4 minute read

Áilleacht an tSoiscéil Leon Ó Giolláin SJ

Leon Ó Giolláin SJ

Séiplíneach sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath

ÁILLEACHT AN tSOISCÉIL

Ba as Doire don tSiúr Clare Crockett a fuair bás in Aibreán na bliana seo in Eacuadór nuair a bhuail crith talún cumhachtach an tír sin. I 2011 agus í ina Siúr óg ag freastal ar Lá Domhanda na nÓg i Madrid, rinne sí cur síos ‘idir shúgradh is dáiríre’ ar bhóthar a gairme. (Feach: https://www.youtube.com/ watch?v=gFQ0BpNXsXQ). Deir sí sa ghearrthán scannáin seo: ‘cé gur tógadh mé i dteaghlach Caitliceach, ní hé sin le rá go ndeachaigh mé ar Aifreann nó gur bhain Dia le mo shaol. Na Caitlicigh a bhí ag lorg Éire aontaithe mharaigh siad na Protastúnaigh and na Protastúnaigh nár theastaigh uatha é sin, mharaigh siad na Caitlicigh! Sin a ba chiall domsa bheith id’ Chaitliceach. I gcomhluadar ina raibh an láimh láidir ag an bhfuath, ní raibh spás do Dhia’.

Ach bhris Dia isteach tríd an sciath shóisialta, chultúrtha seo a bhí ag coimeád Dia fada amach uaithi. Seo mar a tharla. Ag aois a seacht déag thug a cara cléibh cuireadh di dul léithi go dtí an Spáinn. Níor thuig Clare gur ar oilithreacht a bhí sí ag dul - le seanóirí! - agus ní go hIbiza (!) ach bhí na ticéidí ceannaithe agus níorbh fh éidir léithi éalú! Deineann sí cur síos ar an eachtra a leag í ‘óna capall ard’, mar a deir sí. Aoine an Chéasta a bhí ann agus chuir na hoilithrigh eile brú uirthi dul chuig na searmanais a bhí ar siúl sa mhainistir. ach ní raibh aon suim aici iontu. Déagóir fi áin a bhí inti a chaith na deireadh seachtainí ag ól agus ag caitheamh tobac agus ag dul ó chóisir go cóisir.

I rith shearmanas adhradh na croise an lá úd áfach, lean sí an líne cosúil le cách eile agus phóg cosa Íosa. Ag an nóiméad sin, mhothaigh sí ‘buille láidir’ istigh inti féin. Níor thuig cad a bhí ag tarlú di, ach ba léir di den chéad uair riamh ina saol go bhfuair Íosa bás ar a son go fíor, agus go raibh sé fós ag fulaingt ar a son ar an gcrois. D’fh ill sí go dtí a bínse agus thosaigh ag caoineadh gan stop gan staonadh ar feadh i bhfad, rud a chuir ionadh uirthi féin agus ar dhaoine eile thart timpeall uirthi mar ba dhuine gealgháireach, ‘éadrom’ í de nádúr. Thuig sí freisin narbh fh éidir léithi sólás a thabhairt do Íosa ach amháin í féin - a beatha - a thabhairt dó go huile agus go hiomlán. Thuig sí é sin ach ní raibh sí réidh géilleadh go fóill!

Go gairid ina dhiaidh sin chuaigh sí go Londain. Bhí páirt bheag aici sa scannán cáiliúil de chuid Paul Greengrass, Bloody

7

‘Bhris Dia isteach tríd an sciath shóisialta, chultúrtha seo a bhí Á choimeád fada amach uaithi.’

Sunday. Bhí gach rud a bhí uaithi sa saol aici anois dar léithi: cairde, deiseanna móra slí bheatha mar aisteoir, srl. Ach nuair a d’fh ill sí go dtí an t-óstán agus shuigh ar a leaba ina haonar, bhraith sí go hiomlan míshásta, folamh. Thuig sí anois nach sásódh aon rud í ach géilleadh go huile agus go hiomlán do Dhia. Nuair a bhí críochnaithe lena scrúduithe, ag aois a hocht mbliana déag, bheartaigh sí dul isteach in Ord Rialta darb ainm ‘Teach na Máthar’. Deich mbliana ina dhiaidh sin agus í gléasta in aibíd an Oird, seo í ag aithris a scéil do dhaoine óga eile a bhí léithi i Madrid agus a rá leo: ‘Nach iontach an

chaoi ina oibríonn Dia inár n-anamacha! Tig Leis ár saol a athrú go huile agus go hiomlán agus seilbh a ghlacadh ar ár gcroíthe’. Tar éis a báis, chuir an tOrd amach clár darb ainm ‘In Memory of Sr. Clare’: https://www.youtube.com/ watch?v=qVypJOk0a2A. Spreagfaidh an cur síos álainn seo níos fearr ná aon mhíniú fealsúnach intinn an Phápa don mhí seo a chur chun cinn go mór mór i measc na n-óg le cúnamh Dé. Is fi nné suntasach í Clare Crockett ar áilleacht na beatha Críostaí agus ar an áthas thar cuimse a bhronnann Dia ar a Chuid deisceabal a leanann É go bás.

INTINN SHOISCÉALAÍOCH AN PHÁPA DO MHÍ NA NOLLAG, 2016 An Eoraip: Go dtaga muintir na hEorpa athuair ar áilleacht, maitheas agus fírinne an tSoiscéil a thugann ríméad agus dóchas don saol.

Foclóirín: ag aithris a scéil = ag insint a scéil; fi nné = duine a thugann teistiméireacht ar thaithí phearsanta; cara cléibh = dlúthchara

This article is from: