An Timire - Fómhar 2016

Page 4

4

An Bráthair Dónal Ó hÉalaithe

SAIGHDIÚIRÍ LINBH “Cluinfidh sibh cogaí agus caint ar chogaí … éireoidh náisiún in aghaidh náisiúin agus ríocht in aghaidh ríochta,” a deir an Scrioptúr Naofa (Matha 24:6-7). Is dearóil an smaoineamh é, ach dealraíonn sé nach raibh ré ar bith de stair an chine dhaonna nach raibh cogaí ar siúl. Ní PAX a bhí sa PAX ROMANA (ná sa PAX BRITANNICA ach oiread) ach cumhacht lárnach a bhí in ann iliomad ciníocha a bhrú síos trí bhrúidiúlacht agus fórsa míleata. Fir is mó a ghlacadh páirt i gcogaí go dtí le déanaí, ach le tamall anuas tá feiniméan nua le feiceáil, is é sin feiniméan na saighdiúirí linbh. Dar leis na Náisiúin Aontaithe go bhfuil líon dochreidte díobh san Afraic agus san Áis. Buachaillí agus cailíní idir cúig bliana déag agus ocht mbliana déag d’aois is mó atá i gceist, ach is féidir iad a bheith chomh hóg le deich mbliana d’aois. Ó thaobh na gceannasaithe de tá buntáistí áirithe ag dul leis na saighdiúirí linbh; ní gá tuarastal fir a thabhairt dóibh; tá siad níos umhaile agus níos fusa a ionramháil; leanann siad ar aghaidh ag troid ar feadh tamaill fhada nuair a thugtar marijuana dóibh; agus is féidir iad a úsáid mar shólás do na trodairí atá fásta suas. Tá iliomad cur síos pearsanta iontaofa ó shaighdiúirí linbh le fáil ar an idirlíon. Ag seo dhá cheann díobh: garsún as Bong

Timire WINTER 2016.indd 4

County, an Libéir atá i gceist ar dtús, é 14 bliana d’aois: Bhíos ag obair ar an bhfeirm nuair a chuala mé go raibh na saighdiúirí ag teacht. Dúirt m’athair liom dul i bhfolach, ach rugadh orm. Chuir na saighdiúirí laincis orm agus thug siad léasadh dom. Ansin thóg siad go dtí an bheairic mé agus thug siad gunna dom agus d’inis siad dom conas é a úsáid … AK 47 a bhí ann. RPGeanna agus airm throma eile nach iad a bhí ag na daoine fásta. Cinnte, scaoil mé le daoine, ach níl mé cinnte ar mharaigh mé éinne. Uair amháin tháinig saighdiúirí ón taobh eile fan an bhóthair; rinne mé iarracht teitheadh ach bhuail roicéad mé sa chos. Goineadh ceathrar againne sa chaismirt agus maraíodh daoine eile. Tháinig saighdiúirí an rialtais agus thóg siad go dtí an t-ospidéal i Phebe mé. Tar éis seachtain is dhá lá tháinig otharcharr ó ospidéal JFK chun mé a bhreith ansin. Bhain máinlia an chos díom. Fad is a bhí mé san ospidéal thug na saighdiúrí beagán beag airgid dom, agus mar sin bhí mé in ann íoc as teacht ó JFK go ‘Titanic’ anseo (lárionad chun dídean a thabhairt d’iarmhílisteoirí). Teastaíonn uaim dul ar scoil agus gnó beag a thosú. Tagann an dara cur síos seo ón tuarascáil a d’ullmhaigh Graca Machel do Ban Ki-Moon sa bhliain 1989. Cailín atá i gceist anseo.

01/11/2016 09:53


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.