4 minute read

San Giovanni agus Padre Pio An Br. G.D. De Barra

Next Article
Cúinne na bhFilí

Cúinne na bhFilí

An Bráthair G.D. De Barra

SAN GIOVANNI AGUS PADRE PIO

Thug mé cuairt ar mo chara Naomh Pio Pietrelcina le haghaidh a bhreithlae ar an 25 Bealtaine 2016. Bhí thart ar dhaichead duine eile ar an oilthireacht go dtí San Giovanni Rotundo i measc na sléibhte i ndeisceart na hIodáile. I mbliain seo na Trócaire bhí sé de phribhléid agam blaiseadh na Trócaire a mhothú san áit a chaith mo chara a shaol ag dáileadh trócaire Dé i Sacraimint na Faoistine agus ag misniú daoine ó cheithre harda an Domhain.

Rugadh Francesco Forgione ar an 25 Bealtaine 1887 i sráidbhaile an-bheag i ndeisceart na hIodáile – Pietrelcina – agus baisteadh é i Séipéal Santa Anna an lá dár gcionn. Thugamar cuairt ar an séipéal agus ar ámharaí an tsaoil bhí baisteadh ar siúl ar an lá.

Chláraigh Francesco mar bhráthair in ord na gCaipisíneach ag aois a cúig déag. Oirníodh ina shagart é ag aois a fi che trí bliain agus thóg sé an t-ainm Padre Pio.

Sa bhliain 1918 fuair sé an stigmata, is é sin d’fh ulaing sé cúig chréacht an Tiarna agus lean an fh ulaingt sin ar feadh caoga bliain agus níor stop an fuiliú go dtí dhá lá roimh a bhás. D’fh ulaing sé cuid mhór agus b’éigean dó éirí as a mhinistreacht ar feadh tamaill. Le grásta Dé bhí sé in ann tabhairt faoina chuid cúram arís agus ba ghnách na sluaite bailiú chun Comaoineach agus sacraimint an athmhuintearais a ghlacadh uaidh.

Bhunaigh na Caipisínigh mainistir bheag agus séipéilín i sléibhte Castellano sa bhliain 1540. Is anseo a cheiliúradh Padre Pio aifreann gach lá ó 1916 go dtí 1959 agus d’éisteadh sé faoistin ann ó 1935 go dtí lá a bháis. Chaith sé a shaol sa séipéilín sin ag guí agus ag dáileadh trócaire Dé.

Fás agus forbairt

Tugadh faoi shéipeál nua a thógáil sa bhliain 1956 chun freastal ar na sluaite a bhí ag tarraingt ar San Giovanni. Cuireadh críoch leis an obair thógála sa bhliain 1959. Sa bhliain 2012 beannaíodh dhá mhósáic sa scrín, ceann don Mháthair Treasa Calcutta chun a cuairt ar an srín cúig is daichead bliain roimhe sin a cheiliúradh, an ceann eile do Naomh Eoin Pól II. Is i lusca doimhin sa séipéal a adhlachadh Padre Pio sa bhliain 1968.

De bharr méadú suntasach ar líon na n-oilthireach cuireadh go mór leis an suíomh ó shin. Tá eaglais bhreá nua, í tógtha ar dhá leibheál, ann anois. Tá áit ann do shé mhíle go leith duine agus tá slí

ann do thríocha míle duine sa chearnóg lasmuigh, áit a bhuil altóir speisialta le falla ollmhór lom os a comhair amach. Crochta ar an mballa sin tá ocht gclog mór ar a bhfuil greanta mana na gCaipisíneach – Pax et Bonum – agus ar bharr an cholúin tá ocht n-iolar ina seasamh, siombail d’aiséirí ár dTiarna.

Is san eaglais ar an léibhéal íochtarach atá tuama naomh Padre Pio suite. Tá an-tóir go deo ar an áit seo a bhfuil fallaí an bhealaigh istigh maisithe le mósáiceanna a thugann léargas ar shaol an naoimh sin agus saol Phroinsias Assisi. Sa séipéal ina bhfuil sarcophagus Naomh Padre Pio tá na fallaí maisithe le radharcanna ón mBíobla.

I bhfianaise thábhacht na faoistine i saol an naoimh, ní haon ionadh go bhfuil béim faoi leith leagtha ar shacraimint an athmhuintearais sa scrín. Tá tríocha haon bosca faoistine ann, iad tógtha go cúramach chun an príobháideachas a chinntiú.

Is suntasach an t-athrú atá tagtha ar an sráidbhaile ó chéadtháinig Naomh Padre Pio. Is ann d’ospideál ina bhfuil breis is naoi míle duine ag obair, turas na croise ag dul suas thaobh an tsléibhe, clochar ag Siúracha Bochta San Clár,

‘Sa bhliain 1918 fuair sé an stigmata agus lean an fhulaingt sin ar feadh caoga bliain go dtí dhá lá roimh a bhás.’

an mhainistir, taisí a bhaineann leis an naomh agus an iliomad rudaí eile.

Ní raibh aon chur amach agam ar an Naomh seo go dtí gur leigheasadh mé trín a eadarghuí sa bhliain 1996. Téim ar oilithearacht go rialta go dtí San Giovanni Rotundo agus bhí sé d’ádh orm cuairt a thabhairt faoi eagrú Geoff Coughlan thar ceann J.W. Tours i mí Bealtaine na bliana seo. Bhí sárthreoraí spioradálta inár dteannta – an tAthair Paddy Dundon CsSp agus treoraí áitiúil, Mario agus a bhean chéile Úna.

I mbliain seo na Trócaire is cuí bheith ag trácht ar Pio Pietrelcina a ainmníodh ina naomh ag an bPápa Eoin Pól II sa bhliain 2002. Chaith sé saol fada cráifeach i bhfíonghort ár dTiarna, ag misniú daoine agus ag nochtadh, mar is léir óna chuid litreacha, a ghrá doimhin don Eocairist RóNaofa agus do Mhuire na nGrás. É spíonta ag síorfh ulaingt agus saothar aspalda gan staonadh, glaodh air go dtí an Bheatha Neamhdha Síoraí ar an 23 Méan Fómhair 1968.

Mairfi dh a cháil go brách is fásfaidh ar nós na mbláth.

A Naomh Pio Pietrelcina, guí orainn.

Foclóirín: stigmata = marcanna ar nós chréachta Chríost; Pax et Bonum = síocháin agus maith

This article is from: