4 minute read

Tacaíocht dóibh siúd atá ag fulaingt Máirtín O Comhraidhe SJ

Tacaíocht dóibh siúd atá ag fulaingt de bharr a gCreidimh

Máirtín O Comhraidhe SJ

I Malí, i Mí Eanáir 2013, theith na mílte Críostaithe óna n-áit cónaithe chun éalú ó ionsaitheoirí Islamacha. I bPoblacht Dhaonlathach an Chongó an Deireadh Fómhair seo caite, gabhadh triúr sagart mar phríosúnaigh agus coinníodh faoi ghlas iad le níos mó ná ceithre míosa.

Le cúpla bliain anuas, rinne an grúpa Boko Haram ionsaithe ar shéipéil na gCríostaithe sa Nígéir. San Éigipt i Mí Feabhra, scriosadh scoil Domhnaigh a bhi á tógáil, agus dódh tithe agus siopaí a bhain le Críostaithe Coptacha. I Sainsibeár, freisin i Mí Feabhra, scríobh grúpa Moslamach: ‘Gabhaimid buíochas lenár óigfhir, a rinne tréanáil sa tSomáil, as ucht an neamhchreidmheach a mharú. Gheobhaidh go leor eile bás freisin. Dófaimid tithe cónaithe and eaglaisí na gCríostaithe amach anseo’. Lámhach sagart ag am Nollag agus gortaíodh go dona é. Maraíodh sagart eile i Sainsibeár díreach roimh dó Aifreann Domhnaigh a léamh ar an 17ú Feabhra. Maraíodh Críostaí eile i Mí Mhárta i bPoblacht na hAfraice Láir. Ar an dara lá déag Mí Aibreáin, cuireadh sagart and beirt bhráthair De La Salle amach ón tSúdáin gan miniú ar bith, gan triail ar bith.

Tagann na scéalta seo go léir ón Aifric agus baineann an chuid is mó díobh le coimhlint idir Críostaithe agus daoine

den creideamh Ioslamach. Ach chomh maith leis sin, i go leor tíortha eile ar fud an domhain, tá Críostaithe ag fulaingt géarleanúna de bharr a gcreidimh. Agus nuair a tharlaíonn na hionsaithe go tobann agus gan aon réamheolas, bíonn siad chomh deacair le tuiscint agus a bhfuil an chúis agus míniú na mbuamaí a phléasc i mBostún ar an 15ú lá Aibreán seo caite. An toradh a bhíonn orthu ná scanradh agus éadóchas, mar níl aon tuiscint leo agus ní féidir iad a sheachaint.

Cad faoi muidne anseo in Éirinn? An bhfuil muidne ag fulaingt géarleanúna de bharr ár gcreidimh? Bhuel, níl muid ag fulaingt go fisiciúil. Ach go hanmhinic agus go háirithe ar an teilifís, ar an radió, nó sna nuachtáin, déantar magadh faoin gcreideamh atá againne. Cuirtear in iúl gur daoine gan ciall muid, nó gur daoine nach maireann i saol an aonú aois is fiche, na daoine a chreideann i nDia, in Íosa Chríost, nó san eaglais Chaitiliceach. Is saghas géarleanúna é sin freisin.

Nuair atá baol fisiciúil ann do chlann agus do pháistí, cén sórt freagra a mbeifeá ag súil leis ó thuismitheoirí? An toradh ba mhaith leis na hionsaitheoiri ná go n-imeodh na Críostaithe as a mbaile, agus fiú as an tír ar fad. Ach cé mhéid daoine gur féidir leo é sin a dhéanamh – gach rud a bhfuil acu, beagnach gach rud a bhfuil tábhachtach ina saol, a fhágaint ina ndiaidh, agus saol nua a thosnú i dtír éigin thar lear?

Intinn seo an Phápa tá sé ag lorg go mbeidh na daoine seo mar fháithe do ghrá Íosa de bharr a bhfianaise. ‘Sé an fáidh ann ná duine a chuireann in iúl smaointe Dé do dhaoine an lá atá inniu ann. Cén chaoi mar sin gur féidir le na daoine atá ag fulaingt géarleanúna grá Chríost a chur in iúl dá gcuid comharsan? Tá sé an-éasca dúinne smaoineamh ar chad ba chóir dóibh a dhéanamh – tá an fhadhbh i bhfad uainn agus níl ár gclann féin i mbaol báis. Tá sé deacair domsa ar aon nós teacht ar mhíniú na hintinne seo. An chéad dualgas atá ag tuismitheoirí ná an chlann a choinneál le chéile in áit sábháilte, áit a bhfuil siad go léir in ann cónaí go síochánta, dul ar scoil agus ar an séipéal, agus meascadh go héasca lena gcuid comharsan. Cén chaoi is féidir leo é sin a dhéanamh sna ceantair siúd go bhfuil an baol fisiciúil ann, ní hamháin do gach rud gur leo é, ach fiú dá saol féin? Cén sórt fianaise is féidir leo a thabhairt, fianaise do ghrá Íosa féin?

Guímid ar a son go mbeidh an misneach acu an creideamh a choinneáil beo agus láidir, go mbeidh dóchas i ngealltanais Íosa mar thacaíocht acu le linn na géarleanúna. Ach smaoineoidh muid freisin an bhfuil aon tacaíocht gur féidir linne a thabhairt dóibh. Ní féidir linn scríobh chuig na daoine atá i dtrioblóid, ach d’fhéadfadh muid litreacha nó ríomhphost a chur chuig ár n-easpaig nó chuig ár bpolaiteoirí ag iarraidh go gcuirfeadh siad in iúl go hidirnáisiúnta an díomá atá orainn faoin ghéarleanúint a bheith ar siúl? Is gá ár bpaidreacha a sheoladh chuig Dia, ach freisin tá dualgas orainn cibé tacaíocht is féidir linn a thabhairt do na daoine atá ag fulaingt.

Intinn Mhiseanach an Phápa do Mhí Mheán Fómhair 2013

Na Críostaithe sin atá ag fulaingt géarleanúna i mórán réigiún ar fud an domhain, go raibh siad ina bhfáithe ar son ghrá Íosa de bharr a bhfianaise.

This article is from: