An Timire - Fómhar 2016

Page 42

42

Dónall Ó Cnáimhsí

PÁIRC NÁISIÚNTA GHLEANN BHEATHA, CUID 3 Sa bhliain 1983 bhronn Henry Plumer McIlhenny (1910 – 1986) Caisleán agus gairdíní Ghleann Bheatha i gCo. Dhún na nGall ar mhuintir na hÉireann. Thug an gníomh flaithiúil seo ré na húinéireachta príobháidí sa ghleann chun críche, ré a mhair os cionn dhá chéad bliain. Bhí eastát Ghleann Bheatha i seilbh an Uasail McIlhenny le beagnach leathchéad bliain agus sa tréimhse sin léirigh seisean an tuigbheáil agus an saineolas a bhí aige ar chúrsaí ealaíne, ailtireachta agus garraíodóireachta chun seoid iontach a chruthú istigh i measc shléibhte Dhoire Bheatha, seoid atá ag dul chun sochair do mhuintir an cheantair ó shin ar leith. Bhí McIlhenny ina mhac léinn ag Arthur Kingsley Porter in Harvard agus i ndiaidh dósan dul ar iarraidh sa bhliain 1933, ghlac McIlhenny an deis an áit a ghlacadh ar cíos i dtús báire agus ansin a cheannacht roinnt blianta ina dhiaidh sin. Luaitear go minic le Gleann Bheatha an díshealbhú scannalach a tharla ann san bhliain 1861 agus an bochtanas inar mhair gnáthdhaoine an cheantair ag an am sin. Is í an imirce an t-aon bhealach éalaithe a bhí acu as, sin má bhí an t-ádh acu luach a bpasáiste a fháil. D’fhág John McIlhenny, athair mór Henry, Baile

Timire WINTER 2016.indd 42

na nGallóglach atá suite fiche míle ó Ghleann Bheatha cúpla bliain roimh an díshealbhú sin lena aghaidh a thabhairt ar Pittsburgh, Pennsylvania. Chuaigh sé ag obair i dtionscal an iarainn ansin, d’éirigh go han-mhaith leis agus chruthaigh sé go raibh ábaltacht agus éirim ann i gcúrsaí gnó agus innealtóireachta. D’éirigh leis méadar gáis a chruthú a bhí níos fearr ná aon cheann eile a bhí le fáil ag an am, dhíol sé a phaitinn don ghléas seo agus shaothraigh sé saibhreas mór dá bharr. Chuir sé suim i saol na polaitíochta ansin agus chaith sé fiche bliain ina mhéara ar Columbus, Georgia. Faoin am a saolaíodh Henry bhí clann McIlhenny ina suí go te i measc lucht an rachmais in Philadelphia. Rinne Henry staidéar ar an ealaín in Ollscoil Harvard agus ina dhiaidh sin chuaigh sé ag obair i Músaem na hEalaíne in Philadelphia. Chuir sé tús chomh maith le bailiúchán pearsanta; chuir sé suim faoi leith in ealaíontóirí na Fraince agus i ngluaiseacht impriseanaíoch an naoú haois déag. Chaith sé blianta an dara cogadh ina Chaiftín ar long san Aigéan Ciúin, ach is cosúil nach bhfaca sé mórán cogaíochta. I ndiaidh an chogaidh chuaigh Henry ar ais ag obair don mhúsaem agus

01/11/2016 09:55


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.