4 minute read

Litreacha na Máthar Treasa Aileen Mhic Cionna

Scannáin

LITREACHA NA MÁTHAR TREASA

Stiúrthóir: William Riead (2014) Léirmheas: Aileen Mhic Cionna

Scéal lán le dóchas é an scannán seo faoi shaol agus saothar na Máthar Treasa. Tosnaíonn an scannán i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1933 ag móidghealladh na mná rialta ón Albáin. Sa bheart litreacha a scríobh sí thar thréimhse 50 bliain chuig a buanchara agus comhairleoir spioradálta Beilgeach, Celeste Van Exem SJ, d’admhaigh sí cé chomh huaigneach is a mhothaigh sí ina saol, go raibh sí faoi dhorchacht formhór den am. Choimeád an sagart na litreacha agus thaispeáin sé don Vatacáin iad nuair a fuair sí bás sa bhliain 1997.

I gceann de na litreacha foghlaimímid go bhfuair an Mháthair Treasa teachtaireacht ó Dhia ina cuid paidreacha – “an glaoch taobh istigh de ghlaoch”, chun éirí as a saol mar mhúinteoir, chun cur fuithi sna slumaí i Calcutta agus freastal ar Dhia tríd freastal ar na bochtáin. “Glaoch soiléir, díreach” dar léi féin a bhí ann. Tuigimid a cuid foighne agus í ag fanacht ar chead ón Vatacáin chun imeacht ón bpobal Loreto agus chun leanúint uirthi mar bhean rialta. “Is toil Dé é, ní mo thoil féin,” a dúirt sí nuair a d’fh ág sí láthair na scoile faoi dheireadh. An t-aon rud a thóg sí léi ná croí lán le grá ina hanam.

Is ag an bpointe seo nuair a bhí cruatan an tsaoil agus brón na hoibre ag baint di, gur thosaigh an dólás agus an t-uaigneas ina saol spioradálta. Mhothaigh sí folamh agus scartha amach ón saol mór agus í sa tóir ar Dhia. Chreid sí fi ú go raibh Dia tar éis ise a thréigint, cé nár stop sí riamh ag lorg caidrimh leis. Tríd a cuid paidreacha lorg sí an neart chun treabhadh léi agus gan a droim a chasadh leis na rudaí inar chreid sí go smior.

Thaispeáin an Mháthair Treasa trócaire agus trua i gcónaí. I radharcanna difriúla sa scannán feicimid í ag roinnt grá Dé le daoine a bhí ag fáil bháis. Tar éis don Vatacáin cead a thabhairt di leanúint lena cuid pleananna féin go ceann trí bliana eile, fuair sí aitheantas ón eaglais dá grúpa féin, Pobal Mhisinéirí na Carthanachta. An chomhairle a thugadh sí dá comhphobal ná “Guímis. Cuirimis ár muinín i ngrá Dé.” Bhí a creideamh bunaithe i gcónaí ina cuid paidreacha.

Le himeacht aimsire bhunaigh sí dílleachtlanna agus brúnna a raibh cúram ospíse orthu do na bochtáin chun dínit a thabhairt dóibh. Lá áirithe amháin tharla go raibh Moslamach ann ar leaba a bháis agus scread sé amach: “Cén fáth go bhfuil tú ag cuidiú liomsa?” ‘Sé an freagra a thug sí dó ná: “Feicim Íosa ionat. Tá grá agam duit mar atá ag Dia duit”.

Thar na blianta ina litreacha ba léir go raibh an dólás ag méadú. Bhí doimhne naofachta inti freisin áfach, níos mó ná a d’fhéadfadh éinne a chreidiúint. Dhiúltaíodh sí agallamh a thabhairt do hiriseoirí – “Scríobh faoi na Bochtáin. Níl ionamsa ach peann luaidhe i lámha Dé!” Níor ghlac sí riamh le haon mholadh pearsanta do shaothar a saoil.

Nuair a ainmníodh í don duais Nobel don tSíocháin sa bhliain 1979 an t-aon bhealach inar mealladh í dul go dtí an Iorua, ná a rá léi go ndíreofaí aird daoine ar an saol sa Tríú Domhan. Nuair a sheas sí suas thosaigh sí leis na focail: “Glacaim leis an onóir seo in ainm na mBochtán, na daoine atá caite ar leathaobh sa tsochaí”. Lean sí uirthi leis an bpaidir a scríobh Naomh Proinsias Assisi – “Make me a channel of your peace”.

Is mórphearsa na trócaire í an Mháthair Treasa do dhaoine ó gach creideamh. Is as rúndiamhair Chríost a tháinig an dólás ina saol agus í ag obair mar sheirbhíseach Dé. De bharr a gaoil leis an Ath. Van Exem, SJ d’fhás a tuiscint ar an tréith de bhuíochas Iognáide a thug míniú dá saol. Chreid sí i gcónaí go raibh Dia ag úsáid a neamhní dá mórgacht féin - Ad Maiorem Dei Gloriam. Tá tréith láidir d’éargna Iognáide le braith freisin nuair a bhí an cinneadh mór le déanamh aici chun an pobal Loreto a fhágáil, áit a raibh sí an-sona. Seasann a diongbháilteacht amach chomh maith lena cuid foighne agus umhlaíochta in ainneoin na tréimhse fada a ghlac an Vatacáin sular tógadh cinneadh fúithi. Thar aon rud eile, aithnímid an mhuinín dhaingean a bhí aici gur giorra cabhair Dé ná an doras, agus go bhfuil réiteach ar gach fadhb. Ar dheis Dé go raibh a hanam dílis.

Breis eolais ar spioradáltacht trí scannáin: www.manresa.ie, Movies that Matter.

Foclóirín: diongbháilteacht = determination; éargna = discernment; umhlaíocht = obedience

This article is from: