4 minute read

An Spioradáltacht Iognáideach Brian Ó Laoire SJ

An tríú halt i sraith de cheithre cinn

An Spioradáltacht Iognáideach: Trí Shamhlaíocht go hUrnaí

Brian Ó Laoire SJ

An bhfuil baint ar bith ag an tsamhlaíocht le do chaidreamh le Dia? Leis an mbealach a nguíonn tú? Nó an tusa duine de na daoine sin a bhreathnaíonn ar an tsamhlaíocht mar réimse dainséir, réimse seachmaill, réimse calaoise b’fhéidir, nó réimse glanfhantaisíochta ar an gcuid is fearr de? Éiríonn na ceisteanna as tráchtanna a rinne an scoláire bíobalta, Dennis Nineham. Tugann sé le tuiscint gur ag leibhéal na samhlaíochta is laige atá Críostaíocht na linne seo. Leanann sé ar aghaidh, ag rá ‘go mbraitheann daoine deacair é creidiúint i nDia mar nach bhfuil aon phictiúr beoga samhlaíoch ar fáil dóibh ar an mbealach a bhfuil baint ag Dia leis an domhan mar is eol dóibh é. Is é an rud is mó a bhfuil gá acu leis ná scéal, pictiúr, miotas, a ghabhfaidh a samhlaíocht le linn dó comhghreamú lena gcéadfacht’.

Baineann an spioradáltacht Iognáideach mórán feidhme as an tsamhlaíocht. Mar shampla, agus é ag tabhairt cuireadh dúinn guí ar radharc i soiscéal, molann Iognáid dúinn a shamhlú go bhfuil sé ag tarlú os comhair ár súl. Níl muid le staidéar a dhéanamh air, é a anailísiú, ná teagasc morálta a lorg, ná fiú a bhrí dhiaga a chuardach, ach a bheith go simplí ina láthair, sinn féin a chur isteach ann, fiú páirt ghníomhach a ghlacadh ann. Má tá Íosa ag teagmháil le fear dall, mar Bartaiméas (Marcas 10:46-52), cén fáth nach samhlódh muid sinn féin mar dhuine de na deisceabail, faoi dhraíocht agus fiosrach faoina bhfeiceann siad. Nó níos fearr fós cén fáth nach dtógfadh muid áit Bhairtiméas, agus a éadóchas, a eagla agus a dhóchas a mhothú. Agus nuair a fhiafraíonn Íosa de ‘Cad ba mhaith leat a dhéanfainn duit?’ éist leis na focail amhail is gur chugatsa atá siad á rá anseo agus anois, agus tabhair freagra faoi do riachtanas féin, do laige féin. Ligeann sé seo Íosa a bheith níos réalaí dúinn, ní mar dhuine stairiúil i bhfad uainn, ach mar dhuine atá ina chuid dár saol agus atá ag iarraidh leigheas, misneach agus dóchas a thabhairt dúinn.

Glaonn Iognáid freisin ar ár samhlaíocht agus é ag cur urnaí a bhaineann leis an Tríonóid inár láthair. Sa chás seo is mian leis go ndéanfadh muid ár n-aire a dhíriú, ní ar bheatha inmheánach na Tríonóide féin, ach ar an mbealach a mbíonn an Tríonóid ag caidreamh leis an domhan agus a dhaoine. Mar sin léiríonn sé, i bhfocail Nineham thuas, ‘pictiúr beoga samhlaíoch ar an mbealach a bhfuil baint ag Dia leis an domhan’. Tabhair faoi deara cé chomh héifeachtach a dhéanann sé é seo sna Cleachtaí Spioradálta (106-107):

Feicfidh mé na daoine éagsúla, cuid anseo, cuid ansiúd. Ar dtús, iad siúd ar dhroim an – domhain, chomh héagsúil i bhfeisteas agus i mbéasa: cuid acu geal agus cuid eile dorcha, – cuid acu go síochánta agus cuid eile

ag cogaíocht, cuid ag caoineadh agus cuid eile ag gáire, – cuid sláintiúil agus cuid eile tinn, cuid á mbreith agus cuid eile ag fáil bháis, agus mar sin de.

Sa dara háit, feicfidh mé agus pléifidh mé na trí Phearsa Dhiaga, ina suí, mar a déarfá, ar – ríchathaoir A Mórgacht Dhiaga. Tá siad ag breathnú ar dhroim agus ar chúrsa iomlán an – domhain; agus feiceann siad na pobail agus iad dall ar gach rud, agus conas a – fhaigheann siad bás agus a théann siad síos go hIfreann.

Éistfidh mé lena bhfuil á rá ag na daoine ar dhroim an domhain; is é sin, conas a labhraíonn – siad lena chéile, a déanann siad eascaine agus diamhasla, agus mar sin de. Mar an – gcéanna, cloisfidh mé a bhfuil á rá ag na Pearsana Diaga, is é sin

“Saothraímis slánú an chine dhaonna.” ná radharc simplí soiscéil, ach is í ár samhlaíocht fós a ligeann dúinn dul isteach san insint. Tugtar cuireadh dúinn páirt a ghlacadh in éineacht leis na Pearsana Diaga agus iad ag breathnú síos ar an domhan, chun a bhfeiceann Siad a fheiceáil, chun freagairt mar a fhreagraíonn Siad – le bá agus le grá (seachas le breithiúnas). Treoraítear sinn chun an drochbhail atá ar an gcine daonna a aithint, ach taispeántar dúinn freisin conas a ‘shaothróidh an Tríonóid slánú an chine dhaonna’. Cuirfidh Siad duine Díobh Féin (dá ngairimid an Mac) chun an domhain i bhfoirm dhaonna. Mar sin, is é an tríú cuid den ‘triptic’ Iognáideach seo láthair Theachtaireacht an Aingil (Lúcás 1: 2638) mar a bhfeiceann muid nochtadh phlean na Tríonóide: ionchollaítear Íosa i mbroinn na Maighdine Muire. Cibé acu a ghluaiseann muid go samhlaíoch ón Tríonóid, chuig an domhan, chuig Muire – nó ó Mhuire, chuig an domhan, chuig an Tríonóid -- gabhtar sinn ag an mhistéir i gcroílár an chreidimh Chríostaí.

This article is from: