An Timire - Fómhar 2016

Page 47

PIÓG SICÍN AGUS BEACÁN

47

Síle Ní Chearbhaill

Nuair a éiríonn na laethanta níos giorra agus an aimsir níos fuaire bíonn bia te a thugann sólás dúinn ag teastáil uainn. Béile amháin a thaitníonn go mór liom ag an tráth seo den bhliain is ea pióg sicín agus beacán. Tá an t-oideas seo an-áisiúil toisc gur féidir leat an líonadh a ullmhú an oíche roimh ré agus an taosrán a chur ar a bharr agus é a bhácáil nuair atá sé ag teastáil uait. Is minic a úsáidim an t-oideas seo le circeoil rósta breise ón Domhnach nó tá sé go deas le liamhás agus turcaí um Nollaig. Ceannaím an taosrán réamhdhéanta san ollmhargadh. Tá an saol róghearr le do phuth-thaosrán féin a dhéanamh, ach má tá cúpla uair an chloig le meilt agat tá go leor oideas ar fáil ar líne. Is féidir leat brúitín a úsáid mar chlúdach chomh maith. COMHÁBHAIR: 4 bhrollach sicín 8 slisín bagúin deataithe (stríocach) 1 oinniún 250g beacán 2spbh im 3spbh plúr bán 200ml fíon bán 400ml bainne Cúpla craobhóg tíme Puth-thaosrán reoite Ubh le glónrú MODH: 1. Téigh sáspan trom ar an sorn chuig teas meánach. Gearr suas an bagún. Frioch ar feadh 2 nóiméad. Cuir an t-oinniún agus na beacáin leis agus sótáil ar feadh 5 nóiméad. Bain ón sáspan iad agus cuir ar leataobh. 2. Leáigh an t-im sa phota agus frioch an sicín go dtí go bhfuil sé bán tríd. Cuir na glasraí ar ais sa sáspan. 3. Cuir an plúr leis an sáspan, measc

Timire WINTER 2016.indd 47

agus cócaráil ar theas meánach ar feadh 2 nóiméad. 4. Bain an meascán ón teas agus cuir an bainne leis de réir a chéile ag meascadh go leanúnach chun cnapanna a sheachaint. Cuir an fíon bán agus an t-ím (bainte ón ngas) leis nuair atá an bainne ar fad ann. 5. Cuir ar ais ar an teas agus suanbhruith ar feadh 15 nóiméad go dtí go bhfuil an t-anlann tiubh. 6. Réamhthéigh an t-oigheann go 220c/ gásmharc 7. 7. Bain an sáspan ón teas. 8. Ullmhaigh an taosrán (lean na treoracha ar an bpacáiste). 9. Cuir an meascán i mias oigheanndhíonach agus clúdaigh leis an taosrán. Glónraigh le hubh buailte. 10. Bácáil san oigheann ar feadh 20-25 nóiméad nó go dtí go bhfuil dath donn órga air. Riar le do rogha glasraí glasa nó le sailéad.

01/11/2016 09:56


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.