An Timire - Geimhreadh 2016

Page 12

12

Piaras Mac Siacais SJ

DÚSHLÁIN AN tSAOIL Ina dhírbheathaisnéis, tugann Iognáid Loyola cur síos ar na siúlóidí móra a rinne sé agus é ar oilithreacht sa Spáinn agus níos faide thar lear. Ar an chéad turas leis, chuaigh sé ó Loyola go Manresa ach is fíor le rá go raibh sé ag taisteal idir Arantzazu agus Montserrat, áiteanna ina bhfuil fós onóir tugtha don Mhaighdean agus na seana-dealbha atá mar chúis oilithreachta ann. Bhí na dealbha tábhachtach in am Iognáid ní amháin ó thaobh na haoise a bhí acu, ach toisc go raibh siad slánaithe, sábháilte tar eis baoil. In sna glúine roimh Iognáid, cuireadh i bhfolach in amanna neamhchinnteachta, agus, níos déanaí, cuireadh ar ais os comhair na ndaoine iad nuair a d’fhill an tsíocháin. Is minic a tharla an rud céanna: sa Spáinn, is iad na Múraigh a bhí ag bagairt; níos déanaí, i dtuaisceart na hEorpa, baineadh as na séipéil, ag uair an Reifirméisin, an-chuid rudaí eaglasta a líonann músaeim an lá inniu; sa bhaile linn, níl a fhios ag aon duine cad a aimseofar as portaigh na hÉireann amach anseo. Taispeánann stair dúinn conas a líonann agus a thránn nósanna agus cleachtaí spioradálta. Cé nach raibh meon na caoinfhulaingte le feiscint ó am

Timire WINTER 2016.indd 12

go ham, de réir a cheile, d’fhás tuiscint idir Críostaithe go dtí go bhfuil iarracht á déanamh ag an bhformhór dínn foghlaim óna chéile agus aird a thabhairt ar conas a chuireann gach traidisiún le saibhreas chleachtadh an chreidimh. Agus bliain nua romhainn, tá deis againn arís ár ndearcadh a choimeád in agallamh le hÍosa; nuair a chonáigh sé inár measc thaispeáin sé foighne dóibh siúd nár aontaigh leis, agus, níos mó, d’fhógair sé grá Dé dóibh. Díreach mar a shín sé amach do na boicht agus do na heasláin, iarrann sé orainn carthanacht agus grá a chur i réim, iarrann sé orainn bheith aontaithe ina ainm, gan a bheith ar nós na bhFairisíneach agus iad cinnte faoin iomarca. Cuireann intinn an Phápa in aigne nach dtagann bagairt i gcónaí ónar ‘naimhde’; tá beart le déanamh againn tuiscint agus carthanacht a choimeád leo siúd atá ar aon chreideamh linn. Nuair a dhein iriseoir iarracht an Pápa Proinsias a ionsú le ceist faoi na heaspaig a bhí ina choinne, ba é an freagra a bhí aige ná, “Tá a gcuid oibre le déanamh acu, agus mo chuid oibre le déanamh agam féin.” Tuigeann sé go daingean cad a chuireann sé romhainn in intinn na míosa

27/10/2016 09:23


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.