4 minute read

Saighdiúirí Linbh An Br. Dónal Ó hÉalaithe

An Bráthair Dónal Ó hÉalaithe

SAIGHDIÚIRÍ LINBH

“Cluinfi dh sibh cogaí agus caint ar chogaí … éireoidh náisiún in aghaidh náisiúin agus ríocht in aghaidh ríochta,” a deir an Scrioptúr Naofa (Matha 24:6-7). Is dearóil an smaoineamh é, ach dealraíonn sé nach raibh ré ar bith de stair an chine dhaonna nach raibh cogaí ar siúl. Ní PAX a bhí sa PAX ROMANA (ná sa PAX BRITANNICA ach oiread) ach cumhacht lárnach a bhí in ann iliomad ciníocha a bhrú síos trí bhrúidiúlacht agus fórsa míleata. Fir is mó a ghlacadh páirt i gcogaí go dtí le déanaí, ach le tamall anuas tá feiniméan nua le feiceáil, is é sin feiniméan na saighdiúirí linbh. Dar leis na Náisiúin Aontaithe go bhfuil líon dochreidte díobh san Afraic agus san Áis. Buachaillí agus cailíní idir cúig bliana déag agus ocht mbliana déag d’aois is mó atá i gceist, ach is féidir iad a bheith chomh hóg le deich mbliana d’aois. Ó thaobh na gceannasaithe de tá buntáistí áirithe ag dul leis na saighdiúirí linbh; ní gá tuarastal fi r a thabhairt dóibh; tá siad níos umhaile agus níos fusa a ionramháil; leanann siad ar aghaidh ag troid ar feadh tamaill fh ada nuair a thugtar marijuana dóibh; agus is féidir iad a úsáid mar shólás do na trodairí atá fásta suas. Tá iliomad cur síos pearsanta iontaofa ó shaighdiúirí linbh le fáil ar an idirlíon. Ag seo dhá cheann díobh: garsún as Bong County, an Libéir atá i gceist ar dtús, é 14 bliana d’aois: Bhíos ag obair ar an bhfeirm nuair a chuala mé go raibh na saighdiúirí ag teacht. Dúirt m’athair liom dul i bhfolach, ach rugadh orm. Chuir na saighdiúirí laincis orm agus thug siad léasadh dom. Ansin thóg siad go dtí an bheairic mé agus thug siad gunna dom agus d’inis siad dom conas é a úsáid … AK 47 a bhí ann. RPGeanna agus airm throma eile nach iad a bhí ag na daoine fásta. Cinnte, scaoil mé le daoine, ach níl mé cinnte ar mharaigh mé éinne. Uair amháin tháinig saighdiúirí ón taobh eile fan an bhóthair; rinne mé iarracht teitheadh ach bhuail roicéad mé sa chos. Goineadh ceathrar againne sa chaismirt agus maraíodh daoine eile. Tháinig saighdiúirí an rialtais agus thóg siad go dtí an t-ospidéal i Phebe mé. Tar éis seachtain is dhá lá tháinig otharcharr ó ospidéal JFK chun mé a bhreith ansin. Bhain máinlia an chos díom. Fad is a bhí mé san ospidéal thug na saighdiúrí beagán beag airgid dom, agus mar sin bhí mé in ann íoc as teacht ó JFK go ‘Titanic’ anseo (lárionad chun dídean a thabhairt d’iarmhílisteoirí). Teastaíonn uaim dul ar scoil agus gnó beag a thosú. Tagann an dara cur síos seo ón tuarascáil a d’ullmhaigh Graca Machel do Ban Ki-Moon sa bhliain 1989. Cailín atá i gceist anseo.

‘Ní gá tuarastal fi r a thabhairt dóibh, tá siad níos fusa a ionramháil agus leanann siad ar aghaidh ag troid nuair a thugtar marijuana dóibh.’

In aois a 13 chuaigh me isteach i nGluaiseacht na nÓg. Mian mo chroí an uair sin ná an saol a athrú ionas nach mbeadh ocras ar na páistí … níos déanaí chuaigh mé isteach sa ghleic armtha. Ní raibh aon taithí agam ar an saol; bhí mé eaglach amhail cailín ar bith eile ar comhaois liom. Fuair mé amach go raibh ar na cailíní caidreamh collaí a bheith acu leis na fi r “d’fh onn brón agus uaigneas a mhaolú dóibh.” Agus cé a mhaolódh an brón agus an t-uaigneas a bhíodh orainn tar éis luí le fear a bheadh anaithnid, geall leis? Bhíos chomh hóg sin, tharla ginmhilleadh … In ainneoin go raibh mé thar a bheith dílis agus dúthrachtach, rinne siad mí-úsáid gnéis orm, shatail siad ar mo dhínit mar dhuine daonna. Agus, thar aon ní eile, níor thuig siad gur páiste a bhí ionam agus go raibh cearta daonna agam. An aisling atá ag na Náisiúin Aontaithe ná go mbuailfeadh ciníocha uile an domhain “a gclaimhte amach ina stoic céachta agus a sleánna i gcorráin” (Iseáia 2,4). Faraor gear, a mhalairt atá ag tarlú; tá líon agus foirfeacht na n-arm ag dul i méad.

Déanann na Náisiúin Aontaithe a ndícheall sa chomhthéacs tubaisteach seo. I gcás na saighdiúirí linbh tá scéimeanna díshlógaidh ar siúl acu ina bhfreastalaíonn siad ar na riachtanasaí ar leith a bhaineann leis an ngrúpa seo. Go han-mhinic is dílleachtaí iad nó níl an chlann sásta, toisc a bhfuil déanta acu, maithiúnas a thabhairt dóibh agus iad a ghlacadh ar ais. Uaireanta ní bhíonn a fh ios acu an bhfuil aon neach beo a bheadh gaolta leo. Uaireanta eile bíonn siad ar mhíchumas, ar leathchois nó ar leathlámh, b’fh éidir. Toisc iad a bheith chomh hóg sin agus toisc a mbíonn feicthe acu d’uafáis, de scrios is de réabadh, bíonn gá le comhairleoireacht agus le ceardlanna tráma. “Scannal” a thugann an Pápa ar fh einiméan na saighdiúirí linbh; ní mór don chine daonna gach iarracht a dhéanamh deireadh a chur leis an scannal seo chomh fada agus is féidir, agus acmhainní a chur ar fáil d’fh onn cabhrú leo siúd a bhí tráth ina saighdiúirí linbh saol fi úntach a chaitheamh sa ghnáthshaol síochánta.

INTINN UILÍOCH AN PHÁPA DO MHÍ NA NOLLAG, 2016: Go gcuirfear deireadh le scannal na saighdiúirí linbh ar fud an domhain mhóir.

Foclóirín: iarmhílisteoirí = daoine a ghlac páirt tráth in airm neamhoifi giúla; stoc céachta = cuid d’uirlis a úsáidtear chun ithir a threabhadh; scéimeanna díshlógaidh = scéimeanna dí-armála

This article is from: