An Timire - Geimhreadh 2016

Page 18

18

Liam Ó Catháin

GÉARCHÉIM NA dTEIFEACH ÓN tSIRIA Is tír í an tSiria ina bhfuil mánna méithe, sléibhte arda agus gaineamhlach. Tá an tír suite ar an teorainn leis an Liobáin, an Tuirc, an Iaráic agus Iosrael. Bhí páirt thábhachtach ó thosach ama ag an tSiria sa réigiún. Thar na céadta bliain tháinig ciníocha difriúla chuig an tír, na hÉigiptigh, na Hitigh, na Peirsigh, na Gréigigh agus na Rómhánaigh ina measc. Ghlac na Siriaigh le hIoslam tar éis ghabháil na nArabach in 635. Tá an Damaisc ar cheann de na cathracha is sine sa domhan. Sa tSiria faoi láthair, de bharr cogaidh chathartha, tá níos mó ná seacht milliún teifeach ag taisteal ó bhaile go baile ag lorg dídíne agus a lán acu ar easpa bia. Tá ceithre mhilliún teifeach sáinnithe i gcampaí i dtíortha thart ar an tSiria agus dálaí maireachtála go dona acu. Tá a thuilleadh teifeach san Eoraip. Tá staid na dteifeach ón tSiria ar cheann de na géarchéimeanna daonna is measa ar domhan faoi láthair. Tá muintir na Siria fós ag teitheadh óna dtír féin agus gan acu ach dóchas – dóchas go bhfaighidís tearmann dá leanaí agus daoine muinteartha. D’eascair an cogadh cathartha atá i réim sa tír as an éirí amach ar a dtugtar

Timire WINTER 2016.indd 18

‘Earrach na nArabach’ in 2011. Ag an am sin bhí daonra de 23 milliún sa tír: astu siúd bhí 74 fán gcéad ina Muslamaigh Shunnaíocha, 16 fán gcéad ina Muslamaigh de chineálacha eile, agus 10 fán gcéad ina gCríostaithe nó a bhain le creidimh eile. Maraíodh 320,000 duine, 12,000 leanbh san áireamh, ó thosaigh an cogadh agus tá thar mhilliún go leith gortaithe. Cuireann na páirtithe comhraic iachall ar pháistí dul chun troda. Tá córas eacnamaíochta na tíre chomh maith leis an mbonneagar, córais leighis agus oideachais scriosta. Tá géarghá le réiteach polaitiúil ionas go mbeidh ar chumas mhuintir na Siria a mbeatha a atógáil agus an eacnamaíocht agus bonneagar na tíre a chur ina gceart. Ansin beidh na teifigh in ann filleadh ar a dtír dhúchais chun cónaithe i síocháin le saoránaigh eile na tíre. Seo an dúshlán atá le sárú ag na rialtais uile agus iad i mbun réitigh a fháil don ghéarchéim dhaonnúil is mó lenár linn féin. Tharla rud dochreidte i rith an turais a thug an Pápa Prionsias ar an gcampa teifeach ar Lesbos, oileán de chuid na Gréige, Mí Aibreáin na bliana seo. Chuir sé iontas ar dhaoine nuair a bheartaigh sé tarrtháil a dhéanamh ar dháréag

27/10/2016 09:24


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.