An Timire - Earrach 2013

Page 1

Timire

FOILSEACHÁN ÍOSÁNACH

EARRACH 2013

an Chroí Ró-naofa €

3.75/Stg£3.25

Tá anam gach dúile beo ina ghlaic – Iób12:10 TIMIRE Spring_2013.indd 1

05/02/2013 12:55


2

Timire

Eagarfhocal

‘Anois teacht an Earraigh’

Ar an 21ú Nollaig, i ndúluachair na bliana tá sé éasca don duine a bheith den tuairim nach n-éireoidh a ghrian arís choíche. Tá roinnt mhaith daoine go mbuaileann taom den ghalar dúbhach iad i lár an gheimhridh. Is féidir le spiorad an duine a bheith in ísle brí ag an tráth sin den bhliain is lú a bhfuil solas na gréine le feiceáil. Ar an taobh eile den scéal tá an lá ag dul chun síneadh agus is ón lá seo amach a fheicimid fad beag ag teacht leis an lá in athuair. Cúis dóchais má tá muid in ann é a thabhairt faoi deara. Feictear do dhaoine áirithe gur tráth dúluachra d’Eaglais Chríost an ré a bhfuil muid ann, gur mó is cosúil le tráth marbh na hoíche é nuair is ísle a bhíonn spiorad an duine, ná le tráth éirí gréine nó le teacht an earraigh. An ea go bhfuil muid dall ar na comharthaí dóchais atá ann nó an bhfuil an ceart ag daoine a bheith éadóchasach? Ní Dia foinse an éadóchais. Mar sin is comhartha gur ó spiorad eile seachas ó Spiorad Dé a thagann an ghluaiseacht seo chun éadóchais, agus is cóir cur ina choinne. Cinnte tá athruithe móra ag teacht ar chomharthaí sóirt na hEaglaise mar ab eol dúinn í. Má tá muid in ísle brí dá bharr, an bhféadfadh go raibh muid ag cur an iomarca béime i gcomharthaí sóirt na hEaglaise a raibh muid cleachtaithe orthu ó bhí muid óg agus go bhfuil muid dall ar an rud nua a bhfuil Dia ag cruthú inár measc? I measc na gcomharthaí go bhfuil Dia a cruthú rud nua in ár measc tá an tóir atá ag daoine ar bhealaí breise chun a marana a dhéanamh, bealaí nua chun urnaí mhachnaimh, nó miúín / ‘meiditéisean’ a dhéanamh. Mar fhreagra ar an dúil seo ag daoine tá Spiorad Dé ag cur ánáil úrnua na beatha sa ‘lectio divina’, seanchleachtadh urnaí machnaimh na manach, ag cruthú bealaí nua cosúil leis ‘an urnaí láraitheach’ is á scaipeadh i measc an tuathphobail. Comhartha eile a d’fhéadfaí aird a thabhairt air ná an dúil atá ag an tuathphobal páirt bhreise a bheith acu i mbeatha laethúil na hEaglaise seachas gach uile rud a fhágáil faoi chúram na cléire. Éireoidh an ghrian, tiocfaidh fad leis an lá is beidh an tEarrach linn faoin am a léifear seo. Tá comharthaí ann leis go bhfuil Dia ag séideadh anál nua i mbeatha a Phobail. Céard a thugann tusa faoi deara? Cén chaoi a bheith san airdeall ar na comharthaí seo le go dtabharfaidh muid faoi deara iad, le go mbeidh dóchas againn, le go dtabharfaidh muid glóir do Dhia is go ndéanfaidh muid ár gcuid le cur leis an ngluaiseacht seo chun na beatha? Cén chaoi fanacht in ár ndúiseacht is fáilte a chur roimh Chríost mar a d’iarr sé? Frainc Mac Brádaigh SJ

An Ofráil Laethúil A Athair róghrámhair, tugaim suas duit gach a bhfuil romham inniu, gach smaoineamh, focal is gníomh, gach áthas is brón. Ofrálaim duit iad i bpáirt le Críost san Aifreann, ar intinn Chroí Íosa agus ar intinní an Phápa, mar atá ... (féach leathanach cúil)... agus ar m’intinní féin. Deonaigh dom, trí spreagadh an Sprioraid Naoimh agus le cabhair ó Chroí Mhuire gan Smál, an lá seo a chaitheamh ag freastal ortsa agus ar dhaoine eile. Amen.

TIMIRE Spring_2013.indd 2

05/02/2013 12:55


Timire

3

Timire an Chroí Ró-naofa Arna fhoilsiú ag na hÍosánaigh 4 6 8 10 12 14 16 18 20 22 24 25 26 28 29 30 31

Dán do na Glúnta le teacht Frainc Mac Brádaigh SJ Dúshlán na Soiscéalaíochta An tAthair Pádraig Ó Máille Athbheochan Thuras Mháméan Míchéal Mac Gréil SJ An Eaglais faoi Bhláth san Aifric Máirtín Ó Conaire OCD An tIonracas agus an Dlí Antóin de Lapp Finnéithe calma Chríost Tommy Murphy SCC Oidhreacht Phádraig An tAthair Seán de Bhál An Spioradáltacht Iognáideach Brian Ó Laoire SJ Ceist Foclóireachta Coláiste Mhuire: Traidisiún agus Forbairt An tSiúr Mairéad Ní Bhuachalla Comhfhreagras An Bráthair D.C Ó Muirthile Haiku, más é do thoil é! Gabriel Rosenstock Im Leabharlann Dom Máiréad Ní Chinnéide / Katie McGreal Dán Etáin Nic Cinngamhna Bliain na Gaeilge 2013 Julian de Spáinn Cúinne na Cócaireachta Síle Ní Chearúil Bain triail as: Ceardaíocht don Aos óg Méabh Ní Choileáin

Ar dheis Dé:

Maedhbh Ní Chonmhídhe Piskorska , An tAthair Cothraí Ó Gógán C.S.Sp

Go soilsí solas síoraí dóibh. Go gcónaí síad sa tsíocháin. Timire an Chroí Naofa 37 Sráid Líosain Íocht Baile Átha Cliath 2 Guthán: 01 7758502 r-phost: antimire@gmail.com Bord Eagarthóireachta Frainc Mac Brádaigh SJ Bláthnaid Ó Brádaigh An tSiúr Mairéad Ní Bhuachalla Dónall Ó Conaill Caitríona Uí Chatháin Caoimhín Ó hIcí Fáiltíonn an tEagarthóir roimh litreacha agus altanna ag an seoladh thuas B’fhearr ábhar a sheoladh ar dhiosca nó de r-phost, más féidir

TIMIRE Spring_2013.indd 3

Iris Oifigiúil Aspalacht na hUrnaí Bunaíodh sa bhliain 1911 Uimh. 451 ISSN: 1649-4466 Le cead eaglasta: 14 Eanáir 2013 Ní gá gurb ionann tuairimí ár scríbhneoirí agus tuairimí an bhoird eagarthóireachta Síntiúis Cóip amháin tríd an bpost: E3.75 / Stg£3.25 Go ceann bliana: E15 / Stg£13 Seiceanna iníoctha leis An Timire

Faoi chúrsaí gnó (síntiúis, airgead, etc.) scríobh chuig: An Timire f/c Dónall Ó Conaill 92 Bóthar Seannaigh Ráth Eanaigh Baile Átha Cliath 5 Guthán: 087 2359198 r-phost: donall.oconaill@gmail.com Dearadh: Messenger Publications Design Department Clóbhualadh: Anglo Printers Ltd. Lo-call 1890 624 624

05/02/2013 12:55


4

Timire

Dán do na Glúnta le Teacht, Suantraí nó Goltraí? Frainc Mac Brádaigh SJ ‘Is aoibhinn an rud a bheith amuigh sa gharraí san Earrach ag rómhar is ag cur, ag glanadh níos deireanaí, an geamhar a fheiceáil ag péacadh, an gas ag eascairt, ag fás leis, is ag tabhairt a thoradh uaidh in am trátha. Tá síochán is suaimhneas ag baint leis,’ a deir sé. ‘Is deacair é a shárú’. Fear mór cnámhach é Cathal, a chaith a shaol i dtionscal na tógála, fear a thuig an nádúr, chomh borb is chomh leochaileach leis. Fear a raibh ómós aige don chruthaíocht agus a thuig an gá le cúram a dhéanamh de. Nuair atá duine i gcúram gairdín, nó de cheap glasraí is furusta tuiscint don nádur a fhás sa duine sin. Tá sé éasca ag an duine a mbíonn a dhá láimh aici go domhain i gcré a fheicéail go bhfuil sí freagrach as na bláthanna nó na glasraí a chuireann sí. Ní mór di cúram a dhéanamh dá gairdín beag féin nó imeoidh sé fiáin chomh pras sin gur dóigh le duine nach raibh a shúil bainte de ach seal beag gairid. Rud eile ar fad a thuiscint go bhfuil an t-aire céanna dlite don chruthú i gcoitinne is ag dul dó, nó imeoidh sé ó smacht orainn. Má imíonn ní bheidh le fágáil againn ag garchlann ár gclainne, is ag a gclann siúd ach fiántas scáfar. Nuair a fheicim páistí óga agus an mhuinín atá acu as a dtuistí is an chaoi a mbreathnáionn siad ar mhamó is ar dheaideo mar fhoinsí na céille is na tuisceanna gealann mó chroí. Bíonn éad nach beag orm le lánúineacha óga is aosta a bhfuil páistí is garpháistí acu. Tá mothú an éada seo nádúrtha go leor, ag sean bhaitsiléara, is dóigh.

TIMIRE Spring_2013.indd 4

Ach is rud eile foghlaim uaidh. Más nádúrtha cúram a dhéanamh den chlann is de thimpeallacht na clainne, is gá cúram a dhéanamh den thimpeallacht i gcoitinne chomh maith nó imeoidh an timpeallacht i bhfiántas. Má imíonn, scriosfaidh sí na glúnta atá le teacht, garchlann bhur gclainnese is a gclann siud! Is féidir dul ag argóint an é lámh an duine atá ag cur isteach ar an aeráid i dtreo go bhfuil tubaistí ar nós ‘Sandy’ ag réabadh Nua Eabhrach, nó ‘Katrina’ ag réabadh New Orleans. Tharla siad i bhfad uainn agus is breá linn a bheith ag díospóireacht faoi rudaí nach mbaineann linn morán, feictear dom. Ach murab é an cine daonna, go háirithe an domhan forbartha, agus a bhfuil muid ag dó le fuinneamh a ghiniúint, le cúrsaí taistil a rith, is le muid féin a théamh an t-aon chúis atá leis na hathruithe aeráide atá ag cur pobail bhochta thar lear, is sliocht sleachta sliocht bhur sleachta, i gcontúirt, is cinnte nach bhfuil muid ag glacadh freagrachta as an tionchar breise atá aige seo ar fad ar an timpeallacht is ar an aeráid. Agus is ‘ó lámh Dé a tháinig an cruthú uile,’ agus cuireadh ‘faoi chúram an chine dhaonna é ionas go mbeadh an duine freagrach as.’ B’fhéidir gur shíl muid go raibh tiarnas bainte amach againn ar an nádúr is gur ann dó le go mbainfimis brabach as dúinn féin. Ach is cosúil go bhfuil a mhalairt tuairime ag an nádúr féin, más ceadmhach dom sin a rá, is ag Dia féin. Tá an chosúlacht ar an scéal go bhfuil Dia is an nádúr ar a ndícheall d’ár múineadh. Beidh costas ag baint leis an gceacht seo a fhoghlaim. Beidh

05/02/2013 12:55


Timire

5

Cuid den damáiste a rinne Spéirling (hurricane) Sandy i Nua-Eabhrach, Samhain 2012. Grianghraf: Anton Oparin

saoirse nach beag uainn má tá muid le maireachtáil níos simplí le go mbeidh saol ar bith i ndán do na glúnta tá le teacht. Agus cumhnímis ar cé atá i gceist againn. Tá dán á scríobh againn do na glúnta le teacht. Cén saghas dán atá ann is cén chaoi len ár gcuid a dhéanamh le go mba suantrái is nach goltraí a bheidh ann? Nach ualach freagrachta ró-mhór é seo le leagan ar an ngnáthdhuine, nuair is beag a thig linn a dhéanamh? Ach an beag, i ndáiríre? Nach fiú an carr a fhágáil sa bhaile is siúl, nó na daoine óga a chur ag siúl, nó taisteal poiblí a roghnú

ó thráth go chéile nuair is féidir? Nach fiú an teas a ísliú de bheagán is geansaí a chaitheamh in áit dul timpeall an tí i do léine aimsir seaca? Nach fiú bia an cheantair a cheannach in áit an greim is blasta i gcónaí, eitilte isteach ó thíortha i bhfad i gcéin. Agus má tá ríomhaire agat nó teacht agat ar shiopa athdhíola nach fiú tacaíocht d’ainm a chur le feachtas ar son na timpeallachta nuair is féidir? Nach fiú strus beag a chur orainn féin faire amach do dhán gharchlann do gharchlainne le nach n-íocfaidh siad lena mbeo as só is sóchúlacht na glúine seo againne?

Intinn Choitianta an Phápa do Mhí Márta 2013 Go méadaítear ár meas ar an nádúr, agus ar an fhios gur ó lámh Dé a tháinig an chruthaíocht uile lena cur faoi chúram an chine dhaonna ionas go mbeadh an duine freagrach as.

TIMIRE Spring_2013.indd 5

05/02/2013 12:55


6

Timire

Dúshlán na Soiscéalaíochta An tAthair Pádraig Ó Máille Cinnte, tá sé tábhachtach go ndéanfadh easpaig, sagairt agus déagánaigh an Soiscéal a fhógairt gan staonadh go himeallchrícha an domhain. Is chuige sin is ann dóibh. Agus is ceart agus is cóir go mbeadh muid ag guí ar a son. Is é seo Bliain an Chreidimh. Tá easpaig, sagairt agus déagánaigh riachtanach do riaradh na heaglaise de réir mar atá cúrsaí faoi láthair. Ach ní ceart go bhfágfaimís futhu amháin an Soiscéal, dea-scéal na ríochta, a fhógairt gan staonadh go himeallchríocha an domhain. Caithfidh muid go léir bheith ag comhoibriú leo sa mhór thogra seo. Ní neart go cur le chéile. Ar an bpobal Críostaí a thiteann dualgas na soiscéalaíochta na laethanta seo. Na sagairt ach go háirithe, níl siad chomh flúirseach ar an bhfód is a bhíodh. Agus cá bhfuil ‘imeallchríocha an domhain’ faoi láthair? Ní h-ann do na himeallchríocha a thuilleadh sa chiall a bhí ag an coinceap sin céad, nó fiú leathchéad bliain ó shin. Tá mé á scríobh seo ar fhéile Phroinsias Xavier. In a am siúd bhraith fógairt an tSoiscéil ins na críocha imigéiniúla sin ar shagairt agus ar bhráithre mar Phroinsias Xavier agus Mateo Ricci; daoine a sheol amach ón domhan Críostaí agus a chaith a saoil ar fad ag fógairt an tsoiscéil ins na himeallchríocha sin. Inniu, tá ‘imeallchríocha an domhain’ inár measc; díreach faoi mar atá Ríocht Dé inár measc. Mar a chéile iad. Agus tá sé riachtanach, agus ba chóir dúinn bheith ag guí ar a shon seo, go mbeadh ‘Pobal Dé’ ina iomláine ag fógairt an tsoiscéil i bhfásáigh ár saol laethúil.

TIMIRE Spring_2013.indd 6

‘Pobal Dé’ mar atá sé, idir ‘easpaig, sagairt agus déagánaigh’ in éineacht leis na fir agus na mná ar mór leo a gcreideamh agus ar mian leo fianaise a thabhairt don chreideamh sin ina saol laethúil. Dualgas gach Críostaí. Cé leis a bhí Íosa ag caint nuair a d’fhógair sé mar dhualgas an Soiscéal a fhógairt go h-imeallchríocha and domhain? Ní le ‘easpaig, sagairt agus déagánaigh’ amháin a bhí sé ag caint, ach len a lucht leanúna: leis an bpobal a lean é agus a chruinnigh ar an gcnoc sin sa Ghailíl chun slán a fhágáil leis. Pobal Dé. Is ar an bpobal sin atá an dualgas ‘an

‘Ní bhaineann dualgas seo na soiscéalaíochta le haon dream amháin san eaglais.’ Soiscéal a fhógairt gan staonadh’; agus sin go h-imeallchríocha an domhain. An domhan mar atá sé. Ár ndomhan laethúil. Seo ‘Bliain an Chreidimh’. Tionóladh mór-shionad sa Róimh le déanaí ar an ‘nuashoiscéalaíocht’. Athnuachan an chreidimh i measc phobal Dé ar fud an domhain a bhí mar aidhm ag an Sionad. Baineann an dualgas sin leis na himeallchríocha nár chuala fós dea-scéal na Ríochta; ach baineann sé chomh maith le bruachbhailte págánacha ár gcathracha. Is cuid den ‘imeallchríoch’ muid: tá an dualgas orainn go léir an Soiscéal a fhógairt. Ins an teachtaireacht a tháinig ó na hEaspaig sa Sionad, tá an méid seo: ‘Ní bhaineann dualgas seo

05/02/2013 12:55


Timire

7

na soiscéalaíochta le haon dream amháin san eaglais.’ Tá an dualgas ar an bparóiste. Iarrann an Sionad ar na sagairt, ar na déagánaigh agus ar phobal Dé idir fhir is mhná bheith ag obair as lámha a chéile i mór thogra seo na soiscéalaíochta. Iarrtar orthu bheith dílis don traidisiún; agus iarrtar orthu chomh maith bheith oscailte do nuálachas ár ré. Cuirtear béim ar leith ar an óige: is iad an óige todhchaí na hEaglaise. Agus is iad an dream óg iad féin is fearr a scaipfidh an creideamh agus luacha na Críostaíochta ina measc féin. Ach chuige sin caithfidh an dream óg a bheith préamhaithe go doimhin sa chreideamh agus sa spioradáltacht. Luann na hEaspaig an pholaitíocht: caithfidh loinnir an tsoiscéil domhan na polaitíochta a shoilsiú. Ba cheart gurb é leas an phobail príomh aidhm na polaitíochta: leas an duine ón bhroinn go dtí an uaigh; leas na clainne; leas na saoirse tré chothú na fíréantachta; tré dheireadh a chur le gach bac ar shaoirse an duine; tré dheireadh a chur le ciníochas, le leatrom, le gorta agus le foréigean. Agus i mór thogra seo na soiscéalaíochta, níl muid inár n-aonar mar Chaitlicigh. Ba chóir go mbeadh muid ag obair as lámha a chéile leis na comhluadair Chríostaí nach Caitlicigh iad; agus le lucht dea-thola nach Críostaithe iad, ach gur mór leo leas an phobail agus leas an domhain mhóir ina mairimid le chéile. I láthair na ndeacrachtaí go léir agus ár ngéarchéim mar phobal Críostaí, ní neart go cur le chéile.

Intinn Mhiseanach an Phápa do Mhí Mhárta 2013 Go ndéana easpaig, sagairt agus déagánaigh an Soiscéal a fhógairt gan staonadh go himeallchríocha an domhain.

TIMIRE Spring_2013.indd 7

05/02/2013 12:55


8

Timire

Athbheochan Thuras Mháméan

Mícheál Mac Gréil SJ, Caomhnóir Mhaméan Tá scrín Phádraig Naofa ag Máméan (Mám na nÉan) suite ar shleasa Bheann Mhairg ar shléibhte Mámtoirc i dtuaisceart Chonamara idir Gleann a’Mháma agus Sraith Saileach. Is scrín réamh-Chríostaí í inar adhraíodh Déithe na gCeilteach fadó. Sa bhliain 441 AD thug Pádraig Naofa cuairt ar an scrín, bheannaigh sé an Tobar agus na stáisiúin. Ina dhiaidh sin lean na Críostaithe agus lucht an tseanchreidimh le nós na dTuras go dtí an áit bheannaithe seo. Thagaidís le chéile gach bliain ar an Domhnach deireanach de mhí Iúil- an lá céanna a bhailidís ar Chruach Phádraig. Thar na céadta bliain bhíodh pátrún Mháméan ina dheireadh-seachtaine ollmhór i ndialann spioradálta, sóisialta agus caitheamh aimsire mhuintir Chonamara agus deisceart Mhaigh Eo. Tar éis ré na bPéindlíthe in Éirinn, ‘sé sin ag deireadh na 19ú aoise agus tús na 20ú aoise níor tugadh an-thacaíocht ón gcléir i gcoitinne don dTuras go Máméan. De réir a chéile d’iompaigh na

TIMIRE Spring_2013.indd 8

daoine i dtreo Chruach Phádraig agus, níos déanaí thosaíodar ag dul go Cnoc Mhuire. Timpeall 1970 ní raibh ach fíorbheagán oilithreach ag dul go Máméan. Tharla sé gur sa cheantar (Máméan) a tógadh mo mháthair (sa Chabhar/Corr) agus ghoin sé orm go raibh an traidisiún saibhir ag dul in éag! Nuair a bhí Campa Samhraidh Ógras ag teacht go Fionnaithe sa bhliain 1979 mhol mé don dá scór Gaeilgeoirí óga Turas Mháméan a dhéanamh. Ar an trathnóna úd i lár mhí Iúil 1979 léigh mé Aifreann ag an scrín. Tháinig beagnach dhá scór de mhuintir an cheantair agus léirigh siad sásamh san ócáid. Mhol mise dóibh go dtógfadh muid Carraig Aifrinn san áit – go deonach le cabhair an saor-cloiche, Tomás Uas. Ó Cadhain (nach maireann) agus muintir na háite. Chomh maith leis sin socraíodh go mbunofaí Turas na Croise mórthimpeall na scríne. Ar an gcéad Domhnach, Lúnasa 1980, choisric an tArdeaspag Seosamh Ó Cuinneáin (Tuaim) an Charraigh Aifrinn. Bhí na céadta oilithreach i láthair don Aifreann agus do Thuras na Croise. Socraíodh go mbeadh gach searmanas trí mheán na Gaeilge.

05/02/2013 12:55


Timire

An bhliain ina dhiaidh bhí an tEaspag Séamus Ó Leannáin, Easpag Cúnta Ard Mhacha ina phríomhcheiliúraí. (Bhíodh aighneas ann fadó idir scrínte Phádraig Naofa agus Ard Mhacha!) Chun nach mbeadh coimhlint idir Turas Mháméan agus Turas Chruach Phádraig socraíodh go mbeadh Cruach Phádraig ar siúl ar an Domhnach deireanach de Mhí Iúil agus Máméan ar an gcéad Domhnach de Lúnasa amach anseo. Tar éis cúpla bliain d’fhill na daoine ó Chonamara agus ó dheisceart Mhaigh Eo ar Mháméan. Uaireanta bhíodh suas le míle oilithreach againn agus céadatán mór de dhaoine óga inar measc. Ceann de na gnéithe is spioradálta den oilithreachas ná Caoineadh na dTrí Mhuire á threorú ag Joe John Mac an Iomaire le linn turas na croise. Le déanaí cuireadh leis an gclár ceoil ag an Aifreann. Sa bhliain 1985 tógadh séipéilín beag, Cillín Phádraig, i Máméan in onóir an chomóradh 1600ú bliain ó rugadh Naomh Phádraig in 385AD. Arís choisric an tArdeaspag Ó Cuinneáin é. In 1986 nochtaigh an tEaspag Ó Ciorba

9

(Cluain Fearta) dealbh Phádraig Naofa a bhí dealbhaithe ag Clíodhna Cussen. Timpeall bliain ina dhiaidh bheannaigh an tEaspag Mícheál Néirí Buntobar Phádraig Naofa (ní raibh dóthain uisce beannaithe san sean tobar). Taobh thiar de ghach rud eile, cuireann áilleacht na háite chomh maith le saibhreas spioradálta na Gaeilge go mór le sásamh na n-oilithreach ar Thuras Mháméan. Bíonn fáilte roimh gach duine. Bíonn trí thuras oilithreacht oifigiúil go Máméan gach bliain, ie 1. Aifreann naofa ag 1.30 i.n Lá ‘le Pádraig 2. Turas na Croise ag 3.00 i.n Aoine an Chéasta; 3. Príomh-Thuras Mháméan ag 3.00 i.n An Chéad Domhnach, Mí Lúnasa Tá an scrín timpeall aon mhíle troigh in airde. Moltar do ghach duine an Ghaeilge a labhairt le linn na hoilithreachta agus ciúnas a chleachtadh i rith na searmanas. (Tá tuilleadh eolais le fáil uaimse ag 0872228090 nó ón Athair Ó Monacháin ag 087-4188012).

Intinn Choitianta an Phápa do Mhí Aibreáin 2013 Go raibh ceiliúradh an chreidimh go poiblí agus le dúthracht mar bhuntobar na beatha do na firéin.

TIMIRE Spring_2013.indd 9

05/02/2013 12:55


10

Timire

An Eaglais faoi bhláth san Aifric

Máirtín Ó Conaire OCD Is cuimhin liom an chéad uair a chuaigh mé go dtí an Aifric, go dtí An Nigéir ach go háirithe. Bhí mo chroí i mo bhéal mar nach raibh aon taithí agam ar an saol a bhí romham. D’iompair eitleán mé amach go Lagos, áit ar chas mo bhráithre Cairmilíteacha liom. Tá thar deich milliún duine i gcathair Lagos agus ba bhreá casadh le duine ón mbaile. An teas bruite an chéad rud a thug mé faoi deara, agus an slua mór daoine a bhí i gcónaí ag brú timpeall ort. Ní i Lagos a bhí cónaí orm, ach in Enugu in oirthear na tíre. I gcomparáid le Lagos, ba bhaile beag é seo cé go bhfuil timpeall is trí ceathrú milliún anam ina gcónaí ann. Ba anseo a bhí an misinéir cáiliúil an tEaspag Ó Seanacháin C.S.Sp. ag teagasc go dtí 1930. I measc an phobail seo in oirthear na Nigéire, ba laoch é an fear seo a

TIMIRE Spring_2013.indd 10

tháinig, agus a mhúnlaigh agus a chuir rútaí na heaglaise ansin. Chuireas aithne ar an gceantar go luath agus thosaigh mé ag obair i measc an phobail. Bhíodh cúrsaí spioradálta á reachtáil againn gach seachtain. Thugas faoi deara an t-ocras a bhí ar na daoine an soiscéal a chloisint agus a chleachtadh. Bhí planda an chreidimh curtha ag na misinéirí, idir fhir agus mhná, a d’fhág a dtír féin lena gcreideamh a chraobhscaoileadh i measc mhuintir na Nigéire. Bhíodh Aifreann againn sa mhainistir ar a sé a chlog gach maidin agus bhíodh go leor ag freastal air. Idir óg agus shean, thagadh siad ar feadh uair a chloig sula dtosódh siad obair an lae. Peadar ab ainm do dhuine acu. Thagadh sé ar Aifreann agus bhíodh fáilte mhór aige romham nuair a thugainn cuairt air. D’inis sé dom faoin am a tháinig na misinéirí -–Éireannaigh a bhí iontu – go dtí a cheantar agus gurbh é a athair

05/02/2013 12:55


Timire

féin duine de na chéad daoine ann a ghlac an Soiscéal. Bhíodh ar a athair taisteal leo ó bhaile go baile. Thógaidís scoil le hoideachas a chur ar na páistí. Ba anseo a fuair Peadar oideachas. I rith na seachtaine bhíodh úsáid á bhaint as an foirgneamh acu mar scoil agus mar shéipéal ar an Domhnach. Mhúnlaigh an dea-shampla a thug na misinéirí é agus thuig sé an tábhacht a bhain leis an oideachas. Chasainn le Peadar go minic agus é ag teacht ag an eaglais. Ní raibh a fhios agam gur taoiseach a bhí i bPeadar ina bhaile féin, mar ba fhear ciúin é a choinnigh a chuid oibre i measc na mbocht faoi cheilt. Bhí an creideamh á chleachtadh aige agus

11

é á chraobhscaoileadh i measc na mbocht, mar a chonaic sé na misinéirí ag déanamh. Cé gur chuir na misinéirí Íosa Críost in aithne do lucht na tire, ní hé sin deireadh an scéil. Ag féachaint ar an mbealach a mhúnlaigh Íosa daoine cosúil le Peadar, táim dóchasach go mbeidh bláth agus fómhar ar an obair. Inniu tá go leor ón Nigéir ag dul amach mar mhisinéirí chuig tíortha eile agus an inspioráid a thug na hÉireannaigh dóibh á thabhairt leo. Labhrann Íosa le gach cine ina dteanga agus a mbealaí féin. Tugann Sé solas dóibh a muinín a chur ina gcultúr féin agus fáilte a chuir roimh Íosa Críost mar chara, mar dhuine acu féin.

Intinn mhiseanach an Phápa do Mhí Aibreáin 2013 Go raibh na hEaglaisí sainiúla sna críocha miseanacha ina gcomhartha agus ina ngléas dóchais agus aiséirithe.

TIMIRE Spring_2013.indd 11

05/02/2013 12:55


12

Timire

An tIonracas agus an Dlí Antóin de Lapp Níor cheart go mbeadh dua ar bith ar Chúirteanna na hÉireann urraim chuí a thabhairt dona mianta seo de chuid ár n-Athair Naofa an Pápa. Tá’n mhéid sin a rá agam i ngeall ar na foinsí dlí ar a bhfuil ár gcóras dlí agus modhanna feidhmiúcháin múnlaithe. 1. An Dlí Aiceanta (Natural Law) : Is í sin an dúshraithe is ársa ar fad agus tá a lorg fágtha aici orainn le cuimhne na gcat. Tá dhá mhór prionsabal a éiríonn ón dlí aiceanta atá ag teacht go huile agus go hiomlán le hintinn choitianta an Phápa de mhí Bhealtaine. (a) Nemo ludex in causa sua – i.e. Ní thig le duine a bheith ina Bhreitheamh ina chúis féin. I mbeagán focal má tá leas dílsithe ag Breitheamh in ábhar ar bith atá os comhair na Cúirte nó aithne mhór aige ar pháirtí ar bith atá os a chomhair ní mór do seasamh ar leataobh agus an cás a thíolacadh chuig Breitheamh eile. (b) Audi Altarem partem – is gá an taobh eile a chlos. Ciallaíonn an mhéid sin go bhfuil deis ag cosantóir / páirtí freasúra cur i láthair a dhéanamh. Cinntíonn an dá bhunchloch seo go bfhuil cothromaíocht iomlán sa nós imeachta Cúirte atá againn. 2. Bunreacht na hÉireann : Tá Cúirteanna na tíre seo cruthaithe ag Bunreacht 1937. Tá de dhualgas ar ár gCúirteanna dílseacht iomlán a léiriú dá bhfuil sa

TIMIRE Spring_2013.indd 12

Bhunreacht. Is mór an sólás dúinn i gcomhthéacs a bhfuil mar sprioc ag an Phápa an fhoclaíocht atá i mbrollach an Bhunreachta. ‘In Ainm na Tríonóide Rónaofa is tobar don uile údarás’ agus arís ina ndeirtear ‘............ á chuir romhainn an mhaitheas phoiblí a chur ar aghaidh maille le críonnacht agus le hIonraiceas agus le carthanacht de réir mar is cuí ............’ Tá scáth na mór Dhiagóirí agus Fealsúnaithe na Críostaíochta, Naomh Aibhistín agus Naomh Tomás Aquinas ar théacs an Bhunreachta a rinne John Hearne comhairleoir Éamon de Valera a dhréachtadh agus tá’n t-aitheantas sin le brath ar Bhreithiúnais de chuid na nUas Chúirteanna thar na blianta. I mbeagán focal tá brollach / iontróid an Bhunreachta ag réiteadh leis an tSean Fhocal atá againn i dTír Chonaill ‘Is é Dia an fear is fearr’ agus gur Uaidh a éiríonn gach dá bhfuil maith. Má chloíann na Cúirteanna agus lucht riartha an Dlí go dlúth leis an dlí aiceanta agus le spiorad Críostaíoch an Bhunreachta ní féidir leo a dhul ró-fhada ar seachrán agus déanfar aisling an Phápa a fhíoradh. Cá bhfuil ár múnla. Tá an-bhéim curtha le tamall anuas ar ‘Fhógairt Ríocht Dé’ atá tiomnaithe mar ábhar machnaimh againn mar an 3ú Rúndiamhair Lonrach sa Phaidrín san Litir Aspalda Rosarium Virginis Mariae – 16ú Deireadh Fómhair 2002. Cá bhfuil an sainmhíniú de Ríocht Dé le fáil? I measc na n-iliomad samplaí tacaíochta óna scriptúir tá an dúshraith a bronnadh orainn sna Biáide sa tSeanmóir ar an tSliabh. Tugaimid suntas ach go háirithe dona focail ‘Is méanar do lucht an trócaire óir déanfar trócaire orthu’ agus focail Íosa os comhair Píolóit mar atá i

05/02/2013 12:56


Timire

13

Na Ceithre Chúirt, Baile Átha Cliath

Soiscéal N.Eoin. ‘….. is Rí mé. Chuige seo a tháinig mé ar an saol chun fianaise a thabhairt ar an bhfírinne’. Bímis ag súil go dtabharfar aird air sin agus brú á chur ag Forais Airgeadais Bhainc agus Chumainn Tógala go ndéanfaí fiachadóirí a díshealbhú óna dtithe. Ceanglaíonn an tagairt d’Ionracas dlídóirí atá i mbun cleachtais agus fágann sé mar dhualgas morálta orainn gan a theacht i dtír ar bhealach ar bith ar dheacrachtaí ár gcliant, gan a bheith ag satailt orthu agus uallach de tháillí éagóracha a fhágáil le réiteach acu. Is gá chomh maith dúinn caitheamh go cóir lenár gcéillí comhraic agus gan a

bheith ag blí nó ag diúgadh airgid go mí-chóir ón státchiste. Sin an dúshlán atá romhainn mar dhlídóirí agus aird a thabhairt againn ar a n-iarrann an Pápa orainn a dhéanamh. Is mar an gcéanna an cás le ‘coinsias glan’. Is féidir le lucht dlí sin a fhorbairt trí urnaí, deaghníomhartha, a bheith iomlán eolach ar cheisteanna morálta, agus ár ndealuachanna a úsáid lena réiteadh go cóir. Go hacomair tá d’ádh orainn go deineadh oidhreacht Chríostúil dhlíthúil a shásóidh intinn choitianta an Phápa a thoirbhirt orainn. Ná tugaimid droim láimhe den mhéid sin agus beidh linn!

Intinn Choitianta an Phápa do Mhí na Bealtaine 2013 Go ndéana lucht riartha an chirt agus na córa gníomhú i gcónaí le hionraiceas agus le coinsias glan.

TIMIRE Spring_2013.indd 13

05/02/2013 12:56


14

Timire

Finnéithe calma Chríost Tommy Murphy SCC Beirt daltaí cliarscoileanna is ea Ku Hwa agus Taaremon a oirníodh ina sagairt an bhliain seo caite i gCóiré agus i bhFidsí fó sheach. Is beirt iad de iliomad daltaí óga cliarscoileanna a oirníodh don sagartacht i dtíortha ar measadh gur tíortha miseanacha iad roimhe seo. Is ábhar dóchais é, a fheiceáil go bhfuil daltaí óga cliarscoileanna sna hEaglaisí óga seo, tiomnaithe do mhisean Íosa agus go bhfuil mian láidir acu go mbeidh deascéala an tSoiscéil ag daoine. Tá a lán díobh toilteanach a dtíortha dúchais a fhágáil agus Soiscéal Íosa a roinnt le daoine nach raibh an seans acu an Dea-scéala a chloisteáil i ndáiríre. Rachaidh Ku Hwa go Peiriú chun dul ag obair le misinéirí Colmánacha eile ag cabhrú leis na daoine nach bhfuair seans go dtí seo croí-theachtaireacht de dhea-scéala Íosa a thapú. Rachaidh Taaremon go dtí an Téaváin chun leanacht leis an obair a bhí ar siúl aige ann nuair a bhí sé ina dhalta cliarscoile ag craobhscaoileadh Soiscéal Íosa i measc na Síneach a chónaionn sa Téaváin. Misinéir Colmánach óg is ea an tAthair Rex Rocomora ó na hOileáin Fhilipíneacha a oibríonn i Wuhan i gcroílár na Síne. Tá sé seo gar don áit sa tSín ina raibh an tEaspag Éamonn Gealbháin ó Chorcaigh, a d’oibrigh ann ar feadh na mblianta sa chéad leath den fichiú haois agus a bhí mar chomh-bhunaitheoir Chumann Miseanach Colmáin. Ó ghlac na cumannaigh comhacht sa tSín, tá an t-uafás géarleanúna fulaingthe ar son a gcreidimh ag na Sínigh. Amannta tá sé deacair teacht ar shlíte sábháilte agus bealaí suntasacha chun teagmháil

TIMIRE Spring_2013.indd 14

a dhéanamh leo. Áfach, tá an tAthair Rex ina chónaí ann agus oibríonn sé leis go neamhfheiceálach agus é ag tacú leis agus ag spreagadh an phobail Chaiticigh áitiúil ann. Chomh maith tá an tAthair Cirenco Matulac, misinéir Colmánach óg ó na hOileáin Fhilipíneacha, ag obair sa tSín. Tá seisean tiomnaithe do thuiscint a fháil ar chultúr Síneach an lae inniu chun aghaidh a thabhairt ar phlé leis an nglúin óg sa tSín nua-aoiseach. Tá sé ag súil go gcabhróidh an tuiscint níos fearr ar litríocht agus ealaín nua-aoiseach le caidreamh a chothú le haos óg na Síne inniu faoi bhrí na beatha agus faoi chuspóir shaol an duine. Misinéir Colmánach óg is ea an tAthair Joseph Yang Chang Woo atá ag obair ar struchtúir thacaíochta a chruthú idir an Eaglais Chaitliceach sa Chóiré agus Caitlicigh sa tSín. Éiríonn leis Caitlicigh Cóiréacha tiomnaithe dá gcreideamh bheith i dteagmháil le Caitlicigh Síneacha a thugann seans dóibh a n-eispéireas a roinnt ar a chéile, a spreagann a chéile agus a bheith faoi chomhthionchar a fhinnéachta ar Dheascéala an tSoiscéil in áiteanna difriúla. Misinéir Colmánach óg is ea an tAthair Dan Troy ó Chorcaigh a chónaíonn agus a oibríonn sa tSín ainneoin nach gceadaíonn dlíthe na Síne do shagart Caitliceach ón iasacht obair phoiblí thréadach a dhéanamh sa tSín. Tá an obair a dhéanann sé dírithe ar threoir spioradálta, cúrsaí spioradálta do shagairt óga, mná rialta, agus daltaí cliarscoileanna sa tSín. Tá ardmheas ag an Eaglais sa tSín ar an obair seo agus í an-bhuíoch de agus is cabhair fhónta í gur féidir le misinéirí thar lear a thabhairt don Eaglais sa tSín inniu.

05/02/2013 12:56


Timire

15

Eaglais Cholmáin Naofa, Beitou, An Téaváin

Misinéir Colmánach óg is ea an tAthair Jude Genovia ó na hOileáin Fhilipíneacha atá ag obair anois sa Chóiré. Tá sé ag iarraidh an t-eispéireas atá ag na Filipínigh ar an gcreideamh Caitliceach a roinnt le muintir Chóiré a shíolraíonn ó chúlra Búdaíoch. Le blianta anuas tá méadú suntasach tagtha ar an daonra Caitliceach sa Chóiré agus is breá leo foghlaim ón eispéireas atá ag daoine eile ar fhinnéacht luacha an tSoiscéil i gcultúr nach ionann lena gcultúr féin. Téann sé i bhfeidhm go mór orainn, nuair a fheicimid an tionchar, atá ag fhinnéacht do luacha an tSoiscéil, ar shaol na ndaoine óga, ó na hEaglaisí éagsúla áitiúla, mórthimpeall an domhain. Léiríonn sé go bhfuil spiorad

an tSóisceil beo beathach i measc na gCaitliceach óg is cuma cén cúlra cultúrtha atá ann agus go bhfuil iliomad daoine óga sna ‘hEaglaisí óga’ atá sásta a saol agus a mbuanna ó Dhia a ofráil chun dea-scéal an tSoiscéal a chraobhscaoileadh sa domhan inniu. Ó Chaisleán an Bharraigh, Co. Mhuigh Eó an tAthair Tommy. Oirníodh é ina shagart i Dalgan Park sa bhliain 1974. D’oibrigh mar mhisinéir sa Chóiré, agus sa Téaváin. Bhí sé ina Stiúrthóir Réigiúnda in Éirinn sular ceapadh é ina Uachtarán Ginearálta ar Cholmánaigh an domhain. Chaith sé tréimhse sé bliana mar Uachtarán ar an Ord. Tá sé ar shaoire shabóideach in Éirinn i láthair na huaire.

Intinn Mhiseanach an Phápa do Mhí na Bealtaine 2013 Go ndéantar tréadaithe de dhaltaí na gcliarscoileanna, go háirithe díobh siúd sna hEaglaisí miseanacha, agus iad i gcónaí ar aon dul le croí Chríost, agus lán dúthrachta chun an Soiscéal a fhógairt.

TIMIRE Spring_2013.indd 15

05/02/2013 12:56


16

Timire

Oidhreacht Phádraig [Aitheasc na Féile Pádraig san Leas Ard-Eaglais, B.Á.C., 2012 Seán de Bhál (S.P. Chluain Dolcáin)]

‘Imígí faoin domhan uile; fógraígí an Dea- Scéal’ A Uachtaráin, a Ard Easpaig, a Bhaill Chaibidil na hArd Eaglaise, agus a phobal Dé, idir chléir is tuaith. Táimid ag comóradh Lá Fhéile Pádraig anseo san Leas Ard Eaglais, ach tá ceiliúradh na Féile Pádraig tosaithe cheana féin ar shráideanna na cathrach anso i mBaile Átha Cliath agus ar fud na tíre le taispeántais, mórshiúil is le bannaí ceoil. Tá an scléip forleathan agus is iontach san! Is breá an rud é an ceiliúradh – agus tá gá leis an scléip ó am go chéile! Ag an tráth seo den bhliain, nuair a bhíonn súile an domhain orainn, is gnáthach machnamh a dhéanamh ar staid na tíre agus ar a bhfuil fágtha den oidhreacht shaibhir a d’fhág Pádraig Naofa againn. Tá iarsmaí agus rian chreidimh Phádraig le feiceáil go fóill sna fothraigh atá timpeall na tíre - mainistreacha, cealla, cillíní, cloig-thithe, mar atá i lár na sráide i mo pharóiste féin i gCluain Dolcáin. Cuireann siad i gcuimhne dúinn Ré Órga na Críostíochta a bhí i mbláth sa tír seo, ré a d’eascair ón gcreideamh a chraobhscaoil Pádraig. Bhí ard-mheas ar léann agus cráifeacht sna mainistreacha sa ré sin agus thug na manaigh na seoda luachmhara sin, léann agus cráifeacht leo thar lear go hOileán Í na hAlban agus go mórthír na hEorpa chomh fada le Bobbio na hIodáile. Tá lámhscríbhinní ar nós Leabhar Cheannanais agus déantúsáin ealaíonta ar nós Cailís Ardachaidh ón ré sin imeasc iontais mhóra an domhain. Tá siad ar taispeáint i leabharlanna agus in iarsmalanna agus an-tóir ag cuairteoirí orthu. Tá bua na cruthaitheachta faoi bhláth sa tír seo fós agus tá clú agus cáil ar cheol, litríocht, drámaíocht, ealaíon, scannáin agus rince na hÉireann. San Eaglais smaoinímid ar an gcreideamh – an creideamh a tháinig chugainn trí Phádraig. Deir sé ina Fhaoistin gur tháinig sé ar ais inár measc le dea-scéal a chraobhscaoileadh mar gur chuala sé glór na nGael ag impí air filleadh. Tréith shainiúil den spioradáltacht Cheilteach a bhaineann leis an luath-Chríostaíocht ná an tslí inar chreid ár sinsir i láithreacht Dé sa dúlra agus i ngach neach beo dár chruthaigh Dia. Bhí an creideamh sin láidir imeasc na gCeilteach roimh theacht Phádraig. Nuair a bhí Pádraig féin fuar, fliuch, ocrach, uaigneach ina aoire ar thaobh an tsléibhe, bhraith sé láithreacht Dé ina thimpeall agus thosaigh sé ag guí. Mar thoradh air sin bhí ar a chumas nascadh a dhéanamh idir an reiligiún Ceilteach agus an Chríostaíocht. Tá athbheochan sa Spioradáltacht Cheilteach le braith i láthair na huaire mar is spioradáltacht dúchasach í atá in oiriúint dár meon. Tá oidhreacht Phádraig beo beathach fós san dá oilithreacht a d’fhág sé mar uacht againn – Cruach Phádraig i gCo. Mhuigheo agus Purgadóireacht Phádraig i gceartlár Locha Deirge i gCo Thír Chonaill. Bíonn óg agus aosta, agus daoine as gach aicme shóisialta sa tír seo agus ó thíortha i gcéin ag triail ar an dá ionad seo. Ní foláir nó ba dhuine ar leith é Pádraig a d’fhág rian chomh buan, so-fheicthe sin ar gach gné de shaol an phobail sa tír seo agus ar fud an domhain. Is sa dá dhoiciméad a scríobh sé féin, an Confessio agus an Litir Chuig Coroticus a fhaighimid léargas ar Phádraig mar fhear

TIMIRE Spring_2013.indd 16

05/02/2013 12:56


Timire

17

le creideamh láidir, a thug maithiúnas dá naimhde agus a rinne nascadh idir chultúir. Cé gur mhair sé beagnach míle go leith bliain ó shin tá mór-chuid le foghlaim againn uaidh sa lá atá inniu ann go speisialta san Eaglais atá fós faraoir faoi scáil uafásach na bpeacaí eaglasta. San dá dhoiciméad a luaigh mé feicimid go bhfuil bun-mheon Phádraig bunaithe, fréamhaithe go hiomlán i meon Chríost – ar aon dul le Naomh Pól a dúirt gurbh ionann a bheatha féin agus Críost. Ina litir chuig saighdiúirí Choroticus deir sé gur spreag fírinne Chríost é a mhuintir agus a thír dhúchais a thréigean agus a shaol go bás a chaitheamh ag craobhscaoileadh an chreidimh. Tá an meon céanna le cloisteáil i Lúireach Phádraig; ’Críost liom, Críost romham, Críost im’ dhiaidh, Críost ionam’ agus araile. Tá géarchéim gheilleagair sa tír seo faoi láthair agus ísle brí le mothú imeasc an phobail. Ach tá géarchéim níos doimhne fós le braith ‘sé sin géarchéim chreidimh. Tá géar-ghá le hathnuachan chreidimh a bheidh bunaithe go fírinneach ar ghaol pearsanta le hÍosa Críost, an tslí, an fhírinne agus an bheatha. Ní foláir dúinn filleadh ar na foinsí a chothaigh creideamh Phádraig mar atá: machnamh ar na scrioptúir, guí agus glacadh na sacraimintí. Sa tslí sin cothófar meon Chríost féin ionainn, meon a bhí in easnamh orthu siúd a bhí gafa le saint gan srian, gan staonadh i rith ré an Tíogair Cheiltigh agus orthu siúd a bhí ag truailliú páistí agus ag déanamh faillí i gcosaint leanaí. Tá ábhar dóchais agus misnigh againn san iomann Rian Phádraig a chum Oilibhéar Ó Croiligh agus ar chuir Pat Ahern ceol leis: Rian an ghrá go buan san Eaglais, Ainneoin peacaí, pian is crá; Briathar misnigh dúinn ó Phádraig: ‘Déanfaidh sibhse fós níos fearr’. (Rian Phádraig) agus Fógraímis dea-scéal beo Le lúcháir is le bród, Ar nós Pádraig, fáidh, a shiúil Go spreagúil, croíúil, dóchasach, misniúil. (Aistriúchán a rinne Mairéad Ní Bhuachalla ar an véarsa deiridh den iomann Though We Are Many) Dóchas linn, Naomh Padraig! Guím beannachtaí na féile oraibh uile.

TIMIRE Spring_2013.indd 17

05/02/2013 12:56


18

Timire

An Spioradáltacht Iognáideach: SAOL INMHEÁNACH Brian Ó Laoire SJ Is mar bhunaitheoir Chumann Íosa (na hÍosánaigh), ord rialta atá tiomanta do sheirbhís ghníomhach na hEaglaise agus phobal uile Dé, is mó atá aithne ar Iognáid Loyola (1491-1556). Go gairid tar éis dó seasca bliain a shlánú, tháinig imní air, mar gheall ar a dhrochshláinte, nárbh fhada uaidh an bás. Mar sin, theastaigh óna chompánaigh go n-inseodh sé scéal a bheatha ionas go mbeadh sé ina thiomna dóibh siúd agus do na glúnta a bhí le teacht. Ní raibh dírbheathaisnéis de réir na céille is beaichte á lorg acu ach chuir siad a n-iarratas i gcaint mar seo a leanas: ‘A rá linn conas a threoraigh an Tiarna é ó thús a thiontaithe chun Críost’. Chiallaigh sé seo go mbeadh Dia mar phríomhphearsa sa scéal seachas Iognáid. Bheadh sé ina ‘dhírbheathaisnéis spioradálta’ mar an ceann a d’fhág Agaistín sna Faoistini nó Treasa d’Avila i Leabhar a Saoil. D’aontaigh Iognáid go doicheallach agus tugtar dírbheathaisnéis go coitianta anois ar an insint atá againn. Toisc, áfach, gur féidir leis seo a bheith míthreorach, úsáideann formhór na n-aistriuchán nua-aimseartha teidil mar Turas Oilithrigh nó go simplí ‘Athchuimhní’. ‘Scéal an Oilithrigh’ atá ar an leagan Gaeilge againne. Is é an leabhar gearr seo is fearr a thugann céadaithne dúinn ar an Spioradáltacht Iognáideach. Léann muid faoi thiontú Iognáid i gcaisleán a mhuintire ag Loyola i dtír Bhascach thuaisceart na Spáinne. Goineadh go dona é agus é le fuadar ag iarraidh

TIMIRE Spring_2013.indd 18

Bunreachtanna an Oird á scríobh ag Iognáid Loyola

Pamplona a chosaint i gcoinne arm ionróirí Francacha. I rith na míonna fada téarnaimh, bhuail leadrán é agus d’iarr sé roinnt leabhar eachtraí ridireachta chun an t-am a chaitheamh. Ní raibh a leithéid ar fáil agus, mar sin, tugadh Beatha Chríost dó agus bailiúchán scéalta faoi na naoimh. Léigh sé na leabhair seo agus a shuim iontu ag méadú agus, de réir a chéile, mhothaigh sé é féin á mhealladh ag an ábhar a bhí iontu. Ach, ag amanna eile, mhothaigh sé a mhianta coitianta ag filleadh ann féin, á shamhlú féin ag déanamh beartanna móra ridireachta, go háirithe faoi réir ‘mná uasail ar leith’. Bhain sé pléisiúr as an dá chineál smaointe ach, ar deireadh thiar, thosaigh sé ag tabhairt rud tábhachtach faoi deara. Bhí an difríocht seo ann, áfach. Nuair a smaoinigh sé ar chúrsaí saolta bhain sé aoibhneas astu, ach tar éis dó éirí cortha díobh agus iad a chur as a cheann, mheabhraigh sé é féin leamh agus míshona. Ach nuair a smaoinigh sé ar aithris a dhéanamh ar na naoimh ní amháin go bhfuair sé sólás sna smaointe seo ach, fiú nuair a d’fhág siad é, d’fhan sé sonasach, lúcháireach.

05/02/2013 12:56


Timire

19

dá chuid léitheoireachta faoi Chríost nó Níor mhachnaigh sé ná níor stop na naoimh, agus, os a choinne sin, an sé chun an difear seo a iniúchadh sásamh a mhothaigh sé mar fhreagairt go dtí lá amháin nuair a osclaíodh dá chuid samhlaíochta a shúile ar bhealach faoi bhearta misniúla agus a thosaigh sé ag agus faoi sheirbhís déanamh iontais den dá bhean uasal, difear seo agus ag chlaochlaigh an sásamh machnamh air. sin ina iarmhairtí Cheana féin, bhí codarsnacha. D’fhág Iognáid ag brath an ghá an chéad cheann faoi a bhí le féinfheasacht. shólás é ach d’fhág an Tá saol inmheánach dara ceann míshásta braistintí agus é. Cén fáth an difríocht mothúchán, mianta seo? An raibh brí léi? agus dúile, smaointe ‘Diaidh ar ndiaidh, agus samhluithe ann. bhraith sé de réir a chéile Tá roinnt daoine i na meonta éagsúla a dteagmháil leis an bhí á chorraí; ceann ag saol inmheánach seo teacht ón diabhal, an ach tá daoine eile ann ceann eile ag teacht ó nach bhfuil amhlaidh. Dhia’ [8]. Seo an síol a Tá mórán chomh tháinig chun a bheith tógtha leis an saol mar chuid lárnach seachtrach, le hobair, le Céadchompánaigh Iognáid Loyola den spioradáltacht gníomhaíocht agus le Iognáideach - ealaín na grinnaithne treallús chun ratha, nach dtugann siad (discernment), an ghrinnsonraithe, nó aird ar an ní ar ar ghlaoigh Iognáid níos ealaín an éargna. déanaí ‘gluaiseachtaí inmheánacha’, nó go gcoisceann siad a leithéid. Mar Féach an t-alt a leanann seo faoin bhfocal sin féin, fiú ar an leibhéal síceolaíoch, is fearr mar aistriúchán ar an gcoinceap tá na gluaiseachtaí inmheánacha ‘discernment’ ag Iognáid Loyola. seo riachtanach mar chuid dhílis den té is ea sinn. Níos ríthábhachtaí fós, Leabhair foilsithe ag Foilseacháin is bealach suaithinseach iad trína Ábhair Spioradálta (FS) faoi Iognáid dteagmhálann Dia linn. Is tríothu a Loyola mheallann sé sinn chuig luachanna an Scéal an Oilithrigh – Iognáid Loyola ina tsoiscéil agus chun Críost a leanúint. Is chuid focal féin. Alan Mac Eochagáin SJ a é seo a bhi ag tarlú d’Iognáid. d’aistrigh, 2009, 157 lth, €10 Ar a shon sin, áfach, níl sa Cleachtaí Spioradálta Naomh Iognáid bhféinfheasacht ach tús an aistir. Is Loyola. Diarmuid Ó Laoghaire SJ a gá taithí inmheánach a mhíniú nó a d’aistrigh, 1991, €5 ‘aithint’. Thosaigh Iognáid ag tabhairt Iognáid Loyola. Beathaisnéis ag difríochtaí faoi deara sa bhealach inar Donncha Ó Ceileachair, 1962. €3 tháinig a ghluaiseachtaí inmheánacha Seol fiosrúcháin nó orduithe chuig chun cinn. Sa chéad chás de an sásamh eolas@spiorad.ie nó cuir glaoch a mhothaigh sé mar fhreagairt thosaigh ar 01-7758502

TIMIRE Spring_2013.indd 19

05/02/2013 12:56


20

Timire

Ceist Foclóireachta faoin téarma ‘diseirnimint’ D’ardaigh an tAthair Brian Ó Laoire SJ ceist linn i leith aistriúchán beacht ar an téarma ‘discernere’ (Laidin); ‘to discern’ (Béarla), ‘discerner’ (Fraincís) go bhfuil brí ar leith aige anois i litríocht na spioradáltachta. Chuir grúpa beag againn, anseo sa Timire, chuige le focal a bheadh nádúrtha agus so-thuigthe i nGaeilge an lae inniú a aimsiú le cur i bpáirt leis an focal ‘éargna’ atá ag Breandán Ó Doibhlinn mar aistriúchán. Bhí an aidhm chéanna againn is an aidhm a chuir an Ath. Breandán i bhfocail go soiléir sa Sanasán Diagachta: ‘fanacht laistigh de thraidisiún ársa onórach na smaointeoireachta Críostaí sa Ghaeilge agus beocht úr a chur ann nuair is féidir’. Seo cuid de na tuairimí a tháinig chun cinn agus muid ag obair. Cuirimid os comhair léitheoirí an Timire iad le súil cabhrú lena chéile brí an léargais a bhí ag Iognáid a thuiscint níos fearr tré díospóireacht bheag a mhúscailt eadrainn.

úsáideach. (Breathnaigh Ó Duinnín); 2) Grinním; Tá ainmfhocal gaolmhar leis, grinneas; agus tá aidiacht ann freisin, grinn; agus in éineacht le focail eile mar chomhfhocal: grinneolas; grinnbhreathna; An mbeadh ceachtar de na focail seo in ann míniú an fhocail discernere a iompar? Nó an mbeadh sé tuatach iad a nascadh le chéile, e.g. grinnsonnrú?

Tuairimí, agus dátaí amháin leo:

20/12/12

18/12/12

‘Aithint’ atá ag an Ath Diarmuid Ó Laoghaire sna ‘Cleachtaí Spioradálta’. Creidim féin go bhfuil cuid mhaith de ‘idirdhealú’ in discernere. Arbh fhéidir linn focal úr ‘idiraithint’ a chumadh? ‘Idiraithint na Spiorad’

19/12/12

Tá dhá bhriathar a thagann chugam go mb’fhiú smaoineamh orthu mar aistriú ar discernere. Tá blas na Gaeilge ar an dá cheann, rud is maith liom. 1) Sonnraím; Tá ainmfhocail and aidiachtaí gaolmhar leis a bheadh

TIMIRE Spring_2013.indd 20

Maith thú. Is breá liom an dá mholadh sin. Cuireann an chomhfhocal nua ‘grinnsonrú’ in iúl gur coinceap úr don Ghaeilge atá i gceist.

20/12/12

Níl a fhios agam! Ach ní dóigh liom go dtuigfeadh mórán léitheoirí ‘éargna’. Ar ndóigh d’fhéadfaí foclóirín a chur i dtús nó i ndeireadh an ailt. An ionann ‘discernment’ na spioradáltachta agus rud a fheiceáil go cruinn, a thuiscint direach cad é agus rogha/idirdhealú a dhéanamh ina leith? Clúdaíonn ‘aithin’ na bríonna seo ar fad, ach i gcomhthéacsanna éagsúla

05/02/2013 12:56


is dócha – níl cleachtadh againn ar na míniúcháin sin ar fad a bheith ann ag an am céanna.

20/12/12

Bhi muid ag caint faoi agus tháinig muid ar grinnaithin, grinnaithne, grinnaithint – céard a cheapfá? Tá an focal ‘sonraí’ agus ‘sonrú’ imithe isteach go láidir sa ríomhaireacht anois mar ‘data’ agus ‘specify’. Feictear dúinn go bhfuil níos mó den smaoineamh ag baint le discernment – sórt ‘facts and figures’ a bhaineann le sonraigh, sonrú. Grinnsonraigh – give acutely observed details. An oirfeadh grinnaithint, meas tú?

25/12/12

Maidir le focal Gaeilge ar discernment, níl mé an-tógtha le ‘grinnaithint’ etc. Tá an focal ‘aithint’ leamh go maith mar fhocal, agus gan aon saibhreas ann. Ní thugann sé le fios go bhfuil cuardach anama i gceist le discernment, agus tuiscint de chineál atá éagsúil ón aithint a chuireann tú ar dhuine nó rud nó fírinne eolaíochta. Baineann discernment leis an gcuardach chomh mór agus a bhaineann sé leis an toradh, agus b’fhéidir níos mó. Ní chuireann ‘grinnaithint’ in iúl an turas nó an ghluaiseacht atá iontuigthe sa bhfocal mar atá sé ag Iognáid. Caithfidh mé a rá go bhfuil iontas orm gur ghlac an tAth. Diarmuid le ‘aithint’ mar aistriú ar discernment. Glacaim leis go bhfuil an focal ‘sonrú’ á úsáid go mór sa ríomhaireacht faoi láthair, ach ceapaim go mbeadh sé in ann mínithe eile a bhreith leis freisin. De na focail eile atá luaite tá saibhreas sa bhfocal ‘léirím’, etc., agus b’fhiú smaoineamh ar a úsáid. Ceard faoi ‘grinnléirím, ‘grinnléiriú’, etc? An fearr é ná ‘grinnsonnraím’, etc?

TIMIRE Spring_2013.indd 21

Eanáir 2

Athbhliain faoi mhaise duit féin agus do do chomhluadar. Ciallaíonn ‘léiriú’ rud a thaispeáint do dhuine/dhaoine eile. Sin atá ag Ó Dónaill freisin: léirigh amach é; léirigh ar an tseilf iad, Tugaim léiriú grinn, ar (radharc). Ciallaíonn ‘grinn’ i gcomhfhocal an briathar a leanann é a dhéanamh go domhain, go cruinn, go críochnúil. Is ionann brí le ‘léirigh go grinn’ agus ‘grinnléirigh’. Thuig mé go ndéanann duine ‘discernment’ laistigh de féin, dó féin.

Eanáir 2

Is speis liom an méid atá á rá faoi aithint. An bua a bhí ag rogha Dhiarmuid ná an tsimplíocht. An rud nach bhfuil ag ‘aithint’ dar liom ná an idirdhealú, idir na spioraid. Maidir leis an fhocal discernir agus discernimiento níl an bhéim ar an turas ach ar rudaí a aithint ó chéile. ‘Considerar una cosa distinta de otra’. Sin brí an fhocail sna Cleachtaí Spioradalta. Mar sin de: Tá moladh amháin eile agam: scagadh; tá bunús iontach praiticiuil leis. Féach in Ó Duinnín agus Ó Dónaill. Iarraim ort é seo a chur faoi bhraid na ndaoine eile. Tá sé simplí agus tá seans ann go nglacfar leis go coitianta.

05/02/2013 12:56


22

Timire

Coláiste Mhuire: Traidisiún agus Forbairt An tSiúr Máiréad Ní Bhuachalla Bunú agus Suíomh

Bunaíodh Coláiste Mhuire, an chéad mheánscoil lán-Ghaelach do bhuachaillí i mBaile Átha Cliath, ar an 5ú Deireadh Fómhair 1931 in uimhir 6. Sráid Fhearchair (an áit ina bhfuil Conradh na Gaeilge anois) ar iarratas ó bhaill de chéad Rialtas an tSaorstáit. I mí Meán Fómhair na bliana 1933 bhog an scoil go suíomh nua i gCearnóg Pharnell agus is ann a lonnaigh sí go dtí Nollaig 2002. Ó Eanáir go Meitheamh 2003 bhí ranganna ar siúl i bhfoirgneamh Institúid Teicneolaíochta Átha Cliath i gCearnóg Mhuinseo fhad is a bhí foirgneamh nua sealadach á ullmhú ar shealúchas a bhain le Scoil na mBodhar i gCabrach. Bhog an scoil go dtí an suíomh sin ar Bhóthar Ráth Tó i mí Lúnasa 2003. Bhí athchóiriú á dhéanamh ar champas Scoil na mBodhar agus bhog an scoil arís i mí Eanáir 2012, an t-am seo go dtí foirgneamh buan, nuaaimseartha, dhá-stóras cóngarach don suíomh sealadach. Is ar an gCéadaoin, 9 Bealtaine a bhí oscailt oifigiúil an fhoirgnimh nua. A Shoilse, Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigín a nocht an phlaic chuimneacháin, An tAthair Dónal de Róiste a bheannaigh an foirgneamh agus Micheál Ó Muircheartaigh a bhí ina Fhear a’ Tí. Bhí ionadaí na n-Iontaobhaithe (E.R.S.T.), baill den Bhord Bainistíochta, tuismitheoirí, iar-mhúinteoirí, scoláirí agus foireann na scoile i láthair ag an ócáid fíor-thaitneamhach seo. San fhoirgneamh nua tá saotharlann, seomra ríomhaireachta agus seomraí le haghaidh

TIMIRE Spring_2013.indd 22

Adhmadóireachta,Tíreolaíochta, Gnó agus Eacnamaíocht Bhaile agus trealamh teagaisc nua-aimsire den scoth sna seomraí ranga. Tá halla againn sa scoil, cúirteanna peile agus cispheile sa chlós agus linn snámha, páirceanna imeartha agus ionad spóirt sa chomharsanacht.

Ceangal le Gluaiseacht na Teanga agus Gluaiseacht na Saoirse

Bhí dlúth-bhaint ag uimhir 25, Cearnóg Pharnell le gluaiseacht na teanga agus le gluaiseacht na saoirse i dtosach an chéid seo caite. Príomháras Chonradh na Gaeilge ba ea é. Bhíodh ranganna Gaeilge ar siúl ann agus is ann a foilsíodh ‘An Claidheamh Solais’. Cláraíodh na hÓglaigh ann i 1913 agus is ann a beartaíodh Éirí Amach na Cásca 1916. Is sa teach stairiúil seo a bhí an Roinn Oideachais agus Aireacht na Gaeilge faoin gcéad Dáil Éireann agus is ann a clóbhualadh na litreacha a bhain le Conradh 1921. I measc na ndaoine a thaithigh an áit bhí: Dubhghlas de hÍde, Pádraig Mac Piarais, Seán Mac Diarmada, Tomás Mac Donnchadha, An Raitheallach, Éamonn de Valéra agus Tomás Ághas.

Robur et Virtus, Pro Deo, Pro Patria

Bhain an Coláiste clú agus cáil amach mar gheall ar fheabhas an oideachais a cuireadh ar fáil ann. ‘Robur et Virtus, Pro Deo, Pro Patria’ - neart agus suáilce ar son Dé agus ar son ár dtíre - sin mana an Choláiste. Cothaítear neart agus suáilce, creideamh agus tírghrá sna scoláirí atá fénár gcúram trí oideachas a chur ar fáil tré Ghaeilge atá fréamhaithe in ár n-oidhreacht Ghaelach Chríostaí.

05/02/2013 12:56


Timire Tá an teist sin le fáil imeasc ár n-iarscoláirí. Castar ort iad i ngach gairm sa tír seo agus i gcéin, ard-chéim bainte amach acu agus uaisleacht, dílseacht agus daonnacht ag baint leo. Táimid an-bhródúil as an oidhreacht uasal seo agus fíor-bhuíoch díobh siúd a chruthaigh í. Cláraíodh cailíní sa Choláiste sna nóchadaí.

Cineál Scoile

Meánscoil Chaitliceach Dheonach lán-Ghaeilge do bhuachaillí agus do chailíní idir 12 agus 18 mbliana d’aois is ea Coláiste Mhuire faoi Iontaobhacht Scoileanna Éamainn Rís atá neadaithe sna cúig bhuneilimintí seo a leanas; Cothú creidimh, spioradáltacht Chríostaí agus luachanna an tSoiscéil; Cruthú páirteachais i measc phobal na scoile; Sármhaitheas i dteagasc agus i bhfoghlaim; Cothú pobail cheanúil scoile; Spreagadh ceannaireachta feabhais Mar chomhartha air sin cuirimid romhainn atmaisféar cothrom, tuisceanach a chruthú sa scoil áit a ndírítear ar riachtanais an duine óig, idir riachtanais fhoghlama, fhorbartha agus fheabhais. Bord Bainistíochta a dhéanann an scoil a riaradh thar ceann na n-Iontaobhaithe. An Roinn Oideachais agus Scileanna a chuireann maoiniú ar fáil don scoil agus feidhmíonn an scoil de réir rialacha agus treoirlínte na Roinne sin mar a leagtar síos ó am go chéile iad. Tá Cumann Tuismitheoirí gníomhach ag an scoil agus Comhairle Scoláirí.

TIMIRE Spring_2013.indd 23

23

Cúrsaí ar fáil

An Teastas Sóisearach, An Idirbhliain, an Ardteistiméireacht

Imeachtaí Seach-churaclaim

Athraíonn raon na n-imeachtaí a sholáthraítear ó bhliain go bliain. Ní liosta uileghabhálach é seo: Peil Ghaelach, Iomáint, Camógaíocht, Sacar, Cispheil, Lúthchleasaíocht, Eitpheil, Drámaíocht, Díospóireachtaí, Ceol Traidisiúnta.

Fís Oideachasúil na Scoile

Cuireann Coláiste Mhuire roimpi mar chuspóir, chomh fada agus is féidir, leis na hacmhainní atá ar fáil don scoil, an timpeallacht oideachasúil is fearr ar féidir a chur ar fáil do na scoláirí ar fad. Déanaimid freastal ar na scoláirí tré bhéim a chur ar luachanna agus ar thraidisiúin sa scoil chomh fada agus a bhaineann le cúrsaí cultúrtha, teanga, sóisialta, fisiciúla, creidimh, mórálta agus spioradálta. Déanaimid gach dícheall freastal ar dhaoine faoi mhíbhuntáiste agus meas a léiriú ar shainiúlacht agus ar dhínit an uile scoláire faoinár gcúram go háirithe leis an gcóras tréadchúraim sa scoil. Cuirimid romhainn luachanna agus cleachtais Chríostaí a bhuanú sa saol comhaimseartha. Ag obair i bpáirt dúinn mar phobal scoile – scoláirí, tuismitheoirí, foireann agus an Bord Bainistíochta – cuirimid romhainn timpeallacht scoile a chruthú a chuirfidh ar chumas an uile scoláire forbairt intleachtúil, fisicúil, mórálta, sóisialta agus spioradálta a bhaint amach a cuirfidh ar a gcumas bheith réidh le háit a bhaint amach sa saol.

05/02/2013 12:56


24

Timire

Litir

Blessed Edmund Rice House Westcourt, Callainn Co Chill Chainnigh

8/1/2013 An tEagarthóir A chara, Ar léamh dom ‘An Timire’ (Geimhreadh 12/13) bhain mé taitneamh ar leith as an sliocht a scríobh an An Br. de Barra faoi Éamann Rís Beannaithe. Cé go raibh tionchar domhanda ag Éamann agus bunaitheoirí eile a linne is beag a scríobhtar futhu na laethanta seo. Tá laghdú tagtha ar líon na mBráithre sa domhan thiar ach tá borradh agus fás san Aifric, san Ind, i Meiriceá Theas agus Oceania. Chomh maith leis sin, tá forfhás ag teacht ar lucht leanúna agus Cairde Éamainn Rís ar fud an domhain. Tar éis 250 (Beyond 250 Edmund Rice Appeal)

I rith 2012, bliain comórtha 250ú lá breithe Éamainn, tosaíodh ar fheachtas idirnáisiúnta ‘Beyond 250 Appeal’ chun airgead a sholáthar do na hoibreachta atá ar bun ag na Bráithre sa tríú domhan. Is iontach cé chomh fial agus atá muintir na hÉireann in am seo an ghátair. Westcourt, Callain

Timpeall mile slí thiar ó Bhaile Callainn, tá an teach ina rugadh Éamann Rís. Tógadh an teach seo breis is 300 bliain ó shin. I 1962, cheannaigh na Bráithre Críostaí an teach agus roinnt beag talún ó Mhuintir Uí Néill a bhfuil gaol acu leis na Rísigh. Sa teach stairiúil seo, chuir siad iarsmalann agus tógadh séipéal cuimhneacháin in aice an tí. Freisin, tógadh láthair cuairteoireachta a osclaíodh in 1974. Tagann oilithrigh agus cuairteoirí ó chian agus ó chóngar go Callainn chun eadarghuí Éamainn Bheannaithe a fháil do dhaoine atá tinn nó i gcruatan. I rith 2012 tháinig daoine ó Buenos Aires, Montevideo, Sidney, Auckland chun omós a thabhairt do Bhunaitheoir na mBráithre. Más mian le duine ar bith achainí a chur trí eadarghuí Éamainn Bheannaithe is féidir scríobh go dtí na Bráithre Críostaí, Westcourt, Callainn, Co. Chainnigh. Cuirfear a n-ainmneacha i leabhar speisialta agus beidh siad i bpaidreacha laethiúla na mBráithre agus beidh cuimhne ar leith orthu in Aifreann mhí na Bealtaine. Cnoc Síon, Port Láirge

Is i bPort Láirge, a chaith Éamann Rís an chuid is mó dá shaol; is ann a pósadh é agus is ann a bhunaigh sé ord rialta. Nuair a fuair sé bás in aois 80, adhlacadh é i gCnoc Síon. I 2008, osclaíodh iarsmalann nua agus séipéal álainn ina bhfuil corp Éamanin Bheannaithe curtha. Áit thábhachach is ea Cnoc Síon i saol na cathrach. Tá cúrsaí agus imeachtaí d’óg agus aosta ar siúl ann. Tugtar ard agus aire ar leith d’eachtrannaigh, go mór mór dóibh siúd nach bhfuil Béarla acu agus iad sin atá ag lorg oibre nó áit cónaithe. Comhluadar idirnáisiúnta a chónaíonn sa mhainistir i gCnoc Síon atá faoi bhainistíocht ag Bráithre na Toirbhirte agus na Bráithre Críostaí. D.C Ó Muirthile Tuilleadh eolais: www.edmundrice.ie & www.edmundrice.org

TIMIRE Spring_2013.indd 24

05/02/2013 12:56


Timire

25

Haiku: más é do thoil é! Gabriel Rosenstock Issa agus a chuid Haiku:

Lá amháin cad a chonaic Issa, máistir haiku, ach gé fhiáin. Chum sé an haiku seo ar an toirt:

a ghé fhiáin cén tús a bhí le d’aistear? Níl sa haiku ach trí líne. Trí líne, ach tá an-chuid ann mar sin féin. Nach bhfuil? Ní raibh a fhios ag Issa cathain a chuir an ghé tús lena haistear fada – ná cén áit. Ní raibh tuairim aige cathain a thosaigh sí ar a haistear ná cén chríoch a bheadh leis ach an oiread. Ní raibh a fhios ag Issa ach í a bheith ansin, os a chomhair, ag an nóiméad sin. Gé! Gé fhiáin. Bhain sé lán a dhá shúl aisti. Sin is haiku ann. Do shúile a oscailt agus pé rud atá os do chomhair ag an am – míorúiltí beaga agus móra na beatha – iad a thabhairt faoi deara. Iad a fheiceáil i gceart, faoi mar a bheifeá ag féachaint orthu den chéad uair. Lig dóibh iontas a chur ort. An t-iontas sin a bhreacadh síos i dtrí líne agus tá haiku agat. Sliocht as ábhar leabhair ‘Haiku: más é do thoil é!’ le foilsiú amach anseo. Le caoinchead An Gúm.

Tomhas an Timire: 171

1

2

3

4

5

6

7

8

9

Naomh Iodálach a raibh an-dúil aige in ainmhithe. Tá liosta focal thíos. Tóg litir amháin as gach focal chun an freagra a fháil: PARÁID, LUAITHREACH, COINÍN, COILEACH, NEAD, SEACLÁID, SICÍN, UAN, CISEÁN

Scriobh TOMHAS ar chlúdach do litreach, agus seol do réiteach, mar aon le d’ainm agus do sheoladh, chuig:An Timire, 37 Sráid Líosain Íocht., Baile Átha Cliath 2, roimh 6 Aibreán, 2013. Tomhas 170: Freagra: Ruadhán Buaiteoir: Máire Caitríona Ní Ghallchobhair, Bóthar Alexandra, Corcaigh

TIMIRE Spring_2013.indd 25

05/02/2013 12:56


26

Timire

Im Leabharlann dom Crann Smola

Máiréad Ní Chinnéide

agus cainteoir dúchais Gaeilge. Is fear é atá stróctha idir a dhílseacht don choróin agus a bhá leis an chosmhuintir a ndearnadh éagóir orthu agus sa chéad scéal, An Crann Smola, tar éis dó fianaise a thabhairt faoi dhúnmharú Chaitlicigh agus na húdaráis ag iarraidh an teannas sa chathair a mhaolú, cuirtear amach as an chathair é chun tuairisc a scríobh ar áiseanna leithris i mbeairicí tuaithe.

Tá beagnach deich mbliain imithe ó foilsíodh an dá leabhar seo agus cé gur bhuaigh An Crann Smola duais Oireachtais i 2001 is beag atá scríofa faoi cheachtar acu, rud a chuireann iontas orm. I dtuaisceart na hÉireann i lár seascaidí an naoú aois déag atá an dá cheann suite agus éiríonn thar barr leis an údar an t-atmaisféar cúng ceartchreidmheach seicteach a bhí i réim in Éirinn i ré Victoria a chur i bhfriotal agus thar aon rud eile príomhphearsa neamhghnáth fhíorshuimiúil a chruthú sa bhleachtaire William Watters. Bleachtaire sa Chonstáblacht Ríoga atá ann. Tá Gaeilge aige a fuair sé ina óige óna sheanathair, ach is mar Phrotastúnach a tógadh é agus chaith sé seal san India sular liostáil sé san RIC. Tá teach aige i mBéal Feirste agus cumann rúnda idir é agus a chailín aimsire, Nábla, Caitliceach

Ar an chamchuairt seo tá neart ama ag Watters machnamh a dhéanamh agus cúrsaí an tsaoil a phlé lena chompánach Cameron, póilín tostach a bhfuil dúil aige san ólachán agus tá cuid de na ceisteanna a phléitear chomh tráthúil inniu agus a bhí ag an am sin. Tá muintir na tuaithe díreach ag teacht chucu féin tar éis anró an Ghorta agus téama a ritheann tríd an dá leabhar is ea téama an oilc. Sa Crann Smola téann Watters agus Cameron ar thóir fir a chreideann siad gníomhartha gránna a bheith déanta aige ach is beag sásamh a fhaigheann ceachtar acu nuair a bheirtear ar an choirpeach agus a dhaortar chun bháis é. I Rí na gCearrbhach tá cúis ag Watters machnamh a dhéanamh ar an nath cainte ‘is staid an maitheas ach is próiseas an t-olc’. Dála a lán daoine léannta eile de

Seán Ó Dúrois

Coiscéim 282 lch €5

Rí na gCearrbhach Seán Ó Dúrois

Coiscéim lch 303 €7.50

TIMIRE Spring_2013.indd 26

05/02/2013 12:56


Timire chuid a linne tá suim ag Watters san fhealsúnacht, sa dúlra agus i ndul chun cinn an chine dhaonna. Castar cuid de lucht léannta Bhéal Feirste orainn sa dá úrscéal, agus tá tábhacht ar leith le teoiricí Darwin i Rí na gCearrbhach. Úrscéal bleachtaireachta sa chiall tráidisiúnta atá ann sa mhéid is nach nochtar ainm an dúnmharfóra go dtí gar don deireadh cé go bhféadfadh an léitheoir géarchúiseach é a dhéanamh amach i bhfad roimhe sin. Scríbhneoireacht d’ardchaighdeán atá sa dá leabhar seo. Is léir ó na sliochtaí atá roimh gach caibidil go bhfuil cur amach ag an údar ar litríocht na Gaeilge. Tá ar a chumas fosta scéal maith a insint agus suim an léitheora a mhúscailt sna pearsana atá cruthaithe aige. Ba bhrea liom an triú leabhar a léamh faoin bhleachtaire William Watters.

I gCóngar i gCéin Pádraig Standún

Cló Iar-Chonnacht 236 lch. €12

Katie McGreal

Tá bunscéal iontach sa leabhar seo ach chaill an scríbhneoir chuid den bhunscéal sin le linn na scríbhneoireachta. Faigheann tú amach

TIMIRE Spring_2013.indd 27

27

gur bunscéal iontach a bhí ann ag deireadh an scéil, toisc gur deireadh iontach atá ann. Coinníonn an t-údar an chuid is fearr den scéal, dar liom, go dtí an deireadh. Is scéal faoi ealaíontóir Éireannach, darb ainm Adrienne, atá ann. Tá Adrienne ag iarraidh éalú óna saol in Éirinn i ndiaidh di scaradh óna fear céile. Is í an Veinéis san Iodáil, an áit a roghnaíonn sí dá saol nua, cathair lán d’ealaíon agus de bhia den scoth. Ach tá Éireannach eile ag déanamh an rud céanna sa chathair sin freisin ach ar chúiseanna éagsúla. Ba bhall den IRA é Giorgio. Ceapann muintir na hÉireann go bhfuil sé marbh agus tá seisean ag iarraidh gur mar sin a fhanfaidh cúrsaí. Ach ciallaíonn sé sin nach féidir leis an fhírinne a insint d’aon duine. Faigheann an léitheoir amach faoi sheansaol na beirte acu trí spléachtaí agus smaointí siar. Oibríonn sé sin go maith ag tús an leabhair ach tar éis tamaill, cailltear an scéal toisc nach dtarlaíonn aon rud nua. Cé nach scéal é ar féidir a dheireadh a thuar, tá sé scríofa ar bhealach intuartha. Casann na príomhcharachtair le chéile ar bhád Giorgio agus i ndiaidh sin ‘ní féidir (le Giorgio Adrienne) a chur as a chloigeann’. Tá áit lárnach ag an ealaíon sa scéal ach feictear domsa go bhfuil sé rólárnach. Déanann an t-údar cur síos ar gach rud a bhaineann leis an ealaíon le linn an leabhair agus mura bhfuil suim agat san ealaíon, ní bheidh mórán suime agat i gcodanna áirithe den leabhar. Chuir ‘I gCóngar i gCéin’ an leabhar ‘Aiséirí’ le hAlex Hijmans i gcuimhne dom. Tá an dá leabhar scríofa i nGaeilge bhreá shoiléir agus réasúnta simplí. Is leabhar don traein nó don bhus an leabhar seo agus ní bheidh an foclóir uait agus tú á léamh, rud a thaitin go mór liom!

05/02/2013 12:56


28

Timire

Déardaoin Mandála* Etáin Nic Cinngamhna Shuíomar le chéile Cois tine chroí Íosa Ag féachaint ar lasrach Go lár na h-oíche: Lasracha geala A d’eascair ó phian Lasair ag éaló Ó gach spíon Lasair an ghrá In arán is fíon In ár bpianta is spíonta Ag fágáil a rian.

Is bhog sé ár dteannas Le teas a ghrá; Is leáigh an imní Is cúis le crá; Is d’athraigh ár mbeatha Le maithiúnas fial Go saoirse ghrásta Ó dhaoirse ghiall.

Is chuamar abhaile I gciúnas na h-oíche: Ár spioraid ag damhsa Le saoirse na gaoithe; Is síol an ghrá Ag lasadh ‘nár gcroí, Le fáiltiú an aontais Mar sholas ár slí.

(*Holy Thursday)

An tAthair Cothraí Gógan C.S.Sp. Chuaigh an tAth. Cothraí ar shlí na fírinne, 13ú Eanáir Go ndéana Dia maith dó Ba fhear é an tAth. Cothraí a chaith a shaol le misinéireacht san Aifric agus nár chaill teagmháil leis an taobh Gaelach den saol riamh. Chuaigh sé chun na Nigéire i 1955. Bhí sé i mBiafra i rith an chogaidh sa tír sin, chaith sé tamall i gcampaí na dteifeach, tamall i bpríosún leis sula chuaigh go dtí an Tansáin agus go hOileán Mhuiris ar feadh tamaill ghearr. As sin chuaigh sé go dtí an Chéinia i 1972 mar ar fhan sé go dtí gur tháinig sé abhaile go hÉirinn i 2011. Múinteoir den scoth, scoláire, fear teangan agus fear a raibh dúil mhór aige in obair pharóiste a bhí san Ath. Cothraí. Scríobh sé machnaimh ar shoiscéil an Domhnaigh i dteangacha na hAifrice agus d’aistrigh sé go Gaeilge iad. Foilsíodh an chéad leabhar sa sraith, Machnaimh Shoiscéalacha Bl. A, i 2007 agus é fós ag obair sa Chéinia agus foilsíodh an tríú leabhar, Machnaimh Shoiscéalacha Bl. C um Nollaig seo. Tá leabhair eile scríofa aige i nGaeilge agus i mBéarla chomh maith le dánta sa dá theanga. Dar ndóigh ba mhac é le Liam S Gógan, file is foclóirí a d’obraigh leis an Ath Duinnín.

TIMIRE Spring_2013.indd 28

05/02/2013 12:56


29

Naoise Ó Muirí, Ardmhéara Bhaile Átha Cliath, ag seoladh Bliain na Gaeilge ar bharr Shráid Grafton

Bliain na Gaeilge 2013 Julian de Spáinn Scaoileadh 120 balún in áiteanna poiblí ar fud na hÉireann Dé Domhnaigh, 25 Samhain 2012 ag SPRAOI SA PHOBAL agus Bliain na Gaeilge 2013 á seoladh agus 120 bliain d’athbheochan na Gaeilge a cheiliúradh. Is féile bhliana ar son na teanga í Bliain na Gaeilge, áit go mbeidh imeachtaí spraíúla éagsúla á n-eagrú ar bhonn náisiúnta. Cuireadh tús le hathbheochan na Gaeilge in 1893 le bunú Chonradh na Gaeilge, agus tá mar aidhm ag Bliain na Gaeilge na mílte deis úsáide Gaeilge a chur ar fáil don 2 mhilliún den daonra ar an oileán a deir go bhfuil an teanga acu. Bhí seoltaí Bhliain na Gaeilge ar bun in Inis, Co. an Chláir; i nDoire; i mBéal Feirste; i nGaillimh; i gCaisleán an Bharraigh agus i mBéal an Mhuirthead. Ba iad Mícheál Ó Muircheartaigh, laoch spóirt áitiúil, agus Pádraig Ó Sé, ceoltóir clúiteach ó Chiarraí, a sheol Bliain na Gaeilge 2013 go hoifigiúil le teachtaireacht phearsanta réamhthaifeadta ón Uachtarán Michael D Higgins ar An Daingean, Co. Chiarraí, ag cur tús leis an bhféile Ghaeilge bhliana le clár imeachtaí speisialta roimh na tinte ealaíne bliantúla ar Oíche Chinn Bhliana. Bailíodh na mílte daoine ag Ceann an Ché, áit a chuala siad teachtaireacht

TIMIRE Spring_2013.indd 29

spreagúil an Uachtaráin do lucht labhartha na Gaeilge ar fud na cruinne. Bhí tinte ealaíne don teaghlach ar fad sula rinneadh an Bhliain Úr a fhógairt trí Auld Lang Syne a chasadh as Gaeilge. Ag trácht ar Bhliain na Gaeilge 2013, luaigh An tUachtarán Michael D Higgins gurb é Dubhghlas de hÍde, chéad Uachtarán na hÉireann, cathaoirleach chéad chruinniú Chonradh na Gaeilge in Iúil 1893 agus dúirt: ‘Tá ról na Gaeilge sa lá atá inniu níos tábhachtaí ná riamh agus brú ag teacht ar mhionteangacha ar fud an domhain mhóir. Is dlúthchuid dár gcultúr agus dár bhféiniúlacht í an Ghaeilge. Mar Uachtarán na hÉireann, tá mé an-sásta tacú go láidir le Bliain na Gaeilge – is linne an teanga agus braitheann a todhchaí orainn.’ Tá an tUachtarán ag moladh do chuile dhuine a gcuid Gaeilge a úsáid le comhghleacaithe oibre, le cairde, le gaolta agus le duine ar bith eile gur féidir le linn 2013. Tá breis agus 50 eagraíocht teanga agus chultúir eile ó cheann ceann na tíre ag glacadh páirte sa togra teanga tábhachtach seo – leithéidí de Chomhaltas Ceoltóirí Éireann, TG4, agus Aontas na Mac Léinn in Éirinn. Tá áis ar www.gaeilge2013.ie le himeachtaí áitiúla Gaeilge a chlárú agus le teacht ar eolas faoi na himeachtaí go léir.

05/02/2013 12:56


30

Timire

Síle Ní Chearúil

CROSBHORRÓGA Tá sean- traidisiún againn sa tír seo crosbhorróga (hot cross buns) a dhéanamh ar Aoine an Chéasta. D’fhoghlaim mé an t-oideas seo ó mo sheanmháthair nuair a bhí mé an-óg agus fós ullmhaím iad gach bliain. Tá sé de nós againn sa bhaile iad a ithe ag am tae ar Aoine an Chéasta ach tá go leor daoine a itheann don bhricfeasta iad. Má tá tú ag ullmhú na gcrosbhorróg seo don bhricfeasta fág iad sa chuisneoir le hardú thar oíche. Ardóidh siad an méid céanna ach toisc go bhfuil siad fuar ní ardóidh siad chomh tapa. Tóg amach as an gcuisneoir iad leath uair a chloig roimh bhácáil agus ansin bácáil iad mar is gnáth.

Comhábhair

500g plúr láidir 25g im 1½tsp giosta triomaithe (dried yeast) 1 ½tsp salann 1tsp cainéal (cinnamon) 1tsp spíosraithe measctha 50g sabhdánach (sultanas) 3bsp siúcra 350ml uisce (100ml uisce fiuchta, 250ml uisce fuar)

Taosrán crústa briosc 100g plúr bán Gráinnín salainn 50g margairín 2-3bsp uisce fuar

Síoróip Siúcra

2bsp uisce fuachta 4bsp siúcra mionaithe (castor) Modh: 1. Cuir an plúr sa bhabhla agus cuimil isteach an t-im. 2. Measc isteach an siúcra, salann, cainéal, spíosraithe measctha, sabhdánaigh agus an giosta. 3. Doirt isteach an t-uisce agus measc go

TIMIRE Spring_2013.indd 30

dtí go bhfaigheann tú taos. 4. Cas amach ar bhord plúrtha agus fuin le láimh ar feadh 10 nóiméad. 5. Gearr an taos le gearrthóir scóna mór agus leag amach ar thrádaire bácála gréiscthe (greased) iad. Clúdaigh le ‘cling film’ gréiscthe agus fág in áit té le hardú. Fág iad go dtí go mbíonn siad dhá oiread an bhuntomhais a bhí orthu. Tógfaidh sé seo idir 30-90 nóiméad. 6. Déan an taosrán, clúdaigh agus fág sa chuisneoir é. 7. Téigh an oigheann go 220°C/ gásmharc 8. 8. Cuir an siúcra agus uisce don síoróip i sáspán thar teas íseal agus déan é a théamh é go dtí go mbíonn an siúcra ar fad leáite. 9. Gearr an taosrán i mbandaí agus cuir ar bharr na mborróg iad le cruth croise a dhéanamh. Scuab an meascán de shiúcra agus uisce thar na borróga agus cuir san oigheann iad ar feadh thart ar 25 nóiméad. Bain ón oigheann iad agus scuab níos mó den meascán uisce agus siúcra tharstu. Bácáil iad ar feadh 5 nóiméad eile nó go dtí go mbíonn dath órga orthu.

05/02/2013 12:56


Timire

31

Méabh Ní Choileáin

BAIN TRIAIL AS!

Caipíní Cásca Nuair a smaoinítear ar aimsir na Cásca, tá go leor rudaí a thagann chun cuimhne, ina measc: bláthnanna deasa ag teacht aníos ón bhféar, uibheacha seacláide i bhfolach sa ghairdín, agus ainmhithe beaga atá díreach tagtha ar an saol. Lig ort gur féidir leat preabadh ar nós coinín óg nó ‘típ típ’ a rá amhail sicín beag leis na caipíní gleoite seo! Ag teastáil: Páipéar: dath bándearg, bán, buí agus oráiste Olann chadáis: dath bán, buí agus dubh (ar fáil i siopaí ceardaíochta agus siopaí puint) Gliú (ar nós Pritt-Stick) 1. Gearr amach banda páipéir mór go leor le dul thar timpeall do chinn.

TIMIRE Spring_2013.indd 31

2. Gearr amach cliatháin, cluasa, súile agus gné ar bith eile a smaoiníonn tú air. 3. Greamaigh leis an mbanda iad agus fág ar leathtaobh chun greamú. Nod: Is féidir gealra (glitter), péint nó do rogha rud eile a úsáid ar na caipíní beaga seo!

05/02/2013 12:56


Aspalacht na hUrnaí Chun bheith i do chomhalta, ní foláir duit iad seo a chleachtadh: An Ofráil Laethúil a rá gach maidin – féach leathanach a dó An Chomaoineach Naofa a ghlacadh uair sa mhí mar chúiteamh le Croí Rónaofa Íosa i bpeacaí agus i míbhuíochas an chine dhaonna Deichniúr den Phaidrín a rá gach lá ar Intinní an Phápa don mhí

Intinní an Phápa Márta 2013 Go méadaítear ár meas ar an nádúr, agus ar an fhios gur ó lámh Dé a tháinig an chruthaíocht uile lena cur faoi chúram an chine dhaonna ionas go mbeadh an duine freagrach as. Aibreán 2013 Go raibh ceiliúradh an chreidimh go poiblí agus le dúthracht mar bhuntobar na beatha do na fíréin. Bealtaine 2013 Go ndéana lucht riartha an chirt agus na córa gníomhú i gcónaí le hionracas agus le coinsias glan. Meitheamh 2013 Go mbuanaítear cultúr i measc na náisiún den chomhphlé, den chomhéisteacht agus den chomhurraim.

TIMIRE Spring_2013.indd 32

05/02/2013 12:56


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.