An Timire - Geimhreadh 2016

Page 35

35

An Bráthair G.D. De Barra

SAN GIOVANNI AGUS PADRE PIO

Thug mé cuairt ar mo chara Naomh Pio Pietrelcina le haghaidh a bhreithlae ar an 25 Bealtaine 2016. Bhí thart ar dhaichead duine eile ar an oilthireacht go dtí San Giovanni Rotundo i measc na sléibhte i ndeisceart na hIodáile. I mbliain seo na Trócaire bhí sé de phribhléid agam blaiseadh na Trócaire a mhothú san áit a chaith mo chara a shaol ag dáileadh trócaire Dé i Sacraimint na Faoistine agus ag misniú daoine ó cheithre harda an Domhain. Rugadh Francesco Forgione ar an 25 Bealtaine 1887 i sráidbhaile an-bheag i ndeisceart na hIodáile – Pietrelcina – agus baisteadh é i Séipéal Santa Anna an lá dár gcionn. Thugamar cuairt ar an séipéal agus ar ámharaí an tsaoil bhí baisteadh ar siúl ar an lá. Chláraigh Francesco mar bhráthair in ord na gCaipisíneach ag aois a cúig déag. Oirníodh ina shagart é ag aois a fiche trí bliain agus thóg sé an t-ainm Padre Pio. Sa bhliain 1918 fuair sé an stigmata, is é sin d’fhulaing sé cúig chréacht an Tiarna agus lean an fhulaingt sin ar feadh caoga bliain agus níor stop an fuiliú go dtí dhá lá roimh a bhás. D’fhulaing sé cuid mhór agus b’éigean dó éirí as a mhinistreacht

Timire WINTER 2016.indd 35

ar feadh tamaill. Le grásta Dé bhí sé in ann tabhairt faoina chuid cúram arís agus ba ghnách na sluaite bailiú chun Comaoineach agus sacraimint an athmhuintearais a ghlacadh uaidh. Bhunaigh na Caipisínigh mainistir bheag agus séipéilín i sléibhte Castellano sa bhliain 1540. Is anseo a cheiliúradh Padre Pio aifreann gach lá ó 1916 go dtí 1959 agus d’éisteadh sé faoistin ann ó 1935 go dtí lá a bháis. Chaith sé a shaol sa séipéilín sin ag guí agus ag dáileadh trócaire Dé. Fás agus forbairt Tugadh faoi shéipeál nua a thógáil sa bhliain 1956 chun freastal ar na sluaite a bhí ag tarraingt ar San Giovanni. Cuireadh críoch leis an obair thógála sa bhliain 1959. Sa bhliain 2012 beannaíodh dhá mhósáic sa scrín, ceann don Mháthair Treasa Calcutta chun a cuairt ar an srín cúig is daichead bliain roimhe sin a cheiliúradh, an ceann eile do Naomh Eoin Pól II. Is i lusca doimhin sa séipéal a adhlachadh Padre Pio sa bhliain 1968. De bharr méadú suntasach ar líon na n-oilthireach cuireadh go mór leis an suíomh ó shin. Tá eaglais bhreá nua, í tógtha ar dhá leibheál, ann anois. Tá áit ann do shé mhíle go leith duine agus tá slí

27/10/2016 09:24


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.