3 minute read

Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha (ar lean.) Dónall Ó Cnáimhsí

Dónall Ó Cnáimhsí

PÁIRC NÁISIÚNTA GHLEANN BHEATHA, CUID 3

Sa bhliain 1983 bhronn Henry Plumer McIlhenny (1910 – 1986) Caisleán agus gairdíní Ghleann Bheatha i gCo. Dhún na nGall ar mhuintir na hÉireann. Thug an gníomh fl aithiúil seo ré na húinéireachta príobháidí sa ghleann chun críche, ré a mhair os cionn dhá chéad bliain. Bhí eastát Ghleann Bheatha i seilbh an Uasail McIlhenny le beagnach leathchéad bliain agus sa tréimhse sin léirigh seisean an tuigbheáil agus an saineolas a bhí aige ar chúrsaí ealaíne, ailtireachta agus garraíodóireachta chun seoid iontach a chruthú istigh i measc shléibhte Dhoire Bheatha, seoid atá ag dul chun sochair do mhuintir an cheantair ó shin ar leith. Bhí McIlhenny ina mhac léinn ag Arthur Kingsley Porter in Harvard agus i ndiaidh dósan dul ar iarraidh sa bhliain 1933, ghlac McIlhenny an deis an áit a ghlacadh ar cíos i dtús báire agus ansin a cheannacht roinnt blianta ina dhiaidh sin.

Luaitear go minic le Gleann Bheatha an díshealbhú scannalach a tharla ann san bhliain 1861 agus an bochtanas inar mhair gnáthdhaoine an cheantair ag an am sin. Is í an imirce an t-aon bhealach éalaithe a bhí acu as, sin má bhí an t-ádh acu luach a bpasáiste a fh áil. D’fh ág John McIlhenny, athair mór Henry, Baile na nGallóglach atá suite fi che míle ó Ghleann Bheatha cúpla bliain roimh an díshealbhú sin lena aghaidh a thabhairt ar Pittsburgh, Pennsylvania. Chuaigh sé ag obair i dtionscal an iarainn ansin, d’éirigh go han-mhaith leis agus chruthaigh sé go raibh ábaltacht agus éirim ann i gcúrsaí gnó agus innealtóireachta. D’éirigh leis méadar gáis a chruthú a bhí níos fearr ná aon cheann eile a bhí le fáil ag an am, dhíol sé a phaitinn don ghléas seo agus shaothraigh sé saibhreas mór dá bharr. Chuir sé suim i saol na polaitíochta ansin agus chaith sé fi che bliain ina mhéara ar Columbus, Georgia. Faoin am a saolaíodh Henry bhí clann McIlhenny ina suí go te i measc lucht an rachmais in Philadelphia.

Rinne Henry staidéar ar an ealaín in Ollscoil Harvard agus ina dhiaidh sin chuaigh sé ag obair i Músaem na hEalaíne in Philadelphia. Chuir sé tús chomh maith le bailiúchán pearsanta; chuir sé suim faoi leith in ealaíontóirí na Fraince agus i ngluaiseacht impriseanaíoch an naoú haois déag.

Chaith sé blianta an dara cogadh ina Chaiftín ar long san Aigéan Ciúin, ach is cosúil nach bhfaca sé mórán cogaíochta.

I ndiaidh an chogaidh chuaigh Henry ar ais ag obair don mhúsaem agus

‘Is í an imirce an t-aon bhealach éalaithe a bhí acu as, sin má bhí an t-ádh acu luach a bpasáiste a fháil.’

ghnóthaigh ainm dó féin mar connoisseur agus daonchara do na healaíona agus mar óstach fl aithiúil. Rinne sé an domhan a thaisteal chomh maith agus bhí árasán aige i Londain agus teach in Hawaii. Chaith sé cuid mhór ama i nGleann Bheatha chomh maith agus thug sé go leor saineolaithe ann chun comhairle a thabhairt dó i dtaca le maisiú an chaisleáin agus forbairt na ngairdíní. Líon sé gach seomra sa chaisleán le píosaí ealaíne a phioc sé suas agus é ag taisteal. Bhí ancháil ar na cóisirí a bhíodh aige ansin agus bhíodh aíonna cáiliúla ag freastal orthu; Greta Garbo, Grace Kelly agus Charlie Chaplin ina measc.

Is cinnte go bhfuil go leor rún sna ballaí i nGleann Bheatha.

Foclóirín: rud a thabhairt chun críche = deireadh a chur le rud; ré = tréimhse; tuigbheáil = tuiscint; paitinn = cáipéis oifi giúil a bheireann do dhuine nó do ghnólacht amháin ceart déanta nó díolta earra atá nua ar an margadh; ina suí go te = go seascair, saibhir; rachmas = maoin mhór, saibhreas; caiftín = captaen; daonchara = duine saibhir a thugann airgead mór do ghrúpaí áirithe

Saor gach Céadaoin leis an

This article is from: