3 minute read

Géarchéim na dTeifeach ón tSiria Liam Ó Catháin

Liam Ó Catháin

GÉARCHÉIM NA dTEIFEACH ÓN tSIRIA

Is tír í an tSiria ina bhfuil mánna méithe, sléibhte arda agus gaineamhlach. Tá an tír suite ar an teorainn leis an Liobáin, an Tuirc, an Iaráic agus Iosrael. Bhí páirt thábhachtach ó thosach ama ag an tSiria sa réigiún. Thar na céadta bliain tháinig ciníocha difriúla chuig an tír, na hÉigiptigh, na Hitigh, na Peirsigh, na Gréigigh agus na Rómhánaigh ina measc. Ghlac na Siriaigh le hIoslam tar éis ghabháil na nArabach in 635. Tá an Damaisc ar cheann de na cathracha is sine sa domhan.

Sa tSiria faoi láthair, de bharr cogaidh chathartha, tá níos mó ná seacht milliún teifeach ag taisteal ó bhaile go baile ag lorg dídíne agus a lán acu ar easpa bia. Tá ceithre mhilliún teifeach sáinnithe i gcampaí i dtíortha thart ar an tSiria agus dálaí maireachtála go dona acu. Tá a thuilleadh teifeach san Eoraip. Tá staid na dteifeach ón tSiria ar cheann de na géarchéimeanna daonna is measa ar domhan faoi láthair. Tá muintir na Siria fós ag teitheadh óna dtír féin agus gan acu ach dóchas – dóchas go bhfaighidís tearmann dá leanaí agus daoine muinteartha.

D’eascair an cogadh cathartha atá i réim sa tír as an éirí amach ar a dtugtar ‘Earrach na nArabach’ in 2011. Ag an am sin bhí daonra de 23 milliún sa tír: astu siúd bhí 74 fán gcéad ina Muslamaigh Shunnaíocha, 16 fán gcéad ina Muslamaigh de chineálacha eile, agus 10 fán gcéad ina gCríostaithe nó a bhain le creidimh eile. Maraíodh 320,000 duine, 12,000 leanbh san áireamh, ó thosaigh an cogadh agus tá thar mhilliún go leith gortaithe. Cuireann na páirtithe comhraic iachall ar pháistí dul chun troda. Tá córas eacnamaíochta na tíre chomh maith leis an mbonneagar, córais leighis agus oideachais scriosta.

Tá géarghá le réiteach polaitiúil ionas go mbeidh ar chumas mhuintir na Siria a mbeatha a atógáil agus an eacnamaíocht agus bonneagar na tíre a chur ina gceart. Ansin beidh na teifi gh in ann fi lleadh ar a dtír dhúchais chun cónaithe i síocháin le saoránaigh eile na tíre. Seo an dúshlán atá le sárú ag na rialtais uile agus iad i mbun réitigh a fh áil don ghéarchéim dhaonnúil is mó lenár linn féin.

Tharla rud dochreidte i rith an turais a thug an Pápa Prionsias ar an gcampa teifeach ar Lesbos, oileán de chuid na Gréige, Mí Aibreáin na bliana seo. Chuir sé iontas ar dhaoine nuair a bheartaigh sé tarrtháil a dhéanamh ar dháréag

‘Tá géarghá le réiteach polaitiúil ionas go mbeidh ar chumas mhuintir na Siria a mbeatha a atógáil.’

teifeach Siriach (Críostaithe agus Muslamaigh) agus iad a bhreith ar ais leis chun na Róimhe. Le linn a thurais leag sé bláthfhleasc sa Mheánmhuir i gcuimhne orthu siúd a cailleadh san fharraige agus chun aird a tharraingt ar chás na dteifeach a thugann faoi thuras dainséarach trasna na farraige. Ó rinne sé amhlaidh tá na céadta eile teifeach báite agus iad á seoladh thar an Mheánmhuir ag smuigleálaithe gan trua gan taise.

Dhírigh cuairt an Phápa aird freisin ar easpaí sa chóras ag ballstáit an Aontais Eorpaigh chun dul i ngleic le géarchéim na dteifeach. ‘Sé a dúirt an Pápa Prionsias agus é ag labhairt le teifigh ar

oileán Lesbos: ‘Níl sibh i bhur n-aonar. Ná cailligí misneach’. I mBliain seo na Trócaire cad is féidir linn a dhéanamh ar son theifigh na Siria? Ba cheart dúinn, más acmhainn dúinn, tacaíocht phraiticiúil a thabhairt d’eagraíochtaí cabhrach amhail Trócaire, Concern agus Goal chun cur ar a gcumas dul i gcabhair ar na milliúin teifeach Siriach. Tá gá le bia, dídean, éadaí, leigheas, uisce glan, earraí tí, córais shláinteachais, oideachas agus eile chun teachtaireacht sin an Phápa a chur i gcrích: ‘Níl sibh i bhur n-aonar. Ná cailligí misneach’. Más mian leat síntiús a thabhairt cuir glaoch ar Trócaire: 18500 408 408; Concern: 01 4177700; Goal: 01 2809779.

INTINN UILÍOCH AN PHÁPA DO MHÍ FEABHRA, 2017 Fáilte rompu siúd atá ar an ngannchuid: Iad siúd atá faoi anró, go háirithe na boicht, agus daoine imeallaithe, go gcuire muid fáilte rompu inár measc, agus go dtugtar sólás dóibh.

Foclóirín: cogadh cathartha = cogadh idir grúpaí eagraithe taobh istigh de thír amháin; géarchéim = éigeandáil; bonneagar = infrastruchtúr; an Damaisc = Damascus

This article is from: