4 minute read

Pápa a raibh aithne agam air James Kelly SJ

Pápa a raibh aithne agam air

James Kelly SJ

Déanaim móriontas de go fóill go bhfuil duine atá ar m’aithne le roinnt blianta anuas ina Phápa anois. Cé go bhfuil sé ina dhuine éifeachtúil, níor rith sé liom riamh go n-éireodh chomh maith sin leis. Mar thoradh ar sin, bím ag ceapadh i gcónaí go bhfuil greann ag baint leis an saol, cuireann Dia Uilechumhachtach ar ár súile dúinn go bhfuil dearcadh míshoiléir againn uaireanta. Déanann an Tiarna a chuid roghanna féin. Anois guím go leanfaidh sé air ag cur beannachtaí flaithiúla ar Jorge (An Pápa Proinsias anois), agus go dtabharfaidh sé neart agus eagna dó agus a chuid oibre éilithí ar siúl aige.

Nuair a bhí aithne agam air

Bhí sé ina reachtaire ar an Collegio Maximo San Jose in San Miguel na hAirgintíne (cliarscoil agus cuid d’ollscoil), agus ina Shagart Paróiste ar cheantar mór chomh maith. Bhí mise ag múineadh Scrioptúir ann fad is a bhí seisean i gceannas go hiomlán. Bunaíocht choimeádach go leor a bhí á rith aige – sin mar a d’fheiceadh strainséirí é! Chreid sé gurbh fhiú an méid a bhí go maith sa tseanoiliúint sagartóireachta a chaomhnú ach gur chóir é a chur in oiriúint don lá atá inniu ann le cur chuige nua. Go bunúsach dó, bhí oiliúint reiligiúnach na mac léinn agus tógadh na heilimintí eile ar an mbunchloch seo. Thóg mé faoi deara go minic gur fir óga a bhí sna mic léinn sagartóireachta a raibh an phaidreoireacht an-tábhachtach dóibh. Rinne sé iarracht an fhís a bhí le feiceáil níos déanaí san Aparecida Document a chur i bhfeidhm: ‘Ba chóir go mbeadh córas múnlaithe ag an gcliarscoil a chuireann próiseas comhtháite ar fáil do na mic léinn sagartóireachta: múnlú spioradálta, múnlú intleachtach agus múnlú tréadach atá dírithe ar Íosa Críost an tAoire Maith.’ Go ginearálta, theastaigh uaidh go mbeadh na mic léinn múnlaithe sa bhealach is go mbeadh carthanacht an Aoire Mhaith acu. Cheap roinnt Íosánaigh eile go raibh a leagan den traenáil sin ró-dhocht – mar sin bhí a chuid criticeoirí aige. D’éiligh sé mórán ó na mic léinn, ach fós fuair sé toradh flaithiúil suntasach uathu. Dúirt Íosánach scolaíoch, atá anois ina Easpag san Airgintín liom: ‘Éilíonn sé a lán ach tugann sé a lán tacaíochta chomh maith’.

Na Bochtáin

Is furasta bá an Phápa leis na bochtáin a thabhairt faoi deara ina chuid seanmóintí, ina chuid scríbhinní agus ina bheatha laethúil. Theastaigh uaidh go mbeadh na sagairt agus baill d’oird rialta i measc na mbochtán, ag caint leo agus ag iarraidh feabhas a chur ar a saoil. Thar aon rud eile, chuir sé béim ar a bhforbairt reiligiúnach. Thuig sé fiú nuair atá daoine bocht gur féidir leo maireachtáil go reiligiúnach. Bhí sé anchúramach maidir le diagacht na saoirse, mar d’fhéadfadh sé a lucht leanúna a tharraingt isteach in idé-eolaíochtaí daonna nó polaitíocht pháirtí. Bhí teoiriciúlacht faoi na bochtáin as an áireamh dó. Cabhair phraiticiúil a bhí ag teastáil uathu, dar leis. Ba chóir go mbeadh an charthanacht chun tosaigh sa saol Críostaí. Ba chóir do Chríostaithe maireachtáil go simplí chomh maith. B’shin go díreach a bhí le mothú sa saol laethúil sa Collegio Maximo.

Caption

Comhphlé

Nuair a bhí mé leis, bhí sé i gceannas ar an teach agus bhí smacht iomlán aige air. Ní raibh mórán deiseanna don chomhphlé ann. Gan amhras bhí sé ag cur a chlár féin chun cinn, clár a ndearna sé dianmhachnamh air agus rud a bhí suntasach – ag tabhairt daoine eile, go háirithe na daoine óga leis. Ach ag an am céanna ba éisteoir an-mhaith a bhí ann. Níor mhothaigh éinne leis riamh go raibh a intinn déanta suas aige cheana féin nó go raibh sé ar tí tuairim réamhcheaptha a nochtadh. Mhothaigh mé go raibh sé ag éisteacht liom agus chuaigh sin i bhfeidhm go mór orm.

Dearcadh Domhain Spioradálta

Tá fís spioradálta domhain agus soiléir aige ar an méid atá ag teastáil sa saol seo le bheith ag maireachtáil go fónta mar Chríostaí. Caithfidh an saol a bheith dírithe go hiomlán ar Íosa Críost. Luann sé Evangelii Nuntiandi go minic ag rá go bhfuil gá le teachtaireacht shoiléir agus aonchiallach Íosa. Maireann an Eaglais ar mhaithe le soiscéalaíocht a dhéanamh: ‘Níl aon soiscéalaíocht fírinneach ann gan ainm, teagasc, beatha agus gealltanais, ríocht agus mistéir Íosa Nazórach, Mac Dé a chraobhscaoileadh” (EN 22). Caithfidh an saol fírinneach a bheith bunaithe Air – ag siúl leis, ag tógáil leis agus á dhearbhú. Téann staidéar ar an diagacht agus cleachtadh na paidreoireachta lámh i láimh le chéile. Caithfear tabhairt faoi phróiseas foghlamtha mar sin ar na glúine go mór-mór.

Tá sé go mór i bhfábhar na cráifeachta agus an reiligiún coitianta ar nós Choróin Mhuire agus deabhóidí. Tá bunús aspalda lena shaol – daoine a dhéanamh naofa trína gcreideamh a mhaireachtáil. Ba chóir go mbeidh tionchar mór aige ar an Eaglais sna blianta atá amach romhainn.

This article is from: