4 minute read

Dílis go Deireadh An tAthair Pádraig Ó Cuill

Dílis go Deireadh

An tAthair Pádraig Ó Cuill

Agus mé á scríobh seo, tá an Pápa Beinidict XVI, a chum an intinn seo thíos, imithe ar scor, agus an Pápa Prionsias tagtha i réim. B’fhéidir gurbh í seo ceann de na hintinní deireanacha a chum an Pápa Emeritus, agus go deimhin níorbh aon ionadh é má bhí an saol ag goilliúint air féin: ní amháin saol an domhain mhóir, ach an saol sa Vatacáin féin. Níl amhras orm mar sin féin ach go mothaíonn sé cé chomh gar is atá grá Dé don chine daonna, chomh gar don Eaglais, is chomh gar do gach duine againn.

Bíodh gur ghlac Mac Dé colainn daonna agus gur shlánaigh sé sinn lena pháis is lena bhás, tá an domhan fós go mór ar strae ó Dhia. Ní amháin go bhfuil tuirse agus cruatan an tsaoil ag goilliúint ar dhaoine agus gan ach an bás ag a dheireadh i ndán dúinn go léir, ach fós féin fágann an peaca rian láidir ar phobal an domhain.

Is é is cúis leis sin ná gur fhág Dia an tsaorthoil againn. Seolann Sé grástaí iomadúla inár dtreo, ach sa deireadh thiar caithfimid féin an rogha a dhéanamh. Ar an gcéad dul síos caithfimid glacadh leis go bhfuil Dia ann, gurb É a chruthaigh sinn, agus go bhfuilimid freagrach dó.

Fiú amháin daoine nach bhfuil aithne acu ar Dhia, tá guth ina gcroí istigh agus ina n-intinn ag insint dóibh go bhfuil dualgais orthu i leith a gcomharsan agus i leith Cumhachta atá níos airde ná iad féin.

Creideann Críostaithe, ar ndóigh, gurab é Dia a chruthaigh sinn, gur pheacaigh an cine daonna in aghaidh Dé ar chuma éigin, agus chun an scéal sin a chur ina cheart, gur ghlac Mac Dé (arb é Dia É, ar comhchéim leis an Athair agus leis an Spiorad Naomh) colainn daonna chun cúiteamh an mhasla a dhéanamh leis an Athair. Roghnaigh Sé é sin a dhéanamh ar bhealach pianmhar fuilteach chun gránnacht an pheaca a léiriú dúinn. Mhúin Sé dúinn chomh maith conas saol a bheadh taitneamhach leis an Athair a chaitheamh agus d’fhág an Eaglais againn chun sinn a stiúrú ar bhóthar an tslánaithe.

Tá go leor daoine áfach, agus go deimhin go leor Caitliceach nach dtuigeann agus nach gcreideann an méid sin, agus nach leanann na treoracha morálta a d’fhág Íosa againn. Ina áit sin cumann siad a ‘moráltacht’ féin. Tá a rian orthu. Coiriúlacht, saint, cos ar bolg, goid, mígheanmnaíocht, craos agus a lán eile: is é sin a fheicimid go minic inár dtimpeall in Éirinn sa lá atá inniu ann. Cruthaímid sochaí ghránna dúinn féin. Sinn féin a chuireann le hanró an tsaoil. Ní haon ionadh é go mbeadh daoine áirithe ag tnúth le fuascailt ón saol seo.

Ar ndóigh, ó thaobh na heacnamaíochta de, is é bás an ‘Tíogair Cheiltigh’ cúis an chruatain i gcás chuid mhór den phobal. Mar a léirigh an Dochtúir Deasún Fennell le déanaí, is amhlaidh a thréigeamar an ‘clár oibre’ a leag bunaitheoirí an Stáit síos dúinn (ó thaobh creidimh agus náisiúntachta: ach screamh thanaí ba ea ár gcreideamh agus ár náisiúntacht níos mó ná mar a cheapamar), agus is é a bhí sa Tíogar Ceilteach ná iarracht thruamhéileach ‘Éire Nua’ eacnamaíoch a chur i láthair an domhain. Ó thit sise ina plab is gá dúinn iarracht éigin eile a dhéanamh ár

bhféiniúlacht a chur in iúl mar is cuí.

Dar liom is é ba mhaith le léitheoirí ‘An Timire’ ná go mbeadh ár gcreideamh agus ár gcultúr ag neartú a chéile mar lóchrann i measc na náisiún. Ainneoin an éadóchais agus an chruatain mar sin tugaimis aghaidh go misniúil ar an saol. Tuigimis go bhfuil Dia, agus grá Dé, cóngarach dúinn i gcónaí. ‘Ba mheasa ná seo Páis Chríost’ – b’shin nath nó paidir a bhí ag ár sinsir, a thuig go maith cad ba chruatan ann. ‘Má tá Dia ar ár son, cé atá inár gcoinne?’ mar a dúirt Naomh Pól (an litir chuig na Rómhánaigh, 8:31). Má leanaimid lorg Chríost as ucht grá dó, beidh luach saothair againn a sháróidh pé cruatan a leagtar orainn. Agus seo beagán comhairle sa bhreis: má dhéanaimid iarracht ualach ár gcomharsan d’éadromú, ní bhraithfimid ár n-ualach féin a bheith chomh trom céanna.

Is é is gá dúinn mar sin, agus sinn ag tabhairt aghaidh ar chruatan an tsaoil, ná go mbeimis dílis do Chríost ár Slánaitheoir, agus go mbeimis dílis go deireadh. Bíodh gurb é seo gleann na ndeor, tuigimis go bhfuil aoibhneas neimhe i ndán dúinn, ach sinn a bheith cróga seasamhach.

Is é an tAthair Pádraig Ó Cuill, Caipisíneach, an Séiplíneach i gCalafort Bhaile Átha Cliath.

Intinn Choitianta an Phápa do Mhí Dheireadh Fómhair 2013

Na daoine atá traochta faoi thromualach an tsaoil, agus iad ag tnúth fiú lena chríoch, go n-airí siad a chomhgaraí dóibh is atá grá Dé.

This article is from: