5 minute read
Im Leabharlann Dom Seán de Fréine/ Séamas Ó Murchú
Im Leabharlann dom
Seán de Fréine Fo Stiùir a Faire
Màiri Nic Gumaraid
Leaganacha Gaeilge le Liam Prút Coiscéim 310 lch €12
Leabhar breá téagartha, idir ábhar, chaighdeán filíochta, agus mhéid, atá sa leabhar seo, imleabhar ina bhfuil mórchuid de shaothar an fhile mór-le-rá ó Eilean Leodhais in Inse Gall na hAlban. Tá Màiri Nic Gumaraid ar fhilí móra na hAlban, in aon cheann de na trí theanga ina scríobhtar saothar cruthaitheach na tíre sin i láthair na huaire. Stíl díreach neamhchasta atá aici, agus ní bheidh sé ródheacair ar Ghaeilgeoir riar mhaith dá bhfuil le rá aici ina cuid dánta Gàidhlig a thuiscint gan mórán stró, fiú mura bhfuil acu ach Gaeilge. Is ionann le ceacht fiúntach Gàidhlig na haistriúcháin atá déanta ag Liam Prút, ach an dá leagan de na dánta a léamh i dteannta a chéile. Tá Liam chomh cúramach dílis sin do fhriotal na mbunleaganacha nach dtagann sé riamh idir an bunúdar agus an léitheoir ach ar éigean. Sampla anmhaith de ealaín an aistritheora atá ina chuid oibre.
Tá trí phríomhthéama san chnuasach seo a dtuigfidh daoine dóibh: dílseacht dúchais, dílseacht teanga, dílseacht tíre. Is spéisiúil an cur síos a dhéanann an file ar imeachtaí atá cosúil lena chéile agus difriúil san am céanna i nGàidhealtacht na hAlban agus i nGaeltacht na hÉireann: mar shampla, a tuismitheoirí ‘Gach tráthnóna…/ Cois na gríosaí i ndeireadh lae/ Ag gabháil don Leabhar / I gcomhlíonadh Fheart an Tiarna’, ar nós a gcomhionann in Éirinn ag ghabáil ag an tráth céanna don Phaidrín. Nó an tuairisc a thugann sí ar latha buain na mòna (lá bainte na móna).
Dearann sí pictiúirí intinne atá soiléir maidir le háiteanna agus le mothúcháin a chur in iúl le héifeacht agus le heacnamaíocht focal. Agus baineann cuid dá bhfuil le rá aici le fadhbanna atá in Éirinn chomh maith: ‘Tá cuimhne agam ar bhean’ ar sise, ‘a thugadh siúcra (siúcair) do leanbh a labhraíodh sa Bhéarla / seachas sa Ghàidhlig.’
An t-aon rud amháin breise ba mhaith liom a fheiceáil ar an leabhar fónta seo ná réamhrá le Liam a thabharfadh eolas níos mó ar an fhile don léitheoir nár chas ar shaothar Nic Gumaraid cheana. Tá seanaithne aige ar a saothar. Ba chóir go mbeadh tuilleadh aithne uirthi abhus.
Old Church Street: A Memoir of Limerick
Críostóir Ó Floinn
Original Writing Ltd, Dublin 173 lch
Beidh aithne ag cuid mhaith léitheoirí ar an údar seo a bhfuil saothar den uile chineál curtha ar fáil aige i nGaeilge agus i mBéarla lena shaol. Bíodh gur i mBéarla atá an leabhar seo, ba mhaith liom é a lua, ó tháinig sé i mo threo tamall ó shin. Leabhar é a bhaineann le seánra tábhachtach, an stair áitiúil agus cuimhní cinn áitiúla, rudaí a chuireann go mór lenár dtuiscint don stáir ar an mhórscála náisiúnta. D’fhás an t-údar idir an dá chogadh mhóra san Eoraip, tréimhse atá ag dul as cuimhne agus nach dtuigtear i gceart ó tháinig an tíogar íogair gearrshaolach Ceilteach ar an fhód. Éinne a bhfuil aithne acu ar chathair Luimnigh, nó éinne a bhí ina pháiste in Éirinn sna tríochaidí agus sna daichidí, bainfidh siad spéis agus taitneamh, agus athnuachan cuimhní, as an tuairisc a thugann Críostóir ar an ionad sin agus ar an am úd. Cuireann sé síos ar nathanna cainte na linne, ar phisreoga, ar dheilíní sráide, ar chluichí agus nósanna súgartha páistí agus mórán mór eile.
Is ionadh liom an oiread sin cosúlachtaí a bhí idir na cúrsaí sin i Luimneach agus i mBaile Átha Cliath timpeall an ama chéanna – fiú ins na ranna a bhíodh á gcanadh ag na tachráin agus na girseacha. Ach, gach áit, tá an saol sin imithe ar fad beagnach, agus is ar éigean a thuigfeadh duine óg anois céard a bhí ann. Bhí cruatan ann nach bhfuil le fáil anois, ach bhí spraoi agus greann ann a bhí beag beann ar chaitheamh aimsire pacáistithe plaisteach na teilifíse. Tá léargas tábhachtach ar an ré sin le fáil san leabhar seo.
Léirmheas: Séamas Ó Murchú Séadna
Peadar Ua Laoghair a scríobh Liam Mac Mathúna a chuir in eagar
Cois Lifé, 2011 1xxii + 263 lch, €16
Bhí Scéal Séadna mar théacs scoile ag cuid againn inár n-óige. Gearrinsint ar Séadna is ea é sin, a foilsíodh ar dtús in 1947. Seoid bheag litríochta ann féin é, ach níl ann ach an tríú cuid den bhunleabhar. Bhí Séadna féin as cló ar feadh na mblianta, go dtí gur chuir Liam Mac Mathúna eagrán nua de ar fáil in 1987. Athchló ar an eagrán seo atá sa
leabhar maisiúil seo ó Cois Lifé.
In 1904 a foilsíodh Séadna ar dtús. B’é an chéad úrscéal sa Ghaeilge é (lasmuigh de lagiarracht ó Phádraig Ó Duinnín in 1901). Thaispeáin sé go bhféadfaí dea-phrós a bhunú ar theanga bheo na Gaeltachta; agus go bhféadfaí úsáid a bhaint as an mbéaloideas chun scéal nua-aimseartha a chumadh. Bhí sé mar spreagadh ag scríbhneoirí óga go ceann i bhfad ina dhiaidh sin.
Ní tábhacht stairiúil amháin atá le Séadna, dar ndóigh. Saothar cumasach is ea é, agus is fiú é a léamh fós. Scéal grinn atá ann go bunúsach. Ach mar fhráma timpeall ar an magadh tá scéal mí-ámharach Shéadna féin. Díolann sé a anam leis an Diabhal ar sparán óir (téama idir-náisiúnta béaloidis). Éiríonn leis teacht slán as an gcruachas ar deireadh thiar, ar shlí éigin nach bhfuil soiléir ar fad.
Sa réamhrá tugann Liam cuntas mion ar stair an leabhair. Bhí a lán deacrachtaí ag an Athair Peadar é a fhoilsiú. Chuir sé cuid de i gcló in Irisleabhar na Gaedhilge, cuid de mar leabhar ann féin, agus an chuid deiridh i nuachtán seachtainiúil. B’í Norma Borthwick a bhailigh an t-iomlán le chéile in 1904. Is ar eagrán Miss Borthwick a bhunaigh Liam an t-eagrán seo. Léitheoireacht riachtanach é do gach mac léinn Gaeilge.
Tomhas an Timire: 173
**COMÓRTAS**
Cuirfear cóip den leabhar seo go dtí an chéad duine a fhreagróidh an cheist seo: Cad is teideal done úrscéal eile a scríobg an tAthair Peadar?
Freagra ar chárta poist go dtí An Timire, 37 Sráid Líosain, Baile Átha Cliath 2
Buaiteoir an chomórtais deireanaigh: C Ní Luasaigh, Seskin West, Beanntraí, Co Chorcaí. Freagra: Naomh Éanna. Cóip de ‘Dúlra Oileáin Árann’ buaite aici.
1 2 3 4 5 6 7
D’ardaigh Íosa an fear seo ó na mairbh. Tá liosta focal thíos. Tóg litir as gach focal chun an freagra a fháil: SCéal, DánTa, zú, beaThaISnéIS, lIrIC, FoCal, aISTe
Scriobh TOMHAS ar chlúdach do litreach, agus seol do réiteach, mar aon le d’ainm agus do sheoladh, chuig:An Timire, 37 Sráid Líosain Íocht., Baile Átha Cliath 2, roimh 30ú Meán Fómhair, 2013. Tomhas 172: Freagra: Carthach Buaiteoir: Caitlín Ní Luasa, Ard na Sráide, Béal Átha an Ghaorthaidh, Co Chorcaí