2 minute read

Teitheann Mulunge suas go dtí na Flaithis Gabriel Rosenstock

23

Timire Chroí na hÓige Teitheann Mulunge Suas go dtí na Flaithis

Gabriel Rosenstock

Bhí ocras ar Chaimileon. Rith sé síos go dtí bruach na habhann féachaint an raibh aon rud gafa inniu aige ina ghaiste.

‘Tá,’ ar seisean, ‘rud éigin trom ní foláir. Rud éigin blasta, tá súil agam! Neamneam!’ Bhí uisce lena fhiacla agus é ag smaoineamh ar an mbéile breá a bheadh aige.

Níor aithin Caimileon cad a bhí sa ghaiste aige. Dhá rud aisteacha ab ea iad. Ní bheadh a fhios agat cad a bhí iontu dáiríre.

Tharraing sé an gaiste go dtí Mulunge, an Cruthaitheoir. Bheadh a fhios ag Mulunge cén saghas neacha ab ea iad. Nach eisean a chruthaigh gach aon ní!

‘Is é atá agat id’ ghaiste

Ná Daoine ambaiste!’ arsa Mulunge. Bhí iontas ar Chaimileon. Fear ná Bean ní fhaca sé go dtí sin.

D’ordaigh Mulunge do Chaimileon an gaiste a oscailt agus na Daoine a ligean amach. Lig sé amach iad agus thosaigh Mulunge agus Caimileon ag faire orthu.

I gceann na haimsire, d’fhás na Daoine agus d’éirigh siad an-láidir. Chuimil siad píosaí adhmaid lena chéile agus léim splancacha dearga astu. Níorbh fhada go raibh tine bhreá lasta acu.

Leath na súile ar Chaimileon le hiontas.

‘Thar a bhfaca tú riamh!’ ar seisean. D’fhéach sé ar Mhulunge. Bhí Mulunge ag caoineadh!

‘Cén fáth a bhfuil tú ag gol?’ arsa Caimileon. D’fhreagair Mulunge:

‘Ó, ní bheidh aon stop anois leis an Daoine

Agus sin an fáth a bhfuilimse ag caoineadh!’

Bhí an ceart ag Mulunge. Ní bheadh aon stop leo!

Mharaigh an Fear agus an Bhean buabhall ansin agus róst siad os cionn na tine é. D’ith siad é go léir léir. Rinne an Fear brúcht tar éis an bhéile agus chuimil a bholg le sástacht.

Bhí an bheirt ag faire orthu an t-am ar fad, Mulunge agus Caimileon. Ní raibh lá sa tseachtain nár mharaigh na Daoine ainmhí éigin. Leag siad na crainn ansin. Rud scanrúil is ea é nuair a thiteann crann. Chuir an torann as go mór do Chaimileon. ‘Ní maith liom an obair seo,’ ar seisean. Bhí Mulunge ag éirí míshásta. Eisean a chruthaigh gach aon ní agus bhí gach aon ní i mbaol anois – an domhan féin! Bhí slad á dhéanamh ag na Daoine. Slad ceart!

‘Tá siad ag dul thar fóir! Thar fóir ar fad!’ arsa na hainmhithe agus na héisc go léir nuair a chonaic siad an scrios a bhí á dhéanamh ag na Daoine. Theith go leor acu isteach san fhoraois agus iad ag súil nach dtiocfadh na Daoine orthu. Níor thaitin an domhan níos mó le Mulunge.

Lá amháin chonaic Mulunge rud éigin sa spéir. Cad a bhí ann ach Damhán Alla.

‘Conas d’éirigh leatsa dul suas ansin?’ arsa Mulunge leis.

Shníomh Damhán Alla téad dó.

‘Beir greim ar an téad sin anois!’ arsa Damhán Alla le Mulunge.

Rug Mulunge greim ar an téad.

‘Go maith,’ arsa Damhán Alla. ‘Anois, bí ag dreapadh leat!’

Dhreap Mulunge an téad. Suas leis – suas, suas, suas an bealach go léir suas go dtí na Flaithis. Agus is ann atá sé ó shin.

This article is from: