4 minute read

Muire na Fraince, Pellovoisin Bernadette Nic an tSaoir

Bernadette Nic an tSaoir

MUIRE NA FRAINCE (3): PELLEVOISIN – MÁTHAIR NA TRÓCAIRE

Sráidbhaile beag gar do Chateauroux i lár na Fraince is ea Pellevoisin. Is ann a bhí Estelle Faguette, tríocha dó bliain d’aois, ag saothrú an bháis ar an 14 Feabhra 1876. Trí ghalar a bhí uirthi – peireatóiníteas, eitinn agus sceachaill ina bolg. Tháinig Sátan i bhfís chuici ach bhí an Mhaighdean Mhuire cois leapa. Labhair sí leis an diabhal: “Cad ab áil leatsa de bheith anso? Nach bhfeiceann tú mo libhré féin uirthi seo agus libhré mo Mhic? Le Estelle dúirt sí: “Ná bíodh eagla ort...cuirfi dh tú trua ar mo Mhac. Caithfi dh tú fulaingt go ceann cúig lá, in onóir do chúig chréacht mo mhic.”

Tháinig Muire ceithre oíche i ndiaidh a chéile. Luaigh sí a cuid mionpheacaí féin le Estelle agus dúirt: “Tá sé thart anois: chúitigh tú do pheacaí nuair a ghlac tú go toilteanach leis an bhfulaingt. Táimse lán de thrócaire agus déanann mo Mhac de réir mo thola....As seo amach déan iarracht a bheith dílis. Ná caill an grásta a bronnadh ort agus scaip cáil orm i measc na ndaoine.”

Ist oíche Dé hAoine 18 Feabhra agus isteach sa mhaidin Sathairn bhí Muire arís ann agus aoibh an gháire uirthi. D’iarr sí ar Estelle ex-voto a chur in airde mar a leanas – “D’impigh mé ar Mhuire is mé in umar na haimléise. Mar gheall uirthi thoiligh a Mac mé a leigheas.” Cháin an Mhaighdean Mhuire easpa ómóis dá Mac sa Chomaoineach Naofa, daoine ag guí gan aird is iad ag smaoineamh ar chúrsaí eile ar fad, agus leag sí béim ar ómós di féin a chur chun cinn. Le tamaillín roimhe sin bhraith Estelle i ndáiríre go raibh sí ag fáil bháis, mhéadaigh go mór ar an bhfulaingt agus leanadh den chéasadh. Ach go tobann tháinig sí chuici féin. Maidin arna mhárach bhí sí in ann an lámh ar a mbíodh pairilis a bhogadh agus í i mbarr na sláinte, míorúilt a chuir alltacht ar na dochtúirí.

Bhí scaball ag teastáil ón Mhaighdean Mhuire freisin mar chúiteamh ar fh eillbhearta a dhéantar ar a Mac, mar shampla easpa ómóis don Chomaoineach. Bheadh ar Estelle an scaball a dhéanamh is a chur faoi bhráid an Ardeaspaig agus gheall sí raidhse grásta dá bharr ar lucht a chaite. D’oscail Muire a dá láimh is thit múr báistí. Chonaic Estelle na grástaí scríofa ar an mbáisteach: naofacht, slánú, muinín, iompú, sláinte.

Ar an 13 Eanáir 1877 bhunaigh an tArdeaspag coimisiún; dá thoradh san chreid sé an scéal iomlán agus bhunaigh comhbhráithreachas in onóir do Mhuire Pellevoisin, Máthair na Trócaire. Sa bhliain 1892 bhronn an Pápa Leon XIII

‘D’oscail Muire a dá láimh is thit múr báistí. Chonaic Estelle na grástaí scríofa ar an mbáisteach.’

lánloghadh ar son dul ar oilithreacht go Pellevoisin ar an 9 Meán Fómhair. I 1900 cheadaigh an Comhthionól Deasghnátha scaball an Chroí Ró-Naofa. Lena linn sin níor ceadaíodh ná níor bréagnaíodh imeachtaí Pellevoisin sa Róimh, rud a thug le tuiscint go raibh gá fós le cúrsaí a fhiosrú. Dúirt an Pápa Beinidict XV, “Dealraíonn sé go bhfuil bonn fónta faoi na himeachtaí agus tuigtear gur roghnaigh an Mhaighdean Mhuire Pellevoisin mar láthair speisialta agus foinse grásta.”

I Pellevoisin léirigh Muire í féin mar Mháthair na Trócaire a tháinig chun peacaigh a iompú. Is mar chúiteamh ar mhaslaí dá Mac sa tSacraimint Naofa a bhunaigh sí an scaball. Ní raibh sí ach ag treisiú lena raibh ráite ag Íosa féin i Paray-le Monial dhá chéad bliain roimhe sin. Ní léi féin na grástaí a thagann chugainn tríthi, faigheann sí óna Mac iad lena scaipeadh ar an gcine daonna. Iarrann sí orainn guí go dóchasach agus a chreidiúint nach bhfuil éinne i ndáiríre thar a shlánaithe. Roghnaítear an físí as a bheith lagbhríoch gan aird; cúiteamh ar pheacaí is ea an pian agus píolóid a leanann an fhís. Bronntar grásta toisc go gcuirtear suas leis an gcéasadh ar ár son go léir, peacaigh an domhain.

Bíonn cúrsaí spioradálta agus imeachtaí eile in ionad cuairteoirí Pellevoisin, é anois faoi chúram na Frères de Saint-Jean. Fáiltítear roimh chách is déantar iarracht freastal orthu de réir a gcuid riachtanas féin.

Eolas:

www.pellevoisin.net/index.htm 3 Rue Notre Dame, 36180 Pellevoisin, France sanctuaire@pellevoisin.net Teil – +33 (0) 2 54 39 06 49

Foclóirín: sceachaill = tumour; ex-voto = plaic mar chomhartha buíochais; scaball = scapular

This article is from: