4 minute read
Saol Seirbhíse
Seosamh Ó Mealláin SJ: Saol Seirbhíse
Tá athruithe millteacha feicthe le ochtó bliain anuas agus tá an tAthair Seosamh Ó Mealláin tar éis a bheith ina fhinné ar fhurmhór na n-athruithe sin i gcaitheamh a chuid seirbhíse sa tSín. Is soiléir gur ó dhúchas a fuair sé an flusc chun oibre ar son daoine eile – bhí a dheartháir Seán mar bhall de Chumann Íosa cúpla bliain roimhe agus b’é a athair an Ceannfort Mícheál Ó Mealláin a daoradh chun báis ag na Sasannaigh mar bhall d’ Éirí Amach na Cásca 1916.
Ní raibh an tAthair Ó Mealláin ach dhá bhliain go leith d’aois agus mar sin níl cuimhne ar bith aige ar a athair ach corraíodh go mór é ag alt faoina athair scríofa i 1917 ag Íosánach Meiriceánach. Is cuimhin leis a mháthair mar bhean ghaoismhear a rinne a dícheall gnáthshaol teaghlaigh a chur ar fáil dá leanaí. Ag am dhaoradh Mhíchíl bhí ceathrar leanbh aici agus í ag coinne lena cúigiú leanbh. Ina litir dheiridh chuici scríobh sé ‘Guigh ar na hanamnacha go léir a thit sa chath seo idir Ghaeil agus Ghaill’.
An Chomhdháil Eocairisteach 1932
Tamall gearr roimh dó dul le Nóibhíseacht na n-Íosánach sa bhliain 1932, bhí Joe mar bhall gníomhach sa Chomhdháil Eocairisteach ag cuimhneamh siar ar an slua ollmhór i bPáirc an Fhionnuisce agus an faoiseamh aigne a rug an dea-aimsir léi agus an eagar a chuir Coimisinéir na nGardaí , an Ginearál Ó Dufaigh ar an ócáid. Bhí Joe i dteagmháil leis na hÍosánaigh agus é i Scoil Naomh Éanna, Rath Fearnáin agus bhuail sé leis an Ath. Earnán Mac Aoidhe ag Coláiste an Chnoic Bhig (Knockbeg College).
An tSín
fuair an Stiúrthóir Lasta a bhí ina Chaitliceach bás agus iarradh ar an Ath. Joe an tseirbhís adhlactha farraige a cheiliúradh. Ba chuimhin leis gur eispéireas mothaitheach ba ea é agus go raibh an captaen an-chabhraitheach. Shroich an tAth. Ó Mealláin Guangzhou (an Chantóin) go luath i Meán Fómhair 1948. Ach i mBealtaine 1949 bhí ar na hÍosánaigh an chathair a fhágáil agus dul go Hong Kong toisc bagairt teachta an Airm Chumannaigh Shínigh.
Ins na Daichidí déanacha ní raibh cuma ró-iontach ar Hong Kong toisc seilbh na Seapánach agus buamáil na gComhghuaillithe ach tháinigh sé chuige féin go han-tapa.Ní raibh mórán ama ag an Ath. Ó Mealláin aithne a chur ar a bhaile nua ach chuaigh chun oibre caol díreach.Bhí air cónaí ar urlár uachtair tí Mhisiúin Pharis an Chumainn Eachtrannaigh a tugadh go lách do na hÍosánaigh.
Ní raibh aon deacracht ag Joe dul i ngleic leis an saol agus cultúr nua. Chuir sé go tréan roimhe deileáil le hiliomad daoine – ailtirí, tógálaithe agus soláthraithe, cócairí agus glantóirí. Rinne sé maoirseacht ar ghnónna athraithe tógála agus bhí de dhualgas air lóistín sealadach a chur ar fáil do mhórán Íosánach a díbríodh ó mhórthír na Síne tar éis seilbh ghlacadh na gCumannach.
Tharla eachtra a bhfuil mionchuimhne aige air nuair a tháinigh glao gutháin go déanach san oíche ó Ospidéal na Banríona Máire ag lorg sagairt a theacht chun freastal ar othar a bhí ag fáil bháis. Chuaigh sé síos fan na sráide chun tacsaí a stopadh. Thug an tiománaí tacsaí go han-ghasta é go dtí an ospidéal. Nuair a ghabh sé buíochas leis d’fhreagair an tiománaí ‘Is Muslamach mé agus dúirt m’athair liom
Seosamh Ó Mealláin SJ
dá stopfadh sagart Mhisiúin Chaitlicigh riamh mé i lár na hoíche chun dul go dtí ospidéal gur chóir dom tiomáint ar nós na gaoithe mar go raibh sé ríthábhachtach”.
Bhí saol aspalda éagsúil aige le rath ar a phost mar mhinistir an chomhluadair, Sparánaí an Mhisiúin, Stiúrthóir an Lárionaid Shóisialta, mar Meánmhúinteoir agus mar Ardmháistir Bunscoile Pun Yu i Hong Kong agus fiú mar Cheannasaí ar Choláiste Ricci i Macao. Bhí aithne air mar fhear ar bheagán focal ach ar mhórchuid gníomhartha grámhara.
Músaem Náisiúnta Bhaile Átha Cliath
fhliúit a bhain lena athair. Go fiú sheinn a athair é i Halla na Saoirse i gCeolfhoireann na n-oibrithe ar oíche Lae Éirí Amach na Cásca 1916. Tá an fhliúit agus uaireadóir a athar sa Mhúsaem Náisiúnta .
Nuair a fiafraíodh de an raibh aiféala air faoi aon ní maidir le fágáil na hÉireann de dúirt sé go mba bhreá leis a bheith tar éis breis ama a chaitheamh ina shagart in Éirinn. Dúirt sé freisin gur bhraith sé uaidh an bháisteach.
Tá an tAth Joe Ó Meallain ina Íosánach anois le breis agus ochtó bliain agus beidh a chéadú (100ú) bhreithlá á cheiliúradh i mí Mheán Fómhair. Is le halltacht do-chreidthe a fheictear é agus a ghníomhaí is atá sé fós ag a aois. Éinne riamh a chuir aithne air tá ardmheas thar cuimse acu dó.