3 minute read

Sagairt faoi bhrú An tAthair Con Mac Giolla Códa

Sagairt faoi bhrú

An tAthair Con Mac Giolla Códa

In Éirinn sa lá inniu tá sagairt cloíte ag na fadhbanna atá acu. Ta siad in ísle meanman agus lagbhríoch. Tá tacaíocht agus dearbhú de dhíth orthu. Deirtear linn gur seasca ceathair bliain meán-aois na sagart san Eaglais in Éirinn !

Tá géirchéim san Eaglais de dheasca laghdú ar uimhir na sagart agus méadú ar phróifíl aoise na sagart go háirithe nuair atá ár sagairt ag déanamh a ndíchill i gcúinsí deacra. Níl ach beirt sagart nó sagart amháin fiú i bparóiste anois áit a mbíodh triúr nó ceathrar ann roimhe seo. Mar a dúirt sagart i bparóiste tuaithe – agus léirigh sé an staid chriticiúil go cruinn – ‘an deacracht a bhaineann le sagart amháin i bparóiste, go bhfuil an baol ann nach bhfuil sagart eile mórthimpeall a líonfadh isteach dó, nuair atá trí Aifreann le ceiliúradh in áiteanna éagsúla ar Dhomhnach, má tá an sagart cónaitheach tinn nó éagumasach. Muna ndéantar rud éigin go práinneach faoi seo beidh sagairt ag éirí as, spíonta nó marbh.

Tá obair thréadach na sagart antrom inniu – póstaí, socraidí, baistí (ullmhúchán dóibh san áireamh), glaonna ola, ministreacht ar scoileanna le déanamh agus méadú ar uimhir na nAifreann in áiteanna éagsúla le ceiliúradh aige.

Mar bhreis ar an ualach anró seo luíonn suaitheadh na scannall cléireachais go trom ar shagairt dílse. Caithfidh siad cur suas go foighneach leis an bhfearg atá ar dhaoine leis an Eaglais de dheasca na gcoireanna uafásacha atá déanta ag mionlach dá gcomhghleacaithe. Maidir leis na heachtraí tubaisteacha duairce seo mothaíonn sagairt gur lig na hEaspaig síos iad, nuair nár dheighleáil siad leis na scannaill mar ba chóir. Chomh maith leis sin, cuireadh fearg níos mó orthu nuair a bhí ar roinnt dá gcomhshagart, an paróiste a fhágáil de dheasca ordú a n-easpag, go dtí go raibh próiseas canónta na hEaglaise curtha i gcrích (a thóg an-chuid ama i gcásanna) chun a neamhchiontacht a chruthú. Os comhair an tsaoil b’é an toradh a bhí air seo ná gur ceapadh go raibh na daoine mífhortúnacha seo ciontach trí bheith curtha i leathaobh gan trua sa tslí sin.

Ní haon ionadh mar sin go bhfuil drochmheanma agus drochmhisneach ar na sagairt. Tá cabhair agus tacaíocht ag teastáil uathu níos mó ná riamh. Tá a lán daoine ann nach gcleachtaíonn an creideamh. San Eaglais inniu tá pobal an-bheag ag freastal. Is seandaoine iad, gan mórán daoine fásta i láthair agus is ar éigean go bhfuil daoine óga ag aois scoile ann ach an oiread. Tá sé seo andian agus is údar mór drochmhisnigh é sin do na sagairt a chaith a saol ar son na hEaglaise. Tá sagairt agus easpaig fiú nach dtugann an meath seo faoi deara. Níl comharthaí na linne á léamh againn.

Dhá bhliain ó shin bhailigh sagairt le chéile agus bhunaigh siad Cumann na Sagart Caitliceach in Éirinn toisc iad a bheith sáraithe, fágtha leo féin gan taca, de dheasca na n-imeachtaí domheanmnacha a tharla agus staid mheatha na hEaglaise. Tá breis is míle sagart sa chumann seo anois atá ag iarraidh, ní chun an teagasc Caitliceach a athrú, ach chun an Eaglais a athnuachan agus a bheith bainteach le saol agus le riachtanais ár bpobal. Chomh maith tugann Cumann na Sagart Caitliceach

cabhair agus tacaíocht do shagairt a bhfuil fadhbanna acu. Le déanaí sheas an cumann go diongbháilte le Fr. Kevin Reynolds a ciontaíodh go mí-chóir míchlúiteach agus bhí an cumann chun tosaigh á chosaint agus a neamhchiontacht a chruthú.

Cad is féidir le daoine a dhéanamh chun seasamh lenár sagairt inniu? Is féidir le duine é féin a thairiscint le haghaidh ministreachtaí éagsúla sa pharóiste, agus spreagadh a thabhairt do dhaoine eile an rud céanna a dhéanamh. Tá sé tábhachtach chomh maith guí leat féin agus leis an gclann ar son na sagart. Cumann eile atá gaolta le Cumann na Sagart ná Cumann na gCaitliceach in Éirinn a bhfuil an aidhm chéanna aige, sé sin athnuachan an chreidimh, a chabhróidh lenár sagairt le cúnamh Dé.

B’fhéidir gur mhaith le daoine bheith ina bhall den Chumann seo a thugann tacaíocht don Eaglais, d’easpaig agus do shagairt.

Is sagart paróiste ar scor (de chuid Ard-Deoise Átha Cliath).

Intinn Choitianta an Phápa do Mhí na Samhna 2013

Sagairt a bhfuil deacrachtaí ag goilliúint orthu, go bhfaighe siad sólás ina nduainéis, le cothú le linn a n-amhrais agus le daingniú ina ndílseacht.

This article is from: