14
Timire
Beatha Nua chugainn ó Dheisceart an Domhain Caoimhín Ó hUigín SJ Comhartha sofheicthe is ea toghadh an Phápa Proinsias, an chéad Phápa ó Mheiriceá Laidineach agus an chéad neamh Eorpach le míle bliain, go bhfuil athrú ollmhór ag dul ar aghaidh i gcomhdhéanamh bhallraíocht na hEaglaise. Cé go bhfuil lárphointe thíreolaíoch na hEaglaise san Eoraip, is san Áis, san Afraic agus i Meiriceá Laidineach atá tromlach a baill. San am a chuaigh thart, is minic go raibh níos mó i gceist le gníomhaíocht na misean ná roinnt an tSoiscéil – go raibh cineál crosáid cultúrtha i gceist. B’ionann bheith Críostaí, go minic, agus bheith Eorpach. Ba í an Eoraip slat tomhais na sibhialtachta. Ar feadh na gcéadta bliain, d’fhulaing pobail imeallaithe sna limistéir choilínithe foréigean cultúrtha, eacnamaíoch agus míleata. Faraor, i bhfad ró mhinic, maíodh beannacht na hEaglaisí Críostaí a bheith ag an bhforéigean seo. Níl ar ár gcumas an stair a chuir ar ceal. Is féidir linn botúin a rinneadh a admháil agus, más féidir, maithiúnas a iarraidh. Ach maireann muid san aimsir láithreach, agus is don todhchaí atá muid ag tógáil. Má tá ar ár gcumas foghlaim as an aimsir chaite b’fhéidir go mbeidh ar ár gcumas todhchaí níos fearr a thógáil. Is fíor freisin go dtarlaíonn sé go minic go gcuireann an stair uaillmhian lucht cumhachta ar ceal. Is féidir todhchaí agus am i láthair nach raibh aon duine ag súil leis eascairt, ar dhóigh gan coinne, as gníomhartha san am atá thart. Is amhlaidh atá an cás
maidir le gníomhaíocht mhisineach na hEaglaise. Is beag duine a shamhlódh roinnt céadta ó shin, go mbeadh muid anois ag caint ar mhisinéirí a bheith ag teacht ó áiteanna a bhí imeallach anallód – fearacht Meiriceá Laidineach – chun athsoiscéalú a dhéanamh ar an Eoraip. Botún a bheadh ann samhlú nach bhfuil daoine ó Mheiriceá Laidineach ach chun na bearnaí atá fágtha ag easpa gairmeacha abhus a líonadh. Ní ceist uimhreacha amháin atá ann, ná ceist an tsean seó bóthair chéanna a choinneáil ag dul. Tá taithí éagsúil ag muintir Mheiriceá Laidineach ar cad atá i gceist le bheith i do Chríostaí i saol na linne seo. Ró mhinic bhí siad thíos le cinntí lucht cumhachta san Eoraip; cuid acu a mhaíonn as a gCríostaíocht ach a roghnaigh neamhaird a dhéanamh de chostas daonna a gcuid polasaithe éigiallta. San sean Tiomna is minic a thug fáithe a tháinig ón imeall, ó bhfásach imeallach, dúshlán do smaointe agus gníomhartha lucht na cumhachta. Mar an gcéanna, níorbh den chinseal Íosa ach thug sé dúshlán údaráis chreidimh agus pholaitíochta a linne. Roghnaigh sé bearna a bheith idir é agus an dream a bhí lárnach i gcumhacht agus údarás. San lá atá inniu ann, d’fhéadfadh misinéirí ó Mheiriceá Laidineach an ról fáidhiúil céanna a ghlacadh chucu féin, ag tabhairt dúshlán na hEaglaise an saol a fheiceáil tríd súile nua, ó dhearcadh an imill seachas dearcadh lárionad na cumhachta. Cheana féin tá comharthaí ann go