An Timire - Fómhar 2013

Page 1

Timire

Foilseachán Íosánach

Fómhar 2013

quote or headline

an Chroí Ró-naofa E

3.75/Stg£3.25


2

Timire

Eagarfhocal Tá leagan de scéal faoi San Proinsias, agus is mar seo a theánn sé im’intinn: ‘Chuaigh San Proinsias amach le bráthar leis chun an Deascéal a fhógairt i mbaile Assisi. Shiúil siad suas go barr an bhaile agus anuas arís. Ansin isteach leo sa Mhainistir in athuair. Arsa an bráthair eile le San Proinsias: ‘Shil mé go raibh muid leis an Deascéal a fhógairt ach ó d’fhág muid an Mhainistir gur fhill muid ní dúirt duine againn focal’. Arsa San Proinsias leis mar fhreagra, ‘Bímid ag fógairt an deascéil de shíor agus úsáidimid focail nuair is gá’.

Ó

ceapadh an Pápa Proinsias mar Easpag na Róimhe, tá deáscéal Íosa á fhógairt aige ar mhórán bealaí gan focal a rá. Tá dúil aige a bheith i ngar don ghnáthdhuine. Caithfidh sé gur crá croí ceart é don lucht slandála! Tá scéal ann go bhfaca sé duine de na Gardaí Eilvéiseacha, lá, (iad siúd a thugann aire dá shlandáil), d’iarr air an raibh ocras air, go ndeachaigh an Pápa ag fáíl ceapaire dó nuair a dúirt an garda leis nach bhféadfadh sé a ionad gardála a thréigean. Tá croí mór ag Easpag seo na Róimhe agus é umhal lena chois. Nuair a nigh sé cosa beirt bhan óg agus beirt Mhuslamach i bpríosún na n-ógánach Déardaoin Mandála bhris sé gnás, nó cúpla ceann. Ach ní gá do dhaoine a bheith buartha, ní haon liobrálaí é seo, ach fear a leanann a oide, Íosa Críost. Is féidir leis labhairt go soiléir freisin. In áit imeacht leis go Pálás an Phápa i gcathair na Vatacáine d’fhan sé ina chónaí sa Casa Santa Martha, teach aíochta na Vatacáine. Is gníomh é seo a labhrann go soiléir faoin dúil atá aige fanacht gar dá phobal. Nuair a chuir duine caidéis air faoi seo dúirt sé: ‘Tá taithí agam a bheith le mo chuid sagart’. Tá sé ag baint triail as seo le bheith i gcomhluadar simplí le sagairt, le heaspaig agus le daoine atá ag obair sa Vatacáin agus léann sé Aifreann laethúil ann. Is féidir sleachta as a chuid cainte ag an Aifreann laethúil a leámh ar www.romereports.com . Sea, tig leis focail a úsáid freisin agus tá go leor le rá aige faoi fhianaise a thabhairt, faoi sheirbhís agus faoi gan a bheith dúnta isteach orainn féin mar dhaoine, mar ghrúpa ná mar phobal Dé, i measc go leor eile. Agus tá gach cosúlacht go bhfuil a chuid focal is an chaoi ina maireann sé comhleanúnach lena chéile. Is Proinsiasach Íosánach é. Is deisceabal Íosa é. Tig leis an saol mór é sin a fheiceáil. Éistimis leis, leanaimis a shampla agus bímis ag guí ar a shon agus ar son a bhfuil ar intinn aige do Phobal Dé, do Phobal an Domhain agus do Chruinne Dé. San eagrán deireanach luaigh mé go mbeadh forlíonadh le Timire an fhómhair chun freastal níos fearr a dhéanamh ar dhaoine óga. Faraoir níor éirigh linn an plean sin a chur i gcrích go fóill ach tá súil againn tabhairt faoi in eagrán an gheimhridh nó go luath san athbhliain. Frainc Mac Brádaigh SJ


Timire

3

Timire an Chroí Ró-naofa Arna fhoilsiú ag na hÍosánaigh 4

Guth Dé sa Chiúnas

Paul Andrews SJ

6

Tacaíocht dóibh siúd atá ag fulaingt

8

Dílis go Deireadh

Máirtín O Comhraidhe SJ An tAthair Pádraig Ó Cuill

10 Beidh sibh in bhur bhfinnéithe agam

An tAthair Pádraig Ó Máille

12 Sagairt faoi bhrú

An tAthair Con Mac Giolla Códa

14 Beatha Nua chugainn ó Dheisceart an Domhain 16 Pápa a raibh aithne agam air

Caoimhín Ó hUigín SJ James Kelly SJ

18 San Prionsias d’Assissi agus ár bPápa nua 19 Haiku, más é do thoil é!

Síle Ware Gabriel Rosenstock

20 Tóg go bog é agus glac do scíth

Pádraig Ó Fatharta

22 Saol Seirbhíse 24 An Spioradáltacht Iognáideach

Brian Ó Laoire SJ

26 Leathanach na Léitheoirí 28 Im Leabharlann Dom

Seán de Fréine/ Séamas Ó Murchú

31 Cúinne na Cócaireachta

Síle Ní Chearbhaill

Ar dheis Dé: Peig Iníon Uí Mhuirí

Go soilsí solas síoraí di. Go gcónaí sí sa tsíocháin. Timire an Chroí Naofa 37 Sráid Líosain Íocht Baile Átha Cliath 2 Guthán: 01 7758502 r-phost: antimire@gmail.com Bord Eagarthóireachta Frainc Mac Brádaigh SJ Bláthnaid Ó Brádaigh An tSiúr Mairéad Ní Bhuachalla Dónall Ó Conaill Caitríona Uí Chatháin Martina Nic an Príora Fáiltíonn an tEagarthóir roimh litreacha agus altanna ag an seoladh thuas B’fhearr ábhar a sheoladh ar dhiosca nó de r-phost, más féidir

Iris Oifigiúil Aspalacht na hUrnaí Bunaíodh sa bhliain 1911 Uimh. 453 ISSN: 1649-4466 Le cead eaglasta: 14 Iúil 2013 Ní gá gurb ionann tuairimí ár scríbhneoirí agus tuairimí an bhoird eagarthóireachta Síntiúis Cóip amháin tríd an bpost: E3.75 / Stg£3.25 Go ceann bliana: E15 / Stg£13 Seiceanna iníoctha leis An Timire

Faoi chúrsaí gnó (síntiúis, airgead, etc.) scríobh chuig: An Timire f/c Dónall Ó Conaill 92 Bóthar Seannaigh Ráth Eanaigh Baile Átha Cliath 5 Guthán: 087 2359198 r-phost: donall.oconaill@gmail.com Dearadh: Messenger Publications Design Department Clóbhualadh: Anglo Printers Ltd. Lo-call 1890 624 624


4

Timire

Guth Dé sa Chiúnas Paul Andrews SJ

Líon an tEaspag James Corboy as Monze, an tSaimbia ceistneoir tráth maidir leis na nithe is maith leis agus nach maith leis. Fiafraíodh de: Cad é is mó chuireann as duit? A léitheoir dhil, cén fhreagra a bheadh agatsa? Daoine áirithe? Fógraí teilifíse? An Aimsir? B’é ‘Torann’ an freagra díreach a thug James. Freagra a chuirfeadh iontas ort, ag teacht mar a rinne as baile beag tuaithe san Afraic. Ach chuir an tEaspag James luach ar chiúnas. Ní ciúnas folamh a bhí ann d’fhear urnaithe. Bhí spás ann do láithreacht diamhair eile – an Tiarna a labhraíonn gan focail. Seo an ciúnas atá á mholadh ag an bPápa mar ábhar urnaithe dúinn. Ní deacair a thuiscint go bhfuil ‘daoine ár linne báite i dtorann’, is é sin fogha faoinár éisteacht atá gann ar chéill ach a bhacann machnamh soiléir orainn. Na fógraí a scairteann orainn ón Radió, teilifís, na cláir fógraí, an idirlín; torann is mó is ea iad. Éist leis na fógraí: fad is atá cainteoir ag adhmholadh carr nó cosmaid éigin, beidh torann sa chúlra, leathbhreall ceoil go hiondúil, a mhúchann scaití an méid atá á rá. Níl muid ceaptha aird a thabhairt ar an dtorann; tá sé ann le bac a chuir orainn ó bheith ag smaoineamh ró dhomhain ar an truflais atá á fhógairt go gáifeach orainn.

Féach ar theaghlach ag suí chun boird. Is dóichí ná a mhalairt go mbeidh aon fhíor comhrá báite ag torann ón dteilifís. Níl tuismitheoirí ná leanaí ag tabhairt aird ar an dteilifís ach sé an éifeacht atá aige ná iad a chosc ó éisteacht lena chéile. Torann atá ann. Ní gá dul chomh fada leis na gairmeacha is glóraí – foirne aerfoirt, tiománaithe Formula 1, rac-cheoltóirí, teachtairí gluaisrothair – le daoine atá báite i dtorann a aimsiú. Tarlaíonn sé duitse agus domsa de shíor. Goideann sé rud luachmhar uainn. Bhíodh sé de chúram orm daltaí a ullmhú don gCóineartú – cailíní agus buachaillí a bhí fíor ghníomhach agus corrthónach. An príomhrud a d’fhoghlaim muid ná ciúnas: conas suí socair, súile leath-dhúnta; thug muid aird ar ár n-análú, conas moilliú, agus an t-aer ag sruthlú trínár bpollairí a bhlaiseadh – ag líonadh ár gcolainn go domhain leis, agus ansin á fholmhú go mall tríd análú amach go séimh. I dtosach ní raibh sé ar chumas na gasúr sin a dhéanamh ach ar feadh thart ar tríocha soicind; ansin fuair siad blas ar an gciúnas agus bhí sé ar a gcumas ar feadh roinnt nóiméad. Nuair a chastar duine corrthónach ort, le matáin bhíogacha agus amhra luaineach, ní mhothaíonn tú go bhfuil tú ina láthair ná iadsan i do láthair. Cuid dár láithreacht do dhaoine agus do Dhia is ea colainn socair. D’fhéadfá bheith ar do ghlúine, ag seasamh, i do shuí, nó sínte béal faoi. Déanann tú iarracht an cholainn a stopadh ó bhogadh. Tugann tú aird ar rud éigin corpartha – an anáil ag sruthlú isteach ionat, nó na fuaimeanna dhéanann ionradh ar do chiúnas, nó feasacht an chraiceann a imchlúdaíonn tú. Samhlaigh d’aigne


Timire

mar linn nach dtig leis an Ghrian a fhrithchaitheamh má tá sé corraithe ag gaoithe na feirge nó na mianta. Tá tú ag iarraidh lorg inmhéanach maitheas Dé i do shaol a aimsiú. Tugann tú spás don Tiarna a chruthaigh tú, atá níos lárnaí do’d bheith ná d’aigne féin ach a sháraíonn do shamhlaíocht. Nuair a bhí Éilias ag éisteacht le glór an Tiarna a chlos (1 Ríthe 19:9) níorbh sa

5

crith talún, sa ghaoth láidir, ná sa tine a chuala sé é ach i bhfuaim chogar bhig. Chiúnaigh Íosa an mhuir coipthe freisin agus É ag siúl uirthi. Le teagmháil leis, socraíonn muid ár gcolainn, ár aigne luaineacha, ar gcroíthe corrthónacha. Baineann muid feidhm as theagasc sean oidí, Críostaí agus eile, chun an ciúnas ina shíneann muid amach chun Dé a bhaint amach.

Intinn Choitianta an Phápa do Mhí Mheán Fómhair 2013 Go n-athaimseoidh daoine ár linne, atá go minic báite i dtorann, luach an tosta agus foghlaim conas éisteacht le guth Dé agus a siúracha agus bráithre.


6

Timire

Tacaíocht dóibh siúd atá ag fulaingt de bharr a gCreidimh

Máirtín O Comhraidhe SJ I Malí, i Mí Eanáir 2013, theith na mílte Críostaithe óna n-áit cónaithe chun éalú ó ionsaitheoirí Islamacha. I bPoblacht Dhaonlathach an Chongó an Deireadh Fómhair seo caite, gabhadh triúr sagart mar phríosúnaigh agus coinníodh faoi ghlas iad le níos mó ná ceithre míosa. Le cúpla bliain anuas, rinne an grúpa Boko Haram ionsaithe ar shéipéil na gCríostaithe sa Nígéir. San Éigipt i Mí Feabhra, scriosadh scoil Domhnaigh a bhi á tógáil, agus dódh tithe agus siopaí a bhain le Críostaithe Coptacha. I Sainsibeár, freisin i Mí Feabhra, scríobh grúpa Moslamach: ‘Gabhaimid buíochas lenár óigfhir, a rinne tréanáil sa tSomáil, as ucht an neamhchreidmheach a mharú. Gheobhaidh go leor eile bás freisin. Dófaimid tithe cónaithe and eaglaisí na gCríostaithe amach anseo’. Lámhach sagart ag am Nollag agus gortaíodh go dona é. Maraíodh sagart eile i Sainsibeár díreach roimh dó Aifreann Domhnaigh a léamh ar an 17ú Feabhra. Maraíodh Críostaí eile i Mí Mhárta i bPoblacht na hAfraice Láir. Ar an dara lá déag Mí Aibreáin, cuireadh sagart and beirt bhráthair De La Salle amach ón tSúdáin gan miniú ar bith, gan triail ar bith. Tagann na scéalta seo go léir ón Aifric agus baineann an chuid is mó díobh le coimhlint idir Críostaithe agus daoine


Timire den creideamh Ioslamach. Ach chomh maith leis sin, i go leor tíortha eile ar fud an domhain, tá Críostaithe ag fulaingt géarleanúna de bharr a gcreidimh. Agus nuair a tharlaíonn na hionsaithe go tobann agus gan aon réamheolas, bíonn siad chomh deacair le tuiscint agus a bhfuil an chúis agus míniú na mbuamaí a phléasc i mBostún ar an 15ú lá Aibreán seo caite. An toradh a bhíonn orthu ná scanradh agus éadóchas, mar níl aon tuiscint leo agus ní féidir iad a sheachaint. Cad faoi muidne anseo in Éirinn? An bhfuil muidne ag fulaingt géarleanúna de bharr ár gcreidimh? Bhuel, níl muid ag fulaingt go fisiciúil. Ach go hanmhinic agus go háirithe ar an teilifís, ar an radió, nó sna nuachtáin, déantar magadh faoin gcreideamh atá againne. Cuirtear in iúl gur daoine gan ciall muid, nó gur daoine nach maireann i saol an aonú aois is fiche, na daoine a chreideann i nDia, in Íosa Chríost, nó san eaglais Chaitiliceach. Is saghas géarleanúna é sin freisin. Nuair atá baol fisiciúil ann do chlann agus do pháistí, cén sórt freagra a mbeifeá ag súil leis ó thuismitheoirí? An toradh ba mhaith leis na hionsaitheoiri ná go n-imeodh na Críostaithe as a mbaile, agus fiú as an tír ar fad. Ach cé mhéid daoine gur féidir leo é sin a dhéanamh – gach rud a bhfuil acu, beagnach gach rud a bhfuil tábhachtach ina saol, a fhágaint ina ndiaidh, agus saol nua a thosnú i dtír éigin thar lear? Intinn seo an Phápa tá sé ag lorg go mbeidh na daoine seo mar fháithe do ghrá Íosa de bharr a bhfianaise. ‘Sé an

7

fáidh ann ná duine a chuireann in iúl smaointe Dé do dhaoine an lá atá inniu ann. Cén chaoi mar sin gur féidir le na daoine atá ag fulaingt géarleanúna grá Chríost a chur in iúl dá gcuid comharsan? Tá sé an-éasca dúinne smaoineamh ar chad ba chóir dóibh a dhéanamh – tá an fhadhbh i bhfad uainn agus níl ár gclann féin i mbaol báis. Tá sé deacair domsa ar aon nós teacht ar mhíniú na hintinne seo. An chéad dualgas atá ag tuismitheoirí ná an chlann a choinneál le chéile in áit sábháilte, áit a bhfuil siad go léir in ann cónaí go síochánta, dul ar scoil agus ar an séipéal, agus meascadh go héasca lena gcuid comharsan. Cén chaoi is féidir leo é sin a dhéanamh sna ceantair siúd go bhfuil an baol fisiciúil ann, ní hamháin do gach rud gur leo é, ach fiú dá saol féin? Cén sórt fianaise is féidir leo a thabhairt, fianaise do ghrá Íosa féin? Guímid ar a son go mbeidh an misneach acu an creideamh a choinneáil beo agus láidir, go mbeidh dóchas i ngealltanais Íosa mar thacaíocht acu le linn na géarleanúna. Ach smaoineoidh muid freisin an bhfuil aon tacaíocht gur féidir linne a thabhairt dóibh. Ní féidir linn scríobh chuig na daoine atá i dtrioblóid, ach d’fhéadfadh muid litreacha nó ríomhphost a chur chuig ár n-easpaig nó chuig ár bpolaiteoirí ag iarraidh go gcuirfeadh siad in iúl go hidirnáisiúnta an díomá atá orainn faoin ghéarleanúint a bheith ar siúl? Is gá ár bpaidreacha a sheoladh chuig Dia, ach freisin tá dualgas orainn cibé tacaíocht is féidir linn a thabhairt do na daoine atá ag fulaingt.

Intinn Mhiseanach an Phápa do Mhí Mheán Fómhair 2013 Na Críostaithe sin atá ag fulaingt géarleanúna i mórán réigiún ar fud an domhain, go raibh siad ina bhfáithe ar son ghrá Íosa de bharr a bhfianaise.


8

Timire

Dílis go Deireadh An tAthair Pádraig Ó Cuill Agus mé á scríobh seo, tá an Pápa Beinidict XVI, a chum an intinn seo thíos, imithe ar scor, agus an Pápa Prionsias tagtha i réim. B’fhéidir gurbh í seo ceann de na hintinní deireanacha a chum an Pápa Emeritus, agus go deimhin níorbh aon ionadh é má bhí an saol ag goilliúint air féin: ní amháin saol an domhain mhóir, ach an saol sa Vatacáin féin. Níl amhras orm mar sin féin ach go mothaíonn sé cé chomh gar is atá grá Dé don chine daonna, chomh gar don Eaglais, is chomh gar do gach duine againn. Bíodh gur ghlac Mac Dé colainn daonna agus gur shlánaigh sé sinn lena pháis is lena bhás, tá an domhan fós go mór ar strae ó Dhia. Ní amháin go bhfuil tuirse agus cruatan an tsaoil ag goilliúint ar dhaoine agus gan ach an bás ag a dheireadh i ndán dúinn go léir, ach fós féin fágann an peaca rian láidir ar phobal an domhain. Is é is cúis leis sin ná gur fhág Dia an tsaorthoil againn. Seolann Sé grástaí iomadúla inár dtreo, ach sa deireadh thiar caithfimid féin an rogha a dhéanamh. Ar an gcéad dul síos caithfimid glacadh leis go bhfuil Dia ann, gurb É a chruthaigh sinn, agus go bhfuilimid freagrach dó. Fiú amháin daoine nach bhfuil aithne acu ar Dhia, tá guth ina gcroí istigh agus ina n-intinn ag insint dóibh go bhfuil dualgais orthu i leith a gcomharsan agus i leith Cumhachta atá níos airde ná iad féin. Creideann Críostaithe, ar ndóigh, gurab é Dia a chruthaigh sinn, gur pheacaigh an cine daonna in aghaidh Dé ar chuma éigin, agus chun an scéal

sin a chur ina cheart, gur ghlac Mac Dé (arb é Dia É, ar comhchéim leis an Athair agus leis an Spiorad Naomh) colainn daonna chun cúiteamh an mhasla a dhéanamh leis an Athair. Roghnaigh Sé é sin a dhéanamh ar bhealach pianmhar fuilteach chun gránnacht an pheaca a léiriú dúinn. Mhúin Sé dúinn chomh maith conas saol a bheadh taitneamhach leis an Athair a chaitheamh agus d’fhág an Eaglais againn chun sinn a stiúrú ar bhóthar an tslánaithe. Tá go leor daoine áfach, agus go deimhin go leor Caitliceach nach dtuigeann agus nach gcreideann an méid sin, agus nach leanann na treoracha morálta a d’fhág Íosa againn. Ina áit sin cumann siad a ‘moráltacht’ féin. Tá a rian orthu. Coiriúlacht, saint, cos ar bolg, goid, mígheanmnaíocht, craos agus a lán eile: is é sin a fheicimid go minic inár dtimpeall in Éirinn sa lá atá inniu ann. Cruthaímid sochaí ghránna dúinn féin. Sinn féin a chuireann le hanró an tsaoil. Ní haon ionadh é go mbeadh daoine áirithe ag tnúth le fuascailt ón saol seo. Ar ndóigh, ó thaobh na heacnamaíochta de, is é bás an ‘Tíogair Cheiltigh’ cúis an chruatain i gcás chuid mhór den phobal. Mar a léirigh an Dochtúir Deasún Fennell le déanaí, is amhlaidh a thréigeamar an ‘clár oibre’ a leag bunaitheoirí an Stáit síos dúinn (ó thaobh creidimh agus náisiúntachta: ach screamh thanaí ba ea ár gcreideamh agus ár náisiúntacht níos mó ná mar a cheapamar), agus is é a bhí sa Tíogar Ceilteach ná iarracht thruamhéileach ‘Éire Nua’ eacnamaíoch a chur i láthair an domhain. Ó thit sise ina plab is gá dúinn iarracht éigin eile a dhéanamh ár


Timire

bhféiniúlacht a chur in iúl mar is cuí. Dar liom is é ba mhaith le léitheoirí ‘An Timire’ ná go mbeadh ár gcreideamh agus ár gcultúr ag neartú a chéile mar lóchrann i measc na náisiún. Ainneoin an éadóchais agus an chruatain mar sin tugaimis aghaidh go misniúil ar an saol. Tuigimis go bhfuil Dia, agus grá Dé, cóngarach dúinn i gcónaí. ‘Ba mheasa ná seo Páis Chríost’ – b’shin nath nó paidir a bhí ag ár sinsir, a thuig go maith cad ba chruatan ann. ‘Má tá Dia ar ár son, cé atá inár gcoinne?’ mar a dúirt Naomh Pól (an litir chuig na Rómhánaigh, 8:31). Má leanaimid lorg Chríost as ucht grá dó, beidh luach saothair againn a sháróidh pé cruatan a leagtar orainn.

9

Agus seo beagán comhairle sa bhreis: má dhéanaimid iarracht ualach ár gcomharsan d’éadromú, ní bhraithfimid ár n-ualach féin a bheith chomh trom céanna. Is é is gá dúinn mar sin, agus sinn ag tabhairt aghaidh ar chruatan an tsaoil, ná go mbeimis dílis do Chríost ár Slánaitheoir, agus go mbeimis dílis go deireadh. Bíodh gurb é seo gleann na ndeor, tuigimis go bhfuil aoibhneas neimhe i ndán dúinn, ach sinn a bheith cróga seasamhach. Is é an tAthair Pádraig Ó Cuill, Caipisíneach, an Séiplíneach i gCalafort Bhaile Átha Cliath.

Intinn Choitianta an Phápa do Mhí Dheireadh Fómhair 2013 Na daoine atá traochta faoi thromualach an tsaoil, agus iad ag tnúth fiú lena chríoch, go n-airí siad a chomhgaraí dóibh is atá grá Dé.


10

Timire

Beidh sibh in bhur bhfinnéithe agam An tAthair Pádraig Ó Máille Nuair a bhí Íosa ag fágáil slán len a dheisceabail tar éis a aiséirí, agus tar éis dó daichead lá a chaitheamh leo dhá neartú sa chreideamh, bhí teachtaireacht láidir, shoiléir aige dóibh: Imigí faoin domhan go léir agus fógraigí an soiscéal don chruthaíocht uile. An té a chreidfidh agus a bhaistfear, slánófar é; ach an té nach gcreidfidh, daorfar é. (Marcas 16: 15-16) Rinne na deisceabail mar a d’ordaigh Íosa: Agus iad siúd, d’imigh siad leo agus chraobhscaoil siad i ngach áit agus chabhraigh an Tiarna leo ag neartú an Bhriathair leis na comharthai a lean é. (Marcas 16: 20) I ndeireadh an tSoiscéil ag Lúcas, deir Íosa lena dheisceabail, ‘Is finnéithe sibhse ar na nithe seo’. Agus gheall sé dóibh go ngléasfaí iad ‘i gcumhacht ó uachtar neimhe’ chun go mbeadh ar a gcumas fianaise ionraic, dhiongbháilte a thabhairt do na ciníocha. Sa leabhar Gníomhartha na nAspal insítear cé mar a chomhlíon na deisceabail an dualgas seo a thug Íosa dóibh roimh fhilleadh dhó ar a Athair. Agus é ag fágáil slán leo, seo mar a gheallann Íosa dóibh: Gheobhaidh sibh neart an Spioraid Naoimh atá le tuirlingt oraibh agus beidh sibh in bhur bhfinnéithe agam ... a fhad le himeall an domhain. (Gníomhartha na nAspal 1: 8) Is eol dúinn céard a tharla maidin Domhnach Cincíse: cé mar a thuirling an Spiorad Naomh ar na deisceabail a bhí bailithe in aon seomra amháin, iad lán le heagla roimh na Giúdaigh a a bhí tar éis Íosa a dhúnmharú. Spreag an

Spiorad Naomh misneach iontu. D’fhág siad an seomra. Amach leo go misniúil, dásachtach ar shráideanna Iarusailéim ag tabhairt fianaise do phobal na cathrach ar Shoiscéal Íosa. Agus an mhaidin sin féin, faoi anáil an Spioraid Naoimh, thug siad fianaise ní amháin do phobal Iarúsailéim ach do na stráinséirí ó imeall an domhain a bhí cruinnithe sa chathair. Agus sin againn stair na hEaglaise tar éis teacht ar an saol di maidin sin na Cincíse: d’fhógair Naomh Peadar in a sheanmóir gur ‘daoibhse agus do bhur gclann an gealltanas úd agus dóibh siúd freisin atá i bhfad ar shiúl – don uile dhuine dá nglaofaidh ár nDia chuige’. (Gníomhartha na nAspal 2:39) Agus féach mar a chomhlíonadar ordú Íosa: nuair a tharla géarleanúint in Iarúsailéim, is amhlaidh gur scaip na Críostaithe ar fud an domhain mar a bhí eolas air ag an am; agus d’fhógair siad an Soiscéal i ngach cathair agus i ngach baile fearainn dar shroich siad. Nuair a chuaigh Pól agus Barnabas amach ar na haistir mhóra mhiseanda go bhfuil cuntas orthu i nGníomhartha na nAspal, bhí Críostaithe rompu i ngach áit, ag fáiltiú rompu agus ag comhoibriú leo i bhfógairt Shoiscéil Chríost ‘a fhad le himeall an domhain’. Sin mar a bhí i dtús ré na hEaglaise: thuig na deisceabail, agus thuig na Críostaithe a mhúin siad, agus a d’éist leo, a ndualgas ó Íosa. Bhí siad mar fhinnéithe, ag fógairt an tSoiscéil i ngach áit inar chuir siad fúthu. Sin mar a bhí nuair a scaip an Chríostaíocht ar fud na hEorpa. Agus sin mar a bhí nuair a tháinig Pádraig go hÉirinn. Ní uaidh féin amháin a fuair ár sinsir eolas ar an Soiscéal. Tá sé soiléir óna Fhaoistin gur trí


Timire

chomhoibriú ón ghnáthphobal a tháinig bláth ar an Soiscéal i measc ár sinsear. Céard fúinne, más ea, Críostaithe an lae inniu? Tá an Eaglais fós ag teacht ar an saol: tá gá fós le misinéirí agus le finnéithe a fhógróidh an Soiscéal ‘a fhad le himeall an domhain’. Agus tá ‘imeall an domhain’ inár measc na laethanta seo. Ní san Afraic ná san India amháin atá gá le finnéithe inniu: is ceantair mhiseanacha arís seantíortha Críostaithe na hEorpa. Agus céard faoinár dtírín féin, oileán iathghlas Éireann; oileán na Naomh is na nOllamh? Nach minic, faraor, a chloisimid, fiú ónár gceannairí féin, caint ar ‘Éirinn iar-Chríostaí’? Sin é an fáth go gcloisimid le blianta anois ár bPápaí, Eoin Pól 2, Beinidict agus Proinsias dár ngríosadh chun ‘nuashoiscéalaíocht’. Agus ní hiad Easpaig, Sagairt agus Bráithre atá dá ngríosadh acu, ach pobal Dé go huile agus go hiomlán. Seo mar a

11

d’athfhógair an Pápa, Eoin Pól 2, an nuashoiscéalaíocht ina litir ar ócáid na mílaoise, sa bhliain 2000: ‘Trasna na mblianta, is minic a ghlaoigh mé Pobal Dé chun nuashoiscéalaíocht. Glaoim arís orthu anois: caithfimid an dúthracht a bhí ann ó thús a athghiniúint ionainn féin; agus caithfimid ceadú dúinn féin go líonfaí muid leis an diograis aspalda a bhí mar thoradh ar an gcéad Chincís. Caithfimid athnuachan ionainn féin dúthracht bheo Phóil a scread amach “Is domsa is mairg muna bhfógraím an Soiscéal”’. Agus deir ár bPápa nua, Proinsias, go gcaithfidh Críostaithe ‘bheith dílis don Spiorad, ag fógairt Soiscéil Íosa trínár mbeatha, trínár bhfianaise, agus trínár mbriathra’. Guímis go neartóidh mí na misean agus Lá Domhanda na Misean ár gcreideamh, ár ndóchas agus ár ngrá mar fhinnéithe agus mar fhógarthóirí Shoiscéil Íosa.

Intinn Mhiseanach an Phápa do Mhí Dheireadh Fómhair 2013 Go gcuire ceiliúrtha Lá Domhanda na Misean i bhfios do na Chríostaithe go léir ar fud an domhain ní amháin go bhfuil siad ina lucht faighte Bhriathar Dé, ach gur lucht fógartha an Bhriathair iad chomh maith.


12

Timire

Sagairt faoi bhrú An tAthair Con Mac Giolla Códa In Éirinn sa lá inniu tá sagairt cloíte ag na fadhbanna atá acu. Ta siad in ísle meanman agus lagbhríoch. Tá tacaíocht agus dearbhú de dhíth orthu. Deirtear linn gur seasca ceathair bliain meán-aois na sagart san Eaglais in Éirinn ! Tá géirchéim san Eaglais de dheasca laghdú ar uimhir na sagart agus méadú ar phróifíl aoise na sagart go háirithe nuair atá ár sagairt ag déanamh a ndíchill i gcúinsí deacra. Níl ach beirt sagart nó sagart amháin fiú i bparóiste anois áit a mbíodh triúr nó ceathrar ann roimhe seo. Mar a dúirt sagart i bparóiste tuaithe – agus léirigh sé an staid chriticiúil go cruinn – ‘an deacracht a bhaineann le sagart amháin i bparóiste, go bhfuil an baol ann nach bhfuil sagart eile mórthimpeall a líonfadh isteach dó, nuair atá trí Aifreann le ceiliúradh in áiteanna éagsúla ar Dhomhnach, má tá an sagart cónaitheach tinn nó éagumasach. Muna ndéantar rud éigin go práinneach faoi seo beidh sagairt ag éirí as, spíonta nó marbh. Tá obair thréadach na sagart antrom inniu – póstaí, socraidí, baistí (ullmhúchán dóibh san áireamh), glaonna ola, ministreacht ar scoileanna le déanamh agus méadú ar uimhir na nAifreann in áiteanna éagsúla le ceiliúradh aige. Mar bhreis ar an ualach anró seo luíonn suaitheadh na scannall cléireachais go trom ar shagairt dílse. Caithfidh siad cur suas go foighneach leis an bhfearg atá ar dhaoine leis an Eaglais de dheasca na gcoireanna uafásacha atá déanta ag mionlach dá gcomhghleacaithe. Maidir leis na

heachtraí tubaisteacha duairce seo mothaíonn sagairt gur lig na hEaspaig síos iad, nuair nár dheighleáil siad leis na scannaill mar ba chóir. Chomh maith leis sin, cuireadh fearg níos mó orthu nuair a bhí ar roinnt dá gcomhshagart, an paróiste a fhágáil de dheasca ordú a n-easpag, go dtí go raibh próiseas canónta na hEaglaise curtha i gcrích (a thóg an-chuid ama i gcásanna) chun a neamhchiontacht a chruthú. Os comhair an tsaoil b’é an toradh a bhí air seo ná gur ceapadh go raibh na daoine mífhortúnacha seo ciontach trí bheith curtha i leathaobh gan trua sa tslí sin. Ní haon ionadh mar sin go bhfuil drochmheanma agus drochmhisneach ar na sagairt. Tá cabhair agus tacaíocht ag teastáil uathu níos mó ná riamh. Tá a lán daoine ann nach gcleachtaíonn an creideamh. San Eaglais inniu tá pobal an-bheag ag freastal. Is seandaoine iad, gan mórán daoine fásta i láthair agus is ar éigean go bhfuil daoine óga ag aois scoile ann ach an oiread. Tá sé seo andian agus is údar mór drochmhisnigh é sin do na sagairt a chaith a saol ar son na hEaglaise. Tá sagairt agus easpaig fiú nach dtugann an meath seo faoi deara. Níl comharthaí na linne á léamh againn. Dhá bhliain ó shin bhailigh sagairt le chéile agus bhunaigh siad Cumann na Sagart Caitliceach in Éirinn toisc iad a bheith sáraithe, fágtha leo féin gan taca, de dheasca na n-imeachtaí domheanmnacha a tharla agus staid mheatha na hEaglaise. Tá breis is míle sagart sa chumann seo anois atá ag iarraidh, ní chun an teagasc Caitliceach a athrú, ach chun an Eaglais a athnuachan agus a bheith bainteach le saol agus le riachtanais ár bpobal. Chomh maith tugann Cumann na Sagart Caitliceach


Timire

cabhair agus tacaíocht do shagairt a bhfuil fadhbanna acu. Le déanaí sheas an cumann go diongbháilte le Fr. Kevin Reynolds a ciontaíodh go mí-chóir míchlúiteach agus bhí an cumann chun tosaigh á chosaint agus a neamhchiontacht a chruthú. Cad is féidir le daoine a dhéanamh chun seasamh lenár sagairt inniu? Is féidir le duine é féin a thairiscint le haghaidh ministreachtaí éagsúla sa pharóiste, agus spreagadh a thabhairt do dhaoine eile an rud céanna a dhéanamh. Tá sé tábhachtach chomh maith guí leat féin agus leis an gclann ar son na sagart. Cumann eile atá gaolta le Cumann na Sagart ná Cumann na gCaitliceach in Éirinn a bhfuil an aidhm chéanna aige, sé sin athnuachan an

13

chreidimh, a chabhróidh lenár sagairt le cúnamh Dé. B’fhéidir gur mhaith le daoine bheith ina bhall den Chumann seo a thugann tacaíocht don Eaglais, d’easpaig agus do shagairt. Is sagart paróiste ar scor (de chuid Ard-Deoise Átha Cliath).

Intinn Choitianta an Phápa do Mhí na Samhna 2013 Sagairt a bhfuil deacrachtaí ag goilliúint orthu, go bhfaighe siad sólás ina nduainéis, le cothú le linn a n-amhrais agus le daingniú ina ndílseacht.


14

Timire

Beatha Nua chugainn ó Dheisceart an Domhain Caoimhín Ó hUigín SJ Comhartha sofheicthe is ea toghadh an Phápa Proinsias, an chéad Phápa ó Mheiriceá Laidineach agus an chéad neamh Eorpach le míle bliain, go bhfuil athrú ollmhór ag dul ar aghaidh i gcomhdhéanamh bhallraíocht na hEaglaise. Cé go bhfuil lárphointe thíreolaíoch na hEaglaise san Eoraip, is san Áis, san Afraic agus i Meiriceá Laidineach atá tromlach a baill. San am a chuaigh thart, is minic go raibh níos mó i gceist le gníomhaíocht na misean ná roinnt an tSoiscéil – go raibh cineál crosáid cultúrtha i gceist. B’ionann bheith Críostaí, go minic, agus bheith Eorpach. Ba í an Eoraip slat tomhais na sibhialtachta. Ar feadh na gcéadta bliain, d’fhulaing pobail imeallaithe sna limistéir choilínithe foréigean cultúrtha, eacnamaíoch agus míleata. Faraor, i bhfad ró mhinic, maíodh beannacht na hEaglaisí Críostaí a bheith ag an bhforéigean seo. Níl ar ár gcumas an stair a chuir ar ceal. Is féidir linn botúin a rinneadh a admháil agus, más féidir, maithiúnas a iarraidh. Ach maireann muid san aimsir láithreach, agus is don todhchaí atá muid ag tógáil. Má tá ar ár gcumas foghlaim as an aimsir chaite b’fhéidir go mbeidh ar ár gcumas todhchaí níos fearr a thógáil. Is fíor freisin go dtarlaíonn sé go minic go gcuireann an stair uaillmhian lucht cumhachta ar ceal. Is féidir todhchaí agus am i láthair nach raibh aon duine ag súil leis eascairt, ar dhóigh gan coinne, as gníomhartha san am atá thart. Is amhlaidh atá an cás

maidir le gníomhaíocht mhisineach na hEaglaise. Is beag duine a shamhlódh roinnt céadta ó shin, go mbeadh muid anois ag caint ar mhisinéirí a bheith ag teacht ó áiteanna a bhí imeallach anallód – fearacht Meiriceá Laidineach – chun athsoiscéalú a dhéanamh ar an Eoraip. Botún a bheadh ann samhlú nach bhfuil daoine ó Mheiriceá Laidineach ach chun na bearnaí atá fágtha ag easpa gairmeacha abhus a líonadh. Ní ceist uimhreacha amháin atá ann, ná ceist an tsean seó bóthair chéanna a choinneáil ag dul. Tá taithí éagsúil ag muintir Mheiriceá Laidineach ar cad atá i gceist le bheith i do Chríostaí i saol na linne seo. Ró mhinic bhí siad thíos le cinntí lucht cumhachta san Eoraip; cuid acu a mhaíonn as a gCríostaíocht ach a roghnaigh neamhaird a dhéanamh de chostas daonna a gcuid polasaithe éigiallta. San sean Tiomna is minic a thug fáithe a tháinig ón imeall, ó bhfásach imeallach, dúshlán do smaointe agus gníomhartha lucht na cumhachta. Mar an gcéanna, níorbh den chinseal Íosa ach thug sé dúshlán údaráis chreidimh agus pholaitíochta a linne. Roghnaigh sé bearna a bheith idir é agus an dream a bhí lárnach i gcumhacht agus údarás. San lá atá inniu ann, d’fhéadfadh misinéirí ó Mheiriceá Laidineach an ról fáidhiúil céanna a ghlacadh chucu féin, ag tabhairt dúshlán na hEaglaise an saol a fheiceáil tríd súile nua, ó dhearcadh an imill seachas dearcadh lárionad na cumhachta. Cheana féin tá comharthaí ann go


dtuigeann an chéad Phápa ó Mheiriceá Laidineach a ról sna téarmaí fáidhiúla seo. Agus é ag cur móramh bocht na cruinne i lár féin-thuiscint na hEaglaise, tá sé ag léiriú a thuiscint féin ar an saol agus ar an Eaglais ó dhearcadh Mheiriceá Laidineach. Tréimhse chorraitheach i stair na hEaglaise atá anois ann. Is léir go bhfuil muid in Idirthréimhse idir Eaglais faoi chung smaointeoireacht na hEorpa agus Eaglais atá domhanda go fíor. Tá an eaglais sa sean Domhan traochta agus gafa léi féin ar shlíte. Tá gá le beatha nua ó lasmuigh. Is féidir go dtiocfaidh an beatha nua sin ó Mheiriceá Laidineach chomh maith léi an Áis agus an Afraic. Seachas a bheith éadóchasach agus duairc ba cheart dúinn fáilte a chuir roimh an ngéarchéim reatha san Eaglais san Eoraip mar deis athnuachana

agus aiséirí bunúsach a dhéanamh. Má chreideann muid go bhfuil cúram coimhdeach Dé le feiceáil in eachtra uilig na staire, is gá dúinn muinín a bheith againn go leanfaidh Spiorad Dé ar aghaidh ag seoladh na hEaglaise ar bhealaí nach raibh súil leo. Ní chiallaíonn sin gur féidir linn bheith éighníomhach nó bogásach. Ciallaíonn sé áfach, agus ár ndícheall á dhéanamh againn Ríocht Dé a chur chun cinn ar an saol seo, go n-aithníonn muid go dtabharfaidh Dia gach rud go dtí an críoch is fearr. Comhartha bheag, ach suntasach, a bheidh i saothar mhisinéirí as Meiriceá Laidineach go bhfuil Dia ag treorú agus ag tionlacan na hEaglaise i dtreo cur i gcrích níos dílse dá misean ar an saol seo. Alt aistrithe ag Aonghuis Ó hAlmhain

Intinn Mhiseanach an Phápa do Mhí na Samhna 2013 Go gcuire Eaglaisí Mheiriceá Laidinigh misinéirí chuig Eaglaisí eile de thoradh an mhisin mhór-roinnigh.


16

Timire

Pápa a raibh aithne agam air James Kelly SJ Déanaim móriontas de go fóill go bhfuil duine atá ar m’aithne le roinnt blianta anuas ina Phápa anois. Cé go bhfuil sé ina dhuine éifeachtúil, níor rith sé liom riamh go n-éireodh chomh maith sin leis. Mar thoradh ar sin, bím ag ceapadh i gcónaí go bhfuil greann ag baint leis an saol, cuireann Dia Uilechumhachtach ar ár súile dúinn go bhfuil dearcadh míshoiléir againn uaireanta. Déanann an Tiarna a chuid roghanna féin. Anois guím go leanfaidh sé air ag cur beannachtaí flaithiúla ar Jorge (An Pápa Proinsias anois), agus go dtabharfaidh sé neart agus eagna dó agus a chuid oibre éilithí ar siúl aige.

córas múnlaithe ag an gcliarscoil a chuireann próiseas comhtháite ar fáil do na mic léinn sagartóireachta: múnlú spioradálta, múnlú intleachtach agus múnlú tréadach atá dírithe ar Íosa Críost an tAoire Maith.’ Go ginearálta, theastaigh uaidh go mbeadh na mic léinn múnlaithe sa bhealach is go mbeadh carthanacht an Aoire Mhaith acu. Cheap roinnt Íosánaigh eile go raibh a leagan den traenáil sin ró-dhocht – mar sin bhí a chuid criticeoirí aige. D’éiligh sé mórán ó na mic léinn, ach fós fuair sé toradh flaithiúil suntasach uathu. Dúirt Íosánach scolaíoch, atá anois ina Easpag san Airgintín liom: ‘Éilíonn sé a lán ach tugann sé a lán tacaíochta chomh maith’.

Nuair a bhí aithne agam air

Na Bochtáin

Bhí sé ina reachtaire ar an Collegio Maximo San Jose in San Miguel na hAirgintíne (cliarscoil agus cuid d’ollscoil), agus ina Shagart Paróiste ar cheantar mór chomh maith. Bhí mise ag múineadh Scrioptúir ann fad is a bhí seisean i gceannas go hiomlán. Bunaíocht choimeádach go leor a bhí á rith aige – sin mar a d’fheiceadh strainséirí é! Chreid sé gurbh fhiú an méid a bhí go maith sa tseanoiliúint sagartóireachta a chaomhnú ach gur chóir é a chur in oiriúint don lá atá inniu ann le cur chuige nua. Go bunúsach dó, bhí oiliúint reiligiúnach na mac léinn agus tógadh na heilimintí eile ar an mbunchloch seo. Thóg mé faoi deara go minic gur fir óga a bhí sna mic léinn sagartóireachta a raibh an phaidreoireacht an-tábhachtach dóibh. Rinne sé iarracht an fhís a bhí le feiceáil níos déanaí san Aparecida Document a chur i bhfeidhm: ‘Ba chóir go mbeadh

Is furasta bá an Phápa leis na bochtáin a thabhairt faoi deara ina chuid seanmóintí, ina chuid scríbhinní agus ina bheatha laethúil. Theastaigh uaidh go mbeadh na sagairt agus baill d’oird rialta i measc na mbochtán, ag caint leo agus ag iarraidh feabhas a chur ar a saoil. Thar aon rud eile, chuir sé béim ar a bhforbairt reiligiúnach. Thuig sé fiú nuair atá daoine bocht gur féidir leo maireachtáil go reiligiúnach. Bhí sé anchúramach maidir le diagacht na saoirse, mar d’fhéadfadh sé a lucht leanúna a tharraingt isteach in idé-eolaíochtaí daonna nó polaitíocht pháirtí. Bhí teoiriciúlacht faoi na bochtáin as an áireamh dó. Cabhair phraiticiúil a bhí ag teastáil uathu, dar leis. Ba chóir go mbeadh an charthanacht chun tosaigh sa saol Críostaí. Ba chóir do Chríostaithe maireachtáil go simplí chomh maith. B’shin go díreach a bhí le mothú sa saol laethúil sa Collegio Maximo.


Timire

17

Caption

Comhphlé

Nuair a bhí mé leis, bhí sé i gceannas ar an teach agus bhí smacht iomlán aige air. Ní raibh mórán deiseanna don chomhphlé ann. Gan amhras bhí sé ag cur a chlár féin chun cinn, clár a ndearna sé dianmhachnamh air agus rud a bhí suntasach – ag tabhairt daoine eile, go háirithe na daoine óga leis. Ach ag an am céanna ba éisteoir an-mhaith a bhí ann. Níor mhothaigh éinne leis riamh go raibh a intinn déanta suas aige cheana féin nó go raibh sé ar tí tuairim réamhcheaptha a nochtadh. Mhothaigh mé go raibh sé ag éisteacht liom agus chuaigh sin i bhfeidhm go mór orm.

Dearcadh Domhain Spioradálta

Tá fís spioradálta domhain agus soiléir aige ar an méid atá ag teastáil sa saol seo le bheith ag maireachtáil go fónta mar Chríostaí. Caithfidh an saol a bheith dírithe go hiomlán ar Íosa Críost. Luann

sé Evangelii Nuntiandi go minic ag rá go bhfuil gá le teachtaireacht shoiléir agus aonchiallach Íosa. Maireann an Eaglais ar mhaithe le soiscéalaíocht a dhéanamh: ‘Níl aon soiscéalaíocht fírinneach ann gan ainm, teagasc, beatha agus gealltanais, ríocht agus mistéir Íosa Nazórach, Mac Dé a chraobhscaoileadh” (EN 22). Caithfidh an saol fírinneach a bheith bunaithe Air – ag siúl leis, ag tógáil leis agus á dhearbhú. Téann staidéar ar an diagacht agus cleachtadh na paidreoireachta lámh i láimh le chéile. Caithfear tabhairt faoi phróiseas foghlamtha mar sin ar na glúine go mór-mór. Tá sé go mór i bhfábhar na cráifeachta agus an reiligiún coitianta ar nós Choróin Mhuire agus deabhóidí. Tá bunús aspalda lena shaol – daoine a dhéanamh naofa trína gcreideamh a mhaireachtáil. Ba chóir go mbeidh tionchar mór aige ar an Eaglais sna blianta atá amach romhainn.


18

Timire

San Prionsias d’Assissi agus ár bPápa nua

Síle Ware Ar nós a lán daoine, nuair a chuala mise faoin ainm a ghlac ár bPápa nua sé sin Proinsias, bhí fiosracht orm cad é atá romhainn leis seo? Chuardaigh mé leabhar a bhí agam ‘I, Francis’ (scríofa ag Carlo Corretto, ball d’ord rialta eile, in aice le Assissi), agus tá an t-eolas agus na smaointe seo a leanas bunaithe ar an leabhar sin. An rud ana-thábhachtach a tharla do Phroinsias d’Assissi ná gur chuala sé Dia ag labhairt leis in Eaglais San Damiano. ‘Imigh agus déan mo Eaglais a dheisiú’ – iad sin na focail a chuala sé. Roimhe sin bhí San Proinsias tar éis ana-shuim a chur sa nádúr; an talamh, an ghrian, an ghealach, bláthanna, ainmhithe agus rl. Agus thosaigh sé ag lorg Dé, a chuir an saol ar fad ar bun. ‘Cérbh é Dia dó?’ Agus thosaigh sé ag labhairt le Dia agus de réir a chéile bhí sé tugtha ar fad do phaidreoireacht, féin-fhulaingt, grá na gcomharsan, sé sin spioradáltacht domhain. De réir a chéile do lean roinnt daoine é agus bhí an saol céanna á chaitheamh acu. Tháinig fírinne an scéil go léir ansin do Phroinsias; ní díreach fallaí San Damiano, a Eaglais dúchais in Assissi a bhí igceist ag Dia ansin nuair a d’iarr sé ar Phroinsias ‘a Eaglais a dheisiú’ – ní hea ach an Eaglais domhanda ar fad. As sin tharla turas don Róimh ag grúpa beag díobh, agus i Mí Bealtaine 1210

fuaireadar cead ón bPápa Innocent III (tar éis do Phroinsias a gcuspóir a chur in iúl, sé sin iad féin a choisreacan do Dhia i mbochtanas agus grá) Ord na bProinsiasach a chur ar bun. Anois, ag teacht ar aghaidh don 21ú aois, agus Pápa nua tar éis ‘Proinsias’ a ghlacadh air mar ainm, cad a bheidh á chlós againn a chuirfeadh San Proinsias d’Assissi i gcuimhne dúinn? Gan dabht, beidh béim ar ghrá na gcomharsan, cabhair do dhaoine bochta, agus béim mhór ar phaidreoireacht do gach uile duine. Sampla maith mar mholadh do Dhia, agus mar phaidir achainí é seo a leanas tógtha ón leabhar a luaigh mé thuas, ‘I Francis’: Is tusa, a Thiarna Dia, atá mar ár maitheas thar na bearta, Is Tú carthanacht agus grá, Is Tú umhlaíocht, Is Tú foighne, Is Tú síocháin, Is Tú áilleacht. Is Tú ár gcosantóir, Is Tú ár neart, Is Tú ár gcreideamh agus ár ndóchas, Is Tú ár nDia uile-chumhachtach, ár Slánaitheoir trócaireach, ár mbeatha síoraí, Amen.” Guímís go mbeidh cabhair Dé le fáil ag ár bPápa i ngach gné dá phost mór.


Timire

19

Haiku: más é do thoil é! Gabriel Rosenstock

Ar lean ó eagrán an tsamhraidh, 2013

Ceann amháin eile faoin bhféileacán mar sin sula n-eitleoidh sé leis:

is leatsa é, a fhéileacáin, lig do scíth ar an muisiriún sin Bíonn gá againn go léir le sos. Sos is ea haiku. Stopann an t-am. Ligeann an féileacán a scíth ar an muisiriún agus cén fáth nach ligfimisne ár scíth ann ina theannta! Níl aon aidiacht sa haiku sin. An bhfuil gá le haidiacht? Níl. Is féidir an muisiriún sin a shamhlú. Bí ag faire amach do na haiku sin a bhfuil aidiacht iontu agus na haiku nach mbacann le haidiacht ar bith. Níl ach aidiacht amháin sa chéad haiku eile – ‘ceobhránach’ – agus is leor sin:

lá ceobhránach is iad ag cabaireacht… capaill sa ghort Sea, is minic a chífeá capaill mar sin agus shamhlófá go raibh comhrá breá ar siúl acu. (Cá bhfios dúinne cén chumarsáid a dhéanann siad lena chéile!). Sea, cár fhágamar Issa? Thiar sa bhliain 1812, é ag féachaint ar chapaill agus iad i gcomhrá ciúin lena chéile. Lá eile bhí Issa amuigh ag siúl mar ba ghnách leis agus fan go bhfeicfidh tú cad a chonaic sé:

imithe fiáin ag na clocha sneachta – sionnach An sionnach bocht! Caithfidh nach raibh taithí aige ar chlocha sneachta! Ní raibh a fhios aige ó thalamh an domhain cad a bhí ag titim amach. Clocha sneachta! Cad iad sin? Bhí cloigeann tinn aige, is dócha ó na clocha sneachta céanna. Bhraith Issa an phian nó an mearbhall a bhraith an sionnach. Mura mbeadh an phian agus an mearbhall braite aige, ní scríobhfadh se haiku ina thaobh. Ní hiad na súile amháin a fheiceann an domhan ach an croí chomh maith! Haiku greannmhar is ea é, nach ea? Ach tá comhbhá ann chomh maith. I bhfocail eile, tá trua ag Issa don sionnach. Chum Issa breis agus 20,000 haiku i gcaitheamh a shaoil. Is mór an méid é sin, nach ea? Is ea cinnte agus is haiku iad go leor leor leor acu a bhfuil an tréith sin iontu, comhbhá nó trua. (Is ionann uatha agus iolra an fhocail haiku: an haiku, na haiku). Tá sé tábhachtach comhbhá a bheith againn, comhbhá le daoine eile, comhbhá le gach ní beo. Deirtear sa Ghaeilge mar gheall ar dhuine a bhfuil comhbhá ann, duine atá fial flaithiúil – tá croí na bó ann, deirtear. Croí mór! Sliocht as an leabhar ‘Haiku: más é do thoil é!’ le foilsiú amach anseo. Le caoinchead An Gúm.


20

Timire

Tóg go bog é agus glac do scíth

Pádraig Ó Fatharta I saol an lae inniu, tá daoine go leor mar a bheidís á dtiomáint, agus gan iad in ann stopadh. Ná ag iarraidh stopadh, tá an deifir imithe chomh domhain sin iontu. D’fhéadfadh duine bheith beagnach ar an dé deiridh le tuirse i ngan fhios dó féin, agus fós gan aon fhonn scíthe air. Tá tuilleadh ar mhaith leo scíth cheart a ligean ach nach bhfuil fhios acu cén chaoi. Tá daoine ann a airíonn ciontach faoi am a chaitheamh ag ligean scíthe, ach is cineáltas é mar, má shuaimhníonn sé duine, beidh an dream atá timpeall air in ann ceart níos fearr a bhaint de, agus beidh an duine

féin in ann ceart níos fearr a bhaint díobhsean freisin. Ní i gcónaí go mbíonn easpa scíthe chomh neamhurchóideach ná chomh príobháideach is a cheapfaí, b’fhéidir, mar go dtarraingíonn sé mífhoighne, cantal nó achrann féin Seo bealach le luí siar chun scíth dhomhain a ligean. Is é an chéad réiteach atá le déanamh agat i gcomhair do sheisiún scíthe ná déanamh cinnte nach mbeifear ag cur isteach ort. Ós uait scíth mhaith a ligean, suaimhneas a dhéanamh agus teacht chugat féin ó thuirse agus ó strus, lig do rothaí an tsaoil dul thart timpeall d’uireasa. Cas as an fón. Más gá, fág scéala le muintir an tí go bhfuil tú ag glacadh suaimhnis agus


Timire gan cur isteach ort. Déan cinnte go mbeidh tú sách te, mar faigheann do cholainn fuar agus tú i do luí go socair, agus bheadh sé fánach bheith ag súil le scíth mhaith agus tú fuar. Baineann tú díot do bhróga. Bord massage a b’fhearr a d’fheilfeadh le luí air – é breá daingean fút ach gan é róchrua ach an oiread. Dhéanfadh an t-urlár cúis chomh maith céanna, ach pluid nó dhó, nó rugaí, a bheith dúbailte fút. Bíodh boinn do chos ar an áit atá fút, agus iad leithead do pheilbhis ó chéile, nó mar sin, agus do shála chomh gar dod pheilbhis agus is féidir, caoi ar bith is nach bhfuil tú míchompordach. Tá do ghlúine suas, agus iadsan freisin tuairim is leithead do pheilbhis ó chéile. Beidh ort na glúine a choinneáil suas, is gan ligean dóibh titim isteach nó amach, ach ní mórán d’iarracht a theastaíonn lena aghaidh sin, agus is fiú go mór é mar go bhfuil luí mar seo thar cionn ag an droim. Má bhíonn boinn do chos ag sciorradh síos, d’fhéadfá éadach garbh nó píosa eangaigh a chur fúthu. Bíodh cúl do chinn ar philiúr, cúl do chinn, sin an méid, ná bíodh aon chuid den philiúr faoi do mhuineál. Sin é an fáth go mb’fhearr an cloigeann a bheith ar leabhair lena aghaidh seo, b’fhéidir leabhair le clúdaigh bhoga, agus an té nach bhfuil aon chleachtadh aige air

21

seo, b’fhéidir gur mhaith leis éadach fillte cosúil le scairf a bheith os cionn na leabhar. Teastaíonn taca ón gcloigeann agus tú i do luí ar do dhroim, mar go bhfuil an cloigeann níos faide chun tosaigh ná na guaillí i bhformhór na ndaoine. Maidir leis an méid leabhair nó tiús an philiúir, ní mór do dhuine é sin a mheas é féin, mar go bhfuil muid ar fad difriúil. Níl tú ag iarraidh do chloigeann a bheith tite siar an iomarca, ag cur brú ar chnámha agus dioscaí do mhuiníl, ach níl tú ag iarraidh ach an oiread cúl do chinn a bheith ardaithe aníos agus do smig síos, ag cur brú ar do scornach. Dá mbeadh fonn ort corraí, rud amháin a d’fhéadfá a dhéanamh ná cos amháin a scaoileadh síos tamall, ansin í a thabhairt aníos arís, fanacht tamaillín, agus ansin an cleas céanna a dhéanamh leis an gcois eile. Bíodh do bhosa ar do bholg, nó sin bíodh do lámha ag síneadh síos le do dhá thaobh, agus sa gcás seo freisin, d’fhéadfá sealaíocht a dhéanamh dá dteastódh athrú uait. Má tá tú rólag nó róthámáilte le bheith ag dul síos le luí ar an talamh, d’fhéadfá é seo a dhéanamh sa leaba, do chosa sínte síos, nó sin slám piliúir a bheith faoi d’ioscaidí. Agus ansin? Á, bhuel, ní mór duit an chéad eagrán eile de An Timire a fháil le fios an rúin sin a fháil!

An Ofráil Laethúil A Athair róghrámhair, tugaim suas duit gach a bhfuil romham inniu, gach smaoineamh, focal is gníomh, gach áthas is brón. Ofrálaim duit iad i bpáirt le Críost san Aifreann, ar intinn Chroí Íosa agus ar intinní an Phápa, mar atá ... (féach leathanach cúil)... agus ar m’intinní féin. Deonaigh dom, trí spreagadh an Sprioraid Naoimh agus le cabhair ó Chroí Mhuire gan Smál, an lá seo a chaitheamh ag freastal ortsa agus ar dhaoine eile. Amen.


22

Timire

Seosamh Ó Mealláin SJ: Saol Seirbhíse Tá athruithe millteacha feicthe le ochtó bliain anuas agus tá an tAthair Seosamh Ó Mealláin tar éis a bheith ina fhinné ar fhurmhór na n-athruithe sin i gcaitheamh a chuid seirbhíse sa tSín. Is soiléir gur ó dhúchas a fuair sé an flusc chun oibre ar son daoine eile – bhí a dheartháir Seán mar bhall de Chumann Íosa cúpla bliain roimhe agus b’é a athair an Ceannfort Mícheál Ó Mealláin a daoradh chun báis ag na Sasannaigh mar bhall d’ Éirí Amach na Cásca 1916. Ní raibh an tAthair Ó Mealláin ach dhá bhliain go leith d’aois agus mar sin níl cuimhne ar bith aige ar a athair ach corraíodh go mór é ag alt faoina athair scríofa i 1917 ag Íosánach Meiriceánach. Is cuimhin leis a mháthair mar bhean ghaoismhear a rinne a dícheall gnáthshaol teaghlaigh a chur ar fáil dá leanaí. Ag am dhaoradh Mhíchíl bhí ceathrar leanbh aici agus í ag coinne lena cúigiú leanbh. Ina litir dheiridh chuici scríobh sé ‘Guigh ar na hanamnacha go léir a thit sa chath seo idir Ghaeil agus Ghaill’.

An Chomhdháil Eocairisteach 1932 Tamall gearr roimh dó dul le Nóibhíseacht na n-Íosánach sa bhliain 1932, bhí Joe mar bhall gníomhach sa Chomhdháil Eocairisteach ag cuimhneamh siar ar an slua ollmhór i bPáirc an Fhionnuisce agus an faoiseamh aigne a rug an dea-aimsir léi agus an eagar a chuir Coimisinéir na nGardaí , an Ginearál Ó Dufaigh ar an ócáid. Bhí Joe i dteagmháil leis na hÍosánaigh agus é i Scoil Naomh Éanna, Rath Fearnáin agus bhuail sé leis an Ath. Earnán Mac Aoidhe ag Coláiste an Chnoic Bhig (Knockbeg College).

An tSín

Ar an long amach go Hong Kong

fuair an Stiúrthóir Lasta a bhí ina Chaitliceach bás agus iarradh ar an Ath. Joe an tseirbhís adhlactha farraige a cheiliúradh. Ba chuimhin leis gur eispéireas mothaitheach ba ea é agus go raibh an captaen an-chabhraitheach. Shroich an tAth. Ó Mealláin Guangzhou (an Chantóin) go luath i Meán Fómhair 1948. Ach i mBealtaine 1949 bhí ar na hÍosánaigh an chathair a fhágáil agus dul go Hong Kong toisc bagairt teachta an Airm Chumannaigh Shínigh. Ins na Daichidí déanacha ní raibh cuma ró-iontach ar Hong Kong toisc seilbh na Seapánach agus buamáil na gComhghuaillithe ach tháinigh sé chuige féin go han-tapa.Ní raibh mórán ama ag an Ath. Ó Mealláin aithne a chur ar a bhaile nua ach chuaigh chun oibre caol díreach.Bhí air cónaí ar urlár uachtair tí Mhisiúin Pharis an Chumainn Eachtrannaigh a tugadh go lách do na hÍosánaigh. Ní raibh aon deacracht ag Joe dul i ngleic leis an saol agus cultúr nua. Chuir sé go tréan roimhe deileáil le hiliomad daoine – ailtirí, tógálaithe agus soláthraithe, cócairí agus glantóirí. Rinne sé maoirseacht ar ghnónna athraithe tógála agus bhí de dhualgas air lóistín sealadach a chur ar fáil do mhórán Íosánach a díbríodh ó mhórthír na Síne tar éis seilbh ghlacadh na gCumannach. Tharla eachtra a bhfuil mionchuimhne aige air nuair a tháinigh glao gutháin go déanach san oíche ó Ospidéal na Banríona Máire ag lorg sagairt a theacht chun freastal ar othar a bhí ag fáil bháis. Chuaigh sé síos fan na sráide chun tacsaí a stopadh. Thug an tiománaí tacsaí go han-ghasta é go dtí an ospidéal. Nuair a ghabh sé buíochas leis d’fhreagair an tiománaí ‘Is Muslamach mé agus dúirt m’athair liom


Timire

23

Seosamh Ó Mealláin SJ

dá stopfadh sagart Mhisiúin Chaitlicigh riamh mé i lár na hoíche chun dul go dtí ospidéal gur chóir dom tiomáint ar nós na gaoithe mar go raibh sé ríthábhachtach”.

Ar bheagán focal ach ar mhórchuid gníomhartha grámhara Bhí saol aspalda éagsúil aige le rath ar a phost mar mhinistir an chomhluadair, Sparánaí an Mhisiúin, Stiúrthóir an Lárionaid Shóisialta, mar Meánmhúinteoir agus mar Ardmháistir Bunscoile Pun Yu i Hong Kong agus fiú mar Cheannasaí ar Choláiste Ricci i Macao. Bhí aithne air mar fhear ar bheagán focal ach ar mhórchuid gníomhartha grámhara.

Músaem Náisiúnta Bhaile Átha Cliath Sheinn an tAth. Ó Mealláin an

fhliúit a bhain lena athair. Go fiú sheinn a athair é i Halla na Saoirse i gCeolfhoireann na n-oibrithe ar oíche Lae Éirí Amach na Cásca 1916. Tá an fhliúit agus uaireadóir a athar sa Mhúsaem Náisiúnta . Nuair a fiafraíodh de an raibh aiféala air faoi aon ní maidir le fágáil na hÉireann de dúirt sé go mba bhreá leis a bheith tar éis breis ama a chaitheamh ina shagart in Éirinn. Dúirt sé freisin gur bhraith sé uaidh an bháisteach. Tá an tAth Joe Ó Meallain ina Íosánach anois le breis agus ochtó bliain agus beidh a chéadú (100ú) bhreithlá á cheiliúradh i mí Mheán Fómhair. Is le halltacht do-chreidthe a fheictear é agus a ghníomhaí is atá sé fós ag a aois. Éinne riamh a chuir aithne air tá ardmheas thar cuimse acu dó.


24

Timire

An tríú halt i sraith de cheithre cinn

An Spioradáltacht Iognáideach: Trí Shamhlaíocht go hUrnaí Brian Ó Laoire SJ An bhfuil baint ar bith ag an tsamhlaíocht le do chaidreamh le Dia? Leis an mbealach a nguíonn tú? Nó an tusa duine de na daoine sin a bhreathnaíonn ar an tsamhlaíocht mar réimse dainséir, réimse seachmaill, réimse calaoise b’fhéidir, nó réimse glanfhantaisíochta ar an gcuid is fearr de? Éiríonn na ceisteanna as tráchtanna a rinne an scoláire bíobalta, Dennis Nineham. Tugann sé le tuiscint gur ag leibhéal na samhlaíochta is laige atá Críostaíocht na linne seo. Leanann sé ar aghaidh, ag rá ‘go mbraitheann daoine deacair é creidiúint i nDia mar nach bhfuil aon phictiúr beoga samhlaíoch ar fáil dóibh ar an mbealach a bhfuil baint ag Dia leis an domhan mar is eol dóibh é. Is é an rud is mó a bhfuil gá acu leis ná scéal, pictiúr, miotas, a ghabhfaidh a samhlaíocht le linn dó comhghreamú lena gcéadfacht’. Baineann an spioradáltacht Iognáideach mórán feidhme as an tsamhlaíocht. Mar shampla, agus é ag tabhairt cuireadh dúinn guí ar radharc i soiscéal, molann Iognáid dúinn a shamhlú go bhfuil sé ag tarlú os comhair ár súl. Níl muid le staidéar a dhéanamh air, é a anailísiú, ná teagasc morálta a lorg, ná fiú a bhrí dhiaga a chuardach, ach a bheith go simplí ina láthair, sinn féin a chur isteach ann, fiú páirt ghníomhach a ghlacadh ann. Má tá Íosa ag teagmháil le fear dall, mar Bartaiméas (Marcas 10:46-52), cén fáth nach samhlódh muid sinn féin mar dhuine

de na deisceabail, faoi dhraíocht agus fiosrach faoina bhfeiceann siad. Nó níos fearr fós cén fáth nach dtógfadh muid áit Bhairtiméas, agus a éadóchas, a eagla agus a dhóchas a mhothú. Agus nuair a fhiafraíonn Íosa de ‘Cad ba mhaith leat a dhéanfainn duit?’ éist leis na focail amhail is gur chugatsa atá siad á rá anseo agus anois, agus tabhair freagra faoi do riachtanas féin, do laige féin. Ligeann sé seo Íosa a bheith níos réalaí dúinn, ní mar dhuine stairiúil i bhfad uainn, ach mar dhuine atá ina chuid dár saol agus atá ag iarraidh leigheas, misneach agus dóchas a thabhairt dúinn. Glaonn Iognáid freisin ar ár samhlaíocht agus é ag cur urnaí a bhaineann leis an Tríonóid inár láthair. Sa chás seo is mian leis go ndéanfadh muid ár n-aire a dhíriú, ní ar bheatha inmheánach na Tríonóide féin, ach ar an mbealach a mbíonn an Tríonóid ag caidreamh leis an domhan agus a dhaoine. Mar sin léiríonn sé, i bhfocail Nineham thuas, ‘pictiúr beoga samhlaíoch ar an mbealach a bhfuil baint ag Dia leis an domhan’. Tabhair faoi deara cé chomh héifeachtach a dhéanann sé é seo sna Cleachtaí Spioradálta (106-107): Feicfidh mé na daoine éagsúla, cuid anseo, cuid ansiúd. Ar dtús, iad siúd ar dhroim an – domhain, chomh héagsúil i bhfeisteas agus i mbéasa: cuid acu geal agus cuid eile dorcha, – cuid acu go síochánta agus cuid eile


Timire

ag cogaíocht, cuid ag caoineadh agus cuid eile ag gáire, – cuid sláintiúil agus cuid eile tinn, cuid á mbreith agus cuid eile ag fáil bháis, agus mar sin de. Sa dara háit, feicfidh mé agus pléifidh mé na trí Phearsa Dhiaga, ina suí, mar a déarfá, ar – ríchathaoir A Mórgacht Dhiaga. Tá siad ag breathnú ar dhroim agus ar chúrsa iomlán an – domhain; agus feiceann siad na pobail agus iad dall ar gach rud, agus conas a – fhaigheann siad bás agus a théann siad síos go hIfreann. Éistfidh mé lena bhfuil á rá ag na daoine ar dhroim an domhain; is é sin, conas a labhraíonn – siad lena chéile, a déanann siad eascaine agus diamhasla, agus mar sin de. Mar an – gcéanna, cloisfidh mé a bhfuil á rá ag na Pearsana Diaga, is é sin “Saothraímis slánú an chine dhaonna.” Tá an creatlach scéil seo níos casta

25

ná radharc simplí soiscéil, ach is í ár samhlaíocht fós a ligeann dúinn dul isteach san insint. Tugtar cuireadh dúinn páirt a ghlacadh in éineacht leis na Pearsana Diaga agus iad ag breathnú síos ar an domhan, chun a bhfeiceann Siad a fheiceáil, chun freagairt mar a fhreagraíonn Siad – le bá agus le grá (seachas le breithiúnas). Treoraítear sinn chun an drochbhail atá ar an gcine daonna a aithint, ach taispeántar dúinn freisin conas a ‘shaothróidh an Tríonóid slánú an chine dhaonna’. Cuirfidh Siad duine Díobh Féin (dá ngairimid an Mac) chun an domhain i bhfoirm dhaonna. Mar sin, is é an tríú cuid den ‘triptic’ Iognáideach seo láthair Theachtaireacht an Aingil (Lúcás 1: 2638) mar a bhfeiceann muid nochtadh phlean na Tríonóide: ionchollaítear Íosa i mbroinn na Maighdine Muire. Cibé acu a ghluaiseann muid go samhlaíoch ón Tríonóid, chuig an domhan, chuig Muire – nó ó Mhuire, chuig an domhan, chuig an Tríonóid -- gabhtar sinn ag an mhistéir i gcroílár an chreidimh Chríostaí.


26

Timire

Leathanach na Léitheoirí A Eagarthóir, a chara, Bhain mé idir taitneamh agus tairbhe as an alt úd ar Gaeilge a chur ar ‘discernere’. Tá cúpla moladh eile ag an gCoiste anseo: http://focal.ie/Search.aspx?term=discernment Ní saineolaí mé ar shaothar Iognáid ná baol air; ach feictear dom go bhfeilfeadh ‘aithint’ scaití – na spiorad a aithint thar a chéile – agus ‘scagadh’ scaití eile. Is gá, dar liom, abairtí/ nathanna seachas focail aonair a aistriú chun an ciall bheacht a aimsiú. Roinnt samplaí as http://corpas.focloir.ie/: ‘Nach mór an ní é nach féidir linn míorúilt Dé a aithint thar chleasaíocht an diabhail ?’ – Biddy Jenkinson, An Grá Riabhach ‘Ag iarraidh a bhí mé na ribíní eolais is na cuimhní a scagadh i m’intinn , na rudaí a chuala is a chonaic mé a dheighilt ó na nithe a d’inis daoine dom nó a chonaic mé ar an teilifís nó a léigh mé ó shin.’ -- Pádraig Ó Siadhail, Éagnairc Bua seo an bhunscagtha , an mhionscagtha , an mhínscagtha , tá sé aige go rábach . -Gearóid Denvir, Litríocht agus Pobal agus araile! Gach deá ghuí Aonghus Ó hAlmhain Na Bráithre Críostaí 1 Sráid Ristéamann Thuaidh Baile Átha Cliath 1 A Eagarthóir dhil, Is é Dia do bheatha! Táim ag scríobh chugat faoi alt san Timire (Geimhreadh 2012) ar Éamann Beannaithe Rís. Molaim go hard eolas, snas agus líofacht an údair ach is trua go deo nár luaigh sé dhá ghné de shaol an Bhráthar Bheannaithe: (1) gur imir sé iomáint – cluiche na sárfhear – nuair a bhí sé óg agus (2) níl oiread agus focal amháin Gaeilge a labhair Éamann luaite. Le gach dea-ghuí An Br. O B de Paor

A léitheoir chóir, tá do chúnamh uainn Tá gá againn le do thacaíocht leis an Timire a scaipeadh. An bhfuil daoine ar d’aithne a cheannódh an Timire dá mbeadh a fhios acu faoi? An dtógfá cóip nó dhó sa bhreis is iad a dhíol dúinn le cairde, nó ag an Aifreann Gaeilge sa pharóiste? An gcuideofá linn le síntús beag airgid le deá-scéal Íosa a scaipeadh i measc phobal Dé na Gaeilge. Bheadh fáilte roimh an tsuim is lú: €5; €10; €20; €50 de réir do mhéine is do chumais.


Timire

27


28

Timire

Im Leabharlann dom Seán de Fréine

Fo Stiùir a Faire Màiri Nic Gumaraid

Leaganacha Gaeilge le Liam Prút Coiscéim 310 lch €12

Leabhar breá téagartha, idir ábhar, chaighdeán filíochta, agus mhéid, atá sa leabhar seo, imleabhar ina bhfuil mórchuid de shaothar an fhile mór-le-rá ó Eilean Leodhais in Inse Gall na hAlban. Tá Màiri Nic Gumaraid ar fhilí móra na hAlban, in aon cheann de na trí theanga ina scríobhtar saothar cruthaitheach na tíre sin i láthair na huaire. Stíl díreach neamhchasta atá aici, agus ní bheidh sé ródheacair ar Ghaeilgeoir riar mhaith dá

bhfuil le rá aici ina cuid dánta Gàidhlig a thuiscint gan mórán stró, fiú mura bhfuil acu ach Gaeilge. Is ionann le ceacht fiúntach Gàidhlig na haistriúcháin atá déanta ag Liam Prút, ach an dá leagan de na dánta a léamh i dteannta a chéile. Tá Liam chomh cúramach dílis sin do fhriotal na mbunleaganacha nach dtagann sé riamh idir an bunúdar agus an léitheoir ach ar éigean. Sampla anmhaith de ealaín an aistritheora atá ina chuid oibre. Tá trí phríomhthéama san chnuasach seo a dtuigfidh daoine dóibh: dílseacht dúchais, dílseacht teanga, dílseacht tíre. Is spéisiúil an cur síos a dhéanann an file ar imeachtaí atá cosúil lena chéile agus difriúil san am céanna i nGàidhealtacht na hAlban agus i nGaeltacht na hÉireann: mar shampla, a tuismitheoirí ‘Gach tráthnóna…/ Cois na gríosaí i ndeireadh lae/ Ag gabháil don Leabhar / I gcomhlíonadh Fheart an Tiarna’, ar nós a gcomhionann in Éirinn ag ghabáil ag an tráth céanna don Phaidrín. Nó an tuairisc a thugann sí ar latha buain na mòna (lá bainte na móna). Dearann sí pictiúirí intinne atá soiléir maidir le háiteanna agus le mothúcháin a chur in iúl le héifeacht agus le heacnamaíocht focal. Agus baineann cuid dá bhfuil le rá aici le fadhbanna atá in Éirinn chomh maith: ‘Tá cuimhne agam ar bhean’ ar sise, ‘a thugadh siúcra (siúcair) do leanbh a labhraíodh sa Bhéarla / seachas sa Ghàidhlig.’ An t-aon rud amháin breise ba mhaith liom a fheiceáil ar an leabhar fónta seo ná réamhrá le Liam a thabharfadh eolas níos mó ar an fhile don léitheoir nár chas ar shaothar Nic Gumaraid cheana. Tá seanaithne aige ar a saothar. Ba chóir go mbeadh tuilleadh aithne uirthi abhus.


29

Old Church Street: A Memoir of Limerick Críostóir Ó Floinn

Original Writing Ltd, Dublin 173 lch

Is ionadh liom an oiread sin cosúlachtaí a bhí idir na cúrsaí sin i Luimneach agus i mBaile Átha Cliath timpeall an ama chéanna – fiú ins na ranna a bhíodh á gcanadh ag na tachráin agus na girseacha. Ach, gach áit, tá an saol sin imithe ar fad beagnach, agus is ar éigean a thuigfeadh duine óg anois céard a bhí ann. Bhí cruatan ann nach bhfuil le fáil anois, ach bhí spraoi agus greann ann a bhí beag beann ar chaitheamh aimsire pacáistithe plaisteach na teilifíse. Tá léargas tábhachtach ar an ré sin le fáil san leabhar seo.

Léirmheas: Séamas Ó Murchú

Séadna

Peadar Ua Laoghair a scríobh Liam Mac Mathúna a chuir in eagar

Beidh aithne ag cuid mhaith léitheoirí ar an údar seo a bhfuil saothar den uile chineál curtha ar fáil aige i nGaeilge agus i mBéarla lena shaol. Bíodh gur i mBéarla atá an leabhar seo, ba mhaith liom é a lua, ó tháinig sé i mo threo tamall ó shin. Leabhar é a bhaineann le seánra tábhachtach, an stair áitiúil agus cuimhní cinn áitiúla, rudaí a chuireann go mór lenár dtuiscint don stáir ar an mhórscála náisiúnta. D’fhás an t-údar idir an dá chogadh mhóra san Eoraip, tréimhse atá ag dul as cuimhne agus nach dtuigtear i gceart ó tháinig an tíogar íogair gearrshaolach Ceilteach ar an fhód. Éinne a bhfuil aithne acu ar chathair Luimnigh, nó éinne a bhí ina pháiste in Éirinn sna tríochaidí agus sna daichidí, bainfidh siad spéis agus taitneamh, agus athnuachan cuimhní, as an tuairisc a thugann Críostóir ar an ionad sin agus ar an am úd. Cuireann sé síos ar nathanna cainte na linne, ar phisreoga, ar dheilíní sráide, ar chluichí agus nósanna súgartha páistí agus mórán mór eile.

Cois Lifé, 2011 1xxii + 263 lch, €16

Bhí Scéal Séadna mar théacs scoile ag cuid againn inár n-óige. Gearrinsint ar Séadna is ea é sin, a foilsíodh ar dtús in 1947. Seoid bheag litríochta ann féin é, ach níl ann ach an tríú cuid den bhunleabhar. Bhí Séadna féin as cló ar feadh na mblianta, go dtí gur chuir Liam Mac Mathúna eagrán nua de ar fáil in 1987. Athchló ar an eagrán seo atá sa


30

Timire

leabhar maisiúil seo ó Cois Lifé. In 1904 a foilsíodh Séadna ar dtús. B’é an chéad úrscéal sa Ghaeilge é (lasmuigh de lagiarracht ó Phádraig Ó Duinnín in 1901). Thaispeáin sé go bhféadfaí dea-phrós a bhunú ar theanga bheo na Gaeltachta; agus go bhféadfaí úsáid a bhaint as an mbéaloideas chun scéal nua-aimseartha a chumadh. Bhí sé mar spreagadh ag scríbhneoirí óga go ceann i bhfad ina dhiaidh sin. Ní tábhacht stairiúil amháin atá le Séadna, dar ndóigh. Saothar cumasach is ea é, agus is fiú é a léamh fós. Scéal grinn atá ann go bunúsach. Ach mar fhráma timpeall ar an magadh tá scéal mí-ámharach Shéadna féin. Díolann sé a anam leis an Diabhal ar sparán óir (téama idir-náisiúnta béaloidis). Éiríonn leis teacht slán as an gcruachas ar deireadh thiar, ar shlí éigin nach bhfuil soiléir ar fad. Sa réamhrá tugann Liam cuntas mion ar stair an leabhair. Bhí a lán deacrachtaí

ag an Athair Peadar é a fhoilsiú. Chuir sé cuid de i gcló in Irisleabhar na Gaedhilge, cuid de mar leabhar ann féin, agus an chuid deiridh i nuachtán seachtainiúil. B’í Norma Borthwick a bhailigh an t-iomlán le chéile in 1904. Is ar eagrán Miss Borthwick a bhunaigh Liam an t-eagrán seo. Léitheoireacht riachtanach é do gach mac léinn Gaeilge.

**COMÓRTAS**

Cuirfear cóip den leabhar seo go dtí an chéad duine a fhreagróidh an cheist seo:

Cad is teideal done úrscéal eile a scríobg an tAthair Peadar? Freagra ar chárta poist go dtí An Timire, 37 Sráid Líosain, Baile Átha Cliath 2

Buaiteoir an chomórtais deireanaigh: C Ní Luasaigh, Seskin West, Beanntraí, Co Chorcaí. Freagra: Naomh Éanna. Cóip de ‘Dúlra Oileáin Árann’ buaite aici.

Tomhas an Timire: 173

1

2

3

4

5

6

7

D’ardaigh Íosa an fear seo ó na mairbh. Tá liosta focal thíos. Tóg litir as gach focal chun an freagra a fháil: Scéal, dánta, zú, beathaisnéis, liric, focal, aiste

Scriobh TOMHAS ar chlúdach do litreach, agus seol do réiteach, mar aon le d’ainm agus do sheoladh, chuig:An Timire, 37 Sráid Líosain Íocht., Baile Átha Cliath 2, roimh 30ú Meán Fómhair, 2013. Tomhas 172: Freagra: Carthach Buaiteoir: Caitlín Ní Luasa, Ard na Sráide, Béal Átha an Ghaorthaidh, Co Chorcaí


Síle Ní Chearbhaill Cúinne na Cócaireachta Níl aon rud níos deise ar oíche fhuar ná casaról deas te. Is dóigh liom gur imigh gearrthóga feola a bhíonn níos saoire as faisean le 20 bliain anuas, ach ní ceart dúinn dearmad a dhéanamh orthu. Is minic a cheapann daoine go mbíonn siad níos righne ná na gearrthóga a bhíonn níos daoire agus nach mbíonn siad chomh cothaitheach leo. Is míthuiscint é seo. Má ullmhaítear i gceart iad bíonn gearrthóga saoire chomh bog agus chomh cothaitheach leis na cinn a bhíonn níos daoire. Iarr ar do bhúistéir an tsaill a ghearradh den fheoil sula gceannaíonn tú í má tá tú ag smaoineamh ar do shláinte, ach is fiú roinnt saille a fhágáil ar an bhfeoil mar is í an tsaill a thugann roinnt den bhlas don fheoil. Is é an bealach is fearr le gearrthóga níos saoire a chócaráil ná go deas mall tais; mar sin tá stobhaigh agus casaróil an-oiriúnach. Taitníonn an t-oráiste san oideas seo go mór liom ach déan cinnte de go mbaineann tú amach é sula ndéanann tú an casaról a riaradh. Más fearr leat is féidir an t-oráiste agus an purée trátaí a fhágáil ar lár, ach cuireann siad go mór leis an mblas. Chun blas difriúil a fháil bain úsáid as bagún deataithe.

Comhábhair

500g mairteoil stobhaigh 75g plúr bán 50g ime 6 shlisín bagúin 1 oinniún 3 chairéad 75g muisiriún 750ml stoc mairteola 1bsp luibheanna measctha 2 bsp purée trátaí craiceann oráiste amháin ½ tsp salann ½ tsp piobar Modh: 1. Réamhthéigh an t-oigheann go 170°c/ gásmharc 3. 2. Gearr suas an fheoil i gciúbanna 2.5cm. 3. Measc an plúr, salann agus piobar le chéile i mbabhla agus clúdaigh an fheoil leis an meascán seo.

4. Leáigh 25g den im sa mhias chasaróil agus frioch an fheoil ann go dtí go mbíonn sí donn ar an taobh amuigh. Bain an fheoil ón gcasaról agus fág í ar phláta. 5. Gearr suas na glasraí agus an bagún. Leáigh an chuid eile den im agus frioch na cairéid, an t-oinniún agus an bagún ann. 6. Cuir an mhairteoil ar ais isteach sa mhias. Measc isteach an purée trátaí, na luibheanna, craiceann an oráiste agus an stoc agus beirigh. 7. Nuair atá sé ag beiriú cuir an casaról san oigheann ar feadh uair a chloig. 8. Tar éis uair a chloig cuir isteach na muisiriúin agus cuir ar ais san oigheann é ar feadh 30 nóiméad eile. Má tá sé ag éirí tirim cuir braon beag eile den stoc leis. 9. Bain amach craiceann an oráiste. Riar an casaról le brúitín (mashed potatoes).


Aspalacht na hUrnaí Chun bheith i do chomhalta, ní foláir duit iad seo a chleachtadh: An Ofráil Laethúil a rá gach maidin – féach leathanach a fiche a haon An Chomaoineach Naofa a ghlacadh uair sa mhí mar chúiteamh le Croí Rónaofa Íosa i bpeacaí agus i míbhuíochas an chine dhaonna Deichniúr den Phaidrín a rá gach lá ar Intinní an Phápa don mhí

Intinní an Phápa

Meán Fómhair 2013 Go n-athaimseoidh daoine ár linne, atá go minic báite i dtorann, luach an tosta agus foghlaim conas éisteacht le guth Dé agus lena siúracha agus bráithre.

Deireadh Fómhair 2013 Na daoine atá traochta faoi thromualach an tsaoil, agus iad ag tnúth fiú lena chríoch, go n-airí siad a chomhgaraí dóibh is atá grá Dé.

Samhain 2013 Sagairt a bhfuil deacrachtaí ag goilliúint orthu, go bhfaighe siad sólás ina nduainéis, le cothú le linn a n-amhrais agus le daingniú ina ndílseacht. Nollaig 2013 Leanaí a d’fhulaing tréigean agus foréigean de gach cineál, go bhfaighe siad an grá sin agus an chosaint sin atá de dhíth orthu.


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.