An Timire - Fómhar 2013

Page 10

10

Timire

Beidh sibh in bhur bhfinnéithe agam An tAthair Pádraig Ó Máille Nuair a bhí Íosa ag fágáil slán len a dheisceabail tar éis a aiséirí, agus tar éis dó daichead lá a chaitheamh leo dhá neartú sa chreideamh, bhí teachtaireacht láidir, shoiléir aige dóibh: Imigí faoin domhan go léir agus fógraigí an soiscéal don chruthaíocht uile. An té a chreidfidh agus a bhaistfear, slánófar é; ach an té nach gcreidfidh, daorfar é. (Marcas 16: 15-16) Rinne na deisceabail mar a d’ordaigh Íosa: Agus iad siúd, d’imigh siad leo agus chraobhscaoil siad i ngach áit agus chabhraigh an Tiarna leo ag neartú an Bhriathair leis na comharthai a lean é. (Marcas 16: 20) I ndeireadh an tSoiscéil ag Lúcas, deir Íosa lena dheisceabail, ‘Is finnéithe sibhse ar na nithe seo’. Agus gheall sé dóibh go ngléasfaí iad ‘i gcumhacht ó uachtar neimhe’ chun go mbeadh ar a gcumas fianaise ionraic, dhiongbháilte a thabhairt do na ciníocha. Sa leabhar Gníomhartha na nAspal insítear cé mar a chomhlíon na deisceabail an dualgas seo a thug Íosa dóibh roimh fhilleadh dhó ar a Athair. Agus é ag fágáil slán leo, seo mar a gheallann Íosa dóibh: Gheobhaidh sibh neart an Spioraid Naoimh atá le tuirlingt oraibh agus beidh sibh in bhur bhfinnéithe agam ... a fhad le himeall an domhain. (Gníomhartha na nAspal 1: 8) Is eol dúinn céard a tharla maidin Domhnach Cincíse: cé mar a thuirling an Spiorad Naomh ar na deisceabail a bhí bailithe in aon seomra amháin, iad lán le heagla roimh na Giúdaigh a a bhí tar éis Íosa a dhúnmharú. Spreag an

Spiorad Naomh misneach iontu. D’fhág siad an seomra. Amach leo go misniúil, dásachtach ar shráideanna Iarusailéim ag tabhairt fianaise do phobal na cathrach ar Shoiscéal Íosa. Agus an mhaidin sin féin, faoi anáil an Spioraid Naoimh, thug siad fianaise ní amháin do phobal Iarúsailéim ach do na stráinséirí ó imeall an domhain a bhí cruinnithe sa chathair. Agus sin againn stair na hEaglaise tar éis teacht ar an saol di maidin sin na Cincíse: d’fhógair Naomh Peadar in a sheanmóir gur ‘daoibhse agus do bhur gclann an gealltanas úd agus dóibh siúd freisin atá i bhfad ar shiúl – don uile dhuine dá nglaofaidh ár nDia chuige’. (Gníomhartha na nAspal 2:39) Agus féach mar a chomhlíonadar ordú Íosa: nuair a tharla géarleanúint in Iarúsailéim, is amhlaidh gur scaip na Críostaithe ar fud an domhain mar a bhí eolas air ag an am; agus d’fhógair siad an Soiscéal i ngach cathair agus i ngach baile fearainn dar shroich siad. Nuair a chuaigh Pól agus Barnabas amach ar na haistir mhóra mhiseanda go bhfuil cuntas orthu i nGníomhartha na nAspal, bhí Críostaithe rompu i ngach áit, ag fáiltiú rompu agus ag comhoibriú leo i bhfógairt Shoiscéil Chríost ‘a fhad le himeall an domhain’. Sin mar a bhí i dtús ré na hEaglaise: thuig na deisceabail, agus thuig na Críostaithe a mhúin siad, agus a d’éist leo, a ndualgas ó Íosa. Bhí siad mar fhinnéithe, ag fógairt an tSoiscéil i ngach áit inar chuir siad fúthu. Sin mar a bhí nuair a scaip an Chríostaíocht ar fud na hEorpa. Agus sin mar a bhí nuair a tháinig Pádraig go hÉirinn. Ní uaidh féin amháin a fuair ár sinsir eolas ar an Soiscéal. Tá sé soiléir óna Fhaoistin gur trí


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.