4 minute read

Beatha Nua chugainn ó Dheisceart an Domhain Caoimhín Ó hUigín SJ

Beatha Nua chugainn ó Dheisceart an Domhain

Caoimhín Ó hUigín SJ

Comhartha sofheicthe is ea toghadh an Phápa Proinsias, an chéad Phápa ó Mheiriceá Laidineach agus an chéad neamh Eorpach le míle bliain, go bhfuil athrú ollmhór ag dul ar aghaidh i gcomhdhéanamh bhallraíocht na hEaglaise. Cé go bhfuil lárphointe thíreolaíoch na hEaglaise san Eoraip, is san Áis, san Afraic agus i Meiriceá Laidineach atá tromlach a baill.

San am a chuaigh thart, is minic go raibh níos mó i gceist le gníomhaíocht na misean ná roinnt an tSoiscéil – go raibh cineál crosáid cultúrtha i gceist. B’ionann bheith Críostaí, go minic, agus bheith Eorpach. Ba í an Eoraip slat tomhais na sibhialtachta. Ar feadh na gcéadta bliain, d’fhulaing pobail imeallaithe sna limistéir choilínithe foréigean cultúrtha, eacnamaíoch agus míleata. Faraor, i bhfad ró mhinic, maíodh beannacht na hEaglaisí Críostaí a bheith ag an bhforéigean seo.

Níl ar ár gcumas an stair a chuir ar ceal. Is féidir linn botúin a rinneadh a admháil agus, más féidir, maithiúnas a iarraidh. Ach maireann muid san aimsir láithreach, agus is don todhchaí atá muid ag tógáil. Má tá ar ár gcumas foghlaim as an aimsir chaite b’fhéidir go mbeidh ar ár gcumas todhchaí níos fearr a thógáil. Is fíor freisin go dtarlaíonn sé go minic go gcuireann an stair uaillmhian lucht cumhachta ar ceal. Is féidir todhchaí agus am i láthair nach raibh aon duine ag súil leis eascairt, ar dhóigh gan coinne, as gníomhartha san am atá thart. Is amhlaidh atá an cás maidir le gníomhaíocht mhisineach na hEaglaise. Is beag duine a shamhlódh roinnt céadta ó shin, go mbeadh muid anois ag caint ar mhisinéirí a bheith ag teacht ó áiteanna a bhí imeallach anallód – fearacht Meiriceá Laidineach – chun athsoiscéalú a dhéanamh ar an Eoraip.

Botún a bheadh ann samhlú nach bhfuil daoine ó Mheiriceá Laidineach ach chun na bearnaí atá fágtha ag easpa gairmeacha abhus a líonadh. Ní ceist uimhreacha amháin atá ann, ná ceist an tsean seó bóthair chéanna a choinneáil ag dul. Tá taithí éagsúil ag muintir Mheiriceá Laidineach ar cad atá i gceist le bheith i do Chríostaí i saol na linne seo. Ró mhinic bhí siad thíos le cinntí lucht cumhachta san Eoraip; cuid acu a mhaíonn as a gCríostaíocht ach a roghnaigh neamhaird a dhéanamh de chostas daonna a gcuid polasaithe éigiallta.

San sean Tiomna is minic a thug fáithe a tháinig ón imeall, ó bhfásach imeallach, dúshlán do smaointe agus gníomhartha lucht na cumhachta. Mar an gcéanna, níorbh den chinseal Íosa ach thug sé dúshlán údaráis chreidimh agus pholaitíochta a linne. Roghnaigh sé bearna a bheith idir é agus an dream a bhí lárnach i gcumhacht agus údarás. San lá atá inniu ann, d’fhéadfadh misinéirí ó Mheiriceá Laidineach an ról fáidhiúil céanna a ghlacadh chucu féin, ag tabhairt dúshlán na hEaglaise an saol a fheiceáil tríd súile nua, ó dhearcadh an imill seachas dearcadh lárionad na cumhachta. Cheana féin tá comharthaí ann go

dtuigeann an chéad Phápa ó Mheiriceá Laidineach a ról sna téarmaí fáidhiúla seo. Agus é ag cur móramh bocht na cruinne i lár féin-thuiscint na hEaglaise, tá sé ag léiriú a thuiscint féin ar an saol agus ar an Eaglais ó dhearcadh Mheiriceá Laidineach.

Tréimhse chorraitheach i stair na hEaglaise atá anois ann. Is léir go bhfuil muid in Idirthréimhse idir Eaglais faoi chung smaointeoireacht na hEorpa agus Eaglais atá domhanda go fíor. Tá an eaglais sa sean Domhan traochta agus gafa léi féin ar shlíte. Tá gá le beatha nua ó lasmuigh. Is féidir go dtiocfaidh an beatha nua sin ó Mheiriceá Laidineach chomh maith léi an Áis agus an Afraic. Seachas a bheith éadóchasach agus duairc ba cheart dúinn fáilte a chuir roimh an ngéarchéim reatha san Eaglais san Eoraip mar deis athnuachana agus aiséirí bunúsach a dhéanamh. Má chreideann muid go bhfuil cúram coimhdeach Dé le feiceáil in eachtra uilig na staire, is gá dúinn muinín a bheith againn go leanfaidh Spiorad Dé ar aghaidh ag seoladh na hEaglaise ar bhealaí nach raibh súil leo. Ní chiallaíonn sin gur féidir linn bheith éighníomhach nó bogásach. Ciallaíonn sé áfach, agus ár ndícheall á dhéanamh againn Ríocht Dé a chur chun cinn ar an saol seo, go n-aithníonn muid go dtabharfaidh Dia gach rud go dtí an críoch is fearr. Comhartha bheag, ach suntasach, a bheidh i saothar mhisinéirí as Meiriceá Laidineach go bhfuil Dia ag treorú agus ag tionlacan na hEaglaise i dtreo cur i gcrích níos dílse dá misean ar an saol seo.

Alt aistrithe ag Aonghuis Ó hAlmhain

Intinn Mhiseanach an Phápa do Mhí na Samhna 2013

Go gcuire Eaglaisí Mheiriceá Laidinigh misinéirí chuig Eaglaisí eile de thoradh an mhisin mhór-roinnigh.

This article is from: