An Timire - Fómhar 2016

Page 45

45

Scannáin

LITREACHA NA MÁTHAR TREASA Stiúrthóir: William Riead (2014) Léirmheas: Aileen Mhic Cionna

Scéal lán le dóchas é an scannán seo faoi shaol agus saothar na Máthar Treasa. Tosnaíonn an scannán i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1933 ag móidghealladh na mná rialta ón Albáin. Sa bheart litreacha a scríobh sí thar thréimhse 50 bliain chuig a buanchara agus comhairleoir spioradálta Beilgeach, Celeste Van Exem SJ, d’admhaigh sí cé chomh huaigneach is a mhothaigh sí ina saol, go raibh sí faoi dhorchacht formhór den am. Choimeád an sagart na litreacha agus thaispeáin sé don Vatacáin iad nuair a fuair sí bás sa bhliain 1997. I gceann de na litreacha foghlaimímid go bhfuair an Mháthair Treasa teachtaireacht ó Dhia ina cuid paidreacha – “an glaoch taobh istigh de ghlaoch”, chun éirí as a saol mar mhúinteoir, chun cur fuithi sna slumaí i Calcutta agus freastal ar Dhia tríd freastal ar na bochtáin. “Glaoch soiléir, díreach” dar léi féin a bhí ann. Tuigimid a cuid foighne agus í ag fanacht ar chead ón Vatacáin chun imeacht ón bpobal Loreto agus chun leanúint uirthi mar bhean rialta. “Is toil Dé é, ní mo thoil féin,” a dúirt sí nuair a d’fhág sí láthair na scoile faoi dheireadh. An t-aon rud a thóg sí léi ná croí lán le grá ina hanam. Is ag an bpointe seo nuair a bhí cruatan

Timire WINTER 2016.indd 45

an tsaoil agus brón na hoibre ag baint di, gur thosaigh an dólás agus an t-uaigneas ina saol spioradálta. Mhothaigh sí folamh agus scartha amach ón saol mór agus í sa tóir ar Dhia. Chreid sí fiú go raibh Dia tar éis ise a thréigint, cé nár stop sí riamh ag lorg caidrimh leis. Tríd a cuid paidreacha lorg sí an neart chun treabhadh léi agus gan a droim a chasadh leis na rudaí inar chreid sí go smior. Thaispeáin an Mháthair Treasa trócaire agus trua i gcónaí. I radharcanna difriúla sa scannán feicimid í ag roinnt grá Dé le daoine a bhí ag fáil bháis. Tar éis don Vatacáin cead a thabhairt di leanúint lena cuid pleananna féin go ceann trí bliana eile, fuair sí aitheantas ón eaglais dá grúpa féin, Pobal Mhisinéirí na Carthanachta. An chomhairle a thugadh sí dá comhphobal ná “Guímis. Cuirimis ár muinín i ngrá Dé.” Bhí a creideamh bunaithe i gcónaí ina cuid paidreacha. Le himeacht aimsire bhunaigh sí dílleachtlanna agus brúnna a raibh cúram ospíse orthu do na bochtáin chun dínit a thabhairt dóibh. Lá áirithe amháin tharla go raibh Moslamach ann ar leaba a bháis agus scread sé amach: “Cén fáth go bhfuil tú ag cuidiú liomsa?” ‘Sé an freagra a thug sí dó ná: “Feicim Íosa ionat. Tá grá agam duit mar atá ag Dia duit”.

01/11/2016 09:55


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.