4 minute read

Dúshláin an tSaoil Piaras Mac Siacais SJ

Piaras Mac Siacais SJ

DÚSHLÁIN AN tSAOIL

Ina dhírbheathaisnéis, tugann Iognáid Loyola cur síos ar na siúlóidí móra a rinne sé agus é ar oilithreacht sa Spáinn agus níos faide thar lear. Ar an chéad turas leis, chuaigh sé ó Loyola go Manresa ach is fíor le rá go raibh sé ag taisteal idir Arantzazu agus Montserrat, áiteanna ina bhfuil fós onóir tugtha don Mhaighdean agus na seana-dealbha atá mar chúis oilithreachta ann. Bhí na dealbha tábhachtach in am Iognáid ní amháin ó thaobh na haoise a bhí acu, ach toisc go raibh siad slánaithe, sábháilte tar eis baoil. In sna glúine roimh Iognáid, cuireadh i bhfolach in amanna neamhchinnteachta, agus, níos déanaí, cuireadh ar ais os comhair na ndaoine iad nuair a d’fh ill an tsíocháin.

Is minic a tharla an rud céanna: sa Spáinn, is iad na Múraigh a bhí ag bagairt; níos déanaí, i dtuaisceart na hEorpa, baineadh as na séipéil, ag uair an Reifi rméisin, an-chuid rudaí eaglasta a líonann músaeim an lá inniu; sa bhaile linn, níl a fh ios ag aon duine cad a aimseofar as portaigh na hÉireann amach anseo. Taispeánann stair dúinn conas a líonann agus a thránn nósanna agus cleachtaí spioradálta. Cé nach raibh meon na caoinfh ulaingte le feiscint ó am go ham, de réir a cheile, d’fh ás tuiscint idir Críostaithe go dtí go bhfuil iarracht á déanamh ag an bhformhór dínn foghlaim óna chéile agus aird a thabhairt ar conas a chuireann gach traidisiún le saibhreas chleachtadh an chreidimh.

Agus bliain nua romhainn, tá deis againn arís ár ndearcadh a choimeád in agallamh le hÍosa; nuair a chonáigh sé inár measc thaispeáin sé foighne dóibh siúd nár aontaigh leis, agus, níos mó, d’fh ógair sé grá Dé dóibh. Díreach mar a shín sé amach do na boicht agus do na heasláin, iarrann sé orainn carthanacht agus grá a chur i réim, iarrann sé orainn bheith aontaithe ina ainm, gan a bheith ar nós na bhFairisíneach agus iad cinnte faoin iomarca.

Cuireann intinn an Phápa in aigne nach dtagann bagairt i gcónaí ónar ‘naimhde’; tá beart le déanamh againn tuiscint agus carthanacht a choimeád leo siúd atá ar aon chreideamh linn. Nuair a dhein iriseoir iarracht an Pápa Proinsias a ionsú le ceist faoi na heaspaig a bhí ina choinne, ba é an freagra a bhí aige ná, “Tá a gcuid oibre le déanamh acu, agus mo chuid oibre le déanamh agam féin.” Tuigeann sé go daingean cad a chuireann sé romhainn in intinn na míosa

‘Agus bliain nua romhainn, tá deis againn arís ár ndearcadh a choimeád in agallamh le hÍosa.’

seo: is féidir linn onóir a thabhairt do Dhia trí bheith macánta agus freagrach; is féidir sonas a fh áil tríd an tsaoirse atá i gcroí Dé dúinn a aimsiú. Tá Spioraid Dé geallta dúinn; ní mór dúinn cad atá tábhachtach dúinn a shoiléiriú agus a roinnt go dtí go n-aithneoimid an Spiorad a cheanglaíonn le chéile sinn – fi ú más rud é nach gcreideann gach duine mar a chreidimid. Ní mar an gcéanna a bheannaíonn Dia gach uile dhuine. B’fh eidir go bhfuil orainn guí go mbeimis in ann conas atá Spiorad Dé ag bogadh i slite éagsúla a aithint, fáiltiú rompu agus iad a cheiliúradh.

Má choimeádtar gach ní a bhaineann leis an gcreideamh faoi cheilt, ní amháin go mbeidh easpa fi nnéithe timpeall orainn, ach meathfar an mhaitheas dúinn féin. Tugann an Pápa cuireadh dúinn: an féidir linn cabhrú lena chéile chun ár n-inspioráid a thaispeáint, ar mhaithe le gach aon duine.

Thuig Naomh Iognáid go raibh sé beannaithe trí thraidisiúin a mhuintire; bhí de mhisneach aige cur le saibhreas na heaglaise trína shaol. Ag féachaint ar stair mhuintir an chreidimh, go mbeidh ár n-eagna agus ár léargas neartaithe; ag amharc timpeall orainn, go mbeidh misneach agus dóchas spreagtha ionainn chun bualadh leis an saol mar a dhein Íosa. Guímis go mbeimis in ann guth Dé a chloisint agus a fh reagairt i measc dhúshláin an tsaoil.

Muire Arantzazu: bit.ly/2cQldLb Maighdean Montserrat: bit.ly/2cZheJz

INTINN SHOISCÉALAÍOCH AN PHÁPA DO MHÍ EANÁIR, 2017 Críostaithe ag fónamh don chine daonna chun dúshláin a shárú: Go raibh Críostaithe uile dílis do theagasc an Tiarna, agus go ndéana siad a ndícheall, trí urnaí agus carthanacht bhráithriúil, comhaontas a thabhairt ar ais idir aicmí creidimh, agus trí chomhoibriú le chéile chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá os comhair an chine dhaonna.

Foclóirín: dúshláin = deacrachtaí le sárú; dírbheathaisnéis = scéal a bheatha féin; oilithreacht = turas spioradálta

This article is from: