An Timire - Fómhar 2016

Page 28

28

Tony Mac Cárthaigh

DO GHAIRM? Tá mé tógtha go mór le píosa ar tháinig mé air le déanaí agus atá curtha i leith Parker J. Palmer. Dúirt sé – “Vocation lies in the place where your own deep gladness meets the world’s deep need”. Chuir an blúire sin ag macnamh mé ar mo ghairm féin agus an ról sainiúil atá agam – agus a chreidim atá ag cách – san chruinne. Agus mar a tharla, bhí mé ag léamh leabhar iontach ag an am céanna – Thank God for Evolution le Michael Dowd. Bhí cleachtadh aige ina leabhar Discerning Your Calling Exercise (lgh 178-179) a bhí an-chabhrach dom agus mé ag lorg soiléireachta i dtaobh mo ghairme féin. Seo é an cleachtadh úd:1. Faigh píosa páipéir cuíosach mór and déan 3 cholún ann ó bhun go barr. 2. Ar dtús caith roinnt ama go ciúin, ag díriú ar d’anáil agus ag tabhairt aire ar do chorp, go háirithe ar do chroí. 3. Agus tú réidh, smaoinigh ar gníomhaíochtaí agus spéiseanna a thugann an-sástacht agus gliondar duit. Nótáil na rudaí sin ar mhaith leat go mór iad a bheith idir lámha agat – na rudaí a thugann fuinneamh duit. 4. Cuir an teideal – ‘mo ghliondair’ – ar bharr an cholúin ar chlé. Breac síos focail no frása beag a sheasann do na

Timire WINTER 2016.indd 28

5.

6.

7.

8.

9.

rudaí sin a thagann chugat. Ní gá an liosta a chríochnú direach ag an chéad iarracht. Téir ar ais go dtí d’anáil. Smaoineoidh tú ar rudaí eile níos déanaí nuair nach mbeidh tú ag súil leo. Beidh a fhios agat nuair a bheidh an liosta críochnaite, beag nó mór. Arís, níos déanaí ag análú arís, mar thuas, cuir an cheist seo ort féin – ‘Cad iad na rudaí san domhan nó i mo phobal nó i mo shaol poiblí, a ghoilleann go mór orm – na rudaí a líonann mo chroí le brón mór?’ Cuir an teideal – ‘Riachtanais an domhain’ – ar an gcolún ar dheis. Breac síos focail no frásaí beaga a sheasann do na rudaí sin a chuireann olc ort. Bíodh na liostaí ar láimh agat ar feadh roinnt leathanta agus cuir leo nuair is gá. Na bí buartha go mbeadh an dá liosta ‘ceart’. I ndáiríre is tasc saoil atá i gceist anseo! Agus anois an colún i lar baill. Ag déanamh staidéir anois, ar an dá liosta, déan nascanna eatarthu. Cá bhfuil siad ag teacht le chéile? Bain úsáid as do shamhlaíocht anseo. Agus é seo á dhéanamh agat, bí aireach i gcónaí ar d’anáil.

01/11/2016 09:54


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.