoiriú le déanamh ar gach struchtúr a bhaineann le Pobal Dé, an Eaglais. Tá a pháirt oiriúnach féin ceaptha do gach Críostaí chun ríocht Dé a fhorbairt agus a bhuanú ar an saol seo. Tá idirghníomhú, olc agus maith, idir cléir na hEaglaise agus imeachtaí na staire. Nuair atá an idirbheart cóir agus de réir tola Chríost tá bláth le feiceáil ar shaol coiteann an phobail. Tá obair Dé ar bun agus tá Críostaithe ag deanamh mar is dual doíbh a dhéanamh. Nuair atá a mhalairt i gceist, feictear míchothromaíocht (inequality) i saol na hEaglaise. Nil cúrsaí ag imeacht de réir plean Chriost
TIMIRE Winter_2012.indd 6
don saol. Tá scannal éigin san aer agus boladh mífholláin le fáil ar shaol na hEaglaise. Tá sórt míthreoir curtha ar phlean Chríost. Tá sé sin fíor inniu i saol na hEaglaise. Tá a lán Críostaithe agus cuid den chléir teanntaithe ag an eagla agus iad craptha isteach i stíl bheatha atá cosantach, coimeádach agus duairc. Tá easpa misnigh ag cur isteach ar shaol gur cheart a bheith lán de bhuíochas agus d’ardú croí. Feictear do roinnt daoine go bhfuil an Eaglais sáite (sínte) i bpoll doimhin dá déanamh féin. Ní géarleanúint ón dtaobh amuigh atá ag suathadh na hEaglaise ach mí-úsáid ar chumhacht, fhéinchaomhnú agus dearmad a dhéanamh ag an iomarca againn ar mhisean fuascailte Chríost. Sin é scannal agus peaca marfach an lae inniu. Tá struchtúir áirithe ag coimeád siar cuid mhór de phobal Dé ó lán pháirt a bheith acu sa bheatha Chríostaí. Dhein Dara Comhairle na Vatacáine iarracht ar chomharthaí na haoise a léamh chun treoir nua anamúil a thabhairt don Eaglais. Bhí plean dearfa ann don chléir. Ba ghearr gur thosaigh dream a bhí coimeádach agus eaglach ag tarrac siar ar chuid de na hathruithe a bhí tuartha do ré nua athbheochana. Inniu, ní gá ach féachaint ar an uimhir mhór Caitliceach atá ag tabhairt cúl leis an Eaglais agus ag fáil brí agus sásamh i ngluaiseachtaí creidimh eile le tuiscint go mb’fhéidir nach bhfuil muid ag léamh comharthaí na haoise. A clann féin ag tréigean a Máthar! I measc na bhfadhbanna go léir tá dhá cheann práinneach ann nach féidir a chur ar an mhéar fhada a thuilleadh. An cóir go mbeadh sagart mar bhainisteoir
13/11/2012 17:02
Timire
ar gach scoil náisiúnta sna páróistí in Éirinn? Uirlis na comhachta atá ansin do a lán daoine. An fiú an dua go léir a leanann é? Cén cabhair é do phobal Dé? An é am lóin na ndaltaí an t-am ceart do mhúinteoirí dílse bunscoile bheith ag múineadh an Teagasc Críostaí? Nach mbeadh sé i bhfad níos éifeachtúla dá mbeadh an sagart gníomhach le múinteoirí, tuismitheoirí agus baill eile de Phobal Dé taobh amuigh d’am scoile? Nach féidir eagraíochtaí eile a chur ar fáil don phobal ar maidin Dé Domhnaigh? Ní bhuaileann duine le Críost san Aifreann mura bhfuil aithne agus taithí aige air roimh Aifreann. Don Chaitliceach, níl faic chomh tábhachtach leis an Aifreann. Ba chóir go mbeadh gach pobal Caitliceach ábalta Aifreann a cheiliúradh gach Domhnach chun a gcuid féin a dhéanamh d’fhocail Chríost; ‘Is bia go fíor mo chuid feola agus is deoch go fíor mo chuid fola. An té a itheann m’fheoil agus a ólann
7
m’fhuil, cónaíonn sé ionamsa agus cónaimse ann.’ Eoin 6:55-56. Ní mar sin atá, áfach. Níl formhór na gCaitliceach sa domhan ábalta freastal ar Aifreann gach seachtain. Tá ganntanas sagart ag cur stop leis sin. Níl go leor fir óga toilteanach a saol go léir a chaitheamh mar shagairt. Ní féidir bheith ag súil le méadú ar líon na sagart arís. Tá rud éigin cearr nuair ná fuil aon phlean dearfa ag ceannairí na hEaglaise chun an t-Aifreann a thabhairt go rialta don phobal. Tá míchothromaíocht ann nuair a deireann cleachtas na hEaglaise go bhfuil rud éigin níos tábhachtai ná an t-Aifreann agus go bhfuil an t-Aifreann ag brath ar chóras atá neamhéifeachtach. Tá gear ghá acu go léir leis an solas a lonraíonn ó Bheithil. Tá an tAthair Pádraig ina mhisinéir Columbánach agus ag obair le fada an lá sa Choiré.
Intinn Mhiseanach an Phápa do Mhí na Nollag 2012 Go léirí Críost é féin don chine daonna go léir leis an solas a lonraíonn ó Bheithil agus a léirítear i ngnúis a Eaglaise.
TIMIRE Winter_2012.indd 7
13/11/2012 17:02
8
Timire
Bliain an Chreidimh 2012-2013 Eilís Ní Mhearraí
In intinn an Phápa don mhí seo, tugtar ábhar machnaimh dúinn, ní hamháin don bhliain atá romhainn ach don chuid eile dár saol. Is minic a bhíonn daoine ag freastal ar chluichí peile nó a leithéid agus iad gléasta i ndathanna na foirne. Níl aon amhras faoin dílseacht atá acu don fhoireann. Tá siadsan ag tabhairt fianaise ghliondrach don mhuinín atá acu as a gcuid laochra spóirt. Sa bhliain atá romhainn, iarrtar orainn an ghliondar chéanna a léiriú mar gheall ar ár gCreideamh agus go mbeimis oscailte do thuiscint níos fearr a fháil ar mhistéir Chríost. Sa Litir Aspalda Porta fidei a d’fhoilsigh an Pápa Beinidict XVI i mí Mheán Fómhair 2011, d’fhógair sé ‘Bliain an Chreidimh’. Thosaigh an bhliain seo ar an 11 Deireadh Fómhair 2012 agus tiocfaidh sí chun deiridh ar an 24 Samhain 2013. Tá tábhacht faoi leith le dáta tosaigh na bliana seo ar dhá chúis. Ar an dáta céanna caoga bliain ó shin, cuireadh tús leis an Dara Comhairle Vatacánach agus cothrom an lae fiche bliain ó shin, foilsíodh Caiticiosma na hEaglaise Caitlicí. Mar sin tá bliain mhór chomórtha agus athnuachana romhainn. Mar thoradh ar an Dara Comhairle Vatacánach, cuireadh an Caiticiosma le chéile chun pobal Dé a threorú agus chun daoine a thabhairt níos cóngaraí do mhistéir Chríost. I rith na bliana seo
TIMIRE Winter_2012.indd 8
chugainn, moltar do cheannairí i ngach paróiste aird an phobail a tharraingt ar an gCaiticiosma agus deiseanna a chruthú a chabhróidh le daoine aithne a chur air. Ní féidir fianaise a thabhairt don Chreideamh agus seoda an Chreidimh a roinnt muna bhfuil a shíolta fréamhaithe go domhain ionainn féin ar dtús. Ag leibhéal na hEaglaise áitiúla, i measc na nithe a mholann an Comhthionól um Teagasc an Chreidimh don bhliain atá romhainn, iarrtar ar dhaoine an Litir Aspalda, Porta fidei a léamh. Iarrtar ar shagairt níos mó staidéir a dhéanamh ar an gCaiticiosma agus seanmóintí a thabhairt ar ghnéithe éagsúla den Chreideamh chun suim an phobail a mhúscailt sa Chaiticiosma. Chomh maith leis sin, is féidir le misin agus le cláracha eile i bparóistí agus in ionaid eile cuidiú le creidmhigh teacht ar thuiscint nua ar an gCreideamh a bronnadh orthu ag an mBaiste. Cuireann gach ócáid den chinéal seo le tuiscint na rannpháirtithe ar mhistéir Chríost. Is féidir linn filleadh ar theachtaireachtaí bunúsacha Chríost agus daoine a ghríosadh chun aithne a chur Air sna Scrioptúir, sna sacraimintí agus tríd an bpaidreoireacht. Is é an pointe is suntasaí sna moltaí seo ná gur chóir do na creidmhigh, a bhfuil gairm acu bronntanas an Chreidimh a athnuachan, iarracht a dhéanamh a dtaithí féin ar an gCreideamh agus ar an gcarthannacht a chur in iúl dá ndeartháireacha agus dá ndeirfiúracha a bhaineann le creidimh eile, le daoine gan chreideamh agus le daoine gur chuma leo. Sa bhealach seo táthar ag súil go gcuirfidh pobal Chríost tús le misin i measc na ndaoine lena gcónaíonn siad agus lena n-oibríonn
13/11/2012 17:02
Bliain an Chreidimh 2012-2013
siad slán san eolas go bhfuil fáilte curtha acu roimh dhea-scéala an tslánaithe atá ann do gach duine. Don duine aonair atá ag iarraidh intinn an Phápa a chleachtadh, ní féidir dearmad a dhéanamh ar an bhfocal ‘gliondar’ atá mar chroílár theachtaireacht Chríost ach is minic a fhágtar ar lár é i gcomhthéacs an Chreidimh. Is mór an buntáiste atá le baint as cúpla lá a chaitheamh i gcuideachta Dé ar chúrsa spioradálta, in áit chiúin ar nós mainistreach nó ar oilithreacht de chineál éigin. Bíodh an fhianaise ghliondrach le feiceáil inár n-aghaidheanna agus bímis réidh le hadmháil gurb é an caidreamh le Críost is cúis leis an ngliondar. Tá ábhar machnaimh chomh maith sa lógó atá roghnaithe do ‘Bliain an Chreidimh’. Seasann an bád don Eaglais, tá cros Chríost mar chrann taca do na seolta, déantar na litreacha IHS as an gcros agus na seolta le chéile agus tá an ghrian (a sheasann don Eocairist) le
feiceáil ar chúl. Is léir go bhfuil an Eaglais faoi stiúir ag Críost ar an gcros agus soláthraíonn an Eocairist fuinneamh agus solas do thuras na hEaglaise i dtreo a ceann scríbe. Cé go mbeidh cuid mhaith ócáidí don phobal ar siúl chun fianaise a thabhairt don Chreideamh i mbliana, is é an sprioc is mó atá luaite leis an mbliain seo ná go dtiocfadh gach Críostaí ar ath-thuiscint ar ‘turas an Chreidimh ionas go mbeidh siad in ann solas níos gléine a lonrú ar an áthas agus ar an bhfiuchadh foinn a thagann ón teagmháil le Críost’. (Litir Aspalda, Porta Fidei, 2). Tá tuilleadh eolais faoi ‘Bliain an Chreidimh’ ar fáil i mBéarla agus in Iodáilis ar www. annusfidei.va. Tá Eilís Ní Mhearraí ina Bainisteoir ar Fhoclóir na Nua-Ghaeilge in Acadamh Ríoga na hÉireann.
Intinn Choitianta an Phápa do Mhí Eanáir 2013 Le linn ‘Bliain an Chreidimh’ seo, go dtaga Críostaithe ar thuiscint níos fearr ar mhistéir Chríost agus go dtuga siad fianaise ghliondrach do thíolacadh an Chreidimh Ann.
TIMIRE Winter_2012.indd 9
13/11/2012 17:02
10
Timire
An Éigipt agus dúshlán an Bhunreachta Nua Youssef Habib Dé Domhnaigh an chéad lá d’Iúil 2012, bliain go leith tar éis Réabhlóid na nÓgánach san Éigipt, (a tharla Mí Eanáir 2011), bhí Ahmed Hussein Eid, (20 bl d’aois), macléinn inealltóireachta ag siúl lena fiancée (cailín geallta) i ngáirdín poiblí i gCathair Shuais, cathair cháiliúil na réabhlóide taobh le Canáil Shuais. D’iarr triúr fear óg féasógacha air cérbh í an cailín a bhí in éineacht leis. Nuair a dúirt sé leo gurbh í a chailín geallta í, d’iarr siad air gan siúl léi ach nuair a bheadh duine dá clann sise (‘mehrem’) in éineacht leo. D’éirigh eadarthu agus b’é deireadh an scéil gur sádh agus gur maríodh Ahmed. Tá fiancée Ahmed beo i gcónaí agus is ise an príomh fhíné sa chás. Chonaic na milliún daoine deartháir Ahmed is a athair, na deora leo, is iad ag lorg ceartais di. Glacann an triúr atá cúisithe freagracht ina bás. Creidtear go mbaineann siad le grúpa Ioslamach ar Facebook (nó Straoisleabhar) gur beag an aithne atá orthu, grúpa ar a dtugtar ‘an Grúpa chun an tsuáilce a chur chun cinn is an duáilce a chosc’. Cé go ndiúltaíonn grúpaí polaitiúla Ioslamacha aon fhreagracht as a leithéid de ghrúpa, b’iad sin na dreamanna a bhí ag iarraidh aeráid pholaitiúl a chruthú sa tír a bheadh in aghaidh sochaí nua-aimseartha chathartha. Seo na daoine a bhí ag moladh sochaí a chur ar bun ina gcuirfí seanteagasc radacach Ioslamach i bhfeidhm ar shaol sóisíalta na hÉigipte, mar réamhchoinníoll go mbeadh beannacht Dé anuas ar an
TIMIRE Winter_2012.indd 10
tír. Chuir dlíodóir theaghlach Ahmed dlúthdhiosca os comhair na cúirte ar a raibh taifead ar sheanmóir tugtha i mosc i gCathair Shuais mar a raibh úsáid an fhoréigin á mholadh mar mhódh chun ‘an tSuáilce a chur chun cinn is an duáilce a chosc’. Inniú san Éigipt tá Bunreacht á dréachtadh a mheascann dlí reiligiúnach an Shari’a agus roinnt coincheapa na Saoránachta cathartha. Leis an fhírinne a rá is paradacsa atá san chur chuige seo. Sé an toradh a bheidh air an Éigipt a chur sa riocht go mbeidh meascán de dhlíthe ag an tír a bhfuil ceann amháin ag cur in aghaidh an chinn eile, cuid acu gur dlíthe leatromacha iad tógtha as comhthéacs a bhain le haoiseanna cianda agus iad buailte anuas ar phobal atá ag maireachtáil sa 21ú haois. Ag an am céanna is a bhfuil sé d’aidhm ag Saoránacht na haoise seo a fhógairt go bhfuil gach saoránach ar chomhchéim fógraíonn siad siúd atá ag lorg ionad lárnach do dhlí an Shari’a sa bhunreacht gurb é an dlí naofa seo amháin a chinntíonn go mbeidh Allah i réim sa tsochaí. Tá na reachtanna seo le fáil scaipthe tríd an Córán Naofa agus na príomh leabhair den ‘Hadith Sharif’. Tá na mílte leathanach sna leabhair seo a scríobhadh i rith trí chéad bliain ag tús na ré Ioslamaí agus in éineacht leo tá léirmhínithe orthu a théann siar go dtí an 13ú haois de ré na Críostaíochta. Chuir an tArdchúirt Reachtúil clásal le Bunreacht 1971 a chuir teorann áirithe le réim léamh litriúil na seantéacsanna scun scan ar an gcomhthéacs inar scríobhadh iad. Táthar chun seo a bhaint
13/11/2012 17:02
Timire
11
Bean Éigipteach ag glacadh páirte i slógadh ar an lá tacaíochta domhanda do reabhlóid na hÉigipte in Toronto, Ceanada, Mí Eanáir 2012. Grianghraf: arindambanerjee /shutterstock.com
den bhunreacht nua agus clásal a chur ina áit ag rá gurb é Institiúid Reiligiúnach Muslamach Azhar foinse léirmhínithe ‘Prionsabail Shari’a Islameyya’. Is é an toradh air seo ar fad gurb é a bheidh againn, in áit riachtanas a bheith ann an dlí Ioslamach a leanacht chomh fada agus atá sé go hiomlán dílis do Chairt um Chearta an Duine agus do chomhchearta na Sochaí Cathartha, beidh a mhalairt glan againn. Mar sin tá an Stát nua ag glacadh an chéad chéim i dtreo a bheith ina Stát Reiligiún-bunaithe. Tá an dul seo ag treorú Pobal na hÉigipte ar chosán doiléir. Tá sé ag tabhairt le tuiscint do Chríostaithe na hÉigipte is do mhuintir Baha’i gur gearr go mbeidh siad ar an taobhlíne. Mná atá gníomhach i saol na nban, tá eagla a gcroí orthu go dtabharfaidh dlíthe a reachtálfar de bharr an bhunreachta nua seo sinn siar go ré dhorcha i bhfad roimh na Meánaoiseanna. Tá eagla ar
ealaíontóirí óga is ar lucht saoirse na smaointeoireachta go gcuirfear teora leis an saoirse chun cruthaitheachta, is chun critice. Má ghlactar leis an mbunreacht seo leagfar bunsraith le sochaí ina nglacfar go tostmhar le cailliúint go leor daoine amhail Ahmed Hussein Eid. An rud is fearr is féidir leis an ‘Iarthar’ a dhéanamh ná cabhrú le glórtha liobrálacha na hÉigipte le héisteacht a fháil ar fud an domhain, cabhrú le hinstitiúidí cearta daonna labhairt amach, cabhrú le smaointeoirí Éigipteacha a chreideann gur cheart an reiligiún is an Stát nua-aoiseach a scarúint go hiomlán óna chéile a dtuairimí a fhógairt, an dream a chuireann an smaointeoireacht criticiúil chun tosaigh a dtuairimí a chraoladh tré na modhanna is nua-aoisí atá ar fáil. Guímís an mhí seo ar son Phobal uile an Mheánoirthir.
Intinn Mhiseanach an Phápa do Mhí Eanáir 2013 Go bhfaighe pobail Chríostaí sa Mheán-Oirthear, a fhulaingíonn leithcheal go minic, bua na dílseachta agus na buanseasmhachta tríd an Spiorad Naomh.
TIMIRE Winter_2012.indd 11
13/11/2012 17:02
12
Timire
Ina fhéiniúlacht féin, aimsíonn an t-imirceach a ghuth Breandán Mac Partholáin SJ Tá clú ar réabhlóid thionsclaíoch agus ar shaormhargadh Shasana an naoú céad déag mar gheall ar an mbochtanas Dickensiach agus an rathúnas Victeoiriach a bhain leo. Mar an gcéanna, tá rachmas ollmhór agus dinimic dhomhanda á gcruthú ag an nuatheicneolaíocht agus ag an trádáil idirnáisiúnta, mar sin bíonn gá le himirce ar scála an-mhór. Saortar airgead agus earraí le dul chuig na margaí is mó brabúis. Bíonn ar dhaoine dul mar thosca táirgeachta go dtí na háiteanna ina mbíonn oibrithe ag teastáil. Ó thaobh na n-imirceach féin de, leanann siad an tuar dóchais go mbeidh saol níos fearr i ndán dóibh agus dá gclanna. Cén fáth go bhfuil an oiread sin imirceach i mo bhaile beag anaithnid? Mar tá gá ag na monarchana le hoibrithe agus níl gá ag muintir na háite le hobair neamh-tharraingteach le drochphá. Ansin d’imigh an taoide eacnamaíochta amach agus fágadh dífhostaithe cuid mhaith des na hoibrithe gur imircigh iad. Caithfidh an caipitleachas iomaíoch brabús a dhéanamh as saothar an duine. Ag an am céanna, is féidir leis seo deiseanna a thabhairt d’oibrithe agus dá gclanna, deiseanna nach mbeadh acu sa bhaile. Bíonn an dul chun cinn
TIMIRE Winter_2012.indd 12
i sochaí chaipitleach míchothrom áfach. Cruthaíonn sé domhan neamhfhorbartha agus éagothrom atá faoi réir ag borradh nuair a éiríonn leis agus a ghéilleann don choimhlint agus don ghorta nuair a theipeann air. Nuair a bhíonn rath ar an ngnó, tosaíonn an t-imirceach nua-thagtha ag bun an dréimire. Tá gá leis chun an obair chontúirteach, shalach agus leadránach a dhéanamh, an cineál oibre nach bhfuil muintir na háite sásta glacadh léi. Chomh maith le bheith ag déileáil le timpeallacht nua, teanga nua, agus stádas nua sa chóras, caithfidh sé cuir suas le dúshaothrú agus le pá íseal. Is coimhthíoch é faoi dhlí na h-imirce. Caitheann cleachtas fostaíochta leis go neamhfhabhrach. Ní aithnítear a éagsúlacht mar ábhar spéise, níl luach ar a éagsúlacht mar fhoinse shaibhriúcháin, ach mí-aithnítear é mar dhuine leadránach agus déantar díspeagadh air amhail is dá mba bhagairt é. Ach is féidir droichid a dhéanamh as baic. Saorann fáilte agus féile an t-imirceach ó aitheantas atá as riocht agus cinntíonn siad a fhéiniúlacht mar bhall eile den chine daonna. Déantar comharsa de nuair a shocraíonn sé isteach i dteach nó i scoil. Ligeann fostaíocht isteach i gcaidreamh comhghleacúil é agus tugann sé deis dó cánacha a théann chun socair don leas
13/11/2012 17:02
Timire
coiteann a íoc. Eascraíonn saoránacht agus imeascadh as meas a léiriú ar a chomhchearta. Bronntar féiniúlacht air trí aghaidheanna daoine eile a aithint. Ina fhéiniúlacht féin, aimsíonn an t-imirceach a ghuth. Ní dual do dhaoine le féin-mhuinín ballaí a thógáil. Chonaiceamar seo i dtitim bhalla Bheirlín. Ina gcroíthe, lorgaíonn daoine comhbhráithreachas. Cothaíonn Dia comhpháirteachas ina chroí féin. Uair sa bhliain, déantar ceiliúradh ar an Aifreann i mBéarla agus i Spáinnis ag an am céanna thar teorainn Mheicsiceo leis na Stáit Aontaithe. Ciallaíonn agus cruthaíonn an ceiliúradh seo comhbhráithreachas. Glaonn ár bparóistí áitiúla ar a bpobail, a n-imircigh san áireamh, bogadh ó bheith scoite amach agus a n-éagsúlacht a cheiliúradh le chéile. I gcomhair le briathar Dé tugann siad guth dá bhféiniúlacht i gCríost. Le briseadh an aráin, nascann siad a bhfulaingt le fulaingt an Uain a íobraíodh ag an gcóras. Nuair a roinntear arán agus fíon, bíodh nach bhfuil ann ach cúig bhullán agus dhá iasc, is siombail é agus is é is cúis le
13
dáileadh earraí an domhain ionas go mbeidh gach duine iomlán. Tríd a gcomaoin mar aon chorp amháin, aithníonn siad aghaidh Chríost a shiúlann leo ar an domhan seo chun ríocht an dea-chaidrimh a thógáil. Cuirfear ina gceart caidrimh atá curtha ar sceabh – idir daoine agus eagraíocht, idir an duine socruithe agus an t-imirceach, idir fir agus mná, idir daoine agus an nádúr. Smaoinigh go speisialta ar mhná gur imircigh iad atá brúite faoi chois ag leatrom dúbalta. Chomh maith le stádas íochtaránach a bheith acu, is orthu a thiteann dualgais chúram agus íobartha. Tabhair tacaíocht dá ngrúpaí féinchabhracha, mar is iontu atá an dóchas go gcuirfear athruithe i bhfeidhm trí shíocháin a dhéanamh, cuimsiú sóisialta a chur i bhfeidhm, pobail a comhtháthú agus a bheith ag maireachtáil i dtiúin leis an nádúr. Theith Muire, máthair Íosa lena páiste mar theifeach chun na hÉigipte. Níl aon eolas againn faoina taithí siúd ach tuigeann sí taithí mháithreacha atá ar imirce agus ise a roghnaíodh chun muid a threorú ar an turas daonna go neamh.
Intinn Choitianta an Phápa do Mhí Feabhra 2013 Go gcothófaí agus go raibh tionlacan ag clanna na n-imirceach, máithreacha ach go háirithe.
TIMIRE Winter_2012.indd 13
13/11/2012 17:02
14
Timire
Glacaigí seilbh ar bhur gcinniúint féin Michael Bingham SJ Dúirt cara liom uair amháin, agus é ag fás aníos lena chuid deartháireacha agus deirfiúracha, dá dtitfeadh sé amach gur éirigh eatarthu, gur ghnách lena dtuismitheoirí iad uile a chur ina suí a chaint faoin cheist go dtí go socrófaí í agus go dtiocfaí ar réiteach. Tá a fhios againn uile go mb’fhéidir go n-oibreodh sé sa ghearrthéarma dul a sciolladh ar pháistí – nó níos measa arís múineadh a chur orthu - nuair a thosaíonn siad a scansáil a chéile, ach san fhadtéarma cothaíonn sin fuath agus frustrachas a chuireann olc ar chumann idir dhaoine ar feadh na mblianta. Ach feictear seo i measc daoine fásta chomh maith; éiríonn conspóidí idir chomharsana, cuir i gcás, agus faighimid amach nach bhfuil na scileanna againn le déileáil leo. Uaireanta tig le cara coiteann nó duine a bhfuil muinín ag an dá thaobh as teacht eatarthu, nó ‘idirghabháil’ a dhéanamh sula dtiontaíonn sé ina aighneas ceart. Ach ní bheidh sin amhlaidh – agus is é seo an fhadhb – ach amháin má mhothaíonn na páirtithe go bhfuil smacht acu ar na cúrsaí, agus nach mbrúitear réiteach orthu. Bhí oideachasóir ann de chuid na Brasaíle, fear darbh ainm Paulo Freire. Le linn a chuid ama mar stiúrthóir oideachais sa stát fíorbhocht Pernambuco sna luath1960idí, d’fhorbair sé modh oideachais a bhfuil tionchar domhanda aige ó shin. Bhí sé bunaithe ar an chreideamh gur gá, chun a gcumas a bhaint amach – agus bhí sé ag smaoineamh go háirithe anseo ar phobal bocht a thíre féin - stopadh de
TIMIRE Winter_2012.indd 14
bheith ag caitheamh le daoine mar a bheadh gabhdáin fholmha ann, a bhí ag fanacht go díreach le daoine eile eolas agus faisnéis a dhoirteadh isteach iontu. Ba é sin an chúis a bhí siad ní hamháin bocht, a d’áitigh sé, ach fosta nárbh fhéidir leo rud ar bith a dhéanamh faoi. Caithfidh siad páirt cheannaireachta a ghlacadh – i gcomhar le múinteoirí tuisceanacha – agus iad ag breathnú ar a dtaithí féin, agus ceisteanna criticiúla a chur ar nós ‘Cad chuige?’ ‘Cad chuige nach?’ agus ‘Cén dóigh?’ Is ar an tslí sin amháin a thiocfadh athrú chun feabhais. Gineadh frása chun cur síos ar an phróiseas seo, a thaistil an domhan ó shin: ‘Seilbh, nó cúram, a ghlacadh ar do chinniúint féin.’ Seo sampla eile den phointe céanna. Níl ann ach ar na mallaibh a thuig muid mura ndéanaimid ach bia agus éadaí a bhronnadh ar phobail atá i ndíth san Afraic nó san Áis go gcoinníonn sin iad i riocht an éagumais agus an spleáchais. Cuireann sin cosc ar thíortha bochta a bhféinmhuinín a fháil ar ais, agus ligeann do thíortha saibhre smacht a choinneáil orthu. Tá a fhios againn gur fearr i bhfad ná iasc a thabhairt do dhuine le hithe, teagasc dó an dóigh le hiascaireacht é féin. Agus mar sin féin nuair a bhaineann sé le conspóid nó coimhlint laistigh de agus idir na náisiúin bhochta, dar le stáit chumhachtacha (agus de ghnáth stáit atá lena leas féin) gurb é an gnó s’acusan idirghabháil a dhéanamh agus dul i mbun cogaidh, amhail is gurb acu is fearr fios. Déanann siad dearmad ar ndóigh gurb iad féin san am a caitheadh ba chiontaí leis an dúshaothrú le linn ré na gcoilíneachtaí atá mar údar lena lán de na coimhlintí seo.
13/11/2012 17:02
Timire
Is muidne san Iarthar saibhir, trínár gcuid rialtas agus foras, a chumann na rialacha agus ansin a chinntíonn go gcloíonn daoine eile leo – le fírinne go díreach ar nós tuismitheoirí rósmachtúla. Is deacair scaoileadh leis an smacht agus an spás a ligean le daoine eile chun freagracht a ghlacadh ar a saol féin. Ach is é sin atá an Eaglais ag iarraidh orainn a dhéanamh ina Teagasc Sóisialta, ag leanúint shampla Chríost sa Soiscéal, nuair a labhraíonn sí faoina thábhachtaí atá sé go ligfeadh an tsochaí do dhaoine agus do ghrúpaí ar an talamh rudaí a chinneadh dóibh féin. Tá Caiticiosma na hEaglaise Caitlicí an-soiléir faoi seo: ‘níor chóir do phobal as ord níos airde cur isteach ar shaol inmheánach pobail as ord níos ísle, ag baint dó a chuid feidhmeanna, ach ina áit sin ba
15
chóir dó tacú leis i gcás an riachtanais agus cuidiú lena ghníomhartha a chomhordú le gníomhartha daoine eile sa tsochaí, agus aird i gcónaí acu ar an leas coiteann.’ Is é seo ar a dtugtar anois ‘prionsabal na coimhdeachta’. Mar sin de is deas an t-athrú é go n-iarrtar orainn an mhí seo bheith ag guí go bhfágfaí na pobail sin ar fud an domhain, a bhíonn ag fulaingt de dheasca na péine agus an chaillteanais a thugann an cogadh, go bhfágfaí fúthu féin iad le réiteach a thionscnamh agus a threorú. Is é an ról a bheadh ag an chuid eile againn tacaíocht a thabhairt dóibh, a luaithe agus atá a gclár féin don tsíocháin socraithe acu. Is iadsan a chaithfidh maireachtáil le toradh aon socraithe, i ndeireadh na dála, agus is iadsan is fearr a thuigfidh cad é atá ag dul a oibriú.
Intinn Mhiseanach an Phápa do Mhí Feabhra, 2013 Gurb iad na daoine atá ag fulaingt cogaí agus aighneas a bheidh ina gcinn feadhna ag tógáil na síochána sa todhchaí.
TIMIRE Winter_2012.indd 15
13/11/2012 17:02
16
Timire
MAIGHRÉAD BALL: 1515 - 1584 Iníon le Nioclás Mac Fheorais agus a bhean, Caitríona, ba ea Maighréad Ball. Ba ó na Corrbhailte i mbarúntacht Scríne i gContae na Mí do Nioclás agus ba iníon do Risteard de la Hide ó Dhroichead Átha Caitríona. Sa bhliain 1515 a rugadh Maighréad agus sa bhliain 1530 phós sí Parthalán Ball ó Bhaile an Ridire i gContae Bhaile Átha Cliath. Fear mór gnó ba ea Parthalán agus bhí sé ina bháille ar Bhaile Átha Cliath ó Dheireadh Fómhair 1541 go dtí Deireadh Fómhair 1542 agus ina mhaor ar an gcathair sa bhliain 1553-4. D’éag sé, is cosúil, thart ar thosach 1568. Rugadh 20 leanbh don lánúin, ach is cosúil nár mhair díobh go haois ach cúigear, Uaitéar, Nioclás, Tomás, Caitríona agus Eleanor. Is cosúil gur bhunaigh Maighréad agus í ina baintreach scoil d’aos óg Caitliceach na Páile agus gur oideachas sármhaith a tugadh, i gcúrsaí saolta agus spioradálta. Is minic, leis, a thugadh Maighréad bheith istigh do shagairt. Dá dheasca sin gabhadh í mar aon le sagart a bhí ag léamh Aifrinn ag an am ina teach agus cuireadh i bpríosún iad. Níor chaith sí an uair sin ach tamall gearr istigh. Le cabhair airgid agus daoine uaisle scaoileadh saor í. Tá fianaise mhaith againn ar dhílseacht Mhaighréad don Chreideamh. Bhí a muintir chun tosaigh ag cur in aghaidh rialtas Shasana. Chuir muintir na Páile Liam mac Fheorais, deartháir b’fhéidir do Mhaighréad, anonn go cúirt Shasana ag gearán mar gheall ar riarachán dian Iarla Sussex in Éirinn. Mac leis, Pádraig, ghlac sé páirt le muintir na Páile ag cur in aghaidh rialtóirí áirithe agus measadh é a bheith ar na daoine ba chontúirtí ar lucht séanta an chreidimh nua. Maidir le clann Mhaighréad, bhí
TIMIRE Winter_2012.indd 16
Nioclás le háireamh ar an lucht séanta. Bhí sé ina mhaor ar Bhaile Átha Cliath sa bhliain 1582, agus ina fheisire thar ceann na cathrach i gcomhthionól 1586. Mhair sé go bás ina Chaitliceach, agus d’fhan a chlann dílis, leis. Níl eolas cinnte againn ar an gcuid eile de chlann Mhaighréad ach amháin an mac ba shine, Uaitéar. Eisean amháin, deir na húdair, a ghlac leis an gcreideamh Protastúnach, agus theip ar dhícheall a mháthar é a iompú ar ais. Thugadh Maighréad ‘cuireadh chun dinnéir dá mac’ (An tAth.Seán Howlin SJ Perbreve Compendium, c. 1590) i dteannta mhórán diagairí Caitliceacha ‘d’fhonn é a iompú trína gcomhrá ón eiriceacht’ (id). Ach a mhalairt a tharla. B’fhéidir gur chuir saothar a mháthar é, agus é ina mhaor (1580-81), chun gníomh danartha a dhéanamh, a mháthair a ghabháil, í a tharraingt ar chliath trí shráideanna na cathrach agus a chaitheamh isteach sa phríosún.
MAIRTÍREACHT
Níor scaoileadh saor í an turas seo. B’ionann an saol sa phríosún agus a bheith ag foghlaim an bháis, go háirithe do bhean mar í a tógadh go mín agus a bhí aosta cheana féin. D’fhulaing sí ar feadh trí bliana agus ansin d’éag, ‘sáraithe ag bréantas an phríosúin agus an iomad cruatain agus tinnis’ (An tAth. Seán Howlin SJ Perbreve Compendium).
FÁTH A MAIRTÍREACHTA
Ní fios dúinn cad é an t-acht faoinar daoradh Maighréad chun priosúin. Is cosúil áfach, nach bhféadfaí é a dhéanamh agus an meas a bhí uirthi mar shaoránach agus mar dhuine, gan a mac, an maor a bheith ag toiliú
13/11/2012 17:02
Timire
17
Dealbha de mhairtírigh Átha Cliath, An Méara Francis Taylor agus a sheanmháthair chéile, Maighréad Ball, ag an Leas-ardeaglais. Grianghraf: Informatique/Flicker
chuige. Ach cad chuige ar thoiligh sé – in aghaidh a mháthar féin? Tá a fhios againn ag an am sin go raibh eagla a gcroí ar na Sasanaigh go mbeadh éirí amach ina n-aghaidh sa Pháil féin. Bhí Tiarna Bhealach Chonglais éirithe cheana féin. B’fhéidir gur shíl Ball go raibh d’fhiacha air a dhílseacht féin a chruthú agus cur in aghaidh na neamhaontachta i measc a mhuintire féin. Ach thairis sin féin, is cosúil go raibh sé daingean sa chreideamh Protastúnach. Bhí sé ar na daoine a bhí ag lorg ollscoil Phrotastúnach do Bhaile Átha Cliath agus ghabh an Bhanríon Eilís buíochas leis mar gheall ar a shaothar ar son na hollscoile. D’fhág sé ciste le huacht chun ceathrar scoláirí a choimeád sa choláiste, agus bhí beirt dá chlann mhac ar na mic léinn is túisce a bhí ann. D’fhan sé buan in aghaidh an Chreidimh Chaitlicigh go bás, agus
TIMIRE Winter_2012.indd 17
dhearbhaigh sé ina uacht gurbh é an creideamh amháin a fhíreanaíonn an duine, agus dhiúltaigh sé do ‘chleachtaí piseogacha’. Mar sin, is de réir an chreidimh sin a chaith Uaitéar lena mháthair. Daingníonn Howlin agus David Roth fianaise Uaitéir féin, agus is léir gur fhulaing Maighréad príosún agus bás mar gheall ar a fíordhílseacht don Chreideamh.
CLÚ NA MAIRTÍREACHTA
Bhí clú na mairtíreachta ar Mhaighréad ó am a báis agus luaitear ina mairtíreach í i scríbhinní na 17ú haoise. San aois seo {caite, Meán Fómhair 1992} glacadh lena cúis chun na mairtíreachta. Tógtha as: Mairtírigh na hÉireann, Diarmuid Ó Laoghaire SJ Foilseacháin Ábhair Spioradálta 1992. (Is é 30ú Eanáir lá fhéile Mhaighréad Ball.)
13/11/2012 17:03
18
Timire
Éamann Iognáid Rís Beannaithe
Fear Gnó, Baintreach Fir, Athair, Oideachasóir, Bunaitheoir, Cara na mBocht, Bráthair An Br G D de Barra I mí Aibreán 1993, d’fhógair an Pápa Eoin Pól II an tÉireannach Éamann Iognáid Rís, i ngeall ar a dhea-shaol laochúil, mar dhuine a thuill an teideal ‘venerabilis’. Glacadh leis an bhfógra seo le mórachas ag lucht leanta Éamann Rís, Bunaitheoir Bhráithre na Toirbhirte agus na mBráithre Críostaí. De réir an fhorógra d’aithin an Vatacáin saol cráifeach laochúil Éamainn mar bhronntanas don Eaglais. ‘Spreagtha ag an gcarthannacht, choisric sé é féin go hiomlán don Tiarna agus le díograis chun oideachas a chur ar fáil do ógánaigh’. San fhorógra moltar é faoina chreideamh láidir, a dhílseacht don Eocairist, a dheabhóid don Mhaighdean Mhuire agus a shíorstaidéar ar na Scrioptúir Naofa. Bhí Críost mar chroílár a shaoil agus b’é Críost a chonaic sé ‘sna boicht’ agus ‘sna dearóil’. Léirigh Éamann flaithiúlacht, umhlaíocht agus dílseacht do Dhia ina shaol. Dáiríre bhí grá domhain aige ina chroí go hiomlán, do Dhia agus dá chomharsa. Cé hé mar sin an tÉireannach eisceachtúil sin go bhfuilimid ag ceiliúradh a 250ú Lá Breithe i mbliana 2012? Ar an gcéad lá Meitheamh 1762, saolaíodh buachaill do Roibeárd agus Máighréad Rís i gCalainn, Contae Chill Chainnigh agus baisteadh é faoin ainm Éamann. Feirmeoirí ab’ ea tuismitheoirí Éamainn agus in ainneoin na bPéindlithe, chuir tuistí Éamainn oideachas ar fáil dá gclann. D’freastail Éamann óg ar scoil scairte — scoil mhídhleathach — faoi stiúir an timire áitiúil agus chomh maith leis sin fuair sé
TIMIRE Winter_2012.indd 18
oiliúint ón ‘mBráithrín Liath’ ina theach féin i Westcourt. Ansin, d’fhreastail Éamann ar ‘Acadamh’ i gCill Chainnigh áit a bhfuair sé oiliúint i gcúrsaí trádála agus sna clasaicigh. Chaith sé a shaol óg mar ghnáth ógánach. Buachaill lúfar spórtúil a bhí ann a théadh ag fiach agus ag seilg go rialta. Nuair a bhí sé beagnach ocht mbliana déag d’aois, fuair sé deis sa saol nach bhfaigheann mórán, fiú sa lá atá inniu ann. Fuair sé seans dul ag obair lena uncail Micheál de Rís a bhí ina thrádálaí rachmasach i gCathair Phort Láirge. D’éirigh go sár-mhaith le hÉamann. Cuireadh aithne air ag na fir ghnó eile sa dúthaigh agus rinne sé cairde i measc ógánaigh na cathrach. Nuair a bhí Éamann Rís i lár na bhfichidí, thit sé i ngrá le Mary Elliot ó chomharsanacht na Trá Móire. Pósadh iad. Bhí an bheirt sona sásta agus ansin chuala a muintir an dea-scéal go raibh Mary ag iompar clainne. Ansin bhuail an tubaiste. Cailleadh Mary de bharr titime ó mhuin capaill. Saolaíodh iníon óg roimh a ham, agus mar bharr ar an donas, bhí sláinte an pháiste go holc freisin. B’éigean d’Éamann an buille a iompar — cailliúint a mhná agus easláinte a iníne, fadhb a d’fhan léi go dtí deireadh a saoil. De réir dealraimh, chabhraigh an tubaiste phearsanta a bhain dó le tuiscint níos doimhne a thabhairt don Ríseach ar an dualgas atá ar an gCríostaí a bheith cineálta agus flaithiúil le hainniseoirí eile an tsaoil i ngach uile slí. Théadh Éamann ar Aifreann gach maidin. Léadh sé an Bíobla agus leabhair eile creidimh go laethúil. Bhíodh sé de shíor ag gabháil d’obair
13/11/2012 17:03
Timire
carthannachta. Chabhraigh sé le daoine a raibh fiacha orthu agus a bhí caite i bpríosún mar narbh acmhainn dóibh a bhfiacha a ghlanadh. Thug sé cuairt ar phriosúnaigh bhochta agus ar dhaoine san ospidéal. Ag an am gcéanna bhí ag éirí go sár-mhaith lena chuid gnóthaí. Nuair a fuair a uncail bás in 1794, bhain sé úinéireacht amach ar an saibhreas uile. Lean sé ag cabhrú le daoine dearóla, ar nós Thaidhg Ghaelaigh Uí Shúilleabháin nuair a bhí seisean in ísle brí. Cheannaigh sé a shaoirse le haghaidh
TIMIRE Winter_2012.indd 19
19
‘Black Johnny’, sclábhaí óg a bhí ar bord loinge i gCuan Phort Láirge agus bhunaigh sé gnó dó. Lean sé de nós Aifrinn laethúil agus deirtear go raibh sé i measc uimhir an-bheag a théadh chun Comaoineach gach uile Domhnach. Bhí fonn air níos mó a dhéanamh d’fhonn a ghrá do Dhia a léiriú. Smaoinigh sé ar dhul le sagartóireacht ach nuair a taispeánadh dó an droch-chaoi a bhí ar ógánaigh na cathrach, cuireadh ina luí air go mba chóir dó a shaol a chaitheamh ag cur oideachais
13/11/2012 17:03
20
Timire
tugadh lán aire di go dtí lá a báis ag 70 spioradálta agus saolta orthu ós rud é bliana d’aois. gur theastaigh ón rialtas iad a choimeád Tháinig fir eile le bheith aineolach. Chomh maith leis sin, bhí an rannpháirteach le hÉamann agus faoin Ríseach tar éis cabhrú le Siúracha na mbliain 1808, bhí seisear eile páirteach Toirbhirte oideachas a chur ar fáil do na san fhiontar nua. Leanadar riail cailíní i 1798. Shiúracha na Toirbhirte. Thug an tAthair Bhí fonn air fondúireacht de shaghas Peter Kenny SJ (Cumann Íosa) comhairle éigin, grúpa fear a bheith aige a agus treoir d’Éamann faoin saol nua leanfadh saol cráifeach agus oiliúint a bhí beartaithe aige agus sa bhliain dá chur acu ar na buachaillí. Tháinig 1808, bhronn an tEaspag de Paor, a beirt chun cabhrú leis ach theip ar n-aibídí ar Éamann Rís agus ar seisear an bhfoighne acu leis na buachaillí a Bráithre eile a bhí páirteach leis. Ghlac mhealladh ar scoil, agus chun foghlama, siad lena móideanna agus d’fhág siad le linn Aifrinn ar an Éamann ina aonar. Bhí 15 Lúnasa. Nuair a sé ag deileáil le cuid ghlac Éamann Rís de na buachaillí ba an aibíd, ghlac sé le dheacra sa chathair, hIognáid mar ainm ach níor chaill sé a rialta. Bhí ardmheas mhisneach. aige ar shaol agus Tar éis tamaill, ar shaothar Iognáid tháinig beirt eile, ó Loyola, Bunaitheoir na cheantar Chalainn, a nÍosanach. gheall gach cúnamh Bhí an tSacraimint agus tacaíocht dó ró-naofa i gcroílár ina chuid oibre. An Bráthair Ó hUirthuile agus Caitríona Uí Chatháin ag baile chleachtadh Bheartaigh siad Éamann Rís i gCalainn, Co Chill Chainnigh, samhradh 2012 spioradálta Éamainn glacadh le tuairim Rís agus na mBráithre i gCnoc Síon. Éamainn, bráithreacht chreidimh a Chomh maith le hobair laethúil na bhunú agus chuaigh an triúr chun scoile, d’fhostaigh Éamann báicéir cónaithe in áiléar os cionn na scoile ar agus dá bharr sin bhí ar a chumas béilí an tSráid Nua. Rinne Éamann íobairt maithe aráin agus bainne a chur ar fáil an-mhór diúltú don saibhreas agus do bhuachaillí bochta an cheantair. maireachtáil faoi choinníollacha nach Rinne táilliúir a d’fhostaigh Éamann raibh mórán éagsúil leis na coinníollacha éadaí agus cultacha do gach dalta. faoinar tháinig Íosa ar an saol. Cuireadh leabhair ar fáil saor in aisce Bliain ina dhiaidh sin le cúnamh an agus i gcoitinne, chabhraigh Éamann Easpaig, an Dr Hussey, osclaíodh Cnoc agus na Bráithre le daoine bochta an Síon sa bhliain 1803. Ainneoin comhairle cheantair. agus brú ó dhaoine saibhre i bPort Scaipeadh an scéal faoin dea-obair Láirge, chuir Éamann a mhaoin go léir a bhí ar siúl i gCnoc Síon agus níorbh sa tionscnamh nua d’fhonn oideachas fhada go raibh Easpaig eile ag iarraidh spioradálta agus mórálta a thabhairt ar Éamann go mbunófaí scoileanna d’ógánaigh Phort Láirge. Rinne sé socrú ina ndeoisí féin. Oileadh fir óga mar lena ghaolta faoina iníon Mary agus
TIMIRE Winter_2012.indd 20
13/11/2012 17:03
Timire
Bhráithre agus níorbh fhada go raibh an dá ord a bhunaigh Éamann, Bráithre na Toirbhirte agus na Bráithre Críostaí, ag cur oideachas ar fáil ní hamháin do bhuachaillí na hÉireann ach i Sasana, san Astráil, sna Stáit Aontaithe, san Ind, sa tSín agus san Aifric. Leanann obair Éamainn Rís inniu, an 250ú comóradh bliana dá lá breithe i mbeagnach daichead tír agus gach mór-roinn san áireamh. Gan amhras, bhí deacrachtaí aige agus ag na Bráithre eile, ach machnaimid go rialta ar a ráiteas ‘Providence is our inheritance’ agus tugtar dóchas is misneach dúinn idéalacha Éamainn Rís a chur chun cinn. Tá mórán fo-ranna ag na Bráithre inniu, mar shampla, Timirí Éamainn Rís, ERST, Cumann Idirnáisúnta Éamainn Rís, grúpaí Urnaithe Éamainn Rís, agus féachann siad siúd chuige go leanfaidh saothar agus obair Éamainn Rís i dtólamh. Tá Gréasán Éamainn Rís (Edmund Rice Network) ag feidhmiú faoi bhláth ar fud an domhain sa lá atá inniu ann. Nach iontach an tionchar
TIMIRE Winter_2012.indd 21
21
atá ag páiste a saolaíodh 250 bliain ó shin in Éirinn. Tagann daoine ó gach tír chun cuairt a thabhairt ar an teach inar saolaíodh Éamann Rís. Freisin is suntasach an ní go bhfuil an solas a lasadh le breith Éamainn Rís dhá chéad caoga bliain ó shin fós ag spréacharnaigh mar lóchrann i gceo dorcha an tsaoil, agus ar nós na Maighdine Muire, rinne an Té atá cumhachtach nithe móra dó. Fograíodh Éamann, Beannaithe ag an bPápa Eoin Pól II, sa bhliain 1996 agus le cúnamh Dé, ní fada uainn an lá go mbeidh sé aitheanta go hoifigiúil ag an Eaglais mar Naomh. Mar a déarfadh an tSalmaire: ‘Is cosúil an duine seo le crann a plandaíodh ar bhruach na habhann, a thugann a thoradh go tráthúil, agus nach bhfeonn a dhuilleoga coíche; bíonn an rath ar gach ní dá ndéanann sé.’ (Salm 1:3) Gan amhras ar bith, fíoraítear focail na Sailme le saolré bheannaithe Éamainn Rís.
13/11/2012 17:03
22
Timire
Bríd Naofa, Muire na nGael, Patrún na hÉireann An tSiúr Mairéad Ní Bhuachalla Gabhaim molta Bríde, Ionmhain í le hÉireann, Ionmhain le gach tír í, Molaimis go léir í. Lóchrann geal na Laighneach ‘Soilsiú feadh na tire, Ceann ar óghaibh Éireann, Ceann na mban ar míne. Tig an geimhreadh dian dubh Gearradh lena ghéire; Ach ar Lá ‘le Bríde Gar dúinn Earrach Éireann. (Traidisiúnta) “Anois teacht an earraigh, beidh ‘n lá ‘dhul chun síneadh, Is tar éis na féil’ Bríde ardóidh mé mo sheol.” (Antaine Raiftearaí) Cad is féidir a rá faoi Bhríd Naofa, Muire na nGael, Patrún na hÉireann, mar táimid go léir eolach i dtaobh a saoil ó bhíomar inár bpáistí bunscoile? Seo achoimre ar bheatha Bhríde mar a múineadh domsa é: Rugadh Bríd i bhFochairt láimh le Dún Dealgan sa bhliain 451, deich mbliana roimh bhás Phádraig Naofa. Taoiseach de chuid Cúige Laighean ba ea a hathair, Dúbhthach. Sclábhaí agus Críostaí ba ea a máthair, Brocseach agus baisteadh Bríd ina Críostaí. Bheartaigh Bríd a bheith ina bean rialta agus bhunaigh sí mainistreacha i gCill Dara
TIMIRE Winter_2012.indd 22
agus in áiteanna eile. Tá an-chuid scéalta i dtaobh a cineáltais do bhochtáin, d’easláin, d’ainmhithe agus i dtaobh a muiníne i nDia. Tá toibreacha Bhríde ar fud na tíre agus tá a lán nósanna ag baint le Lá Fhéile Bríde. Fuair sí bás thart faoin mbliain 524. Ní foláir nó ba bhean ar leith í, mar beagnach míle go leith bliain tar éis a báis tá a rian fós le feiceáil agus le cloisteáil in Éirinn agus thar lear. Tá Bríd mar ainm ar mhór-chuid cailíní, tá a hainm le fáil sna logainmneacha, ar thoibreacha beannaithe, ar eaglaisí, ar scoileanna, ar shéipéil agus fiú ar fhoirne peile! Tá cur síos an-suimiúil ar na gnásanna a bhaineann le Lá Fhéile Bríde sa leabhar Gnás na Féile Bríde le Seán Ó Duinn PhD a d’fhoilsigh Foilseacháin Ábhair Spioradálta sa bhliain 2002. Áiríonn sé
13/11/2012 17:03
Timire
23
Ardeaglais Bhríd Naofa i gCill Dara. Grianghraf: Vivienne Smith
na gnásanna seo a leanas sa leabhar sin: An Bhrídeog, Gnás na Tairsí, Cros Bhríde, Brat Bhríde, Crios Bhríde, Toibreacha Beannaithe Bhríde, ‘Saoire ar Chasaibh’ Gnásanna Éagsúla Thús na Bliana. Léiríonn na gnásanna seo meas agus omós do Bhríd, muinín ina hidirghuí agus a tionchar ar shaol a linne féin agus i bhfad ina dhiaidh sin.
Bríd féin: cén sórt duine a bhí inti?
Leagann an chuid is mó de na beathaí béim ar na míorúiltí a rinne Bríd i rith a saoil agus is cosúil gurbh é an príomhchuspóir a bhí ag na scríbhneoirí éagsúla ná cultas Bhríde a chur ar aghaidh agus cráifeacht na ndaoine a chothú. (Gnás na Féile Bríde, Seán Ó Duinn) Bíodh sin mar atá, is léir gur dhuine ar leith í a bhí cróga, neamhspleách agus go raibh an-tionchar aici ar shaol a linne féin. Cé gur mhair sí beagnach míle go leith bliain ó shin tá sí comhaimseartha mar is duine síoraí, bithbhuan, marthanach í. Bhí sí na céadta bliain
TIMIRE Winter_2012.indd 23
chun tosaigh ar lucht éilimh cearta agus saoirse na mban nuair a dhiúltaigh sí an fear a roghnaigh a hathair di a phósadh. Bhí sí ina heaspag míle go leith bliain roimh Shinéad O’ Connor! Tá cur síos ar a hoirniú mar easpag le fáil sna lámhscríbhinní. De réir na scéalta, bhí ar a cumas déileáil go héifeachtach le ríthe agus le heaspaigh nuair a bhí láthair tógála agus cuaillí adhmaid uaithi chun mainistir a thógáil. Bhuail sí bob ar an rí a gheall achar a clóca di mar shuíomh, nuair a leathnaigh an clóca amach nó gur chlúdaigh sé machaire leathan Chill Dara. Mar a dúirt mé cheana, ní féidir aon rud nua a rá i dtaobh Bhríde, ach ceapaim féin go bhfuil rud nó dhó le rá ag Bríd linne i dtaobh na nithe seo: Creideamh: Is léir ó Bheath Bhríde le Cogitotus go raibh creideamh láidir ag Bríd. Chreid sí go diongbháilte i ráiteas Chríost: ‘An uile ní a bheidh á impí agus á iarraidh agaibh, creidigí go bhfuil sé faighte agaibh, agus gheobhaidh sibh é.’ (Marcas 11: 24)
13/11/2012 17:03
24
Timire
Féile agus Trócaire: Deirtear i Leabhar na Leasa Móire gur roghnaigh Bríd an abairt ‘Is méanar do lucht na trócaire, óir déanfar trócaire orthu’ (Matha 5:7) as na hocht mBiáide mar mhana di féin. Is cosúil go leagtaí béim faoi leith ar na suáilcí áirithe seo, féile agus trócaire, sa luath-Chríostaíocht in Éirinn. Ba mhaith an rud é iad a athbheochan arís i saol na linne seo. Síocháin: Rinne Bríd réiteach idir dhaoine agus chothaigh sí síocháin pé áit ina raibh sí. Bhí dlúth-nasc idir mheon Chríost agus meon Bhríde agus chuir sí soiscéal Chríost i bhfeidhm faoi bhrat a dúchais. An t-Imshaol: Bhí Bríd cineálta le hainmhithe, le héin agus le gach aon neach beo dár chruthaigh Dia. Tá ceacht le foghlaim uaithi ar chonas is féidir linne an t-imshaol a chosaint agus a chaomhnú do na glúine a thiocfaidh inár ndiaidh. Leanaimis dea-shampla Bhríde,
cuirimis ár muinín go hiomlán i nDia, údar gach maitheasa, agus canaimis: Duan Bhríde Dearc anuas, féach mar atáimid A Naoimh álainn, féach sinn. Feacaimid ár nglúna id’ láthair. Dearc mar mháthair ar do chlainn. Cuidigh linn, a mháthair aoibhinn, Bí choíche ag éisteacht linn, A Naoimh Bríd, a Chéile Chríosta, Mar an faoileán ar an tuinn. Níl aon áit ‘na bhfuil na Gaeil Ar an saol seo abhus, ná thall Nach bhfuil grá acu ‘na gcroíthe Ortsa, a Bhríd gheal, moch is mall. Líon le grá an croí atá brúite. Bain den tsúil atá fliuch, a deoir. Stiúraigh, treoraigh, ardaigh sinne Nó go dtagaimid id’ ghlóir. (Ceol: Cecilia Sinnott) (Aistriúchán: Dubhghlas de hÍde)
Tomhas an Timire: 170
1
2
3
4
5
6
7
Duine de Dhá Aspal Déag na hÉireann ab ea an naomh seo a raibh mainistir aige i Lorrha, Co.Thiobrad Árann. Tá liosta focal thíos. Tóg litir amháin as gach focal chun an freagra a fháil: Ciarraí, luimneach, Liatroim, Doire, An Iarmhí, Baile Átha Cliath, Ros Comáin
Scriobh TOMHAS ar chlúdach do litreach, agus seol do réiteach, mar aon le d’ainm agus do sheoladh, chuig:An Timire, 37 Sráid Líosain Íocht., Baile Átha Cliath 2, roimh 6 Eanáir, 2013. Tomhas 169: Freagra: Caoimhín Buaiteoir: Marcas Mac Domhnaill, Baile na hAbha, Dún Caoin, Co Chiarraí.
TIMIRE Winter_2012.indd 24
13/11/2012 17:03
Timire
Crainn na Nollag Caitlín Ní Luasaigh
Tá siad ann a deir go raibh trí chrann lasmuigh de dhoras tí na Beithile- crann darach, crann olóige agus crann giúise. Thosaigh an dá chrann mhóra ag maíomh, lá. ‘Mise,‘ arsa an crann darach ‘sínfidh mé amach mo ghéaga mar scáth nuair a chuirfidh an mháthair an leanbhín sa chliabhán amach faoin aer’. ‘Mise,’ arsa an crann olóige, ‘ligfidh mé do m’ológa titim i dtreo go mbeidh ola aici chun an leanbhín a chuimilt go suaimhneach sásta’. ‘Ó, faire go deo,’ arsa an crann giúise, ‘ní féidir liomsa faic na ngrást a dhéanamh. Tá mo ghuairí róspíonta agus mo bhuaircíní rógharbh dá lámha boga míne’. ‘Faic fónta go deimhin’ arsa an bheirt eile d’aon gháire. Leis sin tharla go raibh aingeal ag eitilt thart a chuala an comhrá. Lig sí do réalt beag a bhí ag glioscarnaigh go gléineach titim ar bharr an chrainn ghiúise agus bhuail an leanbhín a bhosa le háthas ag an radharc.
25
Síol
Caitlín Ní Luasaigh Bíonn eithne beag i ngach cnó Croíeachán i ngach cillín beo Croí i ngach neach daonna A chruthaigh Sé Eithne, croíeachán, croí na Nollag, in A mhainséar É.
Slán le Peigí Tá an lá cinniúnach tagtha agus caithfimid slán a fhágáil le laoch mór i ndul chun cinn an Timire, sé sin Peigí Ní Dhurcáin. Is beag duine atá ina bhall den Timire nach bhfuil aithne acu nó cloiste acu faoi Pheigí. Mar bhall de Chraobh Aspalacht na hUrnaí den Chuallacht Mhuire d’oibrigh Peigí go dian thar na blianta ar son an Timire agus le fada an lá mar chisteoir/rúnaí ballraíochta ar an iris. Rinne Peigí gach iarracht cairdeas agus nasc a chothú leis na síntiúsoirí agus leis na scríbhneoirí a chuir altanna ar fáil don iris trína nótaí pearsanta agus glaonna fóin. Bhí Peigí ansásta i gcónaí gach fadhb a bhain le ballraíocht a réiteach agus é sin a dhéanamh go séimh, cumasach agus ar ndóigh ar bhonn deonach. Tá an Timire go mór faoi chomaoin aici agus murach í seans nach mbeadh an iris fós beo. Ba iarmhúinteoir í Peigí agus chaith sí an dua céanna leis an Timire is a chaith sí lena slí bheatha. Bhí alt an-deas uaithi in eagrán an Chéid (Fómhar 2011) den iris inar chuir sí síos ar an pháirt a ghlac Cuallacht Mhuire in obair an Timire. Guímid gach rath agus seán uirthi féin agus ar a deirfiúr Eibhlín agus ar an fhoireann a chabhraigh léi chun an iris a dháileadh gach ráithe, sé sin Dora agus Ciarán Ó Dúláine. Go gcúití Dia a gcuid oibre leo uile.
TIMIRE Winter_2012.indd 25
13/11/2012 17:03
26
Timire
Im Leabharlann dom Seán de Fréine
Lastar Coinneal Dáithí Ó hÓgáin
Coiscéim 82 lch €8
Scoláire lán eolais gan toirtéis, gan éirí in airde, a d’imigh romhainn ar shlí na fírinne le linn na bliana seo caite ba ea Dáithí Ó hÓgáin. Dá bhfuil scríofa aige ar shaíocht na nGael, a gcultúr, a gcreideamh, a seanchas, a bhfiannaíocht, a mbéaloideas, is é an leabhar deireanach filíochta seo a thiomna. Bhí a fhios aige le tamall go raibh an bás ag drudim leis. Is ábhar inspioráide agus uchtaigh na dánta atá curtha le chéile aige agus é ar an dreas deiridh den bhóthar: ‘Tá an ailse agus an fhilíocht ag pleancadh a chéile/ ina lár istigh’ (Níl a thuilleadh draíochta). Tá macallaí den fhilíocht liteartha agus den Ríordánach araon ins an chur chuige gan scáth a shaothraíonn sé sa chás ina bhfuil sé, ‘ag imeacht ó aireagal mo shaoil/ agus ag tabhairt aghaidhe ar shaol eile’ (Athrú glan). Dán álainn díongbháilteachta is ea I seomra ard an ospidéil. Ná samhlaigh áfach gur leabhar duairc é seo. A mhalairt ar
TIMIRE Winter_2012.indd 26
fad. Dá chomhartha sin, tá an cur síos is greannmhaire ar shochraid dár léigh mé riamh, agus ar an sagart atá ag iarraidh rudaí deasa a rá faoin mharbh, nach bhfuil aithne rómhaith aige air, ins an dán Requiescat in Pace. Mura gcuireann an cur síos gáire ort, ní mé cad tá cearr leat. Slán leat, a Dháithí, agus go raibh maith agat as do shaothar go léir. Ach, sula scoraimid, One dreary day in the Autumn of 1997…I opened a door into an Aladdin’s cave. Inside I found not only a thousand and one tales, but also many more – each waiting to take me on a magic carpet ride and show me wonders beyond belief. I had discovered the archive of the Department of Irish Folklore. Guy Beiner, staraí ó Ollscoil Iarúsailéim, a scríobh. Ar sé, My instincts told me that Irish folklore was laden with riches… but first I had to familiarize myself with the Irish language. I was bewildered in a strange land, in need of tools to map the way. Is léir go bhfuair sé oide agus treoraí maith chun a bheart a chur i gcrích, a bhfuil de thoradh air an leabhar tábhachtach dar teideal Remembering the Year of the French. An tOllamh Dáithí Ó hÓgáin a bhí i gceannas ar an Roinn Béaloidis ag an am, agus a dhoras ar oscailt roimh chách.
Urú Gealaí Goirme Antaine Ó Donnaile
Coiscéim 44 lch €8
Guth úr annamh ó Ard Mhacha, agus lánfháilte roimhe. Tá Antaine ag obair le fada mar léiritheoir ar chláracha Gaeilge le BBC Thuaisceart Éireann.
13/11/2012 17:03
Timire Ins an chnuasach dánta seo is léir go bhfuil dhá chineál grá á spreagadh, grá teaghlaigh agus grá tíre.
Léirítear an chéad chineál grá sin ina dhán éifeachtach Lá Sona in ómós dá athair, agus arís sa dán breá Banlaoch, in ómós dá mháthair. Tugann sé léargas dúinn ar chuid de na cúrsaí a chuaigh i gcion ar lead óg agus é ag fás aníos taobh ó thuaidh de bhaile Ard Mhacha le linn na dtrioblóidí (mar a thugtar orthu) um dheireadh na haoise seo caite. Dán cumasach faoina leithéidí is ea Callán Cuimhní, ina bhfuil eachtraí na linne sin agus laochra na staire de shliocht Uí Néill ag iomrascáil lena
27
chéile in intinn an bhuachalla óig. Is breá leis an stair chomh maith, agus tá roinnt dán breá eachtraíochta anseo a chuirfeadh file le ré eile, Seán Mac Fheorais, i gcuimhne duit, a scríobh faoi fhothrach de chaisleán tréigthe Normannach nach raibh ann anois ach ‘chága i nead an Ghaill – Clann Riocaird a bhí tréan.’ Is ceacht fónta staire é, go bhfuil dán anseo ag Antaine, Torthaí Saoithiúla, ina n-aithrisítear oidhe triúr stócach a crocadh ag ordú My Lord Bingham i mBaile an Róba as mídhílseacht a n-athar. Triúr Búrcach a bhí iontu, agus is saoithiúil gur den sliocht céanna sin Chlann Riocaird ab ea iad! (Gan trácht ar Uachtarán ar Éirinn den sliocht céanna lenár linn féin). Torthaí saoithiúla, gan amhras, in imeacht na gcéadta bliain. Tá dulanna téagartha cainte aige freisin ina chuid dánta: ‘máthair clainne, tearmann teaghlaigh’; ‘an fharraige gheal / ina clár mín miotail’; ‘smidiríní síolmhara srapnail’, agus é ag cur síos ar eachtra scaollmhar buamála. Níl aon rómánsachas ansin. Nára fada go mbeidh an dara cnuasach againn ón fhile seo.
I gcuimhne Mhíne Bean Uí Chribín Is le brón a chuala muintir an Timire faoi bhás Mhíne Bean Uí Chribín. Bhí Míne mar bhall de Chraobh Papain den Chuallacht Mhuire a chuidigh go mór le dul chun cinn na hirise in am an ghátair sna caogadaí. Ina halt in eagrán an Chéid den iris (Fómhair 2011) chuir Míne síos go beacht ar an tréimhse sin i stair na hirise agus ar obair an Ath Shéamuis Mhic Amhlaoibh. Thar na mblianta fada ba í Míne a chuir ‘Mise Eoghan’ ar fáil gan teip do gach eagrán. Bhí greann agus samhlaíocht le feiscint sna haltanna sin agus i gcónaí chuir an léaráid spreagúil a fuair sí ó dhuine dá cairde óga go mór leis an alt. Bhí an t-alt deireanach uaithi in eagrán fhómhar na bliana seo. Bhí clú agus cáil ar Mhíne as a cumas ceoil, go háirithe maidir le stiúradh córacha agus ba iomaí uair a bhuaigh siad an craobh ag an Oireachtas agus féilte eile. Ba mhúinteoir díograsach í leis, agus níl áireamh ar na daoine i mBaile Munna ar chabhraigh sí leo go deonach sa staidéar a bhí ar bun acu. Bhí Míne go mór chun tosaigh i bhfeachtas chun an tAifreann i Laidin a choiméad beo, feachtas gur éirigh leis. Bhí a hAifreann sochraide trí Laidin in eaglais Sráid Harrington ar 10ú Lúnasa seo caite. Ar dheis Dé go raibh a hanam dílis.
TIMIRE Winter_2012.indd 27
13/11/2012 17:03
28
Timire
Dánta Lá na Leanbh
Éist
Bríd Dáibhís
Ralph de Prendergast
Níor fhill na saoithe ar Iorua Nó léiríodh dóibh droch-rún a chroí; Ghlac siad malairt slí abhaile Agus saoradh ó olc an leanbh-rí.
Éist, Monabhar paidreach maguaird. ‘Ó Clemens, Ó Pia, Ó Dulcis Virgo Maria’. Gach éamh ‘s achainí na n-oilithreach Ag dian-ionsaí daingean Dé, A rún féin ar uachtar aigne gach n-aon. Ach ag seachaint na bréige, B’é fáth mo thuras shléibhte suas, Mar i ndúil go bhfaighinn spléachadh Ar ghnúis Bhanríon na scéimhe, Mhuire gan Smál, Ina fallaing ghléigeal Ón a ceann caomh caoin anuas, A crios tláithghorm fá choim A gúna bán go sál, ‘S Í ar chuairt seal i Medugorje Béadh fuireach fada orm.
Thar bharr a chéille don deachtóir, Do chinn ar shásamh a mhí-rúin D’ordaigh bás gach lapadáin, Gach linbh firinn sa tír maguaird. I mBeithil caoi is olagón, Máithreacha brúite, scalladh cléibh; Lena bhfuil thug naíonna ómós Nárbh fhéidir a fhógairt lena mbéil... Glan geanmnaí a n-anam íon’, A gcroí gan teimheal fós; Sár-íobairtí d’Íosa Críost; Is buan go deo a gcoróin Don Tríonóid naofa moladh is glóir, Thug grásta do naíonáin. Go neartaítear ár meanma faon, Go mbua linn an grá!
TEARMANN
Ar bhain tú triail as go fóill? www.tearmann.com
Abair le duine éigin eile go bhfuil sé ann TIMIRE Winter_2012.indd 28
13/11/2012 17:03
Guth na nÓg
Gráinne Ní Lorcáin Ar an gcúigiú lá de mhí Iúil 2012, thaistil mise agus ceathrar cairde liom go baile Kasama sa tSaimbia, chun tréimhse dhá sheachtain a chaitheamh ag obair go deonach i scoileanna ann. Bhíomar ag ullmhú dun turas seo le naoi mí, agus muid sa séú bliain i gColáiste Íosagáin agus i gColáiste Eoin, Stigh Lorgan, Baile Átha Cliath. Tá baint ag Coláiste Íosagáin leis an mBráthair Dominique Sykes atá ina chónaí i Kasama le blianta anuas, agus is leis an mBráthair a bhíomar ag obair. Bhailíomar €12,000 i rith na bliana atá á úsáid anois chun feabhas a chur ar an Chifwani Skills Centre, ionad a mhúineann scileanna ríomhaireachta agus táilliúireachta do dhaltaí taréis dóibh an scoil a fhágáil. Chaitheamar am i dtrí scoil i Kasama: St Martin de Porres, naíonra le páistí díreach cosúil leis na páistí anseo i mBaile Átha Cliath, lán d’fhuinneamh agus de spraoi; Chifwani Basic School, bunscoil agus meánscoil measctha inar mhúineamar Mata, Eolaíocht agus Béarla. Ach an áit a chuaigh i bhfeidhm
TIMIRE Winter_2012.indd 29
Timire
29
Gráinne le cuid dá cairde óga sa tSaimbia
ormsa go mór ná Chileshe Chipela, scoil chónaithe agus dílleachtlann do pháistí míchumasacha. Bhí páistí de gach aois ansin, le gach saghas máchail, fisiciúil agus intinne. D’fhoghlaimíomar teanga comharthaíochta chun cumarsáid a dhéanamh leo, agus mhúin siad a gcluichí agus a gceachtanna dúinn. Bhímis ag súgradh leo ar feadh an lae gan focal á rá againn, toisc nach raibh acu ach gáire agus caoineadh. Is domhan iomlán eile é amuigh sa tSaimbia. Cuireadh ionadh orainn gach lá leis an méid bochtanais agus tinnis a chonaiceamar timpeall orainn, ach chuir áthas agus beocht na bpáistí ionadh orainn chomh maith. Chuir muintir Kasama lán fháilte romhainn, agus ní dhéanfaidh mé dearmad go deo ar an ngrá a thaispeáin siad dúinn. Thángamar abhaile, agus tá dearcadh difriúil agamsa ar an saol. Táim ag déanamh staidéar ar leigheas san ollscoil, agus le cúnamh Dé beidh mé ar ais i Kasama go luath ar cuairt ag mo chairde, agus ag cur leis an obair iontach atá ar siúl ag an mBráthair Dominique ansin.
13/11/2012 17:03
30
Timire
Cúinne na Cócaireachta
PIÓGA MIoNrA
Níl aon rud níos deise um Nollaig ná pióga mionra (mince pies) agus uachtar. Seo oideas a thug mo mháthair dom. Tá na mílte pióga déanta aici thar na blianta agus ní theipeann orthu riamh leis an oideas seo. Éiríonn níos fearr leis na pióga má fhágtar an taosrán sa chuisneoir thar oíche sula ndéantar iad. Cé go bhfuil go leor mionra réamhdhéanta ar fáil sna siopaí ní bhíonn blas chomh deas air riamh is a bhíonn ar mhionra a dhéantar sa bhaile. Toisc go gcaithfidh tú an mionra seo a fhágáil ar feadh trí mhí le haibiú, tá sé ró-déanach é a dhéanamh i mbliana, ach d’fhéadfá triail a bhaint as an oideas thíos don bhliain seo chugainn. Ní mór duit úlla bramley a úsáid chun an uigeacht (texture) ceart a fháil. Is féidir na pióga seo a ullmhú roimh ré agus iad a chur sa reoiteoir.
TIMIRE Winter_2012.indd 30
Maireann siad ar feadh thart ar thrí mhí sa reoiteoir. Is féidir na pióga a chur sa reoiteoir amh nó cócaráilte. Ní gá iad a dhíreo sula dtéitear iad, ach iad a chur san oigheann ar feadh 15-20 nóiméad ag thart ar 200c/ gasmharc 6 agus bíonn pióga mionra úra agat laistigh de chúpla nóiméad. Tá sé seo an-áisiúil nuair a bhuaileann cairde isteach gan choinne mar a tharlaíonn ag an am seo den bhliain!
PIÓGA MIONRA Comhábhair
8 unsa/ 225g plúr bán 2 unsa/ 50g siúcra reoáin (icing sugar) 5 unsa/ 150g margairín (ag teocht an tseomra) 1 bhuíocán uibhe 1 tsp uisce, oighear fhuar ½ tsp sú líomóide Líonadh: ¾ punt/ 350g mionra
}
buailte le chéile
Síle Ní Chearúil
13/11/2012 17:03
Timire
31
MIONRA NA NOLLAG (Déanann sé thart ar 6 bpunt /2.7kg)
Taosrán (dough): 1. Criathraigh an plúr agus an siúcra reoáin le chéile. Chuir leath den mheascán seo i mbabhla measctha mar aon leis an margairín agus an meascán uibhe. 2. Uachtaraigh le forc é go dtí go mbíonn sé measctha go maith. 3. Cuir an chuid eile den phlúr leis agus measc chun taos a dhéanamh. 4. Fuin amach é go dtí go mbíonn sé mín. 5. Clúdaigh é le scannán cumhdaithe (clingfilm) agus cuir sa chuisneoir thar oíche é. Pióga Mionra: 1. Bíodh 12 stán toirtín réidh agat. Téigh an oigheann go Gas 6 nó 200C . 2. Roll amach 2/3 den taosrán ar losaid phlúrtha. 3. Gearr amach bunanna na bpióg le gearrthóir cuislithe atá beagáinín níos mó ná na stáin. 4. Línigh na stáin leis an taosrán seo. Bí cinnte go mbrúnn tú go héadrom isteach sna stáin é. 5. Cuir spúnóg amháin den mhionra i ngach pióg. 6. Roll amach an chuid eile den taosrán agus gearr amach cruinneáin atá beagáinín níos lú ná na cinn tosaigh le cur ar bharr. 7. Fliuch taobhanna na bpióg le huisce agus cuir na cruinneáin atá níos lú ar bharr. Séalaigh le do mhéara iad. 8. Déan dhá scoilt bheaga ar bharr. 9. Buail gealacán na huibhe agus scuab thar barr na bpióg é. 10. Bácáil san oigheann ar feadh 15-20 nóiméad.
TIMIRE Winter_2012.indd 31
Comhábhair: 1punt/450g úlla bramley (croíleacaithe agus gearrtha i bpíosaí beaga. Ní gá an craiceann a bhaint.) 8 unsa/250g geir mhionstiallta (ó mhairteoil nó ó ghlasraí) (shredded suet) 12 unsa/ 350g rísíní 8 unsa/ 225g sabhdánaigh (sultanas) 8 unsa/ 225g cuiríní 8 unsa/225g craicne criostalaithe (mixed peel) 12 unsa/ 350g siúcra donn dorcha bog Forchraiceann (zest) grátáilte agus sú 2 oráiste Forchraiceann grátáilte agus sú 2 líomóid 2 unsa/ 50g almóinní gearrtha 4 tsp spíosra measctha ½ tsp cainéal (cinnamon) ¼ tsp noitmig (nutmeg) 6 bsp branda Modh: Ní gá duit ach gach rud, seachas an branda, a mheascadh le chéile i mbabhla measctha gur féidir a chur san oigheann. Clúdaigh an meascán le tuáille tae glan agus fág é in áit fhionnuar ar feadh 4 uair a’chloig chun aibithe. Téigh an oigheann go gas mharc ¼ / 100c. Clúdaigh an babhla le scragall airgid (tinfoil) agus cuir san oigheann é ar feadh trí uair a’chloig. Tóg an babhla as an oigheann. Ná bí buartha faoin gcuma atá ar an meascán ag an bpointe seo - beidh go leor saille le feiceáil. Dé réir mar a fhuaraíonn sé, measc é ó am go chéile agus scaip an tsaill amach go dtí go mbíonn na comhábhair eile clúdaithe leis. Nuair atá sé beagnach fuar measc isteach an branda. Brú isteach i bprócaí aimridithe (sterilised) é. Ná fág aon phóca aeir sna prócaí. Nuair atá siad lán, clúdaigh iad le dioscaí ciartha (waxed) agus séalaigh iad.
13/11/2012 17:03
Aspalacht na hUrnaí Chun bheith i do chomhalta, ní foláir duit iad seo a chleachtadh: An Ofráil Laethúil a rá gach maidin – féach leathanach a dó An Chomaoineach Naofa a ghlacadh uair sa mhí mar chúiteamh le Croí Rónaofa Íosa i bpeacaí agus i míbhuíochas an chine dhaonna Deichniúr den Phaidrín a rá gach lá ar Intinní an Phápa don mhí
Intinní an Phápa Mí na Nollag 2012 Go bhfaighe imirceoirí fáilte chaoin le fíorghrá ar fud an domhain, go háirithe ó phobail Chríostaí Mí Eanáir 2013 Le linn ‘Bliain an Chreidimh’ seo, go dtaga Críostaithe ar thuiscint níos fearr ar mhistéir Chríost agus go dtuga siad fianaise ghliondrach do thíolacadh an Chreidimh Ann. Mí Feabhra 2013 Go gcothófaí agus go raibh tionlacan ag clanna na n-imirceach, máithreacha ach go háirithe. Mí na Márta 2013 Go méadaítear ár meas ar an nádúr, agus ar an fhios gur ó lámh Dé a tháinig an chruthaíocht uile lena cur faoi chúram an chine dhaonna ionas go mbeadh an duine freagrach as.
TIMIRE Winter_2012.indd 32
13/11/2012 17:03