4 minute read

Beidh sibh in bhur bhfinnéithe agam An tAthair Pádraig Ó Máille

Beidh sibh in bhur bhfinnéithe agam

An tAthair Pádraig Ó Máille

Nuair a bhí Íosa ag fágáil slán len a dheisceabail tar éis a aiséirí, agus tar éis dó daichead lá a chaitheamh leo dhá neartú sa chreideamh, bhí teachtaireacht láidir, shoiléir aige dóibh:

Imigí faoin domhan go léir agus fógraigí an soiscéal don chruthaíocht uile. An té a chreidfidh agus a bhaistfear, slánófar é; ach an té nach gcreidfidh, daorfar é. (Marcas 16: 15-16)

Rinne na deisceabail mar a d’ordaigh Íosa:

Agus iad siúd, d’imigh siad leo agus chraobhscaoil siad i ngach áit agus chabhraigh an Tiarna leo ag neartú an Bhriathair leis na comharthai a lean é. (Marcas 16: 20)

I ndeireadh an tSoiscéil ag Lúcas, deir Íosa lena dheisceabail, ‘Is finnéithe sibhse ar na nithe seo’. Agus gheall sé dóibh go ngléasfaí iad ‘i gcumhacht ó uachtar neimhe’ chun go mbeadh ar a gcumas fianaise ionraic, dhiongbháilte a thabhairt do na ciníocha.

Sa leabhar Gníomhartha na nAspal insítear cé mar a chomhlíon na deisceabail an dualgas seo a thug Íosa dóibh roimh fhilleadh dhó ar a Athair. Agus é ag fágáil slán leo, seo mar a gheallann Íosa dóibh:

Gheobhaidh sibh neart an Spioraid Naoimh atá le tuirlingt oraibh agus beidh sibh in bhur bhfinnéithe agam ... a fhad le himeall an domhain. (Gníomhartha na nAspal 1: 8)

Is eol dúinn céard a tharla maidin Domhnach Cincíse: cé mar a thuirling an Spiorad Naomh ar na deisceabail a bhí bailithe in aon seomra amháin, iad lán le heagla roimh na Giúdaigh a a bhí tar éis Íosa a dhúnmharú. Spreag an Spiorad Naomh misneach iontu. D’fhág siad an seomra. Amach leo go misniúil, dásachtach ar shráideanna Iarusailéim ag tabhairt fianaise do phobal na cathrach ar Shoiscéal Íosa. Agus an mhaidin sin féin, faoi anáil an Spioraid Naoimh, thug siad fianaise ní amháin do phobal Iarúsailéim ach do na stráinséirí ó imeall an domhain a bhí cruinnithe sa chathair.

Agus sin againn stair na hEaglaise tar éis teacht ar an saol di maidin sin na Cincíse: d’fhógair Naomh Peadar in a sheanmóir gur ‘daoibhse agus do bhur gclann an gealltanas úd agus dóibh siúd freisin atá i bhfad ar shiúl – don uile dhuine dá nglaofaidh ár nDia chuige’. (Gníomhartha na nAspal 2:39)

Agus féach mar a chomhlíonadar ordú Íosa: nuair a tharla géarleanúint in Iarúsailéim, is amhlaidh gur scaip na Críostaithe ar fud an domhain mar a bhí eolas air ag an am; agus d’fhógair siad an Soiscéal i ngach cathair agus i ngach baile fearainn dar shroich siad. Nuair a chuaigh Pól agus Barnabas amach ar na haistir mhóra mhiseanda go bhfuil cuntas orthu i nGníomhartha na nAspal, bhí Críostaithe rompu i ngach áit, ag fáiltiú rompu agus ag comhoibriú leo i bhfógairt Shoiscéil Chríost ‘a fhad le himeall an domhain’.

Sin mar a bhí i dtús ré na hEaglaise: thuig na deisceabail, agus thuig na Críostaithe a mhúin siad, agus a d’éist leo, a ndualgas ó Íosa. Bhí siad mar fhinnéithe, ag fógairt an tSoiscéil i ngach áit inar chuir siad fúthu. Sin mar a bhí nuair a scaip an Chríostaíocht ar fud na hEorpa. Agus sin mar a bhí nuair a tháinig Pádraig go hÉirinn. Ní uaidh féin amháin a fuair ár sinsir eolas ar an Soiscéal. Tá sé soiléir óna Fhaoistin gur trí

chomhoibriú ón ghnáthphobal a tháinig bláth ar an Soiscéal i measc ár sinsear.

Céard fúinne, más ea, Críostaithe an lae inniu? Tá an Eaglais fós ag teacht ar an saol: tá gá fós le misinéirí agus le finnéithe a fhógróidh an Soiscéal ‘a fhad le himeall an domhain’. Agus tá ‘imeall an domhain’ inár measc na laethanta seo. Ní san Afraic ná san India amháin atá gá le finnéithe inniu: is ceantair mhiseanacha arís seantíortha Críostaithe na hEorpa. Agus céard faoinár dtírín féin, oileán iathghlas Éireann; oileán na Naomh is na nOllamh? Nach minic, faraor, a chloisimid, fiú ónár gceannairí féin, caint ar ‘Éirinn iar-Chríostaí’?

Sin é an fáth go gcloisimid le blianta anois ár bPápaí, Eoin Pól 2, Beinidict agus Proinsias dár ngríosadh chun ‘nuashoiscéalaíocht’. Agus ní hiad Easpaig, Sagairt agus Bráithre atá dá ngríosadh acu, ach pobal Dé go huile agus go hiomlán. Seo mar a d’athfhógair an Pápa, Eoin Pól 2, an nuashoiscéalaíocht ina litir ar ócáid na mílaoise, sa bhliain 2000:

‘Trasna na mblianta, is minic a ghlaoigh mé Pobal Dé chun nuashoiscéalaíocht. Glaoim arís orthu anois: caithfimid an dúthracht a bhí ann ó thús a athghiniúint ionainn féin; agus caithfimid ceadú dúinn féin go líonfaí muid leis an diograis aspalda a bhí mar thoradh ar an gcéad Chincís. Caithfimid athnuachan ionainn féin dúthracht bheo Phóil a scread amach “Is domsa is mairg muna bhfógraím an Soiscéal”’.

Agus deir ár bPápa nua, Proinsias, go gcaithfidh Críostaithe ‘bheith dílis don Spiorad, ag fógairt Soiscéil Íosa trínár mbeatha, trínár bhfianaise, agus trínár mbriathra’. Guímis go neartóidh mí na misean agus Lá Domhanda na Misean ár gcreideamh, ár ndóchas agus ár ngrá mar fhinnéithe agus mar fhógarthóirí Shoiscéil Íosa.

Intinn Mhiseanach an Phápa do Mhí Dheireadh Fómhair 2013

Go gcuire ceiliúrtha Lá Domhanda na Misean i bhfios do na Chríostaithe go léir ar fud an domhain ní amháin go bhfuil siad ina lucht faighte Bhriathar Dé, ach gur lucht fógartha an Bhriathair iad chomh maith.

This article is from: