4 minute read

Tóg go bog é agus glac do scíth Pádraig Ó Fatharta

Tóg go bog é agus glac do scíth

Pádraig Ó Fatharta

I saol an lae inniu, tá daoine go leor mar a bheidís á dtiomáint, agus gan iad in ann stopadh. Ná ag iarraidh stopadh, tá an deifir imithe chomh domhain sin iontu. D’fhéadfadh duine bheith beagnach ar an dé deiridh le tuirse i ngan fhios dó féin, agus fós gan aon fhonn scíthe air. Tá tuilleadh ar mhaith leo scíth cheart a ligean ach nach bhfuil fhios acu cén chaoi. Tá daoine ann a airíonn ciontach faoi am a chaitheamh ag ligean scíthe, ach is cineáltas é mar, má shuaimhníonn sé duine, beidh an dream atá timpeall air in ann ceart níos fearr a bhaint de, agus beidh an duine féin in ann ceart níos fearr a bhaint díobhsean freisin. Ní i gcónaí go mbíonn easpa scíthe chomh neamhurchóideach ná chomh príobháideach is a cheapfaí, b’fhéidir, mar go dtarraingíonn sé mífhoighne, cantal nó achrann féin

Seo bealach le luí siar chun scíth dhomhain a ligean. Is é an chéad réiteach atá le déanamh agat i gcomhair do sheisiún scíthe ná déanamh cinnte nach mbeifear ag cur isteach ort. Ós uait scíth mhaith a ligean, suaimhneas a dhéanamh agus teacht chugat féin ó thuirse agus ó strus, lig do rothaí an tsaoil dul thart timpeall d’uireasa. Cas as an fón. Más gá, fág scéala le muintir an tí go bhfuil tú ag glacadh suaimhnis agus

gan cur isteach ort.

Déan cinnte go mbeidh tú sách te, mar faigheann do cholainn fuar agus tú i do luí go socair, agus bheadh sé fánach bheith ag súil le scíth mhaith agus tú fuar. Baineann tú díot do bhróga. Bord massage a b’fhearr a d’fheilfeadh le luí air – é breá daingean fút ach gan é róchrua ach an oiread. Dhéanfadh an t-urlár cúis chomh maith céanna, ach pluid nó dhó, nó rugaí, a bheith dúbailte fút. Bíodh boinn do chos ar an áit atá fút, agus iad leithead do pheilbhis ó chéile, nó mar sin, agus do shála chomh gar dod pheilbhis agus is féidir, caoi ar bith is nach bhfuil tú míchompordach. Tá do ghlúine suas, agus iadsan freisin tuairim is leithead do pheilbhis ó chéile. Beidh ort na glúine a choinneáil suas, is gan ligean dóibh titim isteach nó amach, ach ní mórán d’iarracht a theastaíonn lena aghaidh sin, agus is fiú go mór é mar go bhfuil luí mar seo thar cionn ag an droim. Má bhíonn boinn do chos ag sciorradh síos, d’fhéadfá éadach garbh nó píosa eangaigh a chur fúthu.

Bíodh cúl do chinn ar philiúr, cúl do chinn, sin an méid, ná bíodh aon chuid den philiúr faoi do mhuineál. Sin é an fáth go mb’fhearr an cloigeann a bheith ar leabhair lena aghaidh seo, b’fhéidir leabhair le clúdaigh bhoga, agus an té nach bhfuil aon chleachtadh aige air seo, b’fhéidir gur mhaith leis éadach fillte cosúil le scairf a bheith os cionn na leabhar. Teastaíonn taca ón gcloigeann agus tú i do luí ar do dhroim, mar go bhfuil an cloigeann níos faide chun tosaigh ná na guaillí i bhformhór na ndaoine. Maidir leis an méid leabhair nó tiús an philiúir, ní mór do dhuine é sin a mheas é féin, mar go bhfuil muid ar fad difriúil. Níl tú ag iarraidh do chloigeann a bheith tite siar an iomarca, ag cur brú ar chnámha agus dioscaí do mhuiníl, ach níl tú ag iarraidh ach an oiread cúl do chinn a bheith ardaithe aníos agus do smig síos, ag cur brú ar do scornach.

Dá mbeadh fonn ort corraí, rud amháin a d’fhéadfá a dhéanamh ná cos amháin a scaoileadh síos tamall, ansin í a thabhairt aníos arís, fanacht tamaillín, agus ansin an cleas céanna a dhéanamh leis an gcois eile. Bíodh do bhosa ar do bholg, nó sin bíodh do lámha ag síneadh síos le do dhá thaobh, agus sa gcás seo freisin, d’fhéadfá sealaíocht a dhéanamh dá dteastódh athrú uait.

Má tá tú rólag nó róthámáilte le bheith ag dul síos le luí ar an talamh, d’fhéadfá é seo a dhéanamh sa leaba, do chosa sínte síos, nó sin slám piliúir a bheith faoi d’ioscaidí.

Agus ansin? Á, bhuel, ní mór duit an chéad eagrán eile de An Timire a fháil le fios an rúin sin a fháil!

An Ofráil Laethúil

A Athair róghrámhair, tugaim suas duit gach a bhfuil romham inniu, gach smaoineamh, focal is gníomh, gach áthas is brón. Ofrálaim duit iad i bpáirt le Críost san Aifreann, ar intinn Chroí Íosa agus ar intinní an

Phápa, mar atá ... (féach leathanach cúil)... agus ar m’intinní féin. Deonaigh dom, trí spreagadh an Sprioraid Naoimh agus le cabhair ó Chroí Mhuire gan Smál, an lá seo a chaitheamh ag freastal ortsa agus ar dhaoine eile. Amen.

This article is from: