Fionn Ó Dónaill Seanduine bagánta a bhí i Mánas an uair a rugadh mac a mhic, Fionn Ó Dónaill. Bhí máithreacha móra Fhinn beo fosta, beirt de sheanmhná tanaí liatha, agus an saol sóúil a chaith siad le feiceáil go soiléir ina n-éadan leathan uasal. An lá a tháinig an leanbh chun an tsaoil bhí a bhunadh i riocht dul sa scornach ag a chéile fán ainm ba chóir a thabhairt air. Bhí Mánas ina shuí ag éisteacht leis an díospóireacht agus cuma imníoch air. Sa deireadh labhair sé: ‘Tugaigí Fionn air’, ar seisean. ‘Ba é Fionn mac Cumhaill an fear ab fhearr clú ar laochra na hÉireann agus is mithid do dhuine de na Dálaigh a ainm a iompar’. ‘Cé riamh a chuala iomrá ar naomh nó ar Chríostaí a raibh Fionn mar ainm air?’ arsa máthair na máthar. ‘Ní raibh Fionn ar cheachtar den dá theaghlach’, arsa máthair an athar, ‘agus níl fhios agamsa cad chuige nach dtugann sibh Mánas ar an leanbh, ainm a athar mhóir’. I lár na teagmhála, cé sciord isteach ach an sagart. D’inis na mná dó go raibh Mánas ag iarraidh ainm págánta a thabhairt ar an leanbh. ‘Char locht ar Fhionn a bheith ina phágánach’, arsa Mánas. ‘Murbh é teacht Phádraig go hÉirinn bheadh mórán ar aon nós leis go fóill. Éistigí le scéal beag ar a mhac Oisín go bhfeice sibh an mianach a bhí ina phór’. ‘Nuair a tháinig Oisín ar ais as Tír na hÓige bhí sé ag imeacht leis ar each bhán ag cuardach na bhFiann. Chonaic sé slua fear ag tógáil leice, agus chuaigh an leac ina mullach agus níor éirigh leo a cur díobh gur iarr siad cuidiú ar Oisín. Chrom Oisín anuas agus rug ar an leac lena leathláimh agus chaith sé seacht bpéirse as a hionad í. Le teann an urchair bhris giorta na diallaite ar an each bhán agus tháinig Oisín anuas go dócúlach ar an talamh. Níor luaithe a lig sé a bhonnaí ar fhéar ghlas na hÉireann ná a chaill sé a lúth agus a radharc, a dhreach agus a scéimh, agus thit sé ina sheanóir chríon liath. ‘Chuaigh teachtaire chuig Naomh Pádraig leis an scéala agus tháinig sé a dh’amharc ar Oisín. Bhí trua aige don tseanóir bhocht agus thug sé leis ar a chúram é. Chuaigh sé a mhíniú an chreidimh dó, ach ba mhó an tsuim a bhí ag Oisín sna Fianna agus fá dheireadh dúirt Pádraig leis nárbh iad ab fhearr éacht, gur láidre an fear Dia ná aon duine acu. Ní chreidfeadh Oisín gur láidre an fear Dia ná Goll, agus ansin thug Naomh Pádraig amharc dó ar ifreann. Chonaic sé na Fianna ag iarraidh imeacht ó leac na bpian agus Goll mac Móirne ar a gceann ag coscairt na ndiabhal le súiste. Ach i gcónaí
Seanfhocal -
Ar scáth a chéile
a mhaireann na nuair a bhí sé ar tí a daoine. Seanfhocal mbua a fháil bhris eile atá oiriúnach iall an tsúiste air. don lá atá inniu ann. Ansin d’iarr Pádraig ar Oisín achainí a iarraidh agus go bhfaigheadh sé í, agus ba í an achainí a d’iarr Oisín iall a chur i súiste Ghoill nach mbrisfeadh go deo. ‘Thug Pádraig amharc eile dó ar na flaithis. Ní raibh léamh ná scríobh ná insint bhéil ar an tsuáilce a bhí ansin, agus ba mhian le hOisín a bheith ann. Dúirt Pádraig nach dtiocfadh leis dul chun na bhflaitheas mura nglacadh sé leis an bhaisteadh. Ansin d’iarr Oisín air é a bhaisteadh. Bhí cailín aimsire ag Pádraig nach raibh iarraidh ar bith ar Oisín aici fán áit agus ní raibh taitneamh ar bith ag Oisín uirthi. D’iarr Pádraig ar an chailín coinneal lasta a chur sa choinnleoir go mbaisteadh sé Oisín. Bhí gob caol ar chois an choinnleora lena sá sa talamh. Sháigh an cailín bior an choinnleora síos trí chois Oisín. Bhí an tuile fola ina rith ar an urlár nuair a bhí an baisteadh déanta ag Pádraig. Tharraing sé an coinnleoir agus d’fhiafraigh de Oisín cad chuige nár labhair sé nuair a chuireadh ina chois é. ‘Shíl mé gur den bhaisteadh é’, arsa Oisín. D’éist an sagart agus na mná le scéal Oisín go raibh sé inste ag Mánas. ‘Anois’, ar seisean, ‘tá sibh ag lochtú na bpágánach a bhí ann roimh aimsir Phádraig, ach cé agaibh féin atá chomh seasmhach don chreideamh is go bhfuilingeodh sibh coinnleoir in bhur gcois le linn a shílstin gur den bhaisteadh é?’ ‘Is fíor duit, a Mhánais’, arsa an sagart. ‘Agus is í comhairle an duine aosta is cóir a bheith déanta. Bhéarfaimid Fionn ar an leanbh’. Agus thug. Sula bhfuair Mánas bás rinne sé tiomna agus d’fhág sé dúiche aige óna lá féin amach. Pósadh Fionn Ó Dónaill go hóg. Bhí teaghlach mór aige, agus bhí a chuid mac in arm Aodha Rua ag briseadh Chionn tSáile. (Scéalta Johnny Shéamaisín, Eoin Ó Domhnaill, Comhaltas Uladh 2004) BRÍD HIGGINS
THE IRISH SCENE | 63