An Timire - Fómhar 2016

Page 38

38

Katie McGreal

ÁBHAR MACHNAIMH! Thosaigh mé ag déanamh machnaimh le féinaithne níos fearr a fháil. Thuig mé go raibh codanna de m’intinn nach raibh iomlán d’aithne agam orthu agus mhol cara dom machnamh a dhéanamh len iad a aimsiú. D’fhreastail mé ar rang síos an bóthar uaim. Bhain mé an-sásamh go deo as an suaimhneas intinne a thagadh orm. Tá i bhfad níos mó ná féinaithne níos fearr gnóite agam sa dá bhliain go leith ó thosaíos ag déanamh machnaimh. An chéad difir a thug mé faoi deara ná nach raibh mé ag éirí chomh feargach agus mé i mo shuí sa charr agus mé sáinnithe sa trácht. Thosaigh mé ag glacadh leis nach bhfuil neart agam ar nithe áirithe. Rinne mé ranganna, ceardlanna deireadh seachtaine, ceardlanna lae, cúrsa deich lá in iomlán ciúnais agus neart eile le dhá bhliain anuas. Tá mé báite sa mhachnamh. Déanaim fiche nóiméad machnaimh gach maidin le linn na seachtaine agus mothaím uaim é nuair nach mbíonn am agam chuige. Ní bhraithim go hiomlán ar mo shuaimhneas. Go ginearálta, tá mé i bhfad níos dearfaí mar dhuine agus ní bhíonn mé

Timire WINTER 2016.indd 38

chomh dian sin orm féin. Ní nós dom anois mé féin a cháineadh toisc nár bhaineas sprioc éigin amach. Cuirim an bhéim anois ar an méid a bhaineas amach. Ba dhuine measartha diúltach a bhí ionam dhá bhliain go leith ó shin. Bhíodh mé i gcónaí ag súil le drochscéala agus bhí mé rud beag éadóchasach faoi chúrsaí. Is a mhalairt ar fad atá fíor anois! Caithim níos mó ama san am i láthair ag breathnú ar an nádúr agus rudaí eile áilne atá thart orm. Is dearfa go mór anois an tsúil atá agam ar an saol. Má bhíonn drochaoibh orm, fíosraím cúis an bhuairimh. Go minic níl ann ach go raibh mé ag codladh go dona. Tuigim sin anois ach ní bhíonn mé dian orm féin. Is de bharr na rudaí sin agus rudaí eile nach iad gur féidir liom a rá gur athraigh mo shaol ó bhonn ó thugas faoin machnamh. Nuair a d’admhaigh mé sin an chéad uair thosaigh mé ag smaoineamh gurbh fhearr liom dá mba rud é gur tháinig mé ar an machnamh níos luaithe. Smaoinigh mé faoi na rudaí maithe a fuair mé amach as agus shíl mé go ndéanfaidh sé maitheas do pháistí dá mba rud é go raibh siad á ndéanamh. Sin nuair a bheartaigh mé go raibh mé ag

01/11/2016 09:55


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.