An Timire - Fómhar 2016

Page 10

10

Bernadette Nic an tSaoir

MUIRE NA FRAINCE (3): PELLEVOISIN – MÁTHAIR NA TRÓCAIRE Sráidbhaile beag gar do Chateauroux i lár na Fraince is ea Pellevoisin. Is ann a bhí Estelle Faguette, tríocha dó bliain d’aois, ag saothrú an bháis ar an 14 Feabhra 1876. Trí ghalar a bhí uirthi – peireatóiníteas, eitinn agus sceachaill ina bolg. Tháinig Sátan i bhfís chuici ach bhí an Mhaighdean Mhuire cois leapa. Labhair sí leis an diabhal: “Cad ab áil leatsa de bheith anso? Nach bhfeiceann tú mo libhré féin uirthi seo agus libhré mo Mhic? Le Estelle dúirt sí: “Ná bíodh eagla ort...cuirfidh tú trua ar mo Mhac. Caithfidh tú fulaingt go ceann cúig lá, in onóir do chúig chréacht mo mhic.” Tháinig Muire ceithre oíche i ndiaidh a chéile. Luaigh sí a cuid mionpheacaí féin le Estelle agus dúirt: “Tá sé thart anois: chúitigh tú do pheacaí nuair a ghlac tú go toilteanach leis an bhfulaingt. Táimse lán de thrócaire agus déanann mo Mhac de réir mo thola....As seo amach déan iarracht a bheith dílis. Ná caill an grásta a bronnadh ort agus scaip cáil orm i measc na ndaoine.” Ist oíche Dé hAoine 18 Feabhra agus isteach sa mhaidin Sathairn bhí Muire arís ann agus aoibh an gháire uirthi. D’iarr sí ar Estelle ex-voto a chur in airde mar a leanas – “D’impigh mé ar Mhuire is mé in umar na haimléise. Mar gheall uirthi thoiligh a Mac mé a leigheas.” Cháin an

Timire WINTER 2016.indd 10

Mhaighdean Mhuire easpa ómóis dá Mac sa Chomaoineach Naofa, daoine ag guí gan aird is iad ag smaoineamh ar chúrsaí eile ar fad, agus leag sí béim ar ómós di féin a chur chun cinn. Le tamaillín roimhe sin bhraith Estelle i ndáiríre go raibh sí ag fáil bháis, mhéadaigh go mór ar an bhfulaingt agus leanadh den chéasadh. Ach go tobann tháinig sí chuici féin. Maidin arna mhárach bhí sí in ann an lámh ar a mbíodh pairilis a bhogadh agus í i mbarr na sláinte, míorúilt a chuir alltacht ar na dochtúirí. Bhí scaball ag teastáil ón Mhaighdean Mhuire freisin mar chúiteamh ar fheillbhearta a dhéantar ar a Mac, mar shampla easpa ómóis don Chomaoineach. Bheadh ar Estelle an scaball a dhéanamh is a chur faoi bhráid an Ardeaspaig agus gheall sí raidhse grásta dá bharr ar lucht a chaite. D’oscail Muire a dá láimh is thit múr báistí. Chonaic Estelle na grástaí scríofa ar an mbáisteach: naofacht, slánú, muinín, iompú, sláinte. Ar an 13 Eanáir 1877 bhunaigh an tArdeaspag coimisiún; dá thoradh san chreid sé an scéal iomlán agus bhunaigh comhbhráithreachas in onóir do Mhuire Pellevoisin, Máthair na Trócaire. Sa bhliain 1892 bhronn an Pápa Leon XIII

01/11/2016 09:53


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.