An Timire - Fómhar 2016

Page 8

8

Frainc Mac Cionnaith Bainisteoir Forbartha, Glór na nGael

FONDÚIREACHT SHEOSAIMH MHIC DHONNCHA Is scéim tacaíochta de chuid Ghlór na nGael agus Chumann Lúthchleas Gael í Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha le haghaidh chlubanna CLG ar mian leo an Ghaeilge a chur chun tosaigh. Tiocfaidh an Fhondúireacht nua i bhfeidhm i mí Eanáir 2017 in ‘An Turas Teanga’, scéim reatha atá ag Glór na nGael. Is in ómós do Sheosamh ‘Joe’ Mac Donncha (1953-2016) a ainmníodh an Fhondúireacht nua seo. Fear le háireamh a bhí i Joe a bhain go leor amach dó féin agus do phobal na tíre seo i gcoitinn le linn a shaoil. D’éirigh leis an post is airde a bhaint amach sa Chumann Lúthchleas Gael; mar iománaí, thóg sé Corn Mhic Cárthaigh leis siar go Gaillimh agus bhí sé ina phríomhfheidhmeannach agus mar chathaoirleach ar chuid de mhóreagraíochtaí na tíre seo, Foras na Gaeilge ina measc. Pé teideal poist a bhí aige le linn a shaoil, thuig sé i gcónaí ról a dhúchais agus a theanga féin sa phost sin agus an Ghaeilge chun tosaigh i ngach rud a rinne sé. Maidir le cur chuige na Fondúireachta, ainthnítear go bhfuil formhór na gclubanna ag cur na Gaeilge chun cinn bealach amháin nó bealach eile. Is é cuspóir na Fondúireachta seo ná na

Timire WINTER 2016.indd 8

hiarrachtaí sin a fhorbairt ar bhonn tomhaiste agus pleanáilte. Cuirfidh Glór na nGael cuidiú ar fáil don Oifigeach Gaeilge i bhfoirm comhairle, tacaíochta agus idéanna le tógáil ar an obair mhaith atá á déanamh sa chlub cheana féin. Is féidir le clubanna deontas a lorg ón Fhondúireacht chun cuidiú leis na pleananna sin a chur i gcrích agus bronnfar boinn ar na clubanna as méid áirithe a bhaint amach ar son na teanga. Trí chlárú leis an Fhondúireacht tá clubanna ag tabhairt tiomantais go gcuirfear an Ghaeilge chun cinn go gníomhach agus go dtabharfar spás lárnach di i saol laethúil an chlub. Bronnfar boinn shnasta, Boinn Sheosaimh Mhic Dhonnacha, ar na clubanna atá cláraithe as méid áirithe gníomhaíochtaí ar son na teanga a chur i gcrích sa chlub. Is comhartha aitheantais le háireamh atá sna boinn ar dhea-obair na gclubanna ar thréimhse ama. De réir mar a chuireann club gníomhaíochtaí den liosta molta i gcrích, bronnfar bonn cré-umha, bonn airgid nó bonn óir de réir mar is cuí. Bronnfar bonn cré-umha as 25% den liosta a chur i gcrích, bonn airgid as 50% agus bonn óir as 80% de na

01/11/2016 09:53


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.