3 minute read

Ábhar Machnamh! Katie McGreal

Next Article
Im Leabharlann Dom

Im Leabharlann Dom

Katie McGreal

ÁBHAR MACHNAIMH!

Thosaigh mé ag déanamh machnaimh le féinaithne níos fearr a fh áil. Thuig mé go raibh codanna de m’intinn nach raibh iomlán d’aithne agam orthu agus mhol cara dom machnamh a dhéanamh len iad a aimsiú.

D’fh reastail mé ar rang síos an bóthar uaim. Bhain mé an-sásamh go deo as an suaimhneas intinne a thagadh orm.

Tá i bhfad níos mó ná féinaithne níos fearr gnóite agam sa dá bhliain go leith ó thosaíos ag déanamh machnaimh.

An chéad difi r a thug mé faoi deara ná nach raibh mé ag éirí chomh feargach agus mé i mo shuí sa charr agus mé sáinnithe sa trácht. Thosaigh mé ag glacadh leis nach bhfuil neart agam ar nithe áirithe.

Rinne mé ranganna, ceardlanna deireadh seachtaine, ceardlanna lae, cúrsa deich lá in iomlán ciúnais agus neart eile le dhá bhliain anuas. Tá mé báite sa mhachnamh. Déanaim fi che nóiméad machnaimh gach maidin le linn na seachtaine agus mothaím uaim é nuair nach mbíonn am agam chuige. Ní bhraithim go hiomlán ar mo shuaimhneas.

Go ginearálta, tá mé i bhfad níos dearfaí mar dhuine agus ní bhíonn mé chomh dian sin orm féin. Ní nós dom anois mé féin a cháineadh toisc nár bhaineas sprioc éigin amach. Cuirim an bhéim anois ar an méid a bhaineas amach.

Ba dhuine measartha diúltach a bhí ionam dhá bhliain go leith ó shin. Bhíodh mé i gcónaí ag súil le drochscéala agus bhí mé rud beag éadóchasach faoi chúrsaí. Is a mhalairt ar fad atá fíor anois! Caithim níos mó ama san am i láthair ag breathnú ar an nádúr agus rudaí eile áilne atá thart orm. Is dearfa go mór anois an tsúil atá agam ar an saol.

Má bhíonn drochaoibh orm, fíosraím cúis an bhuairimh. Go minic níl ann ach go raibh mé ag codladh go dona. Tuigim sin anois ach ní bhíonn mé dian orm féin.

Is de bharr na rudaí sin agus rudaí eile nach iad gur féidir liom a rá gur athraigh mo shaol ó bhonn ó thugas faoin machnamh. Nuair a d’admhaigh mé sin an chéad uair thosaigh mé ag smaoineamh gurbh fh earr liom dá mba rud é gur tháinig mé ar an machnamh níos luaithe. Smaoinigh mé faoi na rudaí maithe a fuair mé amach as agus shíl mé go ndéanfaidh sé maitheas do pháistí dá mba rud é go raibh siad á ndéanamh. Sin nuair a bheartaigh mé go raibh mé ag

‘Is féidir liom a rá gur athraigh mo shaol ó bhonn ó thugas faoin machnamh.’

iarraidh é a mhúineadh.

Creidim go láidir gur ceart do gach duine machnamh a dhéanamh agus má thosaíonn tú agus tú níos óige is amhlaidh is fearr é!

Is breá liom an scríbhneoireacht agus is breá liom an iriseoireacht agus tá mé ag súil le leanacht leis sin agus mé ag tabhairt faoin dúshlán nua seo. Is dúshlán í an mhúinteoireacht dom agus is dúshlán í an mhargaíocht chomh maith. Scanraíonn an dá rud mé ach fuair mé aiseolas maith ó dhaoine go dtí seo mar gheall ar na ranganna a chuir mé ar siúl. Níor tháinig mé ach ar dhuine amháin nár chuala trácht ar an machnamhacht. Thuigeas uaidh sin gur cheart go mbeadh íomhá agus tuairim láidir agam mar gheall ar céard go díreach é an machnamh, céard iad na buntáistí a bhaineann leis agus cén fáth go gcreidim chomh láidir sin ann. Ceacht a bhí sa duine sin dom. Is rud é sin a fuair mé ón machnamh freisin. Aon dúshláin, aon rud deacair nó aon fh adhbanna a tharlaíonn is féidir liom breathnú orthu ar fad mar cheacht. Déanaim an scéal a mheas agus déanaim iarracht ceacht a bhaint as. Bíonn rang seachtainiúil agam anois i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste gach Céadaoin ag 7in.

Mhínigh mé don rang inné go bhfuil romham deis agus spás machnaimh a chur ar fáil ar feadh uair an chloig in aghaidh na seachtaine. Mholfainn d’éinne ar suim leo tabhairt faoin machnamh freastal ar rang. Bíonn sé níos fusa an mhachnamhacht a dhéanamh agus daoine eile i do thimpeall. Muna bhfuil teacht agat ar rang, is fi ú go mór an aip Headspace agus tá neart físeán fi úntach ar líne chomh maith.

Foclóirín: machnamhacht = mindfulness; gnóite = faighte

This article is from: