2 minute read

Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha Frainc Mac Cionnaith

Frainc Mac Cionnaith

Bainisteoir Forbartha, Glór na nGael

FONDÚIREACHT SHEOSAIMH MHIC DHONNCHA

Is scéim tacaíochta de chuid Ghlór na nGael agus Chumann Lúthchleas Gael í Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha le haghaidh chlubanna CLG ar mian leo an Ghaeilge a chur chun tosaigh. Tiocfaidh an Fhondúireacht nua i bhfeidhm i mí Eanáir 2017 in ‘An Turas Teanga’, scéim reatha atá ag Glór na nGael.

Is in ómós do Sheosamh ‘Joe’ Mac Donncha (1953-2016) a ainmníodh an Fhondúireacht nua seo. Fear le háireamh a bhí i Joe a bhain go leor amach dó féin agus do phobal na tíre seo i gcoitinn le linn a shaoil. D’éirigh leis an post is airde a bhaint amach sa Chumann Lúthchleas Gael; mar iománaí, thóg sé Corn Mhic Cárthaigh leis siar go Gaillimh agus bhí sé ina phríomhfh eidhmeannach agus mar chathaoirleach ar chuid de mhóreagraíochtaí na tíre seo, Foras na Gaeilge ina measc. Pé teideal poist a bhí aige le linn a shaoil, thuig sé i gcónaí ról a dhúchais agus a theanga féin sa phost sin agus an Ghaeilge chun tosaigh i ngach rud a rinne sé.

Maidir le cur chuige na Fondúireachta, ainthnítear go bhfuil formhór na gclubanna ag cur na Gaeilge chun cinn bealach amháin nó bealach eile. Is é cuspóir na Fondúireachta seo ná na hiarrachtaí sin a fh orbairt ar bhonn tomhaiste agus pleanáilte. Cuirfi dh Glór na nGael cuidiú ar fáil don Oifi geach Gaeilge i bhfoirm comhairle, tacaíochta agus idéanna le tógáil ar an obair mhaith atá á déanamh sa chlub cheana féin. Is féidir le clubanna deontas a lorg ón Fhondúireacht chun cuidiú leis na pleananna sin a chur i gcrích agus bronnfar boinn ar na clubanna as méid áirithe a bhaint amach ar son na teanga.

Trí chlárú leis an Fhondúireacht tá clubanna ag tabhairt tiomantais go gcuirfear an Ghaeilge chun cinn go gníomhach agus go dtabharfar spás lárnach di i saol laethúil an chlub.

Bronnfar boinn shnasta, Boinn Sheosaimh Mhic Dhonnacha, ar na clubanna atá cláraithe as méid áirithe gníomhaíochtaí ar son na teanga a chur i gcrích sa chlub. Is comhartha aitheantais le háireamh atá sna boinn ar dhea-obair na gclubanna ar thréimhse ama. De réir mar a chuireann club gníomhaíochtaí den liosta molta i gcrích, bronnfar bonn cré-umha, bonn airgid nó bonn óir de réir mar is cuí. Bronnfar bonn cré-umha as 25% den liosta a chur i gcrích, bonn airgid as 50% agus bonn óir as 80% de na

‘Is féidir le clubanna deontas a lorg ón Fhondúireacht chun cuidiú leis na pleananna sin a chur i gcrích agus bronnfar boinn ar na clubanna as méid áirithe a bhaint amach.’

gníomhaíochtaí a chomhlíonadh. Ar an ábhar seo tá spreagadh agus spriocanna cinnte ag clubanna chun bheith ag éascú ról don teanga i measc a gcuid ball. Agus, dar ndóigh, beidh ard-stádas agus ardghradam ag dul d’aon chlub a bhaineann an bonn óir amach dó féin.

Seolfar Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha ag ócáid seolta ag deireadh Mhí na Samhna i mbliana agus tosóidh na clubanna an turas i dtreo bhonn óir Mhic Dhonncha in Eanáir 2017. Tá tuilleadh eolais ar fáil ó fhoireann Ghlór na nGael ag www.glornangael.ie

Is comhthionscadal í Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha idir Glór na nGael agus An Cumann Lúthchleas Gael le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge.

Foclóirín: spriocanna = aidhmeanna; ar bhonn tomhaiste = ar bhealach cruinn, cúramach

This article is from: